Feidhmiú an Phlean Chorparáidigh
Sa Phlean Corparáideach seo tá léirithe againn cé mar a chaomhnóimid agus a fhorbróimid córas éifeachtach cúnaimh dhlíthiúil shibhialta a thuilleadh fós in Éirinn sna trí bliana atá romhainn. Is feasach dúinn gur dócha gur déine a bheidh na tosca eacnamaíocht ná mar a bhí siad uair ar bith sna deich mbliana seo caite. Dúshlán nach beag don Bhord agus don fhoireann é seo agus iad ag iarraidh seirbhís bhunúsach mar seo, ar mhaithe le daoine atá faoi mhíbhuntáiste sa tír seo, a chaomhnú ar bhealach fónta sa chaoi is nach ngéaróidh an míbhuntáiste a thuilleadh fós. Ainneoin na ndeacrachtaí a fheicimid romhainn, níl aon lagú ar an gceangal atá curtha againn orainn féin spriocanna diana ardaidhmeannacha a bhaint amach maidir le cáilíocht, sorochtaineacht agus tráthúlacht na seirbhíse a chuirimid ar fáil. Déanfar monatóireacht ar an gcaoi a gcuirfear torthaí agus spriocanna an Phlean seo i gcrích trí bhíthin roinnt grúpaí agus meicníochtaí, lena n-áirítear:
An Bord Reachtúil
Is ar an mBord, de bharr na freagrachta reachtúla atá air de bhun an Achta um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta, 1995, atá an fhreagracht bhunaidh as feidhmiú an Phlean Chorparáidigh a mhaoirsiú. Beidh ról gníomhach i gcónaí ag coistí éagsúla an Bhoird maidir leis an dul chun cinn a mhaoirsiú i rith shaol an Phlean. Breithneoidh an Bord féin tuarascáil fhoirmiúil a chuirfear faoina bhráid dhá uair in aghaidh na bliana agus déanfaidh sé athbhreithniú ar athrú ar bith ar na tosca, airgeadais nó eile, a d'fhéadfadh dul in bhfeidhm ar chumas an Bhoird seirbhísí a chur ar fáil a bhfuil an cháilíocht agus an tráthúlacht cheart ag baint leo.
An Fhoireann Bhainistíochta Sinsearaí (FBS)
Athbhreithneoidh an FBS an dul chun cinn a dhéanfar i leith an Phlean seo go rialta d'fhonn a chinntiú go mbainfear leas as na hacmhainní ar mhaithe le soláthar na seirbhíse mar a beartaíodh. Féachfaidh sí chuige freisin go mbeidh lorg na gcuspóirí agus na spriocanna ar an bpróiseas pleanála gnó agus go n-oibreoidh na bainisteoirí agus an fhoireann go réamhghníomhach, ní hamháin maidir leis na haidhmeanna agus na bearta a bhaineann leo, ach freisin maidir leis na luachanna eagraíochtúla a ghlac an Bord reachtúil agus atá leagtha amach sa Phlean seo.
An Fhoireann agus na Bainisteoirí
Níorbh fhéidir a leithéid seo de Phlean dúshlánach a thabhairt chun críche mura mbeadh gach ball d'fhoireann an Bhoird rannpháirteach go gníomhach. Bhí baint ag na baill foirne le forbairt an Phlean agus beidh baint mhór acu lena fheidhmiú. Bainfear úsáid as na struchtúir líonra éagsúla le féachaint chuige go mbeidh cumarsáid éifeachtach ann leis an bhfoireann agus ról fónta acu d'fhonn cinneadh ar na dóigheanna is fearr chun an Plean a chur i bhfeidhm.
Comhpháirtíocht
Bhí baint ag an gCoiste Comhpháirtíochta le forbairt an Phlean seo agus beidh baint arís aige leis an monatóireacht ar an bhfeidhmiú. Breithneoidh an Coiste tuairisc ar an dul chun cinn dhá uair in aghaidh na bliana, agus freisin, go leanúnach, saincheisteanna straitéiseacha a thiocfaidh chun solais agus a rachaidh i bhfeidhm ar an mBord.
Próiseas Pleanála Gnó
Forbrófar na pleananna gnó do na haonaid agus don Stiúrthóireacht le go mbeidh siad i gcomhréir leis na cuspóirí agus na spriocanna a leagtar amach sa Phlean seo. Má thagann aon athrú ábhartha ar na tosca maidir leis an éileamh ar na seirbhísí nó ar an gcumas, áireofar iad seo sna Pleananna Gnó lena chinntiú go mbeidh an cháipéis seo bríomhar solúbtha ar feadh a saoil.
|