|
BCD - Ceisteanna Coitianta
4. Céard í an tástáil fiúntais?
Ciallaíonn an tástáil fiúntais gur gá don Bhord a bheith sásta go mbeadh sé réasúnta cúnamh dlíthiúil a bhronnadh, sula mbronnfar cúnamh dlíthiúil. Agus fiúntas an cháis á mheas, cuirfidh an Bord na rudaí seo a leanas san áireamh:
>an t-ionchas go mbeidh rath air sna himeachtaí;
>an fháil atá ar aon mhodh eile, seachas imeachtaí cúirte, chun déileáil go sásúil leis an bhfadhb, mar shampla, eadráin; agus
>an costas dóchúil a bheadh ann don Bhord do chur ar fáil na seirbhísí dlíthiúla agus é á mheas i gcomparáid leis an leas dóchúil a bheadh ann duitse, dá n-éireodh leat sna himeachtaí.
Déantar athrú ar an tástáil fiúntais, i gcásanna a bhaineann le leas an pháiste, cásanna faoi chaomhnóireacht agus rochtain san áireamh.
Téigh i dteagmháil le d'ionad dlí le do thoil, chun breis eolais a fháil faoin tástáil fiúntais.
Fill ar liosta na Ceisteanna Coitianta
|