Lógó Glas an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil

Rochtain ar Cheart

 

BCD - Ceisteanna Coitianta

5. Conas a chuirfidh mé iarratas isteach ar chomhairle nó ar chúnamh dlíthiúil?
Bíonn ort foirm iarratais a líonadh isteach, le heolas faoi d'acmhainn agus í a chur chuig d'ionad dlí áitiúil.

Déanfaidh an t-ionad dlí socrú leat chun measúnú airgeadais a dhéanamh. Má tá tú incháilithe ó thaobh airgeadais de, d'fhéadfaí d'ainm a chur ar liosta feithimh le haghaidh coinne le dlíodóir.

Tá an Bord tiomanta chun seirbhísí dlíthiúla a chur ar fáil do na hiarrathóirí go léir taobh istigh de thréimhse ceithre mhí ar a mhéid, ón dáta ar a bhfaightear foirm iarratais atá comhlánaithe go hiomlán. Bíonn an tréimhse feithimh i bhfad níos giorra i go leor de na hionaid dlí. Cuirfidh d'ionad dlíthiúil áitiúil ar an eolas thú, faoin gcás mar atá sé faoi láthair.

Fill ar liosta na Ceisteanna Coitianta


Lógó tsuímh idirlín OneGov