|
Forbhreathnú ar an mBord um Chúnamh Dlíthiúil
1. Feidhm agus cuspóir
Is é an Bord um Chúnamh Dlíthiúil an comhlacht reachtúil, neamhspleách atá freagrach as cúnamh agus comhairle dhlíthiúil shibhialta a sholáthar do dhaoine ar bheagán acmhainní, faoi réir ag forálacha an Achta um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta, 1995.
Is éard is comhairle dhlíthiúil ann ná comhairle ar bith ó bhéal nó scríofa a thugann aturnae nó abhcóide, lena n-áirítear litreacha a scríobh agus idirbheartaíochtaí.
Is éard is cúnamh dlíthiúil ann ná nuair a dhéanann aturnae nó abhcóide ionadaíocht thar ceann duine in imeachtaí cúirte. Caithfidh duine deimhniú um chúnamh dlíthiúil a fháil ar dtús, a shonraíonn na seirbhísí dlíthiúla atá á ndeonú, agus an ranníoc cúnaimh dhlíthiúil a shonraítear ar an deimhniú a íoc.
2. Soláthar seirbhíse
Den chuid is mó, cuireann aturnaetha atá fostaithe ag an mBord cúnamh agus comhairle dhlíthiúil ar fáil trí líonra d'ionaid dlí. Cuireann aturnaetha atá i mbun cleachtas príobháideach seirbhís chomhlántach ar fáil. Fostaíonn an Bord iad ar bhonn cás i ndiaidh cáis.
Cuirtear an tseirbhís ar fáil ar fud na tíre trí 33 ionad dlí lánaimseartha agus 12 ionad dlí pháirtaimseartha, lena n-áirítear 3 ionad dlí lánaimseartha ina bhfuil an tSeirbhís Dlí do Dhídeanaithe (SDD). Ina theannta sin, thionscain an Bord Aonad Faillí Leighis sa bhliain 2006, a fheidhmíonn mar shainionad dlí chun déileáil le cásanna san earnáil sláinte.
Oibríonn an Bord Ionad speisialaithe Doiciméadúcháin do Dhídeanaithe freisin, a chuireann seirbhís ghairmiúil neamhspleách taighde agus leabharlainne ar fáil do na príomhchomhlachtaí ar fad a bhfuil baint acu leis an bpróiseas tearmainn.
3. Seirbhísí dlíthiúla a fháil
Caithfidh duine atá ag lorg seirbhísí dlíthiúla iarratas a dhéanamh ar cheann ar bith de na hionaid dlí agus foirm iarratais a chomhlánú, ag sonrú an ábhair lena mbaineann an t-iarratas ar chomhairle agus/nó ar chúnamh dlíthiúil, agus ag tabhairt sonraí faoi ioncam agus acmhainní caipitil ar bith.
Tá sí mar aidhm ag an mBord a chinntiú go ndéanfar coinne le haturnae a thairiscint do dhuine atá incháilithe de réir acmhainne i gcomhair seirbhísí dlíthiúla taobh istigh de thréimhse uasta de 4 mhí ón uair a dhéantar an t-iarratas a chur i gcrích. I gcásanna áirithe, cuirtear seirbhís tosaíochta ar fáil.
4. Íoc as seirbhísí dlíthiúla
Caithfidh duine ar bith a ndeonaítear comhairle agus/nó cúnamh dlíthiúil dó/di ranníoc a dhéanamh leis an mBord. Déantar an ranníoc comhairle dlíthiúla a mheas ar ioncam indiúscartha an iarratasóra, .i. ioncam tar éis asbhaintí áirithe. Déantar an ranníoc cúnaimh dhlíthiúil a mheas ar ioncam indiúscartha agus ar chaipiteal indiúscartha an iarratasóra. Ón 1 Meán Fómhair, is é an ranníoc is lú ná €10 as comhairle dhlíthiúil agus €50 as cúnamh dlíthiúil. Tugann an t-ionad dlí nó Ionad na gCleachtóirí Príobháideacha comhairle do dhuine faoin ranníoc iarbhír i ngach cás aonair. Más rud é go ndéanann duine airgead nó réadmhaoin a aisghabháil ag eascairt ón gcás, is féidir go ndéanfaidh an Bord iarratas an costas a bhí ar an mBord as na seirbhísí dlíthiúla a sholáthar don chliant a aisghabháil.
5. Ceannoifig
Tá ceannoifig an Bhoird suite i gCathair Saidhbhín, Contae Chiarraí áit a bhfuil 50 ball foirne lonnaithe. Tá roinnt d'fheidhmeanna na ceannoifige lonnaithe i mBaile Átha Cliath freisin.
6. Socruithe Rialachais
Tá an Bord reachtúil ceaptha ag an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí agus tá sé freagrach as:
> treo straitéiseach na heagraíochta
> beartas a shocrú agus monatóireacht a dhéanamh ar a chur i bhfeidhm
> maoirseacht a dhéanamh ar bhainistíocht cheart éifeachtach na heagraíochta
> monatóireacht a dhéanamh ar nósanna imeachta éifeachtacha a chur i bhfeidhm agus freagracht a sholáthar
> buiséid a fhaomhadh agus monatóireacht a dhéanamh orthu, agus
> roinnt cinntí forchoimeádta a dhéanamh.
Tá Cathaoirleach (Anne Colley Uasal) agus 12 bhall eile ar an mBord.
Tá faisnéis mhionsonraithe ar láithreán gréasáin an Bhoird faoi sheirbhísí an Bhoird, lena n-áirítear sonraí teagmhála do gach ionad dlí.
7. Struchtúr na Tuarascála Bliantúla 2007
Tá na rannóga a leanas cuimsithe i dtuarascáil bhliantúil 2007:
> Seirbhís Soláthraithe: déanann an rannóg seo cur síos ar phríomhthorthaí i dtéarmaí líon na gcásanna atá láimhseáilte i réimsí éagsúla ina ndéanann an Bord seirbhísí a sholáthar, lena n-áirítear SDD. Tá rogha de chásanna samplacha san áireamh chomh maith.
> An tSeirbhís um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta a fhorbairt: leagann an rannóg seo béim ar na réimsí ina bhfuil dul chun cinn déanta ó thaobh caighdeán na seirbhísí a thairgeann an Bord a fheabhsú, de réir na gcuspóirí atá leagtha amach sa Phlean Corparáideach.
> Soláthar Seirbhíse a Chumasú: soláthraíonn an rannóg seo forbhreathnú ar fhorbairtí sna réimsí tacaíochta riaracháin in 2007.
> Airgeadas: tugann an rannóg seo achoimre ar an suíomh airgeadais ar an 31 Nollaig 2007, mar atá leagtha amach sna ráitis airgeadais. Tá ráitis airgeadais 2007 ceangailte mar aguisín leis an tuarascáil seo.
Suíomh Gréasáin: www.legalaidboard.ie
Chun breis faisnéise a fháil, déan teagmháil le Feargal Ó Brolcháin, Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha, ar 087-2071264 nó seol ríomhphost chuig corporateservices@legalaidboard.ie
Tá Moling Ryan, Príomhfheidhmeannach, ar fáil le haghaidh agallaimh. Chun socruithe a dhéanamh, déan teagmháil le Feargal Ó Brolcháin ar 087-2071264 le do thoil.
Foireann an Bhoird
Tá 384 ball foirne san iomlán fostaithe ag an mBord. Cuireann baill foirne in ionaid dlí an príomhsheachadadh seirbhíse ar fail. Cuimsíonn an lion seo 109 aturnae móide foireann pharaidhlíthiúil agus riaracháin. Tugann an fhoireann riaracháin sna haonaid cheannoifige éagsúla tacaíocht do sheachadadh phríomhghnó an Bhoird, mar atá léirithe thíos.

Is é an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí a cheapann an Bord reachtúil agus tá sé freagrach as:
> treo straitéiseach na heagraíochta
> beartas a shocrú agus monatóireacht a dhéanamh ar a chur i bhfeidhm
> maoirseacht a dhéanamh ar bhainistíocht cheart éifeachtach na heagraíochta
> monatóireacht a dhéanamh ar nósanna imeachta airgeadais éifeachtacha a chur i bhfeidhm agus cuntasacht a sholáthar
> buiséid a fhaomhadh agus monatóireacht a dhéanamh orthu, agus
> roinnt cinntí forchoimeádta a dhéanamh.
Go hiondúil is Cathaoirleach agus 12 ghnáthchomhaltaí a bhíonn ar an mBord, caithfidh beirt de na comhaltaí a bheith ina n-abhcóidí atá i mbun cleachtais, beirt ina n-aturnaetha i mbun cleachtais, agus caithfidh beirt eile a bheith ina n-ionadaithe ar an bhfoireann.
Tá Príomhfheidhmeannach i gceannas ar Struchtúir Riaracháin an Bhoird, agus tá sé/sí freagrach as oibríochtaí an Bhoird ó lá go lá, agus as beartais an Bhoird a chur i gcrích. Tá an Príomhfheidhmeannach freagrach don Bhord Reachtúil.
Tarmligeann an Príomhfheidhmeannach na freagrachtaí cuí ar gach duine de na stiúrthóirí, agus tá siad freagrach dó. I measc na bhfeidhmeanna seo tá bainistíocht fhoriomlán ar chúnamh dlíthiúil a chur ar fáil, an fheidhm maidir le hacmhainní daonna, an fheidhm TE agus feidhmeanna tacaíochta corparáidí éagsúla eile.
Is iad na hAturnaetha Bainistíochta i ngach Ionad Dlí a chomhlíonann na feidhmeanna Bainistíochta a bhaineann le reáchtáil lá-go-lá na n-ionad dlí. Tá na hAturnaetha Bainistíochta seo, chomh maith leis an Oifigeach Idirchaidrimh Ghairmiúil, freagrach don Stiúrthóir um Chúnamh Dlíthiúil.
Cuireann baill foirne in ionaid dlí an príomhsheirbhís ar fáil. Tugann an fhoireann riaracháin in aonaid éagsúla na ceannoifige tacaíocht do sheachadadh phríomhghnó an Bhoird.
|