Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

An chaoi a noibríonn idirghabháil

In idirghabháil, suíonn sibh beirt síos le hidirghabhálaí, atá ann chun cabhrú libh teacht ar chomhaontú. Tá an plé faoi rún.

Féadfaidh ceisteanna difriúla a bheith ann a bhfuil sibh ag iarraidh aontú orthu i gcás gach lánúine, ach féadfaidh na ceisteanna seo a bheith ann:

    • Conas a bheidh tú i do thuismitheoir ag do leanaí.
    • Cúnamh airgeadais.
    • Cá mbeidh cónaí oraibh beirt agus cad a tharlóidh don réadmhaoin atá agaibh.
    • Cad a tharlóidh d'aon phinsean a fhéadfaidh a bheith ag an mbeirt agaibh.

Níl an t-idirghabhálaí chun a bheith i leith duine. Tá an t-idirghabhálaí ann chun go dtiocfaidh an bheirt agaibh ar chomhaontú. Cliceáil anseo chun an leabhrán Eolas faoi Idirghabháil Teaghlaigh a léamh nó a íoslódáil.

Cad a dhéanfaidh an tIdirghabháláí?

    • Casadh leis an dá chliaint/pháirtí le cheile agus féachaint ar na ceisteanna atá le plé agus le comhaontú.
    • Timpeallacht a chruthú nach mbeidh forlámhas ag ceachtar páirtí uirthi ach go mbeidh an dá pháirtí iomlán rannpháirteach de mheon macánta ann.
    • Atmaisféar comhoibrithe agus atmaisféar freagrachta a chruthú agus a choimeád. 
    • Cabhrú leis an dá chliaint/pháirtí déileáil le fadhbanna mothúcháin deacra a fhéadfaidh bac a chur le teacht ar chomhaontú. 
    • Cabhrú leis an dá chliaint/pháirtí teacht ar chomhaontú a bhfuil an bheirt sásta glacadh leis.

Cé chomh fada agus a thógfaidh sé?

Is gnách go dtógann Idirghabháil idir trí agus sé sheisiún. Maireann gach seisiún tuairim agus uair an chloig.

Toradh

Críochnaíonn formhór na n-idirghabhálaithe le doiciméad scríofa ina bhfuil gach sonraí de chomhaontú na lánúine/na bpáirtithe leagtha amach ann.

Féadfaidh é seo a thabhairt go dtí aturnaetha chun é a chur le chéile ina ghníomhas colscartha nó conradh dlí eile agus/nó é a úsáid mar bhonn ordú Cúirte. Má tá colscaradh uait, beidh ort dul chun na Cúirte, ach beidh sé níos éasca má tá na sonraí oibrithe amach agat cheana. Féadfaidh go mbeidh tú in ann iarratas ar chúnamh dlíthiúil agus comhairle dlí a dhéanamh.

Malaimíd ár leabhrán Eolas faoi Idirghabháil Teaghlaigh a léamh, ina leagtar amach na gnéithe difriúla gur chóir machnamh a dhéanamh orthu dtaobh searadh nó calscaradh. 

Cén bhaint atá ag na leanaí ann?

Tá leanaí bainteach ann ar 2 bhealach:

    • Féadfaidh comhairliúchán díreach leis na leanaí a chur ar fáil i gcás inarb iomchuí
    • A luaithe agus atá comhaontú ann féadfaidh seisiún teaghlaigh a chur ar fáil i gcás inarb iomchuí