Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Conas is féidir liom cáiliú?

An bhféadfaidh mé cúnamh dlíthiúil sibhialta agus comhairle dlí sibhialta a fháil?

I gcúinsí teoranta áirithe, tugaimid cúnamh dlíthiúil sibhialta agus comhairle dlí sibhialta go huathoibríoch. I bhformhór na gcásanna, ní mór dúinn féachaint ar an ioncam agus ar na sócmhainní atá agat. Más gá duit dul chun na Cúirte scrúdfaimid tuillteanais an cháis chomh maith.

Ioncam agus sócmhainní

Chun cúnamh dlíthiúil sibhialta agus comhairle dlí sibhialta a fháil ní mór ioncam bliantúil aon uaire is lú ná €18,000 a bheith agat i ndiaidh dúinn na liúntais a bhaint de. Ní mór sócmhainní indiúscartha is lú ná €100,000 a bheith agat. Tabharfaimid liúntais áirithe duit de réir d'ollioncaim agus d'ollchaipitil féin, agus ní chuirfimid an teach a bhfuil cónaí ort ann san áireamh agus na sócmhainní caipitil atá agat a ríomh.

Féadfaidh tú a sheiceáil chomh maith an mó seans atá ann go bhfuil tú i dteideal cúnamh dlíthiúil sibhialta.
 

Faigh tuilleadh eolas amach faoin mbealach a ndéanaimidne d'ioncam agus do shócmhainní indiúscartha a ríomh.

Tuillteanais an cháis

Más gá duit dul chun na Cúirte, déanfaimid tuillteanais an cháis a mheas sula dtabharfaimid cead d'aturnae nó d'abhcóide uiríll a dhéanamh ar do shon sa Chúirt.

Tugaimid san áireamh an mbeidh gnáthdhuine (nach duine saibhir é/í) toilteanach dul chun na Cúirte dá mbeadh sé/sí ag íoc as a c(h)uid airgid féin, agus ar mholfadh aturnae duit dul chun na Cúirte, más eol dó/di go raibh tú ag íoc as tú féin. Is é atá i gceist ná go mbeifeá sa chás céanna agus a bheadh duine a bheadh air/uirthi smaoineamh ar an gcostas a bhainfeadh le dul chun na Cúirte dá mbeadh sé/sí ag íoc as é/í féin.

D'fhéadfaimis cúinsí eile a scrúdú chomh maith amhail:

  • An bhfuil cúiseanna agat chun an cás a thabhairt, nó chun cur in aghaidh an cás a thug duine eile i do leith?
  • An é an bealach is fearr chun d'aighneas a réiteach?
  • An mó seans a bheidh ann go mbuafaidh tú do chás?
  • An costas ar an gcáiníocóir in aghaidh an tairbhe a fhéadfaidh tú a bhaint as má bhuann tú.

Nuair atá leas linbh i gceist - mar shampla, i gcásanna ina bhfuil an Stát ag iarraidh an leanbh a chur faoi chúram an stáit, nó aighneas faoi cé leis coimeád linbh - ní chuirfimid san áireamh an mó seans a bheidh ann go mbuafaidh tú an cás nó nach mbuafaidh ná anailís costais is tairbhe.

Pléifidh d'aturnae an tástáil tuillteanais leat, más gá duit dul chun na Cúirte.