Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Cúnamh Dlíthiúil Eachtrannach

Chuir an tAontas Eorpach rialacha ar bun a cheadaíonn daoine a bhfuil cónaí orthu san AE iarratas a dhéanamh ar chúnamh dlíthiúil i bhformhór na dtíortha eile de chuid AE (seachas an Danmhairg). De réir na rialacha seo, má tá cónaí ort in Éirinn, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar chúnamh dlí i bhformhór na dtíortha eile de chuid AE. Má tá cónaí ort i dtír eile AE, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar chúnamh dlíthiúil in Éirinn.

Tá cónaí orm i mballstát eile AE agus tá cúnamh dlíthiúil de dhíth orm in Éirinn

Má tá cónaí ort i mballstát eile an Aontais Eorpaigh (lena n-áirítear Tuaisceart Éireann, seachas an Danmhairg) agus ba mhaith leat iarratas a dhéanamh ar chúnamh dlí in Éirinn, ba cheart duit an fhoirm iarratais ar chúnamh dlíthiúil AE a líonadh amach.

Féadfaidh tú an fhoirm iarratais a chur ar ais chuig an údarás um chúnamh dlíthiúil i do thír dhúchais féin nó chugainn. Déanfaimid an cinneadh cibé an bhfaighidh tú nó nach bhfaighidh tú cúnamh dlíthiúil in Éirinn - is é an t-aon rud a dhéanfaidh an t-údarás dlíthiúil i do thír dhúchais féin ná an fhoirm a chur chugainn.

Tá cúnamh dlíthiúil de dhíth orm i mballstát eile AE

Má tá cúnamh dlíthiúil uait i Sasana & Bhreatain Bheag, Albain nó Tuaisceart Éireann, is féidir leat dul i dteagmhaíl díreach an údarás cúnamh dlíthiúil le haghaidh breis eolas:

  • Legal Aid Agency (Sasana & Bhreatain Bheag) (0044) 845 345 4345
  • Scottish Legal Aid Board (0044) 131 26 7061
  • Legal Services Agency Northern Ireland (048) 9040 8888

Má tá cúnamh dlíthiúil uait i mballstát eile AE (ach an Danmhairg), ba cheart duit an fhoirm iarratais ar chúnamh dlíthiúil AE a líonadh amach (atá le fáil ina doiciméad Microsoft Word chomh maith) agus í a chur ar ais chugainn ag an mBord um Chúnamh Dlíthiúil, Sráid an Chalaidh, Co. Chiarraí V23 RD36. Déanfaidh an t-údarás um chúnamh dlíthiúil sa tír a mbeidh do chás ann an cinneadh cibé an bhfaighidh tú cúnamh dlíthiúil nó nach bhfaighidh tú. Ní dhéanfaimid an cinneadh sin.

Tá roinnt foirmeacha ar an leathanach seo le fáil i bhFormáid Doiciméad Iniomparthaortha (PDF). Tá bogearraí Adobe® Acrobat® Reader® ag teastáil chun féachaint orthu. Féadfaidh cóip saor in aisce de Adobe® Acrobat® Reader® a íoslódáil ó shuíomh gréasáin Adobe® www.adobe.com.

Tá roinnt foirmeacha le fáil ina gcomhaid Microsoft® Word. Mura bhfuil na bogearraí agat chun iad a léamh féadfaidh tú amharcóir saor in aisce a íoslódáil ó shuíomh gréasáin Microsoft® www.microsoft.com/downloads.

Foirm Iarratais

Foirm Iarratais ar Chúnamh Dlíthiúil faoi Threoir ón gComhairle 2003.8.EC PDF (méid comhaid 282KB)

Foirm Iarratais ar Chúnamh Dlíthiúil faoi Threoir ón gComhairle 2003.8.EC Word (méid comhaid 83.5MB)

Tá cónaí orm lasmuigh den AE agus tá cúnamh dlíthiúil de dhíth orm in Éirinn

Ba cheart duit an ghnáthfhoirm iarratais i gcomhair cúnamh dlíthiúil sibhialta agus comhairle dlí sibhialta a líonadh amach agus í a chur ar ais chuig ceann de na hionaid dlí ata againn.

Tá cónaí orm in Éirinn agus tá cúnamh dlíthiúil de dhíth orm lasmuigh den AE


Beidh ort iarratas a dhéanamh chuig an údarás um chúnamh dlíthiúil sa tír ina bhfuil cúnamh dlíthiúil de dhíth ort.