|
Plean Gníomhaíochta maidir le Seirbhís do Chustaiméirí 2009 - 2011
1. Réamhrá
Seo é an tríú Plean Gníomhaíochta maidir le Seirbhís do Chustaiméirí atá eisithe ag an mBord. Leagann sé amach ár dtiomantas maidir le seirbhís éifeachtach agus inrochtana a sholáthar d’ár gcustaiméirí agus déanann sé cur síos mion ar conas a dhéanfaidh an Bord na tiomantais agus na caighdeáin maidir le seirbhís do chustaiméirí atá leagtha amach ina Chairt Chustaiméirí a sheachadadh agus a luacháil.
Tá na gníomhaíochtaí atá aitheanta sa phlean seo bunaithe ar Phlean Corparáideach an Bhoird 2009 – 2011 agus baineann siad le hAthbhreithniú an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil ar Ionaid Dlí 2008, Tuarascáil Mheasúnaithe Priacal 2008 agus Tuarascáil an Tascfhórsa um Sheirbhís Phoiblí 2008.
2. Cúlra
Is é an Bord um Chúnamh Dlíthiúil an comhlacht reachtúil, neamhspleách atá freagrach as comhairle agus cúnamh dlíthiúil sibhialta a sholáthar do dhaoine ar bheagán acmhainní, faoi réir ag forálacha an Achta um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta, 1995 agus na rialacháin ábhartha.
Den chuid is mó, cuireann aturnaetha atá fostaithe ag an mBord cúnamh dlíthiúil agus comhairle ar fáil trí líonra d'ionaid dlí. Cuireann aturnaetha atá i mbun cleachtas príobháideach seirbhís chomhlántach ar fáil. Fostaíonn an Bord iadsan ar bhonn cás i ndiaidh cáis.
Cuirtear an tseirbhís ar fáil ar fud na tíre trí 33 ionad dlí lánaimseartha agus 12 ionad dlí páirtaimseartha, lena n-áirítear 3 ionad lánaimseartha ina bhfuil an tSeirbhís Dhlíthiúil do Dhídeanaithe (SDD).
Oibríonn an Bord Ionad speisialaithe Doiciméadúcháin do Dhídeanaithe freisin, a chuireann seirbhís ghairmiúil neamhspleách taighde agus leabharlainne ar fáil do na príomhchomhlachtaí ar fad a bhfuil baint acu leis an bpróiseas tearmainn.
3. Prionsabail Seirbhís Ardchaighdeáin do Chustaiméirí
Tá an Bord um Chúnamh Dlíthiúil tiomanta do bheith ag cloí le Prionsabail Seirbhís Ardchaighdeáin do Chustaiméirí agus iad ag déileáil leis an bpobal, ar aon dul le Ranna na Státseirbhíse agus le hoifigí Seirbhíse Poiblí. Áirítear leo seo:
- Caighdeáin Cháilíocht Seirbhíse
- Comhionannas/Éagsúlacht
- Rochtain Fhisiciúil
- Faisnéis
- Tráthúlacht agus Cúirtéis
- Gearáin
- Achomhairc
- Comhairliúchán agus Luacháil
- Rogha
- Comhionannas um Theangacha Oifigiúla
- Comhordú níos fearr
- Custaiméirí Inmheánacha
4. Nós Imeachta maidir le Gearáin a Dhéanamh
Tá an Bord um Chúnamh Dlíthiúil tar éis nós imeachta foilsithe asoiléir a chur i bhfeidhm maidir le gearáin fhoirmiúla ó chustaiméirí seachtracha a fháil agus a phróiseáil. Déantar cur síos ar an nós imeachta i mbileog uimh. 10 - “Cúram Custaiméirí agus Modh Déanta Gearán”, atá le fáil ag www.legalaidboard.ie nó ó ionad dlí ar bith de chuid an Bhoird. Tá an nós imeachta áirithe seo luaite i ngach bileog de chuid an Bhoird, i bhfoirmeacha iarratais agus nuair a bhíonn custaiméirí á gcur ar an eolas faoi chinntí a bhaineann lena gcuid iarratas.
5. Dualgais an Chustaiméara
Chun éifeachtúlacht na n-acmhainní atá ar fáil le seirbhísí a sholáthar do chustaiméirí a uasmhéadú, iarraimid ar chustaiméirí cabhrú linn déileáil lena gcásanna ar shlí chomh héifeachtúil agus is féidir mar seo a leanas.
Chun cabhrú leat an tseirbhís is fearr a fháil, is féidir na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- Caitheamh lenár bhfoireann le cúirtéis agus meas
- Gach foirm iarratais a líonadh isteach go cúramach
- Faisnéis chruinn agus iomlán a sholáthar dúinn agus tú i dteagmháil linn
- Na doiciméid tacaíochta chuí a sholáthar chomh luath agus is féidir
- Uimhreacha tagartha a lua, nuair is féidir, i ngach comhfhreagras agus i ngach cumarsáid linn
- Coinne a shocrú linn roimh ré má tá tú ag iarraidh bualadh le duine ar leith
- Muid a chur ar an eolas mura féidir leat freastal ar choinne
- Barúlacha nó moltaí a lua maidir leis na seirbhísí a sholáthraítear duit
- Comhoibriú cuí a sholáthar chun go mbeifear in ann dul chun cinn a dhéanamh go héifeachtúil maidir le do chás.
6. Gealltanais agus gníomhartha
Léiríonn an leathanach seo a leanas gealltanais an Bhoird i leith seirbhís d’ardchaighdeán a sholáthar dá chustaiméirí inmheánacha agus seachtracha, agus na gníomhartha atá ag teastáil chun na gealltanais seo a bhaint amach: Gealltanais agus gníomhartha
7. Monatóireacht agus Athbhreithniú
Nuair a bhíonn caighdeáin a bhaineann le seirbhís do chustaiméirí curtha i bhfeidhm, tá sé tábhachtach go mbeadh meicníocht chreidiúnach i bhfeidhm ag an eagraíocht le héifeachtúlacht feidhmithe na gcaighdeán sin a thomhais, go háirithe ag leibhéal áitiúil. Mar sin, tá cur chuige struchtúrtha chun monatóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh ar an bPlean Gníomhaíochta maidir le Seirbhís do Chustaiméirí á chur i bhfeidhm ag an mBord. Beidh na céimeanna seo a leanas sa chur chuige seo:
(i) Déanfaidh an Bhainistíocht Shinsearach Plean Gníomhaíochta maidir le Seirbhís do Chustaiméirí a shocrú i gcomhairle leis na hAturnaetha Bainistíochta agus leis an gCoiste Comhpháirtíochta.
(ii) Rachfar i gcomhairle leis an bPainéal Comhairliúcháin Seachtrach maidir leis an bplean nua.
(iii) Déanfaidh an Bhainistíocht Shinsearach plean forfheidhmithe mionsonrach a sholáthar agus a aontú.
(iv) Déanfar ráitis a lorg ó bhainisteoirí dhá uair in aghaidh na bliana maidir leis an méid a bhfuil bainte amach i leith na ngealltanas a bhaineann lena réimsí freagrachta féin. Déanfar scagadh agus anailís ar na ráitis.
(v) Déanfaidh an Bord, an Fhoireann Bainistíochta Sinsearaí agus an Coiste Comhpháirtíochta tuarascáil shonrach maidir le dul chun cinn a mheas ar bhonn bliantúil.
(vi) Coinneofar an Painéal Comhairliúcháin Seachtrach ar an eolas faoin dul chun cinn a dhéantar maidir le cuspóirí an phlean a bhaint amach.
Aithníonn an Bord go bhfuil an baol ann go mbeidh an t-éileamh ar sheirbhísí dlíthiúla ag dul i méid le linn shaolré an phlean seo. Beidh tionchar ag an staid eacnamaíochta reatha ar acmhainní an Bhoird agus, mar thoradh ar seo, ní mór tús áite a thabhairt d’acmhainní an Bhoird um sheirbhísí tosaigh. Tá an Bord tiomanta do sheirbhís ardchaighdeán, inrochtana a sholáthar taobh istigh den achar ama is giorra. |