Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

An Scéim um Athshealbhú

Chuir an Rialtas Scéim nuálach nua i bhfeidhm chun cabhrú le daoine atá ag streachailt chun a bhfiachas a íoc, agus atá i mbaol a dtithe a chailleadh mar gheall ar riaráistí morgáiste.

Is é cuspóir foriomlán na Scéime a chinntiú gur féidir le duine sa chás seo rochtain a fháil ar chomhairle agus tacaíocht saor in aisce, neamhspleách shaineolach agus dlí, a chabhróidh leo a rogha is fearr a shainaithint agus a chur i bhfeidhm chun iad a chur ar bhealach a leasa. Tugtar tús áite do réitigh a aimsiú a chuirfidh ar chumas an duine fanacht ina dteach, pé áit ar rogha inbhuanaithe sin.

Tá Ranna Rialtais agus comhlachtaí ag oibriú as lámh a chéile chun an Scéim a sholáthar, atá á comhordú ag an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais agus an Roinn Coimirce Sóisialaí, agus a chuireann an tSeirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid (SBCA) i bhfeidhm, atá ag oibriú le Seirbhís Dócmhainneachta na hÉireann (SDÉ), an Bord um Chúnamh Dlíthiúil agus an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh.

Tá fáil ar chabhair cheana féin faoin Scéim, a d’eisigh a céad dearbháin do chomhairle saor in aisce an 22 Iúil 2016. Déan teagmháil le Líne Chabhrach an SBCA trí ghlao ar 076-1072000, nó le hoifig áitiúil an SBCA, chun teacht ar chabhair agus ar fhaisnéis.

Cuid thábhachtach is ea an Scéim den tSeirbhís Réitigh Riaráistí Morgáiste nua náisiúnta a fógraíodh faoi Chlár an Rialtais. Tá súil leis go seolfaidh an Tánaiste agus an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, Frances Fitzgerald, T.D., agus an tAire Coimirce Sóisialaí, Leo Varadkar, T.D. an Scéim i nDeireadh Fómhair 2016.

Tá an Scéim á cur i bhfeidhm d’fhad uasta trí bliana ó Iúil 2016, ar chostas ionchasach iomlán a mhéid le €15 milliún. Áirítear leis seo cistiú d’fheachtas suntasach faisnéise agus um chur chun cinn, atá dírithe ar a chinntiú go mbíonn iad siúd is mó óna dteastaíonn cabhair feasach ar na tacaíochtaí atá ar fáil. Tá súil leis an bhfeachtas a thabhairt isteach i bhfómhar 2016.

Chomh maith leis sin, cuireann an Scéim le hathruithe dlíthiúla a rinneadh le déanaí agus le hathruithe a rinneadh ar thionscnaimh Rialtais roimhe seo chun cabhrú le daoine teacht ón bhféichiúnas agus filleadh ar shócmhainneacht, go háirithe maidir le riaráistí morgáiste tí.

Tá an Scéim ceaptha cabhrú le hiasachtaithe atá dócmhainneach agus i mbaol a dtithe a chailleadh, chun an chabhair a theastaíonn uathu a fháil chomh tapa agus chomh héifeachtach agus is féidir. Soláthraítear cúnamh agus comhairle a chuirtear ar fáil faoin Scéim saor in aisce d’iasachtaithe incháilithe.

Ba cheart do dhuine ar bith a bhfuil cabhair á lorg acu faon Scéim tosú trí theagmháil a dhéanamh leis an SBCA. Féadfaidh siad glao ar Líne Chabhrach an SBCA chun teacht ar chabhair agus ar fhaisnéis, ar 076-1072000 (ó Luan go hAoine, idir 9 a.m. agus 8 p.m.), nó cuairt a thabhairt ar oifig áitiúil an SBCA (tá breis agus 50 oifig de chuid an SBCA ann ar fud na tíre). Tá fáil ar shonraí, chomh maith, ar www.keepingyourhome.ie.

Pointe faisnéise agus treorach ‘ionad ilfhreastail’ de chuid an Rialtais is ea an SBCA d’úinéirí tí a bhfuil riaráistí morgáiste acu, agus beidh sé ar an tairseach aonair uilíoch chun teacht ar chúnamh agus ar chomhairle faoin Scéim. Caithfidh gach iarratas ar chúnamh agus ar chomhairle faoin Scéim gabháil tríd an SBCA.

Déanfaidh an SBCA measúnú tapa ar chás airgeadais an iasachtaí. Má tá an t-iasachtaí incháilithe don Scéim (féach mír 5 thíos), treoróidh an SBCA iad chuig an saineolaí is mó is dóchúla a bheidh in ann cabhrú leo. Ag brath ar chás an iasachtaí, d’fhéadfadh comhairleoir tiomnaithe riaráistí morgáiste san SBCA a bheith i gceist leis an saineolaí seo, nó d’fhéadfadh cleachtóir um dhócmhainneacht phearsanta (‘CDP’), aturnae, nó cuntasóir a bheith i gceist leis an duine seo. Má threoraíonn an SBCA an t-iasachtaí chuig comhairleoir gairmiúil, tabharfaidh sé dearbhán don iasachtaí go soláthrófar na seirbhísí ábhartha dó/di saor in aisce.

Tugtar tús áite d’anailís agus do chomhairle airgeadais a fháil, mar gheall gur mó is dóchúla go ndéanfaidh seo réiteach fadtéarmach airgeadais a shainaithint ar féidir leis cabhrú leis an iasachtaí an fiachas a chur díothú agus teacht slán as.

A luaithe a bhíonn an anailís agus an chomhairle ar fáil, féadtar an t-iasachtaí a atreorú, chomh maith leis sin, chuig ‘aturnae comhairliúcháin’, chun teacht ar chomhairle ar aon saincheisteanna dlíthiúla a thagann chun solais.

Chomh maith leis sin, soláthróidh an Scéim seirbhís nua ‘aturnae dualgais’ ag gach éisteacht athshealbhaithe sa Chúirt Chuarda, chun cabhrú le hiasachtaithe a ndéantar tearcionadaíocht dóibh a bhfuil comhairle á cur ar fáil dóibh faoin Scéim. Chomh maith leis sin, féadfaidh an Scéim cúnamh dlí a sholáthar d’iasachtaí a mheasann go ndearna a gcreidiúnaithe togra um dhócmhainneacht phearsanta a dhiúltú go héagórach, lena n-áirítear na riaráistí morgáiste tí, chun athbhreithniú ar an diúltú sin ag na Cúirteanna a lorg.

Soláthraíonn an Scéim cúig phacáiste sheasta éagsúla de chomhairle agus de chabhair ghairmiúil airgeadais nó dlí, atá saor in aisce go léir don iasachtaí. Is iad seo: An tSeirbhís ‘CDP’, Seirbhís an Chuntasóra, Seirbhís an Aturnae Comhairliúcháin, Seirbhís an Aturnae Dualgais, agus an tSeirbhís Athbhreithnithe Cúirte um Dhócmhainneacht Phearsanta. Tugtar míniú níos mionsonraithe ar gach ceann díobh seo thíos, ag mír 6.

Féadfaidh an SBCA iasachtaí a atreorú chuig ceann amháin nó níos mó de na seirbhísí seo, ag brath ar a riachtanais. Is éard a bheartaítear ná gur féidir le hiasachtaí i ngátar a atreorú a thapúla agus is féidir chuig an saineolaí is mó ar féidir leis/léi cabhrú leo, agus gur féidir le comhairleoirí saineolacha oibriú le chéile chun cabhrú leis an iasachtaí an réiteach is fearr atá ar fáil a chur i bhfeidhm.

Féadfaidh comhairle faoin Scéim na roghanna go léir a chumhdach chun riaráistí morgáiste tí an iasachtaí a réiteach. Ag brath ar chúinsí aonair an iasachtaí, féadtar a áireamh leis na roghanna seo athstruchtúrú, dócmhainneacht phearsanta, féimheacht, an teach a dhíol nó a thabhairt suas. Is faoin iasachtaí, go fóill, atá an cinneadh faoi cén rogha lena nglacfar, ach tá de chuspóir na Scéime a chinntiú gur féidir leis an iasachtaí an cinneadh sin a dhéanamh agus tairbhe á baint as comhairle shaineolach neamhspleách.

Mar shampla, b’fhéidir go mbeidh ar chumas iasachtaí a bhfuil riaráistí morgáiste aige/aici in ann a bhfiachas a íoc ar deireadh thiar, a luaithe is féidir leo rochtain a fháil ar chomhairle agus ar chabhair ón SBCA. D’fhéadfadh go mbeadh iasachtaí eile dócmhainneach, ach go bhfuil sé/sí in ann a dteach a choimeád faoi shocrú um dhócmhainneacht phearsanta nó faoi shocrú eile athstruchtúraithe, a luaithe a bhíonn rochtain acu ar chomhairle shaineolach airgeadais. Nó b’fhéidir nach bhfuil d’acmhainn airgeadais ag an iasachtaí a dteach a choimeád, nó b’fhéidir nach mian leo a dteach a choimeád, agus b’fhéidir go dteastaíonn comhairle agus cúnamh neamhspleách uathu faoi na roghanna eile is fearr atá ann.

Chuir an SBCA líonra nua de chomhairleoirí intí Tiomnaithe Morgáiste (CTM) i bhfeidhm, atá lonnaithe in oifigí an SBCA ar fud na tíre. Tá na Comhairleoirí CTM in ann ardleibhéal de chomhairle shaineolach a sholáthar do dhaoine a bhfuil deacrachtaí acu le riaráistí morgáiste.

Faoin Scéim, bunaíodh painéil ghairmiúla, chomh maith, ina bhfuil cleachtóirí cáilithe agus rialaithe um dhócmhainneacht phearsanta (‘CDPanna’) , cuntasóirí agus aturnaetha, a bhfuil eolas cuí acu ar mhorgáistí, dócmhainneacht, féimheacht agus/nó athshealbhú. Déanann Seirbhís Dócmhainneachta na hÉireann, na comhlachtaí gairmiúla cuntasaíochta, an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh, agus an Bord um Chúnamh Dlíthiúil, faoi seach, na painéil seo a bhunú agus a mhaoirsiú.

Cleachtóirí príobháideacha iad na gairmithe a ghlacann páirt sna painéil a chomhaontaigh chun comhairle agus cabhair neamhspleách a sholáthar d’iasachtaithe faoin Scéim, saor in aisce don iasachtaí, agus ar chostas seasta don Scéim. Féadfaidh an t-iasachtaí a CDP, a n-aturnae nó a gcuntasóir comhairleach a roghnú ó phainéil na Scéime, faoi réir fáil a bheith orthu. Chun cabhair a sholáthar don iasachtaí a thapúla agus a éifeachtúla agus is féidir, féadfaidh aon chomhairleoir a sholáthraíonn anailís agus comhairle dóibh faoin Scéim an fhaisnéis sin a roinnt le haon saineolaí eile a bhfuil comhairle á soláthar aige/aici don iasachtaí sin faoin Scéim. Ní dhéanfar seo ach i ndiaidh comhaontú an iasachtaí a fháil roimh ré, agus ní thagraíonn sé ach d’fhaisnéis a roinnt go rúnda laistigh den Scéim idir aon saineolaithe a roghnaigh an t-iasachtaí chun comhairle a chur air/uirthi.

Nótaí
1. Speisialtóirí iad CDPanna i gcomhairle fiachais agus i réitigh um dhócmhainneacht phearsanta, agus féadfaidh siad comhairle airgeadais a chur ar fáil ar fhéimheacht, chomh maith leis sin. Déanann Seirbhís Dócmhainneachta na hÉireann iad a mhaoirsiú agus a rialáil.
2.Tá an painéal aturnaetha agus an painéal cleachtóirí um dhócmhainneacht phearsanta oibríochtúil cheana féin. Tá an painéal cuntasaíochta á bhunú cheana féin (Lúnasa 2016) agus meastar go mbeidh sé oibríochtúil go han-ghairid.

Seo a leanas cuspóirí mionsonraithe na Scéime:

• Rochtain a sholáthar ar chomhairle neamhspleách shaineolach (idir chomhairle airgeadais agus dlí) d’iasachtaithe a bhfuil riaráistí tromchúiseacha morgáiste acu maidir lena dtithe.

• Dul i ngleic le heagla agus le strus i measc iasachtaithe a ndéantar tearcionadaíocht dóibh, cúnamh a sholáthar dóibh, agus a chinntiú gur féidir réitigh inbhuanaithe a shainaithint agus a chur i bhfeidhm a luaithe agus is féidir.

• Cabhrú leo siúd a bhfuil riaráistí morgáiste acu ar eisíodh imeachtaí athshealbhaithe dóibh cheana féin i gcoinne a dtithe, teacht as na himeachtaí siúd agus réitigh eile a aimsiú, sa chás gur féidir sin.

• Dul i ngleic leis an ardlíon iasachtaithe a bhfuil riaráistí tromchúiseacha morgáiste tí acu, go háirithe iad siúd a bhfuil riaráistí acu de bhreis ar 720 lá, agus lena chinntiú go gcabhraítear leis na cásanna morgáiste tí a bhfuil riaráistí níos lú ná 720 lá acu faoi láthair gan an pointe sin a shárú.

• Tacú le hidirchaidreamh níos luaithe, níos éifeachtaí agus níos fairsinge idir iasachtaithe agus iasachtóirí sa chás go bhfuil riaráistí tromchúiseacha i gceist le morgáiste tí – láithreach ón bpointe ina dtugtar togra don iasachtaí chun an teach a thabhairt suas nó a chailleadh, nó ón bpointe a mheasann an t-iasachtóir nach bhfuil an t-iasachtaí ag comhoibriú – d’fhonn gur féidir cabhrú leis an iasachtaí i ndiaidh go n-eisítear na himeachtaí athshealbhaithe.

• Comhairle agus cúnamh aturnae a sholáthar do na húinéirí tí siúd ar dóchúil go ndéanfar géilleadh úinéireachta, nó athshealbhú d’ordú cúirte ina dtaobh.

• Tacú leis na Cúirteanna maidir le próiseas cóir a chinntiú d’ardlíonta cosantóirí nach ndéanfaí ionadaíocht dóibh murach sin i gcaingne athshealbhaithe, tacú leis an SBCA i ndéileáil le cásanna óna dteastaíonn comhairle airgeadais níos casta, agus tacú leis an SCBA (nó le CDPanna ar atreorú ón SBCA) i ndéileáil le gnéithe dlíthiúla fiachais agus athshealbhaithe.

• Rochtain a chinntiú ar chúnamh dlí don athbhreithniú nua Cúirte faoi alt 115A de na hAchtanna um Dhócmhainneacht Phearsanta, sa chás go ndiúltaíonn creidiúnaithe margadh um Dhócmhainneacht Phearsanta a bheartaíonn Cleachtóir um Dhócmhainneacht Phearsanta thar ceann duine dócmhainneach, lena n-áirítear riaráistí morgáiste ar a dteach.

Beidh duine incháilithe chun comhairle agus cúnamh a fháil faoin Scéim sna cásanna a leanas:

a) tá siad dócmhainneach (faoi mar a shainmhínítear faoin Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012: ciallaíonn seo go simplí go bhfuil an duine ‘neamhábalta a bhfiachas a íoc de réir mar a bhíonn siad dlite’), agus

b) tá riaráistí morgáiste acu don teach ina ngnáthchónaíonn siad (a n-áit chónaithe phríobháideach phríomha), agus

c) tá siad i mbaol a dteach a chailleadh (mar shampla, b’fhéidir go bhfuil imeachtaí athshealbhaithe faighte acu óna n-iasachtóir morgáiste, nó litir ina dtugtar le fios go n-eiseofar na himeachtaí siúd, nó litir ina dtugtar le fios go meastar nach bhfuil siad ag comhoibriú, nó cuireadh chun machnamh a dhéanamh ar an teach iomlán, nó cuid de, a dhíol, a ghéilleadh nó a chailleadh).

Beidh duine incháilithe don tSeirbhís Athbhreithnithe Cúirte um Dhócmhainneacht Phearsanta faoin Scéim má shásaíonn siad coinníollacha (a) agus (b) thuas, agus má tá togra déanta acu cheana féin le haghaidh Socrú um Dhócmhainneacht Phearsanta, a dteach san áireamh, ach má rinneadh a gcreidiúnaithe an togra sin a dhiúltú. Sa chás seo, ní mór don Chleachtóir um Dhócmhainneacht Phearsanta atá i gceist a dheimhniú don Bhord um Chúnamh Dlíthiúil, chomh maith, go sásaíonn an t-iasachtaí na coinníollacha a cheanglaítear faoi alt 115A de na hAchtanna um Dhócmhainneacht Phearsanta chun athbhreithniú Cúirte a lorg.

Ní bheidh duine incháilithe don Scéim, má shásaítear na coinníollacha thuas, ach má tá an teach díréireach i dtaobh riachtanais réasúnta mhaireachtála an iasachtaí agus a c(h)leithiúnaithe, agus aird ar na critéir a leagtar amach in alt 104 den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012.

Díríonn an Scéim ar na rioscaí i leith theach an iasachtaí, agus, ar an ábhar sin, ní chumhdaíonn sí duine nach mbaineann a riaráistí morgáiste ach le maoin a cheannaítear le ligean ar cíos. Beidh duine a bhfuil riaráistí morgáiste aige/aici i dtaca lena dteach atá ina (h)úinéir ar mhaoin a ceannaíodh le ligean ar cíos incháilithe fós féin, áfach, má shásaíonn sé nó sí na coinníollacha thuas.

Tá na critéir incháilitheachta a leagtar amach thuas in ainm is a chinntiú gur féidir an duine a bhfuil riaráistí morgáiste tromchúiseacha aige/aici a ‘thriáiseáil’ go tapa. Cabhróidh seo leis an SBCA chun an bealach dóchúil is oiriúnaí a shainaithint gan stró chun a bhféichiúnas a réiteach, agus chun an t-iasachtaí a atreorú go tapa chuig an saineolas cuí. Scrúdófar cás airgeadais an iasachtaí le sonraí iomlána nuair atá a Ráiteas Airgeadais (anailís mhionsonraithe scríofa ar chás airgeadais an iasachtaí) á hullmhú. Féadfaidh an SBCA an triáis tosaigh a athbhreithniú, má thagann faisnéis chun solais ina dhiaidh sin a chruthaíonn gur cuí seo a dhéanamh.

Mínítear go mionsonraithe na cúig sheirbhís atá ar fáil faoin Scéim.

a. An tSeirbhís CDP

Más mian leis an iasachtaí a roghanna faoi dhócmhainneacht phearsanta a fhiosrú, féadfaidh an SBCA dearbhán a thabhairt dóibh go gcuirfidh cleachtóir um dhócmhainneacht phearsanta (‘CDP’), atá mar chomhalta de phainéal na Scéime, comhairle agus cabhair saor in aisce ar fáil dóibh. Féadfaidh an t-iasachtaí a CDP a roghnú ó phainéal na Scéime, faoi réir fáil a bheith orthu.

Bronnfaidh an dearbhán an teidlíocht ar an iasachtaí chun comhairliúchán duine ar dhuine le CDP a chur ar fáil dó/di, a thabharfaidh faoi mheasúnú ar chás airgeadais an iasachtaí, a mhíneoidh dóibh na roghanna go léir atá ar fáil agus an rogha is fearr dóibh chun déileáil lena riaráistí morgáiste, agus an chomhairle sin a dheimhniú dóibh i scríbhinn. Mar chuid den tseirbhís seo, ullmhóidh an CDP, le comhoibriú an iasachtaí, ‘Ráiteas Airgeadais Forordaithe’ (RAF), arb é sin an anailís mhionsonraithe scríofa ar chás airgeadais an iasachtaí, faoi mar a cheanglaítear faoi na hAchtanna um Dhócmhainneacht Phearsanta. Má mholann an CDP painéil gurb é an rogha is fearr atá ag an iasachtaí ná dócmhainneacht phearsanta, cabhróidh siad leis/léi, chomh maith, chun na chéad chéimeanna eile a ghlacadh. Má mholann an CDP gurb é an rogha is fearr atá ag an t-iasachtaí ná féimheacht, soláthróidh siad an deimhniú a theastaíonn ón gcúirt féimheachta don iasachtaí, chomh maith, faoin dearbhán, ina ndeimhnítear gur cuireadh an t-iasachtaí ar an eolas i dtosach faoina roghanna faoi dhócmhainneacht phearsanta.

b. Seirbhís an Chuntasóra

Má bhaineann saincheisteanna níos casta airgeadais le cás an iasachtaí, ach mura n-oireann siad do dhócmhainneacht phearsanta, féadfaidh an SBCA iad a threorú le haghaidh comhairle airgeadais chuig cuntasóir atá mar chomhalta de phainéal na Scéime. Féadfaidh an t-iasachtaí a gcuntasóir a roghnú ó phainéal na Scéime, faoi réir fáil a bheith orthu. Chun comhairle saor in aisce a fháil ó chuntasóir faoin Scéim, beidh ar an iasachtaí oibriú le Comhairleoir an SBCA i dtosach chun an Ráiteas Caighdeánach Airgeadais (RCA) a chomhlánú a theastaíonn ó iasachtaithe faoin PRRM (Próiseas Réitigh Riaráistí Morgáiste). Teastóidh cóip de seo ón gcuntasóir, d’fhonn comhairle airgeadais a sholáthar dóibh. Bronnfaidh an dearbhán an teidlíocht ar an iasachtaí chun comhairliúchán duine ar dhuine leis an gcuntasóir painéil a chur ar fáil dó/di, a chuirfidh comhairle orthu ar aon saincheisteanna airgeadais a bhaineann lena riaráistí morgáiste a réiteach agus le réitigh fhéideartha, déanfaidh sé an chomhairle sin a dheimhniú dóibh i scríbhinn.

c. Seirbhís an Aturnae Comhairliúcháin

I ndiaidh gur chomhlíon an t-iasachtaí a ráiteas airgeadais (RCA nó RAF – féach thuas) agus gur cuireadh comhairle airgeadais orthu faoin Scéim, féadfaidh a gcomhairleoir airgeadais (CDP, comhairleoir nó cuntasóir an SBCA) a mholadh go dtéann siad i gcomhairle le haturnae ó phainéal na Scéime, má thugann an cás saincheisteanna dlíthiúla chun solais. Mar shampla, b’fhéidir go bhfuair an t-iasachtaí comhfhreagras óna n-iasachtóir, inar lorgaíodh athshealbhú nó inar beartaíodh a dteach a ghéilleadh.

Is féidir leis an gcomhairleoir airgeadais iarratas a dhéanamh ansin leis an SBCA ar chomhairle dlí don iasachtaí. Féadfaidh an t-iasachtaí a n-aturnae a roghnú ó phainéal na Scéime, faoi réir fáil a bheith orthu. Beidh ar an aturnae aon cháipéisí ábhartha i gcás an iasachtaí a fheiceáil, agus go háirithe a RCA nó a RAF atá cothrom le dáta (féach thuas), agus aon chomhairle airgeadais i scríbhinn a cuireadh orthu faoin Scéim.

Bronnfaidh an dearbhán um chomhairle dlí comhairliúchán duine ar dhuine ar an iasachtaí le haturnae, a mheasúnóidh agus a mhíneoidh a staid dlí, agus a chuirfidh comhairle orthu ar aon imeachtaí athshealbhaithe agus aon saincheisteanna dlíthiúla a thagann chun solais chun a riaráistí morgáiste a réiteach. Deimhneoidh an t-aturnae, chomh maith, an chomhairle dlí sin i scríbhinn don iasachtaí. Má d’eisigh an t-iasachtóir imeachtaí athshealbhaithe cheana féin, b’fhéidir go mbeidh an t-aturnae comhairliúcháin in ann, faoi chúinsí áirithe, idirbheartaíocht a dhéanamh thar ceann an iasachtaí chun na himeachtaí a réiteach lasmuigh den chúirt.

d. Seirbhís an Aturnae Dualgais

Má tá imeachtaí athshealbhaithe sa Chúirt Chuarda i ndán don iasachtaí i gcoinne a dtí i ngeall ar riaráistí morgáiste, b’fhéidir go mbeidh siad in ann roinnt cabhrach a fháil sa Chúirt ón Aturnae Dualgais.

Aturnae atá san Aturnae Dualgais ó phainéal aturnaetha na Scéime ar gnách go mbeidh sé/sí ar dualgas sa Chúirt Chuarda ar an dáta atá an Chúirt in ainm is déileáil le cásanna athshealbhaithe. Ní féidir leis an iasachtóir a nAturnae Dualgais a roghnú, a fheidhmeoidh mar an aturnae painéil atá sannta ag an mBord um Chúnamh Dlíthiúil a bheith i láthair ag an gCúirt ag an dáta sin.

De ghnáth, ba cheart go bhfuair an t-iasachtóir comhairle scríofa airgeadais agus dlí faoin Scéim cheana féin, comhairle ón aturnae comhairliúcháin ar aon imeachtaí athshealbhaithe ina measc. Ceadóidh seo don Aturnae Dualgais chun cabhrú leis an iasachtaí níos éifeachtaí.

Mura ndearna an t-iasachtóir iarratas go tráthúil chun seo a dhéanamh, b’fhéidir go mbeidh an tAturnae Dualgais fós in ann roinnt cabhair bhreise theoranta a thabhairt dóibh, ach amháin má tá iarratas déanta acu ar an SBCA cheana féin. Ba cheart d’aon iasachtaí a fuair imeachtaí athshealbhaithe cheana féin in aghaidh a dtí óna n-iasachtóir morgáiste, agus nach ndearna iarratas ar an Scéim go fóill, teagmháil a dhéanamh leis an SBCA a luaithe agus is féidir (076 107 2000).

Seirbhís theoranta is ea Seirbhís an Aturnae Dualgais chun comhairle agus cabhair a sholáthar d’iasachtaithe a ndéantar tearcionadaíocht dóibh sa chúirt. Míneoidh aturnae comhairliúcháin an aturnae seo níos mionsonraithe.

B’fhéidir go mbeidh an tAturnae Dualgais in ann labhair thar ceann an iasachtaí sa Chúirt, lena mhíniú cén céimeanna atá á nglacadh acu chun iarracht a dhéanamh chun déileáil lena riaráistí morgáiste, agus b’fhéidir go mbeidh siad in ann iarratas a dhéanamh go ndéanfaidh imeachtaí na cúirte a chur ar athló, má tá iarracht á déanamh ag an iasachtaí chun réiteach a chur i bhfeidhm.

Chomh maith leis sin, b’fhéidir go mbeidh an tAturnae Dualgais in ann a mhíniú don iasachtaí cad atá ag tarlú sna himeachtaí. Féadfaidh sé nó sí bheith mar Aturnae Dualgais, áfach, do roinnt iasachtaithe Scéime a bhfuil a gcásanna athshealbhaithe liostaithe ar an lá sin, mar sin, ba cheart don iasachtaí a chinntiú go bhfreastalaíonn siad ar an gCúirt i bhfad níos luaithe ná an t-am a thaispeántar ar pháipéir na Cúirte, agus ba cheart dó/di fios a chur ar an SBCA ar theacht dóibh. (Chomh maith leis sin, freastalaíonn Comhairleoirí an SBCA ar an gCúirt Chuarda ar dhátaí éisteachta athshealbhaithe. Féadfaidh siad faisnéis agus tacaíocht a sholáthar d’iasachtaithe, ach ní féidir leo comhairle dlí a sholáthar nó labhairt thar ceann an iasachtaí sa Chúirt.)

Ní féidir leis an Aturnae Dualgais gníomhú mar aturnae cúnaimh dlí an iasachtaí, ná na himeachtaí athshealbhaithe a chosaint thar a gceann. Ní chumhdaíonn an Scéim seo cúnamh dlí chun imeachtaí athshealbhaithe a chosaint. Má tá riaráistí morgáiste ag iasachtaí maidir lena dteach, is gnách go mbíonn ceart dlíthiúil ag an iasachtóir lena lorg chun an teach a thógáil ar ais, agus b’fhéidir nach bhfuil cosaint bhailí dhlíthiúil ag an iasachtaí chun cosc a chur ar athshealbhú. Cuirfidh an t-aturnae comhairliúcháin ar an eolas iad faoi seo. I líon beag cásanna, b’fhéidir go mbeidh cosaint bhailí dhlíthiúil ag an iasachtaí i leith athshealbhú, ach ní bhaineann seo ach le líon sách beag cásanna. Ma tá cosaint bhailí dhlíthiúil acu agus más mian leo iarratas a dhéanamh ar chúnamh dlíthiúil, beidh orthu iarratas a dhéanamh air sin leis an mBord um Chúnamh Dlíthiúil, ar leithligh ón Scéim seo, agus b’fhéidir go mbeidh coinníollacha éagsúla i gceist. Féadfaidh an t-aturnae comhairliúcháin seo a mhíniú don iasachtaí.

e. An tSeirbhís Athbhreithnithe Cúirte um Dhócmhainneacht Phearsanta

Ní theastóidh an tseirbhís seo ón iasachtaí ach má d’oibrigh siad le CDP cheana féin, má rinne siad Socrú um Dhócmhainneacht Phearsanta (‘SDP’) a bheartú dá gcreidiúnaithe, agus má dhiúltaigh na creidiúnaithe an togra sin cé go measann CDP an iasachtaí go bhfuil sé cóir agus réasúnta do gach duine lena mbaineann.

Faoin athrú a rinneadh ar na hAchtanna um Dhócmhainneacht Phearsanta in 2015, féadfaidh iasachtaí sa chás seo iarraidh ar na Cúirteanna chun togra an SDP a athbhreithniú. Má chomhaontaíonn an Chúirt go bhfuil an togra cóir agus réasúnta ar an iomlán, agus leas á bhaint as na critéir a leagtar amach in alt 115A de na hAchtanna um Dhócmhainneacht Phearsanta, tá an chumhacht aici chun an togra a ghearradh ar na creidiúnaithe.

Faoin tSeirbhís Athbhreithnithe Cúirte um Dhócmhainneacht Phearsanta, féadfaidh an Bord um Chúnamh Dlíthiúil ionadaíocht dhlíthiúil a sholáthar don iasachtaí trí aturnae agus abhcóide chun an t-iarratas ar athbhreithniú Cúirte a dhéanamh, mar chuid dá seirbhís um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta.

I dtaobh na seirbhíse seo, déanann CDP an iasachtaí iarratas thar a gceann ar an mBord um Chúnamh Dlíthiúil, agus uimhir thagartha Scéime á húsáid don iasachtaí a sholáthair an SBCA. Ní mór don CDP a dheimhniú don Bhord um Chúnamh Dlíthiúil, chomh maith, ‘go bhfuil forais réasúnta ag an iasachtaí chun an t-athbhreithniú cúirte a lorg agus go sásaíonn sé/sí na coinníollacha eile le haghaidh athbhreithniú a leagtar síos sna hAchtanna um Dhócmhainneacht Phearsanta.’

Má tá an Bord um Chúnamh Dlíthiúil sásta leis an iarratas, féadfaidh sé Deimhniú um Chúnamh Dlíthiúil a eisiúint don iasachtaí. Tá an Bord um Chúnamh Dlíthiúil feasach ar na srianta ama faoi na hAchtanna um Dhócmhainneacht Phearsanta chun athbhreithniú Cúirte a lorg, agus déanfaidh sé cinneadh tapa ar aon iarratas a comhlánaíodh go hiomlán ar chúnamh dlíthiúil.

Má dheonaíonn an Bord um Chúnamh Dlíthiúil Deimhniú, féadfaidh an t-iasachtaí agus a CDP aturnae a roghnú ó phainéal aturnaetha na Scéime chun gníomhú thar a gceann. (Faoi na hAchtanna um Dhócmhainneacht Phearsanta, is é CDP an iasachtaí nach mór iarratas a dhéanamh ar an gCúirt thar a gceann ar an athbhreithniú.)