|
CC SDD - Ceisteanna Coitianta
3. Cé na seirbhísí a gheobhaidh mé ó SDD?
Cuirfidh SDT seirbhís dhlíthiúil rúnda agus neamhspleách ar fáil duit, má tá tú cáilithe faoin tástáil acmhainne.
Cuirfear comhairle agus cúnamh dlíthiúil ar fáil duit ag gach céim den phróiseas tearmainn. Is éard a dhéanfaidh SDD ná:
>comhairle a chur ar fáil duit sula gcuirfidh tú do cheistneoir isteach chuig Oifig an Coimisinéir Iarratais do Dhídeannaithe, nó sula ndéanfaidh tú freastal ar d'agallamh leis an bhfoireann san Oifig sin.;
>aighneachtaí scríofa a chur isteach chuig Oifig an Coimisinéir Iarratais do Dhídeannaithe, mar thacaíocht le d'iarratas ar thearmann;
>dlíodóir nó abhcóide a chur ar fáil chun ionadaíocht a dhéanamh ar do shon os comhair An Binse Achomhairc do Dhídeanaithe;
>cabhrú leat aighneachtaí a chur isteach ar chead fanachta nó ar chosaint chúnta, sa chás go ndiúltaítear d'iarratas ar stádas teifigh;
>teangairí a chur ar fáil chun a bheith i láthair ag coinní leis an SDD;
>comhairle agus ionadaíocht chur ar fáil, má choinnítear thú faoi chuid 9(8) d'Acht na nDídeanaithe 1996; agus
>comhairle agus cúnamh a chur ar fáil maidir le horduithe díbeartha agus iarratais ar athbhreithniú breithiúnach.
Fill ar liosta na Ceisteanna Coitianta
|