Lógó Glas an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil

Rochtain ar Cheart

 

Luachanna

Ó bunaíodh é, tá an Bord ag iarraidh sraith luachanna a fheidhmiú a chabhródh leis a Ráiteas Misin a chur i gcrích agus ar taca iad leis an gcaoi ar mhaith leis an mBord go n-oibreodh a chuid seirbhísí. Ina measc seo tá:


Ó thaobh na Seirbhíse

    >Gairmiúlacht. Gach gné den obair a chur i gcrích de réir na gcaighdeán gairmiúil is airde ar dhóigh go mbeidh muinín ag na cliaint as an gcaoi a gcuirtear an chomhairle agus an ionadaíocht dhlíthiúil ar fáil.
    >Fócas ar an gCustaiméir. Seirbhís ardcháilíochta a chur ar fáil do na cliaint agus na páirtithe leasmhara eile a bheidh gairmiúil, íogair, ómósach.
    >Fáilteach roimh an Athrú. Ár gcuid próiseas a athbhreithniú i gcónaí d'fhonn an tseirbhís is fearr is féidir a chur ar fáil.
    >Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara. Plé ar bhealach struchtúrtha ar leibhéal na tíre agus ar leibhéal na háite le comhlachtaí agus grúpaí a bhfuil leas díreach nó ionadaíochta acu in obair an Bhoird.
    >Feabhas leanúnach. Iarracht sheasta a dhéanamh feabhas a chur ar cháilíocht agus ar thráthúlacht na seirbhíse.
    >Ómós don éagsúlacht. A bheith eolach agus íogair i leith na héagsúlachta atá ann i measc ár gcliant.

Ó thaobh na foirne
    >Oscailteacht. Iarracht a dhéanamh gach faisnéis bhainteach a riar ar bhaill na foirne agus ar na grúpaí ionadaíochta.
    >Béim ar an bhfoghlaim. Iarracht a dhéanamh timpeallacht éifeachtach foghlamtha a fhorbairt agus a chaomhnú i ngach limistéar den Bhord.
    >Obair foirne. Tacú go leanúnach leis an gcomhobair foirne d'fhonn cur le héifeacht an tsoláthair seirbhíse
    >Comhpháirtíocht. Cur chuig bainistíocht an athraithe sa Bhord ar bhonn comhairliúcháin
    >Cumarsáid. Cultúr éifeachtach cumarsáide a chinntiú ar gach leibhéal den Bhord
    >Seirbhís don chustaiméir. Cultúr seasta a chaomhnú a chuirfidh seirbhís ardcháilíochta ar fáil do gach cliant de chuid an Bhoird
    >Caighdeáin arda eitice. Caighdeáin arda eitice a chinntiú i ngach gné dár ngnó.

Ó thaobh an Rialtais
    >Ceannasaíocht Éifeachtach. An dea-cheannasaíocht a chaomhnú agus a fheabhsú ar gach leibhéal
    >Éifeachtacht costais agus luach ar airgead. Deimhin a dhéanamh de go mbaintear leas as na hacmhainní atá le fáil lena chinntiú go gcuirtear an tseirbhís is fearr is féidir ar fáil gan dochar don cháilíocht
    >A Bheith Réamhghníomhach Freagrúil. Na modhanna is éifeachtaí agus is cruthúla a chur ag obair lena chinntiú go gcuirtear ár mandáid i gcrích
    >Cuntasacht. Gach freagracht airgeadais, reachtúil nó eile a chomhlíonadh go cuí cóir.

Lógó tsuímh idirlín OneGov