Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Iarratas a dhéanamh ar chúnamh dlíthiúil sibhialta agus comhairle dlí sibhialta

Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar chúnamh dlíthiúil sibhialta agus comhairle dlí sibhialta trí bhualadh isteach chuig an ionad dlí is cóngaraí duit nó glaoch air nó scríobh chuige. Ba cheart duit an fhoirm iarratais a líonadh amach ina hiomláine atá ar fál anseo i bhfoirm clóite agus í a chur ar ais chuig an ionad dlí. Má tá cónaí ort i mBaile Átha Cliath agus tá cás dlí teaghlaigh agat a n-éistfar leis sa Chúirt Dúiche atá suite i dTeach Dolphin (i mBalla an Teampaill), ba cheart duit iarratas a dhéanamh ar chúnamh dlí ag an oifig atá againn ann.

An fhoirm iarratais a líonadh amach.

treoir againn maidir leis an bhfoirm iarratais a líonadh amach. Féadfaidh ball foirne san ionad dlí cabhrú leat chomh maith.

Cad a tharlóidh ansin?

Déanfaimid d'iarratas a mheas agus feicfimid más féidir leat comhairle dlí a fháil, bunaithe ar an ioncam indiúscartha agus na sócmhainní indiúscartha atá agat.

Is é an chéad chéim eile ná coinne a dhéanamh le d'aturnae. I bhformhór na n-ionad dlí atá againn, faighimid níos mó iarratas ná a bhfuilimid in ann coinní le haturnaetha a dhéanamh dóibh. I gcás cineálacha áirithe aighnis tabharfaimid coinne duit a luaithe agus is féidir. I gcásanna eile, déanfaimid iarracht coinne a thabhairt duit laistigh de cheithre mhí chun comhairle a chur ort maidir leis an bhfadhb atá agat. D'fhéadfadh go mbeadh ort feitheamh seal níos faide sula bhféadfaimid tuilleadh seirbhísí a chur ar fáil duit ar nós litreacha a scríobh, idirbheartaíocht a dhéanamh leis an taobh eile, nó uiríll a dhéanamh ar do shon sa chúirt. Inseoidh an t-ionad dlí duit cé chomh fada a dhealraíonn sé go mbeidh ort fanacht.

Is gnách go ndéanfaidh d'aturnae iarracht chun an aighneas a réiteach gan dul chun na Cúirte, más féidir. Murar féidir d'aighneas a réiteach gan dul chun na Cúirte – mar shampla, má chuir an páirtí eile tús le himeachtaí dlíthiúla cheana féin - beidh ar d'aturnae iarratas a dhéanamh ar theastas cúnaimh dhlíthiúil a thugann cead dó/ di ionadaíocht a dhéanamh ar do shon sa Chúirt. Feicimid ar thuillteanais an cháis faoin tráth seo.

Tá iarratas ar thearmann in Éirinn á dhéanamh agam agus tá cúnamh dlíthiúil de dhíth orm.

Ba cheart duit an fhoirm iarratais a líonadh amach chun iarratas a dhéanamh ar chúnamh dlíthiúil i gcomhair éileamh ar thearmann agus í a chur ar ais chuig ár n-ionad dlí ag 48-49 Sráid Brunswick Thuaidh, Margadh na Feirme, Baile Átha Cliath D07 PE0C a luaithe agus is féidir.

Tá cónaí orm i mballstát eile AE agus tá cúnamh dlí de dhíth orm in Éirinn.

Má tá cónaí ort i mballstát eile den Aontas Eorpach (lena n-áirítear Tuaisceart Éireann, seachas an Danmhairg) agus más maith leat iarratas a dhéanamh ar chúnamh dlíthiúil in Éirinn, tá foirm iarratais eile ann.

Féadfaidh tú an fhoirm iarratais a chur ar ais chuig an údarás um chúnamh dlíthiúil i do thír dhúchais féin nó í a chur ar ais chugainn.  Déanfaimid an cinneadh más féidir leat cúnamh dlí a fháil in Éirinn nó mura féidir leat - is é an t-aon rud a dhéanfaidh an t-údarás um chúnamh dlíthiúil i do thír dhúchais féin ná an fhoirm a chur ar aghaidh chugainn.

Tá cúnamh dlíthiúil de dhíth orm i mballstát eile AE.


Má tá cúnamh dlíthiúil de dhíth ort i mballstát eile AE (lena n-áirítear Tuaisceart Éireann, seachas an Danmhairg), ba cheart duit an fhoirm iarratais ar chúnamh dlí AE a líonadh amach (atá le fáil ina doiciméad Microsoft Word chomh maith) agus í a chur ar ais chugainn ag Bord um Chúnamh Dlíthiúil, Sráid an Chalaidh, Co. Chiarraí V23 RD36. Is é an t-údarás um chúnamh dlíthiúil sa tír ina bhfuil an cás le bheith ar siúl a dhéanfaidh an cinneadh más féidir leat cúnamh dlíthiúil a fháil nó mura féidir leat. Ní dhéanfaimidne an cinneadh sin.