Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

An Scéim

3.1 Réimeas Teanga Atá Cheanna Ann I gCás Soláthar Sheirbhísí

3.1.1 An tSeirbhís Dlí – Ionaid Dlí

Soláthraítear príomhsheirbhís ionad dlí an Bhoird go príomha trí Bhéarla. Soláthraíonn an Bord freisin iomlán a sheirbhís dlí san ionad dlí trí Ghaeilge dóibh siúd a iarrann sin, tríd Ionad Dlí na Gaillimhe. Sa chomhthéacs sin tagraíonn seirbhís dlí an ionaid dlí do na seirbhísí a sholáthraíonn aturnae in ionaid dlí an Bhoird. Sa chás go n-éilíonn cliaint seirbhís trí Ghaeilge i gceantar éigin eile den tír, rachaidh an aturnae a bheidh ag soláthar na seirbhíse trí Ghaeilge chuig ionad a bheidh oiriúnach don chliaint sin. Tá feidhm leis an nós imeachta céanna nuair a éilíonn an tseirbhís Bhéarla go soláthródh aturnae as ionad dlí i ndobharcheantar difriúil an tseirbhís. Níl na seirbhísí fáiltithe agus tacaíochta go hiomlán dátheangach san oifig seo go fóill.

3.1.2. Seirbhís Dlí – Seirbhís Dlí do Dhídeanaithe

Soláthraíonn Seirbhís Dlí an Bhoird do Dhídeanaithe seirbhís dlí do dhaoine a bhíonn ag déanamh iarratais ar thearmann in Éirinn. Soláthraítear an tseirbhís sin i mBéarla le cúnamh ó ateangairí do na cliaint sin a éilíonn í. Ó bunaíodh an tseirbhís i 1999 go dtí seo, níor iarr aon chliaint den SDD an tseirbhís sin a fháil trí mheán na Gaeilge.

3.1.3 Seirbhísí Ceannoifige

Tá feidhmeanna cheannoifig an Bhoird dírithe go príomha ar thacaíocht a thabhairt do sheachadadh seirbhíse tosaigh. Cuireann aonaid cheannoifige an Bhoird seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge de réir mar is gá mar fhreagra ar iarratais ar leith. Go dtí seo, bhí líon teoranta iarratas ar a leithéid de sheirbhís.

3.2 Comhéadan Poiblí

3.2.1 Foirmeacha agus Bileoga:

Is beartas de chuid an Bhoird é go mbeadh a chuid foirmeacha agus bileoga ar fad ar fáil trí Ghaeilge. Leis sin tá na foirmeacha agus na bileoga ar fad a bhaineann lena sheirbhís ionad dlí aistrithe agus ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla in ionaid dlí. Sa chás go bhfaightear iarratais scríofa/teileafóin/ríomhphoist chun eolas a fháil faoi sheirbhísí an Bhoird, soláthraítear cóip den bhileog chuí i dteanga an iarratais nó sa teanga a iarrtar má tá sé difriúil. Scaiptear foirmeacha agus bileoga freisin ar roinnt áiteanna eile mar shampla - Ionaid Eolais do Shaoránaigh. Is féidir iad a iarraidh go díreach trí dhul i dteagmháil le Ceannoifig an Bhoird i gCathair Saidhbhín, Lóghlao 1890 – 615 200.

3.2.2 Láithreán Gréasáin

Beidh rogha Gaeilge sa leagan athchóirithe de láithreán gréasáin an Bhoird, atáthar a ullmhú faoi láthair – agus beidh an leagan sin díreach mar a chéile leis an leagan Béarla. Beidh gach leathanach gréasáin ar fáil sa dá theanga. Beidh úsáideoirí in ann an leagan teanga is mian leo a fheiceáil a roghnú ag aon tráth ar an láithreán gréasáin. Cuirfear foilseacháin an Bhoird agus cáipéisí beartais a bheidh ar an suíomh ar fáil sna teangacha ina bhfoilsítear iad. Beidh an láithreán gréasáin athchóirithe ar fáil sa dá rogha teanga ón dáta a dhéanfar athsheoladh air (Samhradh 2007).

3.2.3 Foilseacháin

Ó lár mhí an Mheithimh 2004, tá mórfhoilseacháin chorparáideacha á bhfoilsiú go dátheangach, laistigh d'aon chlúdach amháin, de réir Alt 10 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

3.3 Seirbhísí Soláthar Trí Mheán Na Gaeilge

Ní sholáthraíonn an Bord seirbhísí trí mheán na Gaeilge amháin faoi láthair agus níl sé i gceist aige a leithéid de rud a dhéanamh. Níl aon cheann d’oifigí an Bhoird lonnaithe i gceantar Gaeltachta.

3.4 Seirbhísí Le Soláthar Trí Mheán na Gaeilge agus an Bhéarla

3.4.0 Measúnú ar éileamh ionchasach amach anseo

I rith chéad bhliain na scéime seo, tabharfaidh an Bord faoi shuirbhé ar an éileamh a d’fhéadfadh a bheith ar a chuid seirbhísí trí Ghaeilge. Tabharfar faoin suirbhé sin mar aitheantas ar an bhféidearthacht go raibh tionchar ag an infhaighteacht theoranta atá ar sheirbhís trí Ghaeilge ar an éileamh atá ann ar an tseirbhís sin. Tabharfaidh torthaí an tsuirbhé sin treoir don scrúdú a dhéanfar ar roghanna chun soláthar seirbhíse trí Ghaeilge a fheabhsú, a bhfuil achoimre orthu thíos.

3.4.1 An tSeirbhís Dlí – Ionaid dlí

Tá socruithe reatha an Bhoird maidir le soláthar seirbhíse leagtha amach in alt 3.1.1 thuas. Leagann an rannóg seo amach na bearta atá ar intinn ag an mBord a ghlacadh chun an tseirbhís atá cheana ann a fheabhsú agus a fhorbairt.

Tá seirbhís Ghaeilge dlí an Bhoird lonnaithe faoi láthair ina ionad dlí i nGaillimh. Níl na seirbhísí fáiltithe agus tacaíochta san oifig sin dátheangach go fóill. Glacfaidh an Bord na bearta riachtanacha chun seirbhísí fáiltithe agus tacaíochta trí Ghaeilge a fhorbairt ag a Ionad Dlí i nGaillimh. Beidh an ghné sin den tseirbhís i bhfeidhm laistigh de dhá bhliain ó thús na scéime .i. faoi mhí Aibreáin 2009

Tógfaidh an Bord ar na socruithe atá ann cheana do sholáthar seirbhíse trí Ghaeilge, a bhfuil cuntas air i 3.1.1, trí sheirbhís tharchurtha a chur ar fáil. Go sonrach, cuirfear daoine a dhéanfaidh teagmháil le haon cheann d'ionaid nó oifigí dlí an Bhoird ar thóir seirbhís dlí trí Ghaeilge ar aghaidh díreach chuig Ionad Dlí na Gaillimhe. Éileoidh sé sin go mbeidh curtha cheana féin le cumas na foirne reatha tacaíochta, idir chléireachais agus chúntóirí dlí, chun fiosrúcháin den sórt sin a láimhseáil, mar atá léirithe thuas.

Ina theannta sin, úsáidfidh an Bord torthaí an tsuirbhé d'éileamh ionchasach, a bhfuil cuntas air i 3.4.0 thuas chun áiteanna a aimsiú a mbeidh ar an Bord a chumas chun seirbhís a sholáthar trí Ghaeilge a fheabhsú. Táthar ag súíl go ndíreoidh forbairtí den sórt sin ar oifigí a bhfuil ceantair Ghaeltachta mar chuid dá ndobharcheantair, agus freisin ar roinnt de na hionaid uirbeacha is mó. I measc na mbearta a ghlacfar beidh forbairt ar inniúlacht na foirne sna hoifigí sin chun seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge agus freisin cleachtóirí príobháideacha atá cáilithe go hoiriúnach a aimsiú chun cur le seirbhís Ghaeilge an Bhoird. Beidh na socruithe feabhsaithe a bhfuil achoimre orthu thuas i bhfeidhm faoi dheireadh shaolré na scéime seo.

3.4.2 Seirbhís bunaithe ar ateangaire

Tá taithí fhorleathan ag an mBord, trína Sheirbhís Dlí do Dhídeanaithe, ar sheirbhís a sholáthar le cúnamh ó ateangairí.

Scrúdóidh an Bord an fhéidearthacht a bhaineann le seirbhísí a sholáthar dá chuid cliaint i gceantair Ghaeltachta le cúnamh ó ateangairí. Ceann de na roghanna a bhreithneofar sa scrúdú sin ná scéim phíolótach a chur i bhfeidhm do sheirbhísí bunaithe ar ateangairí. Tabharfar an scrúdú sin chun críche laistigh de 2 bhliain ó thús na scéime.

3.4.3 Seirbhísí bunaithe ar chleachtóirí príobháideacha

Baineann an Bord úsáid faoi láthair as seirbhísí chleachtóirí príobháideacha chun cur leis an tseirbhís a sholáthraíonn an fhoireann. Déanfaidh an Bord iniúchadh ar chumas cleachtóirí príobháideacha seirbhís a sholáthar trí Ghaeilge a shroicheann na caighdeáin a éilíonn an Bord. Tabharfar an t-iniúchadh sin chun críche laistigh de dhá bhliain ó thús na scéime.

3.4.4 Abhcóidí

Baineann an Bord leas freisin as seirbhísí abhcóidí, a fhaigheann treoir ó aturnaetha an Bhoird, chun ionadaíocht a dhéanamh ar chliaint sa chúirt. Féachfaidh an Bord d’abhcóidí atá cáilithe go cuí a aimsiú chun tacú lena sholáthar seirbhíse trí Ghaeilge. Bainfear é sin amach laistigh de dhá bhliain ó thús na scéime.

3.4.5 Seirbhísí an Cheannoifige

Tá príomhfheidhmeanna cheannoifig an Bhoird dírithe ar thacaíocht a thabhairt do sheachadadh seirbhíse tosaigh. Cuirfear oiliúint ar an bhfoireann ar lasc-chlár cheannoifig an Bhoird chun freagra a thabhairt ar fhiosrúcháin teileafóin a déantar trí Ghaeilge le linn 2007. Soláthróidh an Bord oiliúint chun cumas lucht pearsanra eile ceannoifige a fheabhsú chun gnó a dhéanamh trí Ghaeilge freisin le linn 2007. Cinnteoidh sé sin go ndéanfar seachadadh dátheangach ar na seirbhísí tosaigh a sholáthraíonn an Ceannoifig nuair a éileofar sin faoin 26ú Bealtaine 2008.

3.4.6 Seirbhísí le soláthar trí mheán an Bhéarla amháin - An tSeirbhís Dlí do Dhídeanaithe

Soláthraíonn an tSeirbhís Dlí do Dhídeanaithe seirbhís trí Bhéarla i láthair na huaire. Soláthraítear an tseirbhís le cúnamh ó ateangairí i gcás mhóramh na gcliaint. Tá sé beartaithe leanúint ag soláthar na seirbhíse ar an mbealach sin. Má iarrann cliaint de chuid na seirbhíse seo go soláthrófaí as Gaeilge í bainfear é sin amach le cúnamh ateangaireachta.

3.5 Cumarsáid

Áireofar le creatlach cumarsáide an Bhoird bearta chun feasacht maidir lena sheirbhís trí Ghaeilge a mhéadú trí fhógraí a chur den chuid is mó sna meáin náisiúnta agus sna meáin Ghaeilge.

3.6 Acmhainní

3.6.1 Foireann

Braitheann an Bord faoi láthair ar dhuine amháin den fhoireann aturnaetha chun seirbhís dlí a sholáthar trí Ghaeilge. Cuirfear oiliúint ar fáil d’aturnaetha eile an Bhoird leis an inniúlacht riachtanach teanga le cur ar a gcumas seirbhís ghairmiúil dlí a chur ar fáil trí Ghaeilge. Bainfear é sin amach laistigh de shaolré na scéime seo.

Cinnteoidh an Bord go mbeidh dóthain foirne ann leis na scileanna riachtanacha chun freastal ar an éileamh ar sheirbhísí trí Ghaeilge.

Beidh an fhoireann go léir a sholáthróidh seirbhís trí Ghaeilge laistigh de chomhlán ceadaithe reatha an Bhoird.

3.7 Dearbhú Cáilíochta

Ní dhéanann na bearta dearbhaithe cáilíochta atá i bhfeidhm i gcás seirbhísí an Bhoird idirdhealú idir na seirbhísí sin a sholáthraítear trí Ghaeilge agus iad sin a sholáthraítear trí Bhéarla. Beidh an cás sin amhlaidh le linn shaolré na scéime seo.

3.8 Comhéadan Poiblí

3.8.1 Foirmeacha agus Bileoga:

Is beartas de chuid an Bhoird é go mbeadh a chuid foirmeacha agus bileoga ar fad ar fáil trí Ghaeilge. Leis sin, leanfar ag cur na bhfoirmeacha agus na mbileoga ar fad a bhaineann lena sheirbhís ionaid dlí ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla. Beidh na foirmeacha agus na bileoga sin ar fáil in ionaid dlí. Sa chás go bhfaightear iarratais scríofa/teileafóin/ríomhphoist chun eolas a fháil faoi sheirbhísí an Bhoird, soláthrófar cóip de leagan Gaeilge agus Béarla na bileoige cuí mar fhreagra. Beidh gach foirm ar fáil go dátheangach laistigh d’aon chlúdach amháin ó thús na scéime – ach amháin foirmeacha don tSeirbhís Dlí do Dhídeanaithe. Scaipfear foirmeacha agus bileoga freisin ar roinnt áiteanna eile mar shampla - Ionaid Eolais do Shaoránaigh. Is féidir iad a iarraidh go díreach trí dhul i dteagmháil le Ceannoifig an Bhoird i gCathair Saidhbhín, Lóghlao 1890 – 615 200 nó trí ríomhphost ó info@legalaidboard.ie.

3.8.2 Teileafóin

  • Cinnteoidh an Bord go mbeidh an t-eolas cuí agus an oiliúint ar fáil ag oibreoirí lasc-chláir i ngach áit, lena n-áirítear a Cheannoifig i gCathair Saidhbhín, le bheith ábalta glaonna i nGaeilge a chur ar aghaidh chuig an áit chuí chun seirbhís a fháil trí Ghaeilge. Cinnteoidh an oiliúint sin go mbeidh foireann fháiltithe/lasc-chláir in ann ainm an chomhlachta a thabhairt as Gaeilge faoin 26ú Bealtaine 2008,
  • go mbeidh cleachtadh acu ar na bunbheannachtaí as Gaeilge, agus
  • go mbeidh siad in ann baill den phobal a chur i dteagmháil, gan mhoill, leis an oifig nó leis an oifigeach atá freagrach as an tseirbhís a theastaíonn a chur ar fáil i nGaeilge, más ann dó.

3.8.3 Oifigí Poiblí

Soláthraíonn an Bord seirbhís do chliaint trína líonra de 33 ionad dlí, agus tá roinnt díobh beag go leor. Cuirfear daoine a chuireann glaoch pearsanta ar ionaid dlí agus ar mian leo a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge ar aghaidh chuig oifigí inar féidir a leithéid de sheirbhís a chur ar fáil agus éascófar iad ó thaobh teagmháil a dhéanamh leis an ionad sin.

Beidh seirbhís iomlán dhátheangach chúntair agus tacaíochta curtha ar fáil ag an mBord ina Ionad Dlí i nGaillimh laistigh de dhá bhliain ó thús na scéime seo .i. faoi 25 Bealtaine 2009. Tá seirbhís iomlán dhátheangach dlí ar fáil cheana féin san oifig seo.

3.8.4 Láithreán Gréasáin an Bhoird

Beidh rogha Gaeilge sa leagan athchóirithe de láithreán gréasáin an Bhoird, atáthar a ullmhú faoi láthair – agus beidh an leagan sin díreach mar a chéile leis an leagan Béarla. Beidh gach leathanach gréasáin ar fáil sa dá theanga. Beidh úsáideoirí in ann an leagan teanga is mian leo a fheiceáil a roghnú ag aon tráth ar an láithreán gréasáin. Cuirfear foilseacháin an Bhoird agus cáipéisí beartais a bheidh ar an láithreán ar fáil sna teangacha ina bhfoilsítear iad. Beidh an láithreán gréasáin athchóirithe ar fáil sa dá rogha teanga ón dáta a dhéanfar athsheoladh air (Samhradh 2007).

Níl soláthar ar an láithreán gréasáin faoi láthair do sheirbhísí idirghníomhacha. Sa chás go ndéantar forbairt ar sheirbhísí den sórt sin cuirfear ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla iad.

3.9 Forbairt Foirne

Tá roinnt ball foirne aimsithe ag an mBord a bhfuil sé de chumas acu seirbhís a sholáthar trí Ghaeilge. Tabharfaidh an Bord, freisin, faoi na hoifigí is dóichí a bheidh foireann den sórt sin de dhíth orthu a aimsiú, agus beidh sé mar aidhm an inniúlacht a sholáthar sna hoifigí sin trí mheascán earcaíochta agus oiliúna. Spreagfar foirne i réimsí cuí go háirithe chun leas a bhaint as cúrsaí oiliúna Gaeilge.

3.10 Tacuithe do sholáthar seirbhíse trí Ghaeilge

Soláthróidh an Bord na saoráidí agus an tacaíocht riachtanach don fhoireann atá freagrach as seirbhís a sholáthar trí Ghaeilge. Áireofar air sin, oiliúint, tacuithe riachtnacha TF, (próiseáil focal trí Ghaeilge, infhaighteacht doiciméad caighdeánach srl), foclóirí, gluaiseanna de théarmaí teicniúla agus na hábhair tacaíochta eile atá riachtanach chun soláthar seirbhíse trí Ghaeilge a chur ar fáil ar chaighdeán cáilíochta an Bhoird. Ina theannta sin, glacfaidh aon chóras ríomhairí nua a thabharfar isteach tar éis thús na scéime seo, más gá, san áireamh an gá atá le bheith ábalta an Ghaeilge a láimhseáil go hiomlán. Cuirfear córais atá ann cheana in oiriúint, nuair is gá, chun an Ghaeilge a láimhseáil ag an gcéad uasghrádú oiriúnach eile.

Cinnteoidh an Bord go soláthraítear 25% de phreaseisiúintí i nGaeilge agus i mBéarla ó dháta tosaithe na scéime seo.