|
CC SDD - Ceisteanna Coitianta
1. Céard is Dídeannaí ann?
Is ionann Dídeannaí agus duine :
atá taobh amuigh dá t(h)ír dhúchais agus a bhfuil eagla air/uirthi le bunús maith, go ndéanfar géarleanúint air/uirthi mar gheall air:
cine
náisiúnacht
reiligiún
tuairimí polaitiúla
ballraíocht i ngrúpa sóisialta áirithe
agus nach bhfuil sé/sí sásta cosaint a lorg óna Stát féin ná in ann é a fháil ach an oiread.
Má théann tú ar lorg tearmainn ag Aerfort, Calafort, Stáisiún Gardaí, Oifig an Coimisinéir Iarratais do Dhídeannaithe, tá sé de cheart agat fanacht in Éirinn go sealadach, go dtí go ndéanfar measúnú ar d'iarratas tearmainn agus go dtí go bhfuil cinneadh déanta faoi.
Fill ar liosta na Ceisteanna Coitianta
|