Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Cearta Comhchónaitheoirí

Is éard is comhchónaitheoir ann ná duine a chónaíonn in éineacht le duine eile:

  • mar lánúin i ndlúthchaidreamh tiomanta;
  • nach bhfuil gaol aige nó aici leis an duine sin laistigh de na céimeanna gaolmhaireachta toirmiscthe - is iad sin tuismitheoir, seanathair nó seanmháthair, deartháir nó deirfiúr, leanbh, garmhac nó gariníon, nó nia/neacht; agus
  • nach bhfuil pósta, ná ina p(h)áirtí sibhialta, leis an duine sin. 

Tugann an tAcht um Páirtnéireacht Shibhialta agus um Chearta agus Oibleagáidí Áirithe de chuid Comhchónaitheoirí 2010 cearta dlí áirithe do chomhchónaitheoirí fadtéarmacha, dá dtagraítear mar “comhchónaitheoir cáilithe” chun críocha an Achta.

Ní mór do chomhchónaitheoirí a bheith ag cónaí le chéile ar feadh cúig bliana ar a laghad mura bhfuil leanaí acu, nó dhá bhliain má tá leanaí acu, ionas go gcáileoidh siad i gcomhair na gcearta dlí atá ar fáil faoin dlí. Ní féidir leat a bheith i do chomhchónaitheoir cáilithe má tá tusa nó do pháirtí pósta, agus tráth ar tháinig deireadh leis an gcaidreamh nach bhfuil an duine atá pósta scartha óna c(h)éile ar feadh ceithre bliana as na cúig bliana seo caite ar a laghad.

Má tá fadhbanna sa chaidreamh le do pháirtí

Ba cheart an chúirt a mheas mar rogha an díogha i gcónaí. Is iondúil go mbíonn toradh diúltach ag imeachtaí cúirte in Éirinn ar chaidrimh, agus cé go ndéanfaidh an Breitheamh iarracht rialú cóir a thabhairt, ní gá go gcríochnódh sé leis an toradh a theastaíonn ó cheachtar den dá pháirtí.

Is fearr i gcoitinne, ar an gcéad dul síos, freastal ar chomhairleoireacht caidrimh nó ar idirghabháil teaghlaigh, chun cúnamh a fháil réiteach a dhéanamh a bheadh inghlactha don dá pháirtí. Tá sonraí ar an tSeirbhís Idirghabhála Teaghlaigh arna maoiniú ag an Stát ar fail anseo.

Scéim um shásamh do chomhchónaitheoirí fadtéarmacha

Is féidir le comhchónaitheoir cáilithe iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt ar orduithe áirithe:

  • Ordú ina n-íocann comhchónaitheoir amháin cnapshuim leis an gcomhchónaitheoir eile;
  • Ordú go mbeadh comhchónaitheoir atá cleithiúnach ó thaobh airgeadais de á chothú ag an gcomhchónaitheoir eile (ordú cothabhála). Féadfaidh an Chúirt an t-ordú sin a éagsúlú (a athrú) ar aon dul le himthosca, orduithe eatramhacha (sealadacha) a dhéanamh, ordú a thabhairt go ndéanfaí íocaíochtaí trí chléireach na Cúirte Dúiche agus ordú a thabhairt go ndéanfadh fostóir an duine na híocaíochtaí amach as a p(h)á (astú tuillimh);
  • Ordú ina dtugtar íocaíocht nó leas ó phinsean comhchónaitheora cáilithe amháin don chomhchónaitheoir eile (ordú coigeartaithe pinsin);
  • Ordú ina gceanglaítear ar chomhchónaitheoir cuid dá réadmhaoin a aistriú chuig an gcomhchónaitheoir eile (ordú coigeartaithe réadmhaoine); agus 
  • Ordú ina ndéantar soláthar do chomhchónaitheoir marthanach as eastát an chomhchónaitheora éagtha.

Ní dheonaítear na horduithe sin go huathoibríoch. Tógfaidh an Chúirt roinnt fachtóirí san áireamh chun cinneadh a dhéanamh cibé an dtabharfar ordú. Áirítear leo seo:

  • Imthosca airgeadais, riachtanais agus dualgais an bheirt chomhchónaitheoirí;
  • Cearta daoine eile (lena n-áirítear na cearta atá ag céilí, iar-chéilí, páirtithe sibhialta, iarpháirtithe sibhialta agus leanaí cleithiúnacha ceachtar den dá pháirtí); 
  • Fad an chaidrimh agus an cineál caidrimh; agus an ranníocaíocht arna déanamh ag an mbeirt, ó thaobh airgeadais de agus ar bhealaí eile.

Comhaontuithe Comhchónaitheoirí

Féadfaidh tú ComhaontúComhchónaitheoirí a dhéanamh le do pháirtí chun foráil a dhéanamh do na socruithe airgeadais i gcás go dtagann deireadh leis an gcaidreamh.

Ionas go mbeidh comhaontú den chineál sin bailí, ní mór na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh: Bhí comhairle dlí neamhspleách agaibh beirt nó fuair sibh comhairle dlí le chéile agus tharscaoil sibh an ceart comhairle dlí neamhspleách a fháil;

  • Tá an comhaontú comhdhéanta de chonradh agus cloíonn sé le dlí na gconarthaí; agus
  • Tá an comhaontú sínithe ag an mbeirt agaibh.

Féadfaidh sibh fanacht amach as an scéim um shásamh trí Chomhaontú Comhchónaitheoirí. Tá Comhaontuithe Comhchónaitheoirí infhorfheidhmithe ag an gCúirt, ach féadfaidh an Chúirt iad a chur ar leataobh nó éagsúlú a dhéanamh ar an gcomhaontú i gcás go mbeadh éagóir shuntasach mar thoradh ar fhorfheidhmiú an chomhaontaithe.

Foréigean Teaghlaigh

Tá réitigh ar fáil do chomhchónaitheoirí faoi na hAchtanna um Fhoréigean Baile sna cásanna seo a leanas:

  • tá sibh ag cónaí le chéile ar feadh tréimhse ama forordaithe, (sé mhí as naoi mí i gcás ordaithe urchoisc); nó
  • bhí cónaí ort leis an bpáirtí eile i ndlúthchaidreamh tiomanta (i gcás ordaithe sábháilteachta) nó
  • níl cónaí oraibh le chéile faoi mar a dhéantar cur síos air thuas ach tá leanbh nó leanaí agaibh le chéile ó bhur gcaidreamh (ordú sábháilteachta) agus
  • i gcás ina bhfuil ordú urchoisc á lorg agat, níl leas níos mó ag an té a bhfuil imeachtaí á dtionscnamh agat ina c(h)oinne sa teach ina bhfuil cónaí oraibh ná mar atá agatsa.

Tugtar tuilleadh sonraí i mBileog an Bhoird “Foréigean Teaghlaigh” maidir leis na réitigh atá ar fáil faoi na hAchtanna um Fhoréigean Baile.

Cearta maidir le réadmhaoin

Seachas má tá comhsheilbh agaibh ar réadmhaoin (tá an bheirt agaibh cláraithe mar úinéirí, nó tá an dá ainm ar an ngníomhas teidil), níl sé de cheart agat aon réadmhaoin a fháil le hoidhreacht ó do pháirtí nuair a bheidh sé nó sí éagtha. In imthosca áirithe, d’fhéadfadh sé go mbeifeá ábalta iarratas a dhéanamh ar scair d’eastát an chomhchónaitheora éagtha. Is fiú do chomhchónaitheoirí aird ar leith a thabhairt ar an tábhacht a bhaineann le hUacht a dhéanamh.

Leanaí

I gcás nach bhfuil lánúin pósta, is í an mháthair amháin atá ina caomhnóir dlíthiúil. Mínítear an cás agus na réitigh atá ar fáil go Leanaí agus an Dlí Teaghlaigh.