Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Forbhreathnú Ar An MBord Um Chúnamh Dlíthiúil

2.1 Sainordú

Bhunaigh an tAcht um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta 1995 an Bord um Chúnamh Dlíthiúil mar an comhlacht reachtúil, neamhspleách atá freagrach as cúnamh dlíthiúil agus comhairle dlí i gcásanna sibhialta a chur ar fáil do dhaoine ar acmhainn mheasartha. Dar le hAlt 5(1) den Acht:

“Beidh sé mar phríomhfheidhm ag an mBord soláthar a dhéanamh, laistigh d’acmhainní an Bhoird agus faoi réir ag forálacha eile an Achta seo, do chúnamh dlíthiúil agus comhairle dlí i gcásanna sibhialta do dhaoine a chomhlíonann ceanglais an Achta seo.” (N.B. Ní leagan oifigiúil é sin)

2.2 Misean

Tugann Plean Corparáideach 2006 an Bhoird sainmhíniú ar a mhisean mar seo a leanas: “Seirbhís um chúnamh dlíthiúil agus chomhairle dlí ghairmiúil, éifeachtach, chostéifeachtach agus inrochtana a sholáthar.”

2.3 Rialú

Rialaíonn Bord reachtúil an Bord, a cheapann an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí. Cuimsíonn an Bord cathaoirleach agus 12 gnáth chomhaltaí. Tá sé freagrach faoin Acht um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta, 1995 as:

  • treo straitéiseach na heagraíochta;
  • beartas a shocrú agus monatóireacht a dhéanamh ar a fhorfheidhmiúchán;
  • bainistíocht chuí agus éifeachtach na heagraíochta a mhaoirsiú;
  • forfheidhmiúchán nósanna imeachta éifeachtachta airgeadais a fhaire agus cuntasacht a sholáthar;
  • buiséid a cheadú agus a fhaire, agus cinntí áirithe coimeádta a dhéanamh.

2.4 Seirbhísí a sholáthraítear

Cuireann an Bord seirbhísí aturnaetha agus, mar is gá, abhcóidí ar fáil do dhaoine ar acmhainn mheasartha maidir le cúrsaí a bhaineann leis an dlí sibhialta. Is iad saindualgas reachtúil reatha an Bhoird agus leibhéal na n-acmhainní a sholáthraítear a rialaíonn raon agus sofhreagracht na seirbhísí a sholáthraíonn an eagraíocht. I measc na seirbhísí a sholáthraítear tá comhairle dlí a chlúdaíonn comhairle ar chúrsaí a bhaineann leis an dlí sibhialta agus cúnamh dlíthiúil a chlúdaíonn ionadaíocht ó aturnae nó abhcóide a fhostaíonn an Bord chun ionadaíocht a sholáthar in imeachtaí cúirte arna gceadú ag an Acht.

Clúdaíonn an tseirbhís freisin comhairle dlí agus cúnamh dlíthiúil d’iarrthóirí tearmainn sa stát. Soláthraítear an tseirbhís ar bhonn náisiúnta i 33 ionad dlí lánaimseartha agus 12 ionad páirtaimseartha ar fud na tíre, ina measc sin, 3 ionad dlí lánaimseartha a chuimsíonn an tSeirbhís Dlí do Dhídeanaithe (SDD).

Sholáthair an Bord seirbhís in thart ar 17,500 cás trína sheirbhísí ionad dlí agus SDD i 2005. Feidhmíonn an Bord Ionad Doiciméadaithe do Dhídeanaithe freisin a sholáthraíonn seirbhís neamhspleách ghairmiúil taighde agus leabharlainne do gach ceann de na príomhchomhlachtaí a bhfuil baint acu leis an bpróiseas tearmainn.

2.5 Foireann an Bhoird

Tá os cionn 380 foireann ag an mBord ar an iomlán, leis an bPríomhfheidhmeannach i gceannas, agus ina measc sin tá 110 aturnae atá lonnaithe i 33 ionad dlí ar fud na tíre agus a fhaigheann tacaíocht ó chúntóirí dlí agus foireann riaracháin. Tá roinnt príomhaonad i gCathair Saidhbhín agus i mBaile Átha Cliath freisin, atá i mbun bainistíochta ar fheidhmeanna, lena n-áirítear, seirbhísí tacaíochta dlí, airgeadas, TFC, acmhainní daonna agus seirbhísí corparáideacha.

2.6 Ceannoifig

Tá Ceannoifig an Bhoird lonnaithe i gCathair Saidhbhín, Contae Chiarraí áit a bhfuil 50 ball foirne lonnaithe. Tugtar faoi roinnt d’fheidhmeanna na ceanncheathrún i mBaile Átha Cliath freisin.

Tá sonraí faoi na hionaid dlí aonair agus faoi shuíomh na ceannoifige le fáil in iarscríbhinn 1.

2.7 Cliaint agus geallshealbhóirí

Mar sheirbhís ghairmiúil dlí atá maoinithe ag an stát, is daoine iad cliaint an Bhoird atá incháilithe do sheirbhísí dlí agus a bhaineann leas as seirbhísí an Bhoird. Tá feidhm le ceanglais reachtúla agus ghairmiúla an chaidrimh chliaint-aturnae i gcás gach cliaint den sórt sin. Is grúpa i bhfad níos leithne iad geallshealbhóirí an Bhoird, lena n-áirítear:
An Rialtas
Cáiníocóirí
Cliaint Ionchasacha
An tSeirbhís Chúirteanna
An Ghairm Dlí
Gníomhaireachtaí Stáit ag déileáil le bonn cliaint an Bhoird Grúpaí deonacha ag déileáil le bonn cliaint an Bhoird.