Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Cleachtas Comhoibríoch

Cad is cleachtas comhoibríoch ann?

Is éard is cleachtas comhoibríoch ann ná bealach nua chun cúrsaí dlí teaghlaigh a réiteach, lena n-áirítear 

  • colscaradh,
  • idirscaradh
  • agus díospóidí tuismitheoireachta.

Tá roinnt eilimintí lárnacha a bhaineann leis an gcleachtas comhoibríoch lena ndéantar idirdhealú idir é agus bealaí eile chun díospóidí teaghlaigh a réiteach. Áirítear leo sin:

  • Tiomantas na bpáirtithe atá in achrann le chéile agus a gcuid dlíodóirí gan dul chun cúirte nó bagairt a dhéanamh dul i muinín na cúirte ach sa chás go bhfuiltear chun comhaontú a cheadú go foirmiúil.
  • Tiomantas na bpáirtithe atá in achrann le chéile a bheith macánta agus oscailte lena chéile.
  • Idirbheartaíochtaí béal ar bhéal idir na páirtithe atá in achrann le chéile agus a gcuid dlíodóirí.
  • Tiomantas na bpáirtithe atá in achrann le chéile agus a gcuid dlíodóirí teacht ar réiteach a bheidh cothrom do gach duine.

Conas a oibríonn sé?

Oibreoidh tú féin agus do pháirtí le dlíodóirí a bhfuil oiliúint speisialta orthu sa mhodh oibre comhoibrí. Gheobhaidh sibh araon comhairle agus treoir dlí, agus réiteoidh sibhse agus bhur gcuid dlíodóirí saincheisteanna trí chruinnithe béal ar bhéal. Má theipeann ar an bpróiseas, ní féidir le haon duine de na dlíodóirí sin gníomhú ar bhur son in aon imeachtaí cúirte a ndéantar conspóid ina leith. Más rud é go bhfuil cúnamh dlíthiúil á fháil agat, socróidh an Bord um Chúnamh Dlíthiúil ionadaíocht eile dlí duit sa chás go dteipeann ar an bpróiseas, rud nach dtarlaíonn ach go hannamh.

Conas a sheachnaítear baol caingne cúirte agus na hidirbheartaíochtaí ar bun?

Síníonn gach duine comhaontú a deir nach bhfuil cead ag bhur ndlíodóirí comhoibríocha ionadaíocht a dhéanamh oraibh sa chúirt má theipeann ar an bpróiseas comhoibríoch.

Cad iad an buntáistí a bhaineann le hidirbheartaíocht a dhéanamh lasmuigh de phróiseas na cúirte?

  • Ar an gcoinníoll go dtosaíonn gach duine ar an bpróiseas le dea-thoil, bíonn an próiseas níos tapúla agus bíonn níos lú achrainn ag baint leis ná mar a bhíonn i gceist in imeachtaí cúirte;
  • Féadfaidh tú do chlár féin a shocrú de réir na nithe is mó tábhachta agat féin agus ag do theaghlach;
  • Bíonn níos mó smachta agat ar an bpróiseas agus ar luas na hidirbheartaíochta;
  • Ní baol go ndéanfaidh strainséir, .i. an breitheamh, na cinntí tábhachtacha;
  • Is dócha go mbeidh níos lú struis ag baint leis an bpróiseas ná mar a bhíonn ag baint le himeachtaí cúirte. Meastar go bhfuil siadsan ar cheann de na himeachtaí is mó struis i saol duine. Leis an dlí comhoibríoch, níor cheart go dtiocfadh aon ábhar aniar aduaidh ar aon duine agus ba chóir go mbeadh a fhios ag gach páirtí cad a bheidh ar siúl; agus
  • Má éiríonn leis an bpróiseas beidh comhaontú agat le do pháirtí, comhaontú a raibh an bheirt agaibh freagrach as, agus a bheidh ina bhonn níos éifeachtúla ná réiteach arna chur i bhfeidhm ag an gcúirt maidir le gaolmhaireacht a chothú le do pháirtí, chun leasa aon leanaí go háirithe.

An féidir an cur chuige maidir le dlí comhoibríoch a úsáid i ngach colscaradh nó idirscaradh?

Tá líon beag cásanna nach bhfuil dlí comhoibríoch oiriúnach ina leith. Cuirfidh do dhlíodóir in iúl duit cibé an bhfuil do chás oiriúnach.

An bhfuil oiliúint ar gach dlíodóir sa dlí comhoibríoch?

  • Níl. Níl gach dlíodóir oilte sa dlí comhoibríoch agus is dócha go mbeidh sé níos deacra a bheith páirteach sa phróiseas mura bhfuil an oiliúint sin ar dhlíodóir do pháirtí.
  • Is féidir leat sonraí na ndlíodóirí sin a bhfuil oiliúint orthu sa phróiseas seo a fháil san ionad dlí áitiúil.
  • Chomh fada is go bhfuil do chás oiriúnach don chur chuige maidir le dlí comhoibríoch, déanfaidh do dhlíodóir gach iarracht cabhrú leat saincheisteanna a réiteach gan dul i muinín imeachtaí cúirte. An dócha go n-éireoidh leis?
  • Braitheann an próiseas ar na páirtithe go léir a gcuid sócmhainní uile a nochtadh d’fhonn idirbheartaíocht mhacánta agus oscailte a chur chun cinn.
  • Má bhíonn na páirtithe macánta agus oscailte tá seans an-mhaith ann go n-oibreoidh an próiseas.
  • Is dóigh go mbeidh an comhaontú a dhéanfar i bhfad níos éifeachtaí agus níos éasca lena chur i bhfeidhm ná aon socruithe a d’fhéadfadh cúirt a leagan síos.

An Cheannoifig:

An Bord um Chúnamh Dlíthiúil,

Sráid an Chalaidh,

Cathair Saidhbhín,

Co. Chiarraí.

Teil: (066) 947 1000

Facs: (066) 947 1035

Uimh. Íosghlao 1890 615 2000