Lógó Glas an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil

Rochtain ar Cheart

 

Mandáid

Cuireann an tAcht um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta, 1995, a bhunaigh an Bord um Chúnamh Dlíthiúil, creat reachtúil ar fáil ina bhféadfaidh daoine cur isteach ar sheirbhísí dlí i gcúrsaí dlí shibhialta de réir fhorálacha an Achta.

Sonraítear in Alt 5(1) den Acht:

      “Is é príomhfheidhm an Bhoird cúnamh agus comhairle dlí a chur ar fáil i gcásanna sibhialta do dhaoine a chomhlíonann riachtanais an Achta seo, de réir acmhainní an Bhoird agus faoi réir fhorálacha eile an Achta seo.”

Forálann Alt 5(2) go scaipfear faisnéis i dtaobh a chuid seirbhísí, agus mar a chuirtear ar fáil iad, ar mhaithe leo siúd dá gcuirtear ar fáil iad.


Soláthraíonn an Bord seirbhísí aturnaetha agus, nuair is gá iad, seirbhísí abhcóidí, i gcúrsaí dlí shibhialta do dhaoine ar bheagán acmhainní. Is é an dualgas reachtúil atá leagtha ar an mBord agus leibhéal na n-acmhainní a chuirtear ar fáil dó is mó a chinneann raon agus cumas freagartha na seirbhísí a sholáthraíonn an eagraíocht.


Lógó tsuímh idirlín OneGov