Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Réamhrá

1.1 Réamhrá

Ar an 22 Márta 2006, d’iarr an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ar Phríomhfheidhmeannach an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil dréachtscéim a ullmhú faoi Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (an tAcht) agus an dréachtscéim a chur faoina bhráid lena daingniú an 21 Meán Fómhair 2006 ar a dhéanaí. Tá an scéim seo ullmhaithe de réir an iarratais sin.

Tá foráil in Alt 11 den Acht go n-ullmhóidh comhlachtaí poiblí Scéim reachtúil ag tabhairt sonraí ar na seirbhísí a sholáthróidh siad:

  • Trí mheán na Gaeilge
  • Trí mheán an Bhéarla, agus
  • Trí mheán na Ghaeilge agus an Bhéarla

agus na bearta a ghlacfar lena chinntiú go ndéanfar aon seirbhís nach soláthraíonn an comhlacht trí mheán na Gaeilge a sholáthar amhlaidh laistigh d'fhráma ama comhaontaithe.

1.2 Ullmhú na scéime

Dhréachtaigh an Bord an Scéim agus aird á tabhairt aige ar na Treoirlínte a d’ullmhaigh an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta faoi Alt 12 den Acht agus go háirithe gur chóir soláthar seirbhíse trí Ghaeilge a bheith bunaithe orthu seo a leanas:

  • An leibhéal bunúsach éilimh atá ar sheirbhísí sainiúla trí Ghaeilge i gcomhthéacs an tsoláthair ar leith.
  • Na hacmhainní, lena n-áirítear, acmhainní daonna agus airgeadais, agus an cumas atá ag an gcomhlacht poiblí lena mbaineann forbairt a dhéanamh nó rochtain a fháil ar an inniúlacht riachtanach teanga.

1.2.1 Comhairliúchán

De réir alt 13(1) den Acht, ar an 9 Bealtaine 2006, d’fhoilsigh an Bord fógra go raibh sé ar intinn acu dréachtscéim a ullmhú. Foilsíodh fógraí dátheangacha ag fáiltiú roimh aighneachtaí sna meáin náisiúnta agus ar láithreán gréasáin an Bhoird, agus cuireadh fógraí i nGaeilge i bhfoilseachán Gaeilge amháin. Cuireadh an t-eolas céanna faoi bhráid fhoireann an Bhoird trínár mbord fógraí inmheánach. Fuarthas trí chinn d'aighneachtaí ar an iomlán ón gcomhairliúchán seachtrach agus tá siad sin ar fáil ar láithreán gréasáin an Bhoird, www.legalaidboard.ie.

1.3 An tÉileamh atá ar sheirbhísí trí Ghaeilge a mheas

I mí an Mheithimh 2006, iarradh ar gach ionad dlí agus ar na haonaid cheannoifige an leibhéal éilimh a bhí ar sheirbhísí trí Ghaeilge ó thús na bliana 2004 a mheas. Thug sé sin le fios go raibh éileamh teoranta ann suas go dtí an dáta sin. Bhí iarratais ar sheirbhís dlí trí Ghaeilge teoranta d’ionad dlí amháin áit a bhfuil seirbhís iomlán dlí trí Ghaeilge ar fáil cheana féin. D’iarr cúigear cliant ar an iomlán seirbhís trí Ghaeilge ón tseirbhís ionaid dlí le linn na tréimhse atá i gceist. D’fhonn é sin a chur i gcomhthéacs, sholáthair an Bord seirbhís in thart ar 12,500 cás trína sheirbhís ionaid dlí i 2005 amháin.

Bunaíodh grúpa oibre, ar a raibh ionadaithe ó gach réimse feidhmiúil cuí den Bhord, chun an scéim a ullmhú.

1.4 Cuspóirí na Scéime

Tá an Bord tiomanta d’fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla a chur i bhfeidhm. Tá sé i gceist é sin a bhaint amach de réir a chéile, ag tógáil ar na socruithe atá ann cheana do sholáthar seirbhíse leis an gcéad scéim seo, a fhorbrófar de réir éilimh agus infhaighteacht acmhainní.