Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Cad é a dhéanaimid

In 2010, rinne an Rialtas cinneadh an fhreagracht maidir le riaradh an chúig Scéim um Chúnamh Dlí Choiriúil a aistriú ón Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais chuig an mBord um Chúnamh Dlíthiúil.

Bunaíodh an Rannóg um Chúnamh Dlí Choiriúil den Bhord um Chúnamh Dlíthiúil chun an t-aistriú seo a chumasú agus faoi láthair, riarann an Bord trí cinn de Scéimeanna neamhreachtúla um Chúnamh Dlí Choiriúil. Is iad sin:

  • Scéim Leasaithe um Chomhairle Dlí Stáisiún an Gharda Síochána
  • An Scéim um Chúnamh Dlí - Saincheisteanna Coimeádta (LA-CIS)
  • Scéim Ad-hoc um Chúnamh Dlíthiúil an Bhiúró um Shócmhainní Coiriúla

Is ar Rannán Bheartas na gCúirteanna, rannán de chuid an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais a bhfuil freagracht air faoi láthair maidir leis an Scéim um Chúnamh Dlí Choiriúil  agus  Scéim Ad-hoc na Cúirte Dúiche (Abhcóide)

Scéim Leasaithe um Chomhairle Dlí Stáisiún an Gharda Síochána

Forálann Scéim Leasaithe um Chomhairle Dlí Stáisiún an Gharda Síochána go soláthraítear comhairle dlí do dhaoine faoi choinneáil i Stáisiúin an Gharda Síochána. I gcúinsí áirithe, déanann an Scéim Leasaithe foráil le haghaidh íocaíochtaí do dhlíodóirí maidir le:

  • comhchomhairlí le daoine atá faoi choinneáil;
  • freastal dlíodóra ag Stáisiún na nGardaí le haghaidh agallamh Garda/Duine atá faoi choinneáil;
  • freastal dlíodóra ag Stáisiún na nGardaí le haghaidh Paráid Aitheantais.

Thosaigh Scéim Leasaithe um Chomhairle Dlí Stáisiún an Gharda Síochána ar 15 Lúnasa 2014 nuair a cuireadh in áit na Scéime bunaidh í, scéim a bhí i bhfeidhm ó 2001.

Reachtaíocht Choinneála atá faoi scáth na Scéime

Clúdaíonn an Scéim coinneáil faoi:

  • Alt 30 d’Acht um Chionta in aghaidh an Stáit 1939, (arna leasú);
  • Alt 4 den Acht um Cheartas Coiriúil 1984, (arna leasú);
  • Alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996, (arna leasú);
  • Alt 50 den Acht um Cheartas Coiriúil 2007, (arna leasú).

Déileáiltear le héilimh ar choinneáil faoi Alt 42 den Acht um Cheartas Coiriúil 1999 agus Ailt 16 & 17 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil 2010 amhail is go gcoinníodh an duine faoi choinneáil faoi Alt 4 den Acht um Cheartas Coiriúil 1984.

 Chomh maith leis sin, clúdaíonn Scéim Leasaithe um Chomhairle Dlí Stáisiún an Gharda Síochána íocaíochtaí do dhlíodóirí le haghaidh Éisteachtaí Síneadh Ama: nuair a chuireann na Gardaí iarratas isteach chun an teorainn ama a shíneadh i gcás duine faoi choinneáil.

Cur isteach ar an Scéim agus Cáilitheacht Airgeadais

Is iad atá cáilithe cabhair a fháil faoin Scéim na daoine a bhíonn faoi choinneáil faoin reachtaíocht thuasluaite agus a fhaigheann íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh, nó iad atá fostaithe gan níos mó ná €20,316 sa bhliain (comhlán) á thuilleamh acu.

Ní mór d’iarratasóirí na Scéime an dearbhú ar an bhfoirm GLAS 2 a chomhlánú.

Conas táillí a éileamh faoin Scéim

Tá scóip iomlán na Scéime agus an nós imeachta maidir le híocaíochtaí do chleachtóirí dlí leagtha amach in  Forálacha na Scéime Leasaithe um Chomhairle Dlí Stáisiún an Gharda Síochána agus Treoirdhoiciméad. Ní mór d’éilimh ar tháillí a chur isteach ar Fhoirm GLAS 2.

 

An Scéim um Chúnamh Dlí - Saincheisteanna Coimeádta (LA-CIS)

Cuireann an Scéim um Chúnamh Dlí - Saincheisteanna Coimeádta (LA-CIS) íocaíocht ar fáil i gcóir ionadaíocht dhlíthiúil san Ard- Chúirt, sa Chúirt Achomhairc agus sa Chúirt Uachtarach le haghaidh cineálacha áirithe cásanna nach gclúdaítear faoi Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta nó an Scéim um Chúnamh Dlíthiúil Choiriúil. Seo cuid de na cásanna a chlúdaítear san LA-CIS:

  • Iarratais Habeas Corpus (Airteagal 40.4.2);
  • Tairiscintí Bannaí Ard-Chúirte/ na Cúirte Achomhairc/na Cúirte Uachtaraí
  • Cineálacha áirithe Athbhreithniú Breithiúnach;
  • Eiseachadadh agus Iarratais ar Bharántas Gabhála Eorpach

Soláthraíonn an Scéim ionadaíocht dhlíthiúil do dhaoine ar gá dóibh a leithéid a bheith acu  ach nach acmhainn dóibh íoc as.  Ní malairt ar chostais í. Mar sin, caithfear iarratas ar an Scéim a dhéanamh don Chúirt ag tús na himeachtaí. Ba chóir do bhaill an phobail a gcomhairle féin a fháil maidir le cáilitheacht a gcás faoin Scéim.

Ní bhíonn aon bhaint ag an Scéim um Chúnamh Dlí - Saincheisteanna Coimeádta (LA-CIS) le cásanna Coimeád Leanaí a bhíonn taobh istigh de théarmaí thagartha cúnamh dlí sibhialta.

Cur isteach ar an Scéim agus Cáilitheacht Airgeadais

Caithfidh aon duine a chuireann isteach ar an Scéim é a chur ina luí ar an gCúirt nach acmhainn dóibh dlíodóir a fhostú gan leas a bhaint as an Scéim. Ní mór don iarratasóir Foirm CI 3 Iarratas ar Sheirbhísí  Dlí / Dearbhú acmhainní airgeadais  a chomhlánú.

Caithfidh an fhaisnéis a thugann an t-iarratasóir a bheith ceart. Má chuireann an t-iarratasóir an Chúirt amú, níl féidearthacht  ar bith ann go n-íocfar na costais dlí. I gcás mar sin, an t-iarratasóir a bheidh freagrach as a gcostais dlí féin.

Ba chóir don iarratasóir a chás a phlé le dlíodóir chun a bheith cinnte go bhfuil sé faoi scóip na Scéime agus é a chur in iúl don Chúirt ag  tús na himeachtaí gur mhaith leo cur isteach ar an Scéim.

Táillí a éileamh ag Dlíodóirí  & Abhcóidí  faoin Scéim um Chúnamh Dlí – Saincheisteanna Coimeádta (LA-CIS)

Ba chóir do dhlíodóirí agus abhcóidí ar mhian leo ionadaíocht a chur ar fáil faoin Scéim na téarmaí agus coinníollacha ar fad  atá sa doiciméad seo a léamh: Forálacha agus Treoirdhoiciméad na Scéime um Chúnamh Dlíthiúil Saincheisteanna Coimeádta (LA-CIS).Ní mór éilimh ar íocaíochtaí a chur isteach ar Fhoirm CI 1 agus í comhlánaithe go hiomlán. Maidir le Táillí Bannaí Ard-Chúirte, caithfear Foirm CI 2 a chur isteach agus í comhlánaithe go hiomlán.

TáillíFinnéithe saineolacha agus Ateangairí/ Aistritheoirí faoin Scéim um Chúnamh Dlí – Saincheisteanna Coimeádta (LA-CIS)

Is ann do bhreis Treoirdhoiciméad le haghaidh Soláthraithe Seirbhísí faoin Scéim um Chúnamh Dlí – Saincheisteanna Coimeádta (LA-CIS). Ba chóir féachaint ar Doiciméad Nósanna Imeachta agus Treoirlínte maidir le Táillí Finnéithe Saineolacha agus Nósanna Imeachta agus Treoirlínte d'Aistritheoirí/Ateangairí. I gcás aistritheoirí agus ateangairí, caithfidh Foirm CI 4a bheith le gach sonrasc.

Cuairteanna Príosúin  faoin Scéim um Chúnamh Dlí – Saincheisteanna Coimeádta (LA-CIS)

Áit a gcaithfidh dlíodóir nó abhcóide cuairt a thabhairt ar chliant sa phríosún, ba chóir féachaint ar na Treoirlínte ar úsáid na Foirme CLA 11 le haghaidh Cuairt ar Phríosún. Tá an Fhoirm CLA 11 le haghaidh Cuairt ar Phríosún ar fáil ó oifig fáiltithe an phríosúin.

 

Scéim Ad-hoc um Chúnamh Dlíthiúil an Bhiúró um Shócmhainní Coiriúla

Soláthraíonn an Scéim Ad-hoc um Chúnamh Dlíthiúil an Bhiúró um Shócmhainní Coiriúla ionadaíocht dhlíthiúil do dhaoine ar gá dóibh a leithéid a bheith acu ach nach acmhainn dóibh íoc as.  Seo cuid de na cineálacha cásanna a chlúdaítear inti:

    • imeachtaí áirithe Cúirte a thionscnaítear faoin Acht um Fháltais ó Choireacht 1996 arna leasú ag an Acht um Fháltais ó Choireacht (Leasú) 2005, na hAchtanna Ioncaim nó na hAchtanna Leasa Sóisialaigh;
    • Achomhairc Leasa Shóisialaigh arna ndéanamh don Chúirt Chuarda faoi Alt 34 don Acht Leasa Shóisialaigh 1997 (ceaptar anois go bhfuil feidhm ag seo le hAchomhairc Leasa Shóisialaigh faoi Alt 307 don Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú) 2005);
    • Achomhairc Cánach arna ndéanamh don Chúirt Chuarda faoi na hAchtanna Cánacha áit a mbíonn an Biúró um Shócmhainní Coiriúla nó Príomh-Oifigeach an Bhiúró nó aon bhall don Bhiúró um Shócmhainní Coiriúla ina fhreagróir agus/nó ina chosantóir;
    • Iarratais arna ndéanamh ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí faoi Alt 39 den Acht um Cheartas Coiriúil 1994.

Ní malairt ar chostais í an scéim. Mar sin, caithfear iarratas ar an Scéim a dhéanamh don Chúirt ag tús na himeachtaí. Ba chóir do bhaill an phobail a gcomhairle féin a fháil maidir le cáilitheacht a gcás faoin Scéim.

Cur isteach ar an Scéim agus Cáilitheacht Airgeadais

Caithfidh aon duine a chuireann isteach ar an Scéim é a chur ina luí ar an gCúirt nach acmhainn dóibh dlíodóir a fhostú gan leas a bhaint as an Scéim.

Caithfidh an t-iarratasóir iarratas a dhéanamh don chúirt ag tús an cháis maidir leis an Scéim Ad-hoc um Chúnamh Dlíthiúil an Bhiúró um Shócmhainní Coiriúla (CAB)  agus ní mór don Chúirt Ordú a dhéanamh chun an scéim a dheonú.

Táillí a éileamh ag Dlíodóirí  & Abhcóidí  faoin Scéim Ad-hoc um Chúnamh Dlíthiúil an Bhiúró um Shócmhainní Coiriúla (CAB)

Ní mór éilimh ar íocaíochtaí a chur isteach ar Fhoirm CLA 8(A)agus í comhlánaithe go hiomlán.  Ní mór do dlíodóirí dul i gcomhairle le modhanna agus treoirlínte na scéime roimh dóibh éileamh do tháillí a chur isteach.

Táillí Finnéithe Saineolacha faoin Scéim Ad-hoc um Chúnamh Dlíthiúil an Bhiúró um Shócmhainní Coiriúla (CAB)

Áit a mbíonn táillí á n-éileamh i leith cuntasóirí fóiréinseacha, finnéithe saineolacha nó costais eile, ní mór don dlíodóir cuí  ar ghabh an soláthraí seirbhíse an t-éileamh ar na táillí sin  a chur isteach. Chun go ndéanfar an táille a mheas, caithfear Ordú Cúirte ag deonú na Scéime don chuntasóir fóiréinseach/ finné saineolacha nó soláthraí eile seirbhíse a chur isteach freisin.

Cuairteanna Príosúin faoin Scéim Ad-hoc um Chúnamh Dlíthiúil an Bhiúró um Shócmhainní Coiriúla (CAB)

Áit a gcaithfidh dlíodóir nó abhcóide cuairt a thabhairt ar chliant sa phríosún, ba chóir féachaint ar na  Treoirlínte ar úsáid na Foirme CLA 11 le haghaidh Cuairt ar Phríosún. Tá an Fhoirm CLA 11 le haghaidh Cuairt ar Phríosún ar fáil ó oifig fáiltithe an phríosúin.