Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Cúnamh Dlíthiúil Sibhialta

Tugann cúnamh agus comhairle dlí sibhialta comhairle do dhaoine maidir le fadhbanna dlí. Is féidir linn cabhrú leo teacht ar réiteach, agus más gá dóibh dul os comhair na cúirte, b’fhéidir go mbeimid in ann dlíodóir agus/nó abhcóide a chur ar fáil ar mhaithe le hionadaíocht a dhéanamh orthu.

Cad is cúnamh agus comhairle dlí ann?

Is é atá i gceist le comhairle dlí ná go gcuirimid comhairle ar dhuine maidir le fadhb éigin. Chomh maith leis sin, féadaimid litreacha a scríobh nó dul i mbun idirbheartaíochta ar a son chun díospóid a réiteach go cairdiúil. Mura féidir linn an díospóid a réiteach agus más gá dóibh dul os comhair na cúirte, soláthraíonn cúnamh dlí ionadaíocht dóibh sa Chúirt. Féadaimid cúnamh dlí a chur ar fáil i ngach ceann de na cúirteanna sibhialta, ach ní féidir linn cúnamh dlí a chur ar fáil in aon bhinse riaracháin ach amháin i gcás Binse Achomhairc do Dhídeanaithe.

Cad atá i gceist le cúnamh agus comhairle dlí sibhialta?

Baineann dlí sibhialta le fadhbanna idir dhuine amháin agus dhuine eile/eagraíocht. Seo roinnt samplaí de dhíospóidí dlí sibhialta:

  • Díospóidí teaghlaigh  – tá cliseadh pósta agus díospóidí a bhaineann le páistí san áireamh anseo
  • Caingne Ghníomhaireacht um Leanaí agus Teaghlach (Tusla) chun páistí a chur faoi chúram an stáit nó chun maoirseacht a dhéanamh orthu ina mbaile féin
  • Caingne chun cúitimh a ghnóthú mar thoradh ar ghortú a rinneadh ar dhuine
  • Caingne chun cúitimh a ghnóthú mar thoradh ar shárú conartha
  • Díospóidí a bhaineann le réadmhaoin (ach ní féidir linn cúnamh dlí a chur ar fáil sa chuid is mó de dhíospóidí a bhaineann le réadmhaoin)
  • Díospóidí le fostóirí (ach ní féidir linn cúnamh dlí a chur ar fáil os comhair an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre ná os comhair na Cúirte Oibreachais)

Is ann do chúrsaí áirithe sibhialta nach féidir linn cúnamh dlí a sholáthar ina dtaobh, mar shampla: clúmhilleadh (ar a dtugtaí leabhal agus béadchaint tráth); an chuid is mó de dhíospóidí a bhaineann le réadmhaoin; agus iarratais ar cheadúnú alcóil. Taobh amuigh de sin fiú, is ann d’eisceachtaí eile. Má tá duine neamhchinnte go dtiocfar fadhb éigin faoi scáth cúnamh dlí sibhialta, is féidir leis a chúram a phlé le ball éigin foirne in aon cheann d’ár ionaid dlí.

Ní bhaineann cúnamh dlí sibhialta más rud é go ndéantar cúiseamh i leith an iarratasóra maidir le cion coiriúil. Más rud é go gcuirtear coir i leith an iarratasóra, ba chóir dó labhairt le dlíodóir i gcleachtas príobháideach nó cúnamh dlí a iarraidh ar an mbreitheamh ar an gcéad lá a bheidh an cás os comhair na cúirte.

An féidir liom teacht ar chúnamh agus comhairle dlí sibhialta?

Is ann do chúnamh dlí sibhialta le haghaidh daoine nach acmhainn dóibh íoc as dlíodóir a bhíonn ag obair ar bhonn príobháideach chun ionadaíocht a dhéanamh orthu. Ní mór d’ioncam agus sócmhainn an iarratasóra a bheith faoi bhun leibhéil áirithe sula mbeimid in ann cabhrú leo. Féach an mbeifeá i dteideal cúnamh agus comhairle dlí sibhialta.

Más gá duit dul os comhair na cúirte, féachfaimid freisin ar thuillteanais do cháis.

Conas ar féidir liom teacht ar chúnamh agus comhairle dlí sibhialta?

Ar fud na tíre, is linn 30 oifig, ar a dtugtar ionaid dlí, inar féidir iarratas a dhéanamh ar chúnamh agus comhairle dlí sibhialta. I ndiaidh do dhuine iarratas a dhéanamh, seans go mbeidh orthu fanacht le haghaidh coinne. Más rud é go gcloisfear do chás sa Chúirt Dúiche a bhíonn ag suí ag Teach Dolphin, Sráid Essex Thoir, Baile Átha Cliath 2, féadann tú iarratas ar chúnamh dlí a dhéanamh in ár n-oifig ansin.

Is féidir an fhoirm iarratais a íoslódáil anseo agus í a chur ar ais chuig aon cheann d’ár ionaid dlí. Is ann d’fhoirm iarratais difriúil más maith leat cur isteach ar chúnamh agus comhairle dlí chun cabhair a fháil iarratas ar thearmann a dhéanamh.

Más rud é go bhfuil cónaí ort i mballstáit eile den AE (Tuaisceart Éireann san áireamh) agus gur mhaith leat iarratas a dhéanamh ar chúnamh dlí sibhialta in Éirinn, ní mór foirm iarratais an AE ar chúnamh dlí a chomhlánú.

Cé mhéad airgead a chosnóidh sé orm?

De ghnáth, ní bhíonn cúnamh agus comhairle dlí sibhialta saor in aisce. Beidh ort íocaíocht ar a dtugtar ranníocaíocht a dhéanamh nuair a bhuaileann tú leis an dlíodóir don chéad uair. Beidh ort íocaíocht eile a dhéanamh má táimid sásta ionadaíocht a dhéanamh ort sa Chúirt. Níl ann ach líon beag cásanna nach mbaineann ranníocaíocht leo.

Uaireanta, ag deireadh an cháis, b’fhéidir go mbeidh ort costais do chúnamh dlí a íoc ar ais má fhaigheann tú, nó má choimeádann tú, airgead nó réadmhaoin mar thoradh ar do chás.

Nílim sásta le cinneadh an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil nó leis an tseirbhís a cuireadh ar fáil

Is féidir athbhreithniú nó achomharc a iarraidh i dtaobh cinneadh ar bith a dhéanaimid, an cinneadh cúnamh dlí a dheonú nó gan é a dheonú san áireamh.

Mura bhfuil tú sásta leis an tseirbhís a sholáthar ionad dlí, dlíodóir nó abhcóide éigin duit, faigh amach conas gearán a dhéanamh.

Tá suim agam in obair cúnamh dlí sibhialta a dhéanamh

Faigh amach faoi fholúntais i gcomhair dlíodóirí, an obair a thugaimid do dhlíodóirí a bhíonn ag obair ar bhonn príobháideach nó faoi phainéal cúnamh dlí na n-abhcóidí.

Roghanna eile i ndíospóidí teaghlaigh

Is le díospóidí teaghlaigh a bhaineann an-chuid den chúnamh agus comhairle dlí a chuirimid ar fáil. Is mian linn a chinntiú go dtuigeann daoine gurb é an rogha deiridh é dul os comhair na cúirte agus cuireann ár bhfoireann comhairle orthu maidir leis na roghanna eile atá ar fáil dóibh. Chomhléirigh an tSeirbhís Cúirteanna agus an tOmbudsman do Leanaí físeán a bhaineann le dul os comhair na gcúirteanna teaghlaigh. Is ar thuismitheoirí atá an físeán seo dírithe agus is ann d’fhíseán eile freisin atá dírithe ar leanaí 13-15 bliana d’aois. Is féidir féachaint ar an bhfíseán ach cliceáil ar an nasc seo.

Tuilleadh eolais faoi idirghabháil teaghlaigh.

Ba mhaith liom ach eolas

Fadhbanna dlíthiúla coitianta