| Gníomhaíocht | Táscaire Feidhmíochta |
| Mionsonraí faoi sheirbhísí an Bhoird a fhoilsiú ar bhealach éifeachtach sorochtana soláimhsithe; | Faisnéis faoi sheirbhísí an Bhoird arna foilsiú i bhformáidí cuí – athbhreithniú bliantúil air seo i lár na bliana;
Mionsonraí faoi athbhreithnithe ar chinntí nó faoi achomhairc ina n-aghaidh le cur freisin ar bhileoga faisnéise |
| Féachaint chuige go scaipfear go forleathan cuí gach foilseachán de chuid an Bhoird, go mór mór na bileoga faisnéise | Na socruithe dáileacháin atá ann faoi láthair a chaomhnú agus a fhorbairt |
| Mionsonraí faoi ábhair phoiblíochta uile an Bhoird a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin | Gach ábhar tábhachtach a fhoilsiú in am trátha |
| Athbhreithniú ar éifeachtacht na straitéise cumarsáide seachtraí | Athbhreithniú tugtha chun críche lár 2009 |
| Feabhas eile fós ar shuíomh gréasáin an Bhoird chun cur le córais eile a fhorbraíonn agus a scaipeann faisnéis ar sheirbhísí | Athbhreithniú ar an suíomh gréasáin lár 2009 |
| Dul i mbun staidéir indéantachta ar fheidhmchláir ar-líne | Staidéar indéantachta tugtha chun críche faoi dheireadh 2009 |
| An pacáiste cuimsitheach faisnéise faoi sheirbhísí an Bhoird a chur chun cinn; | An pacáiste arna dháileadh mar is gá ar na meáin chumarsáide, na páirtithe leasmhara, grúpaí tacaíochta, agus araile. |
| Plé go réamhghníomhach le grúpaí pobail agus grúpaí eile a sheasann ar son daoine atá scoite ón tsochaí nó faoi mhíchumas; | Moltaí faoin dul chun cinn faoi dheireadh 2009 |
| Leanúint de bheith ag plé le Painéal Comhairliúcháin Seachtrach an Bhoird faoi ghnéithe ábhartha de ghnó an Bhoird | Forbairt eile fós ar struchtúir agus ar phróisis chumarsáide in éineacht leis an bPainéal Comhairliúcháin |
| Cloí go hiomlán leis an reachtaíocht faoin tSaoráil Faisnéise | Na hiarratais arna bpróiseáil agus athbhreithniú orthu laistigh de theorainneacha ama cuí. Monatóireacht leanúnach ar thorthaí na n-athbhreithnithe agus na n-achomharc |