Lógó Glas an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil

Rochtain ar Cheart

 

AA 5 Forbairt Cumais

Forbairt a dhéanamh ar chumas an Bhoird seirbhís ghairmiúil ardchaighdeáin a chur ar fáil.

    Torthaí


    >Straitéis agus cleachtas éifeachtach freagrúil maidir le bainistíocht agus forbairt fhoireann an Bhoird;
    >Creat cuimsitheach bainistíochta eolais a bhur i bhfeidhm;
    >Straitéis chuimsitheach éifeachtach foghlamtha don fhoireann, a thugann faoi na riachtanais eagraíochtúla agus forbartha atá ann agus ag teacht;
    >Meicníochtaí éifeachtacha meastóireachta ar bun le monatóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht agus oiriúnacht na hoiliúna agus na forbartha a chuirtear ar fáil;
    >Cláir oiriúnacha oiliúna agus faisnéise a shainaithint agus a sholáthar do chleachtóirí dlí a bhfuil baint acu leis an tSeirbhís Cleachtóirí Príobháideacha;
    >Polasaithe earcaíochta agus roghnaithe a chloíonn leis an dea-chleachtas a chur i bhfeidhm i gcónaí;
    >Córas Bainistíochta agus Forbartha Feidhmíochta i bhfeidhm go hiomlán éifeachtach;
    >Córais láidre éifeachtacha freagrúla TF a riarann ar riachtanais an Bhoird;
    >Próisis chumarsáide éifeachtacha laistigh den eagraíocht.

GníomhaíochtTáscaire Feidhmíochta
Straitéis athbhreithnithe Acmhainní Daonna a fhorbairt agus a fhoilsiúStraitéis foilsithe faoi dheireadh mhí an Mheithimh 2009
Athbhreithniú ar an gcaoi a ngabhtar, a mbainistítear, a roinntear agus a n-úsáidtear an t-eolas eagraíochtúil, agus próisis nua a chur ar bun má mheastar gur gáAthbhreithniú déanta ar gach aonad i rith 2009
Athbhreithniú ar an Straitéis Oiliúna agus Forbartha agus straitéis nua a ullmhú do 2009 - 2011Straitéis arna foilsiú faoi dheireadh mhí an Mhárta 2009
Tacú i gcónaí leis an bhfoghlaim agus an oiliúint maidir le réitigh mhalartacha ar dhíospóidíRiachtanais oiliúna agus forbartha eile a shainaithint agus freagairt orthu mar is gá i rith 2009 agus níos faide anonn
Tuairisc ar an oiliúint agus ar an bhforbairt a chur dhá uair in aghaidh na bliana faoi bhráid na mbainisteoirí sinsearacha, na Comhpháirtíochta agus an BhoirdTuairiscí ar fáil mí an Mheithimh agus mí na Nollag
Meicníochtaí struchtúrtha meastóireachta le monatóireacht a dhéanamh ar chomh héifeachtach oiriúnach atá an oiliúint, a áireoidh an obair a dhéanann an tIonad Náisiúnta Comhpháirtíochta agus Feidhmíochta agus foinsí eile.Meicníochtaí meastóireachta ar bun agus tuarascálacha arna gcur ar fáil do na Bainisteoirí
Dul i mbun athbhreithnithe iomláin ar gach gné de na feidhmeanna a chuirtear i gcrích sa cheannoifig.Athbhreithniú le bheith tugtha chun críche faoi dheireadh 2008 agus plean feidhmithe le bheith réidh do 2009
Na moltaí a eascraíonn as an Athbhreithniú ar an gCeannoifig a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm Plean Feidhmithe tugtha chun críche faoi R1 2009;
Cuir i bhfeidhm i rith 2009
Féachaint chuige go bpléitear go leanúnach leis an bhfoireann maidir le hoiliúint agus forbairt san eagraíocht, trí bhíthin an Ghrúpa Oibre um Fhorbairt na FoirneAthbhreithniú dhá uair in aghaidh na bliana ar an bplean oibre in éineacht leis an nGrúpa Oibre
I gcomhairle le Dlí-Chumann na hÉireann, gach clár oiliúna agus forbartha a bheadh oiriúnach a shainaithint agus a fhorbairt do na cleachtóirí dlí a bhfuil baint acu leis an tseirbhís Cleachtóirí PríobháideachaLeanúint den oiliúint Cleachtóirí Príobháideacha de réir mar is gá
Athbhreithniú ar an gcód inmheánach a rialaíonn dea-chleachtas na bpolasaithe roghnaithe agus earcaíochta a úsáidfidh an BordAn t-athbhreithniú curtha i bhfeidhm gach bliain agus curtha faoi bhráid Fhoireann Bhainistíochta Shinsearach agus Choiste Acmhainní Daonna an Bhoird
Monatóireacht ar fheidhmiú an Chórais Bhainistíochta agus Forbartha Feidhmíochta (CBFF) sa Bhord.

Athbhreithniú ar an gcóras lena chinntiú gurb uirlis fhónta é chun aidhmeanna an Bhoird a chur i gcrích.
Athbhreithniú bliantúil in éineacht leis na bainisteoirí agus leis an gComhpháirtíocht .
Féachaint chuige go gcloíonn gach ball den fhoireann leis na spriocdhátaí maidir leis na heilimintí éagsúla den CBFF a thabhairt chun críche, trí bhíthin na n-iniúchtaí rialta agus na ngnáthamh monatóireachta a chuirfear ar bun.Athbhreithniú bliantúil ag Acmhainní Daonna
Modh struchtúrtha a chothabháil le freagairt ar na hiarratais ar oiliúint agus ar fhorbairt a eascróidh as an CBFF.Na hiarratais ar oiliúint a chomhordú ar an gCóras Bainistíochta Acmhainní Daonna agus tuarascálacha ráithiúla a chur ar fáil don Fhoireann Bhainistíochta.
An anailís bhliantúil ar na riachtanais oiliúna a chur i bhfeidhm san eagraíochtAn anailís curtha i gcrích ag tús gach bliana
Féachaint chuige go bhfuil córais TF an Bhoird soláimhsithe éifeachtach agus go bhfreagraíonn siad ar na riachtanais athraitheachaStraitéis nua TF a áireoidh próiseas struchtúrtha athbhreithnithe a thabhairt chun críche do R.1 2009
Na struchtúir chumarsáide inmheánacha atá ann a fhorbairt a thuilleadh fósLeanúint den fhorbairt ar struchtúir chumarsáide inmheánacha.
Ar a laghad 3 eagrán de LabLife a fhoilsiú in aghaidh na bliana


Breis eolais:


Feidhmiú an Phlean Chorparáidigh


Lógó tsuímh idirlín OneGov