Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Cúram Leanaí

Réamhrá

Is é cuspóir na bileoige seo roinnt faisnéis bhunúsach a sholáthar duit ar iarratais chúirte ag FSS a eascraíonn ó bhuarthaí atá acu faoi chúram nó leas linbh. Ina theannta sin, leagtar amach na seirbhísí a chuireann an Bord um Chúnamh Dlíthiúil agus teagmhálaithe ginearálta eile ar fáil a d’fhéadfadh bheith áisiúil duit. Má rinneadh fógra iarratais a sheirbheáil ort nó a thabhairt duit a ghlac FSS maidir le do leanbh, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an mBord um Chúnamh Dlíthiúil, ar féidir leo thú a atreorú chuig an ionad dlí is gaire duit.
   

Cúlra

Déanann an dlí foráil go bhfuil sé chun leasa linbh, go ginearálta, go dtugann a t(h)eaghlach féin é nó í aníos. Aithnítear freisin, go bhféadfadh cúinsí bheith i gceist nach bhfuil an cúram leordhóthanach á fháil ag an leanbh lena dteaghlach nó go bhfuil a sláinte agus leas i mbaol. Faoi na cúinsí siúd, tá dualgas ar FSS chun monatóireacht a dhéanamh ar leas an linbh, agus más gá, a lorg go nglactar an leanbh faoina gcúram. D’fhéadfá a aithint go bhfuil fadhbanna ann agus nach bhfuil tú in ann cúram a thabhairt do do leanbh ag an tráth ar leith seo. Faoi na cúinsí sin, féadfaidh tú a lorg go gcuirtear an leanbh faoi chúram deonach FSS. Féadfaidh tú deireadh a chur leis an socrú seo pé uair is mian leat. Má tá tréanbhuarthaí ag FSS faoi leas do linbh agus mura mian leat do leanbh a chur faoi chúram, féadfaidh siad Ordú Cúraim a lorg ó na cúirteanna. Ina theannta sin, féadfaidh siad Ordú Cúraim a lorg má tá do leanbh faoi chúram deonach agus má chreideann siad gur cheart don leanbh fanacht ansin nuair is mian leat go bhfillfidh an leanbh faoi do chúram.
   

Céard is Ordú Cúraim ann?

Féadfaidh Breitheamh Ordú Cúraim a dhéanamh chun leanbh a chur faoi chúram Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS).
   

Céard is Ordú Cúraim eatramhach nó Ordú Cúraim Éigeandála? 

Is éard is Ordú Cúraim eatramhach nó Ordú Cúraim Éigeandála ordú a dhéanann Breitheamh a chuireann do leanbh faoi chúram FSS ar feadh tréimhse ghearr. Féadfaidh Breithiúna iad a dheonú nuair a rinneadh iarratas ar Ordú Cúraim ach nár éisteadh leis go fóill. Féadtar Ordú Cúraim Éigeandála a dhéanamh gan aon fhógra a thabhairt duit faoin iarratas. 


Cé a lorgaíonn an tOrdú Cúraim agus cá mbíonn an éisteacht ar siúl?

Cuireann FSS tús leis na himeachtaí le haghaidh Ordú Cúraim i gcónaí, agus is gnách go mbíonn siad ar siúl sa Chúirt Dúiche áitiúil.
   

Conas a bheidh a fhios agam an bhfuil FSS ag dul i mbun imeachtaí go nglacfar mo leanbh faoi chúram?

Sa chuid is mó de na cásanna, beidh FSS tar éis thú a chur ar an eolas go bhfuil sé beartaithe dul i mbun imeachtaí. Murab amhlaidh an cás, b’fhéidir go bhfuair tú litir ó aturnae atá fostaithe ag FSS ina raibh cáipéis ar a dtugtar Fógra Iarratais. Cuireann an Fógra seo ar an eolas thú go ndéanfaidh FSS iarratas ar Chúirt go nglacfar do leanbh faoi chúram. Má tharlaíonn ceachtar den dá rud thuas, ba cheart duit dul i gcomhairle le haturnae a luaithe is féidir. 
   

Céard ar cheart dom a dhéanamh má fhaighim Iarratas ar Ordú Cúraim agus murar féidir liom íoc as m’aturnae féin?

Ba cheart duit teagmháil láithreach a dhéanamh le d’ionad dlí áitiúil, áit a dtabharfaidh foireann an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil cabhair duit chun foirm iarratais a chomhlánú. Má tá cónaí ort i mBaile Átha Cliath, féadfaidh tú cuairt a thabhairt ar oifig an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil i dTeach Dolphin (an áit a suíonn an Chúirt Dúiche). Iarrfar ort chun faisnéis a thabhairt faoi d’ioncam agus sócmhainní. Déanfar an t-iarratas a phróiseáil a luaithe agus is féidir. Má bhíonn dáta cúirte ag imeachtaí, déanfaidh an t-ionad dlí tosaíocht den iarratas, ionas go dtabharfar duit an chéad choinne eile atá ar fáil le haturnae. Mura gcuirtear tús le himeachtaí, tharlódh go dtabharfar nó nach dtabharfar tús áite do d’iarratas, ag brath ar na cúinsí, agus ar an ábhar sin, is tábhachtach glao a chur ar an ionad dlí láithreach má sheirbheáiltear Fógra Iarratais ort thar cheann FSS. Tabharfaidh d’aturnae comhairle duit maidir le do chás agus maidir leis na bearta a d’fhéadfá a ghlacadh a chuirfeadh feabhas ar an deis go bhfanfadh do leanbh faoi do chúram nó go bhfillfeadh sé/sí ar do chúram. 
   

Cuireadh mo leanbh faoi chúram cheana féin. An féidir liom iarratas a dhéanamh ar sheirbhísí dlí?

Is féidir, sa chás seo, ba cheart duit cóip den Ordú Cúraim Éigeandála/Eatramhach a thabhairt leat nuair a thugann tú cuairt ar an ionad dlí.
   

An ndéanfaidh an t-aturnae céanna ionadaíocht do thuismitheoir eile mo linbh?

Déanfaidh d’aturnae breithniú ar cibé acu ar cheart nó nár cheart dó/di ionadaíocht a dhéanamh don bheirt agaibh má tá tú sásta leis seo. Is minic a mheastar go bhfuil sé níos oiriúnaí go ndéanann aturnae éagsúil ionadaíocht do do chéile/pháirtnéir. Má tharlaíonn seo, beidh ar do chéile/pháirtnéir iarratas a dhéanamh ar sheirbhísí dlí ag ionad dlí eile.
   

Céard a tharlóidh ag éisteacht na Cúirte?

Ag an éisteacht, déanfaidh FSS iarratas ar an gCúirt go nglacfar do leanbh faoi chúram agus tabharfaidh siad fianaise maidir leis an bhfáth ar cheart dóibh amhlaidh a dhéanamh. Tá ar FSS a chruthú go bhfuil nó go raibh an leanbh á (h)ionsaí, go rabhthas nó go bhfuiltear ag caitheamh go leatromach leis/léi, go raibh nó go bhfuil faillí á déanamh ina leith nó gur baineadh nó go mbaintear mí-úsáid ghnéasach as/aisti nó gur baineadh nó go mbaintear dá f(h)orbairt sláinte nó dá leas nó go ndearnadh nó go ndéantar faillí dá f(h)orbairt sláinte nó dá leas nuair a d’fhéadfaí é seo a sheachaint. D’fhéadfaí finné, oibrí sóisialta, mar shampla, a ghairm chun fianaise a thabhairt don Bhreitheamh. Beidh tú in ann fianaise a thabhairt, chomh maith, faoi mar a bheidh aon fhinnéithe ar féidir leo cabhrú le do chás.
   

Cé agus céard is Caomhnóir ad litem ann? 

I roinnt cásanna, déanann an chúirt an cinneadh chun caomhnóir ad litem (CAL) a cheapadh agus anuas air sin, féadfaidh an chúirt an cinneadh a dhéanamh chun aturnae a cheapadh chun ionadaíocht a dhéanamh don CAL agus/nó an leanbh. Cuireann caomhnóir ad litem comhairle ar an gcúirt faoi leas an linbh lena mbaineann. Cuireann an CAL an breitheamh ar an eolas faoin méid a theastaíonn ón leanbh féin. Chun seo a dhéanamh, téann an CAL i gcomhairle leis an leanbh, le teaghlach an linbh, agus le haon eagraíochtaí eile a bhfuil aithne acu ar an leanbh agus ar theaghlach an linbh. Baineann ríthábhacht leis na comhairliúcháin seo lena chinntiú go gcuirtear leas an linbh i láthair go neamhspleách don Chúirt.
   

Cé a dhéanfaidh an cinneadh maidir le cibé acu an ndeonófar nó nach ndeonófar Ordú Cúraim?

Déanfaidh Breitheamh an cinneadh. D’fhéadfadh go mbeadh éisteacht amháin nó níos mó ann sula n-éistfear leis an gcás iomlán, agus féadfaidh an Breitheamh Ordú/Orduithe Cúraim Eatramhach(a) a dheonú do FSS fad a bhíonn an cás ar bun. 
   

Má tá Ordú Cúraim i bhfeidhm, cén cinntí ar féidir le FSS a dhéanamh?

Féadfaidh FSS cinntí a dhéanamh faoin mbealach is fearr a fhreastalaítear ar leas an linbh, mar shampla, d’fhéadfaidís an cinneadh a dhéanamh chun an leanbh a chur faoi chúram tuismitheoirí altrama nó i gcúram cónaithe.
   

Cé chomh fada is féidir le hordú cúraim maireachtáil?

Féadtar Ordú Cúraim a dhéanamh ar feadh na tréimhse a bhíonn an leanbh fós ina leanbh, i.e., a mhéid leis an oíche roimh bhreithlá ocht mbliana déag d’aois an linbh nó ar feadh tréimhse níos giorra, de réir mar a dhéanfar comhaontú air nó de réir mar a shíleann an chúirt. Féadfaidh FSS iarratais a dhéanamh chun orduithe a athnuachan. 
   

Céard is Ordú Maoirseachta ann?

Má bhíonn FSS buartha faoi leanbh, ach mura measann siad go mbeadh gá ann Ordú Cúraim a lorg, féadfaidh siad iarratas a dhéanamh ar ordú maoirseachta. Ligeann seo d’fhoireann FSS cuairt a thabhairt ar an leanbh agus chun comhairle a chur ar thuismitheoir(í) an linbh faoi chúram a thabhairt don leanbh.
   

Conas is féidir Ordú Cúraim a dhéanamh?

D’fhéadfadh roinnt tuismitheoirí a leanaí a chur faoi chúram FSS ar bhonn deonach. Tá dualgas ar FSS chun iarratas a dhéanamh ar an gCúirt Dúiche ar Ordú Cúraim sa chás go measann siad go dteastaíonn cúram ó leanbh nach gcuirfí ar fáil dó/di murach sin.
   

Céard is féidir liom a dhéanamh chun cabhrú le m’aturnae ionadaíocht a dhéanamh dom?

D’fhonn go ndéanfaidh d’aturnae an ionadaíocht duit is fearr agus is féidir leo, beidh faisnéis uait ag teastáil ó d’aturnae. Cabhraíonn seo le d’aturnae a chinntiú go bhfuil aige/aici an fhaisnéis go léir a theastaíonn uathu chun ionadaíocht a dhéanamh duit. 
Ba cheart duit aon litreacha nó cáipéisí a sheol FSS nó a gcuid aturnaetha chugat a thabhairt chun airde do d’aturnae láithreach. Ba cheart go gcuirfeá fáil ort féin i gcónaí le haghaidh coinne/éisteachaí cúirte agus murar féidir leat freastal ar choinne/ghealltanas mar gheall ar thinneas, mar shampla, ba cheart duit an t-ionad dlí a chur ar an eolas a luaithe is féidir. 

Coimeádfaidh d’aturnae ar an eolas thú i scríbhinn faoin bpróiseas agus faoi céard is dócha a bheidh i gceist leis na torthaí féideartha nó leis an toradh féideartha. Féadfaidh d’aturnae teagmháil a dhéanamh le do LG, mar gheall go mbeidh aige/aici roinnt faisnéis thábhachtach faoin teaghlach agus d’fhéadfadh seo bheith ina lámh chúnta. Anuas air sin, más féidir le do theaghlach tacú leat, féadfaidh d’aturnae teagmháil a dhéanamh le daoine muinteartha, tar éis cead a fháil uait. Féadfaidh d’aturnae iarraidh ort go dtugann siad fianaise a rachaidh chun sochair do cháis. 
   

Má dhéantar ordú, céard é an chéad rud eile a tharlóidh?

Má dhéantar Ordú, cuirfidh d’aturnae ar an eolas thú faoin gcinneadh, aon dáta athbhreithnithe atá socraithe ag an gCúirt agus aon fhaisnéis eile a mheasann siad atá ábhartha. Ina theannta sin, pléifidh d’aturnae leat an tairbhe nó a mhalairt a bhaineann leis an gcinneadh a achomharc le cúirt eile, mar aon leis an ngá le fanacht i dteagmháil le FSS maidir le rochtain ar do leanbh agus an fhéidearthacht chun iarratas a dhéanamh ar an gCúirt chun rochtain a fháil, murar féidir na socruithe oiriúnacha a chomhaontú le FSS.
  

An féidir leis an gcúirt Orduithe eile a dhéanamh?

Tá sé de lánrogha ag an gCúirt Orduithe éagsúla a dhéanamh maidir le do leanbh. Faoi mar a luaitear in alt roimhe seo, is féidir leo Ordú a dhéanamh ar rochtain ar an leanbh. Anuas air sin, tá sé de chumhacht ag an gcúirt Ordú Cúraim a dhíscaoileadh má thagann athrú ar chúinsí agus má mheasann siad gur féidir le do leanbh filleadh abhaile chugat agus gur cheart dóibh é seo a dhéanamh. 

An Cheann-Oifig:
An Bord um Chúnamh Dlíthiúil,
Sráid na Cé,
Cathair Saidhbhín,
Contae Chiarraí.
Guthán: (066) 947 1000
Íosghlao: 0818 615 200