Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Cúnamh agus Comhairle Dlí Sibhialta d’Iarrthóirí Tearmainn

Má tá tú ag déanamh iarratais ar thearmann nó cosaint choimhdeach in Éirinn, is féidir le cúnamh agus comhairle dlí sibhialta cabhrú leat le d’iarratas. Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar sheirbhísí dlí ag aon am ach tá sé tábhachtach go ndéanann tú amhlaidh chomh luath agus is féidir.

Conas a dhéanaim iarratas ar chúnamh agus comhairle dlí sibhialta le hiarratas ar chosaint tearmainn nó choimhdeach?

Beidh ort foirm iarratais a chomhlánú agus a sheoladh ar ais chuig Ionad Dlí Mhargadh na Feirme. Seiceálfaimid cibé an bhfuil tú incháilithe agus déanfaimid coinne a shocrú le ceann de na hionaid dlí a bhíonn ag déileáil le hiarratais ar thearmann agus cosaint choimhdeach. 

Cad a chlúdóidh cúnamh dlí?

Cuideoidh cúnamh agus comhairle dlí sibhialta leat le d’iarratais ar thearmainn nó ar chosaint choimhdeach agus le d’achomharc chuig an mBinse Achomhairc na nDídeanaithe.

Ní chuideoidh iarratas ar chúnamh dlí sibhialta leat le d’athbhreithniú breithiúnach ar conas a ndearnadh an cinneadh ar d’iarratas ach d’fhéadfá a bheith in ann cúnamh dlí sibhialta a fháil ar leithligh ina leith sin.

Cé mhéad a chosnóidh sé?

Beidh ort ranníocaíocht de €10 a íoc a chlúdaíonn an chomhairle dlí agus, má theastaíonn sé uait, cúnamh dlí.

Níl uaim ach tuilleadh eolais faoi iarratas a dhéanamh ar thearmann in Éirinn

Tá eolas maidir leis an bpróiseas a bhaineann le hiarratas a dhéanamh ar thearmann in Éirinn le fáil ar an láithreán gréasáin Faisnéis do Shaoránaigh.

Tá bileog eolais againn chomh maith maidir leis an bpróiseas tearmainn.

Athruithe ionchasa ar an gcóras cosanta idirnáisiúnta in Éirinn

Táthar ag súil go gcuirfear athruithe i bhfeidhm ar an gcóras cosanta idirnáisiúnta in Éirinn ag deireadh 2016. In ionad a chur iarratas ar leithligh a dhéanamh ar tearmann agus cosaint choimhdeach, déanfaidh duine iarratas amháin ar chosaint idirnáisiúnta. Léiríonn an t-eolas ar an leathanach seo an córas atá i bhfeidhm faoi láthair sula gcuirtear na hathruithe sin i bhfeidhm.