|
BCD - Ceisteanna Coitianta
11. Má dhiúltaítear cúnamh nó comhairle dhlíthiúil dom, céard is féidir liom a dhéanamh?
Tá roinnt rudaí is féidir leat a dhéanamh. Má dhiúltaítear cúnamh nó comhairle dhlíthiúil duit, is féidir leat breis eolais a chur isteach chuig an mBord, chun go ndéanfaí athbreithniú ar an gcinneadh.
Is féidir leat achomharc a chur isteach faoi chinneadh ar bith, aon chinneadh a rinneadh tar éis an athbhreithnithe ar an gcinneadh bunaidh san áireamh. Déanfaidh coiste achomhairc measúnú ar d'achomharc. Beidh cathaoirleach agus ceathrar ghnáthbhall den Bhord ann, ar gá do bheirt acu a bheith ina ndlíodóirí nó ina n-abhcóidí cleachtacha.
Bíonn an cinneadh a dhéanann an coiste achomhairc mar chinneadh deiridh an Bhoird maidir le haon iarratas / ábhar. Ar ndóigh, is féidir leat imeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh a thosú i gcoinne an Bhoird maidir le haon chinneadh a rinne an Bord.
Fill ar liosta na Ceisteanna Coitianta
|