Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Colscaradh

Conas a fhaighim colscaradh?

Más mian leat deireadh a chur le pósadh dlíthiúil reatha, ní mór duit iarratas a dhéanamh chuig cúirt (An Chúirt Chuarda nó an Ard-Chúirt) chun ordú colscartha a fháil. Is féidir teacht ar chomhaontú maidir le téarmaí colscartha idir fear céile agus bean chéile, ach ní mór don Chúirt an colscaradh a dheonú.

Cén chomhairle a chuirfidh aturnae orm? 

Míneoidh aturnae an próiseas maidir le colscaradh a lorg agus na horduithe eile a fhéadfaidh cúirt a dhéanamh agus colscaradh á dheonú aici. Tá dualgas ar aturnae freisin comhairle a chur ort maidir leo seo a leanas:

  • seirbhísí comhairleoireachta a d’fhéadfadh cabhrú chun athmhuintearas a chothú idir tú féin agus do chéile; 
  • seirbhísí idirghabhála a d’fhéadfadh cabhrú leat agus le do chéile téarmaí colscartha a idirbheartú agus a chomhaontú; agus 
  • an fhéidearthacht maidir le comhaontú idirscartha a idirbheartú in ionad colscaradh a fháil.

Cad iad na forais lena ndeonódh cúirt colscaradh?

Deonóidh cúirt colscaradh sa chás:

  • gur mhair sibh ina n-aonar ar feadh tréimhse nó tréimhsí ceithre bliana ar a laghad le linn na cúig bliana roimhe sin; 
  • nach bhfuil aon dóchúlacht réasúnach ann go ndéanfar athmhuintearas idir tú féin agus do chéile; agus 
  • go bhfuil sí sásta go bhfuil foráil cheart déanta, nó go ndéanfar foráil cheart, do gach céile agus do leanaí cleithiúnacha ar bith.

An gá dom a bheidh idirscartha ó thaobh an dlí de chun colscaradh a fháil?

Ní gá, níl sé riachtanach idirscaradh dlíthiúil a fháil chun colscaradh a fháil. 

Orduithe breise

Agus ordú colscartha á dhéanamh aici, féadfaidh an Chúirt orduithe eile a dhéanamh maidir le hábhair cosúil le:-

  • socruithe coimeádta agus rochtana maidir le leanaí cleithiúnacha;
  • foráil airgeadais don chéile cleithiúnach agus do na leanaí cleithiúnacha trí chothabháil arna híoc ag idirthréimhsí socraithe agus/nó trí chnapshuimeanna;
  • céile a eisiamh ó áras an teaghlaigh tríd an gceart maidir le cónaí in áras an teaghlaigh a thabhairt don chéile eile ar feadh a s(h)aoil nó ar feadh tréimhse socraithe;
  • céile a urchosc ó áras an teaghlaigh tríd an gcéile sin a chosc ar dhul isteach ann agus ar fhoréigean a úsáid nó a bhagairt ar an gcéile eile agus/nó a gcuid leanaí. Nó gan céile a chosc ar dhul isteach in áras an teaghlaigh, féadfaidh an chúirt ordú sábháilteachta a dhéanamh lena ndéantar céile a thoirmeasc ó fhoréigean a úsáid nó a bhagairt ar an gcéile eile agus/nó a gcuid leanaí;
  • socruithe réadmhaoine i ndáil le háras an teaghlaigh agus le réadmhaoin eile an teaghlaigh ar mhaithe le ceachtar den bheirt chéile agus/nó leanaí cleithiúnacha, mar shampla:
  • an ceart a thabhairt do chéile amháin cónaí sa réadmhaoin ar feadh a s(h)aoil nó ar feadh tréimhse socraithe;
  • ordú a dhéanamh an réadmhaoin a dhíol, faoi réir coinníollacha; nó
  • an réadmhaoin a chur i gcomhainmneacha nó in ainm aonair dhuine de na céilí;
  • cúiteamh airgeadais lena ndéantar foráil i gcomhair slándáil airgeadais céile amach anseo trí pholasaithe árachais agus lena n-éilítear ar cheachtar den bheirt chéile:
  • polasaí árachais a thógáil amach chun sochair an chéile a dhéanann iarratas nó an linbh chleithiúnaigh; agus/nó
  • an sochar atá ag gabháil le polasaí árachais reatha a shannadh don chéile a dhéanann iarratas; agus/nó
  • na préimheanna ar pholasaí a íoc;
  • cearta oidhreachta/comharbais gach céile i gcoinne an chéile eile. Tar éis an cholscartha níl na páirtithe ina gcéilí dá chéile a thuilleadh agus níl gnáthchearta oidhreachta céile acu dá bharr. Tá cásanna áirithe ann fós áfach inar féidir le céile iarratas a dhéanamh chuig an gcúirt ar sciar d'eastát an iar-chéile;
  • socruithe pinsin lena n-athraítear teidlíocht pinsin ceachtar den bheirt chéile. Ní dhéanfaidh an chúirt é seo, áfach, ach amháin mura bhfuil foráil cheart déanta, nó murar féidir sin a dhéanamh, don chéile agus do na leanaí trí orduithe airgeadais eile a dhéanamh. Féadfaidh céile ordú den chineál sin a lorg chun a leasa féin nó chun leasa linbh chleithiúnaigh. I gcás ina mbaineann céile sochar as ordú a dhéanamh lena n-athraítear cearta pinsin in imeachtaí idirscartha bhreithiúnaigh, féadfaidh an chúirt an sochar a mhéadú in imeachtaí colscartha ina dhiaidh sin;
  • féadfar déileáil le nithe éigeandála sealadacha roimh iarratas ar idirscaradh breithiúnach a éisteacht, mar shampla sa chás ina bhfuil céile amháin:
  • ag tabhú fiacha agus ag cur áras an teaghlaigh nó réadmhaoin eile i mbaol;
  • ag bagairt airgead a bhaint as cuntais bhainc nó íocaíocht iomarcaíochta / aisce / cúitimh / damáistí atá sé nó sí ar tí a fháil nó atá faighte aici le déanaí a chaitheamh nó a chur i bhfolach; nó
  • ag bagairt ábhair an tí nó sócmhainní eile teaghlaigh a thógáil as áras an teaghlaigh nó a dhíol.

An féidir liom pósadh in athuair nó dul isteach i bpáirtnéireacht shibhialta tar éis colscaradh a fháil?

Is féidir. Tugann foraithne colscartha an ceart duit pósadh arís nó dul isteach i bpáirtnéireacht shibhialta. 

Má phósann tú arís:

  • ní féidir leat leanúint ar aghaidh ag éileamh cothabhála duit féin ó d’iarchéile; féadfaidh tú, cothabháil a éileamh i leith leanaí cleithiúnacha ón bpósadh roimhe sin áfach; 
  • ní féidir leat iarratas a dhéanamh ar sciar ar bith d'eastát d’iarchéile nuair a gheobhaidh an t-iarchéile sin bás; agus
  • ní féidir leat ordú coigeartaithe réadmhaoine a fháil i d’fhabhar.

An féidir aitheantas a thabhairt in Éirinn do cholscaradh a fuair mé thar lear?

Má fhaigheann tú colscaradh lasmuigh d'Éirinn, féadfar an colscaradh a aithint in Éirinn sa chás ina bhfuarthas é i dtír ina raibh sainchónaí ar cheachtar den bheirt chéile. 

Is coincheap casta dlíthiúil é an sainchónaí. I dtéarmaí ginearálta, áfach, tá sainchónaí ar dhuine sa tír ina bhfuil cónaí air nó uirthi agus a bhfuil sé i gceist aige nó aici cónaí inti go buan. Is féidir iarratas a dhéanamh chuig an gcúirt ar dhearbhú maidir le bailíocht colscartha a fuarthas thar lear.

Sa chás ina bhfuil colscaradh a fuarthas thar lear bailí, baineann na nithe seo a leanas leis an duine a fuair an colscaradh:-

  • tá sé nó sí i dteideal pósadh arís. 
  • d'fhéadfadh go mbeadh sé nó sí i dteideal orduithe airgeadais agus réadmhaoine a lorg i gcoinne a (h)iarchéile, ar an gcoinníoll nár phós an duine a fuair an colscaradh atá ag déanamh iarratais ar orduithe den chineál sin in athuair;
  • féadfaidh sé nó sí cosaint a lorg faoin reachtaíocht maidir le foréigean teaghlaigh;
  • níl sé nó sí i dteideal teacht in oidhreacht ó eastát a (h)iarchéile; agus
  • níl sé nó sí i dteideal na cosanta a thugtar do chéilí i ndáil le háras an teaghlaigh.

An féidir liom colscaradh a fháil má táim i bpáirtnéireacht shibhialta?

I gcás páirtnéireachtaí sibhialta, is ionann díscaoileadh páirtnéireachta sibhialta agus colscaradh. Féadfaidh duine ar dhíscaoileadh a p(h)áirtnéireachta sibhialta dul isteach i bpáirtnéireacht shibhialta nua nó pósadh. Féadfaidh Cúirt páirtnéireacht shibhialta a dhíscaoileadh sa chás go raibh na páirtnéirí sibhialta ina gcónaí ina n-aonar ar feadh tréimhse, nó ar feadh tréimhsí ar ionann iad agus, dhá bhliain den trí bliana roimhe sin agus go ndéantar foráil cheart don bheirt acu.

An Cheannoifig: 

An Bord um Chúnamh Dlíthiúil, 
Sráid an Chalaidh, 
Cathair Saidhbhín, 
Co. Chiarraí. 
Teil: (066) 947 1000 
Facs: (066) 947 1035
Uimh. Íosghlao 1890 615 2000