Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Coinne idirghabhála a shocrú

Cén chaoi a bhfaighidh mé Coinne Idirghabhála?

Glaoigh ar cheann de na hoifigí chun do spéis a léiriú chun freastal ar idirghabháil nó má fhreastalaíonn tú ar oifig atá suite sa chúirt ní gá duit ach bualadh isteach. Iarrfaimid ort do shonraí teagmhála a chur ar fáil chun comhad nua a oscailt.

Ní mór do do chéile/pháirtí teagmháil a dhéanamh leis an oifig chéanna chomh maith, lena spéis féin chun freastal ar idirghabháil a léiriú, mar sin ba cheart duit é nó í a chur ar an eolas gur mhaith leat é nó í déanamh amhlaidh.  I gcásanna áirithe, féadfaidh deacracht a bheith agat cumarsáid a dhéanamh le do chéile/pháirtí. Más amhlaidh an cás, féadfaimid (más mian leat) litir a sheoladh chuig do chéile/pháirtí ag insint dó/di gur chláraigh tú agus cuireadh a thabhairt dó/di teagmháil a dhéanamh linn chun eolas breise faoin tseirbhís a fháil.

A luaithe agus a dheimhneoidh an bheirt agaibh go bhfuil spéis agaibh ann, cuirfimid bhur gcás ar an liosta feithimh. Féadfaidh tú tuilleadh a fháil amach faoi na liostaí feithimh anseo.  Inseoimid duit (le litir nó tríd an bhfón) cathain a bheidh do choinne.

Níl áiseanna cúraim leanaí sna n-oifigí idirghabhála atá againn, agus mar sin ní cheadóimid leanaí faoi 14 bliana d'aois a thabhairt isteach go dtí an oifig idirghabhála