Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Íospartaigh agus Finnéithe na Coireachta

Más íospartach coireachta tusa nó duine éigin i do theaghlach nó má fhiannaigh tú coir á déanamh, beidh tú i do chuid den chóras dlí choiriúil.

Tá teacht ar Threoir don Chóras Dlí Choiriúil agus an tslí a fheidhmíonn sé ar shuíomh Gréasáin an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí

Reáchtálann Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí  líne chabhrach d’íospartaigh na coireachta :

Saorghlao: 116 006 Téacs: 085 133 7711 Ríomhphost: info@crimevictimshelpline.ie Suíomh Gréasáin: www.crimevictimshelpline.ie

Níl cúnamh dlí ar fáil go ginearálta d’íospartaigh na coireachta. Mar sin féin, soláthraíonn an Bord seirbhís comhairle dlí saor in aisce d’íospartaigh gáinneáil ar dhaoine agus do ghearánaigh i gcásanna éignithe agus cásanna áirithe ionsaithe  gnéis . Chomh maith leis sin, soláthraíonn an Bord ionadaíocht dhlíthiúil do ghearánaigh i dtrialacha éignithe agus i dtrialacha áirithe ionsaithe gnéis áit a ndéantar iarratas ar fhianaise a thabhairt ar aird ar stair ghnéis an ghearánaigh, nó iarratas ar an ngearánach a chroscheistiú maidir lena stair ghnéis.