Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Cothabháil

Cothabháil Cad is cothabháil ann?

Éilítear ar chéilí / ar pháirtithe sibhialta a chéile a chothabháil ó thaobh airgeadais de ag féachaint dá gcuid acmhainní agus riachtanas. Is éard is cothabháil ann ná tacaíocht airgeadais a íocann duine amháin ar mhaithe lena gcéile /páirtí sibhialta/ agus / nó leanaí cleithiúnacha.

An féidir liom iarratas a dhéanamh ar chothabháil ó mo chéile/ mo pháirtí sibhialta fiú má chónaím leis/léi?

Féadfaidh céile / páirtí sibhialta iarratas a dhéanamh ar chothabháil fiú má chónaíonn sé nó sí leis an gcéile/bpáirtí sibhialta eile.

An féidir liom iarratas a dhéanamh ar chothabháil ó m’iarpháirtí más rud é nach bhfuilimid pósta?

Is iondúil nach féidir leat ach iarratas a dhéanamh ar chothabháil chun do leanaí a chothú i ndálaí den chineál sin. Más "comhchónaitheoir cáilithe" tú, áfach, d’fhéadfadh sé gur féidir leat iarratas a dhéanamh ar chothabháil chun tú féin a chothú. Chun a bheith i do "chomháitritheoir cáilithe" ní mór duit a bheith tar éis cónaí le d’iarpháirtí ar feadh dhá bhliain ar a laghad má tá leanaí agaibh nó cúig bliana ar a laghad mura bhfuil leanaí agaibh. Ina theannta sin ní féidir leatsa ná le d’iarpháirtí a bheith pósta le duine éigin eile, nó má tá ceachtar agaibh pósta, ní mór don duine (daoine) atá pósta a bheith ag cónaí ina n-aonar ar feadh ceithre bliana de na cúig bliana seo caite ar a laghad. Féach Cearta Comhchónaitheoirí chun tuilleadh eolais a fháil.

Cé atá freagrach as leanaí a chothabháil?

Tá an bheirt thuismitheoirí, bídís pósta nó scaoilte, freagrach as a gcuid leanaí a chothabháil.

Cé atá in ann iarratas a dhéanamh chun leanbh a chothabháil?

Féadfaidh tuismitheoir, caomhnóir dlíthiúil, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte nó aon duine eile lena mbaineann stádas dlíthiúil maidir le leanbh cleithiúnach iarratas a dhéanamh ar chothabháil i leith an linbh sin. Is ionann leanbh cleithiúnach agus:

  • duine atá faoi bhun ocht mbliana déag d'aois;
  • duine atá faoi bhun trí bliana fichead agus in oideachas lánaimseartha; nó
  • duine atá cleithiúnach ar a t(h)uismitheoirí de bharr míchumais.

Cad is féidir liom a dhéanamh más rud é nach bhfuilimid in ann teacht ar chomhaontú maidir le cothabháil?

Sa chás sin, ní mór duit iarratas a dhéanamh chun na cúirte. Is féidir leat iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Dúiche nó chuig an gCúirt Chuarda. Braitheann an chúirt chuig a ndéanann tú an t-iarratas ar an méid cothabhála atá á lorg agat.

An Chúirt Dúiche

Faoi láthair féadfaidh an Chúirt Dúiche suim ar bith suas go €500.00 in aghaidh na seachtaine a dheonú i gcás céile / páirtí sibhialta agus €150.00 in aghaidh na seachtaine i gcás gach linbh.

An Chúirt Chuarda

Ní mór duit iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Chuarda má tá os cionn €500.00 do chéile / pháirtí sibhialta agus os cionn €150.00 in aghaidh na seachtaine do gach leanbh á lorg agat.

An bhféadfaidh an Chúirt Dúiche agus an Chúirt Chuarda araon orduithe cnapshuime cothabhála a dhéanamh?

Féadfaidh an Chúirt Dúiche agus an Chúirt Chuarda araon orduithe cnapshuime cothabhála a dhéanamh, cé nach féidir leis an gCúirt Dúiche ordú mó ná €15,000.00 a dhéanamh faoi láthair.

Conas is féidir cothabháil a íoc?

D'fhéadfadh ordú cothabhála treoir a thabhairt do pháirtí amháin cothabháil a íoc go díreach leis an bpáirtí eile in airgead tirim nó chuig banc nó cuntas eile. Féadfaidh an Chúirt a ordú freisin go n-íocfar an chothabháil le Cléireach na Cúirte Dúiche, a chuireann ar aghaidh an íocaíocht chuig an duine a bheidh á fáil. Is é an buntáiste a bhaineann leis sin ná, sa chás ina bhfuil riaráistí cothabhála i gceist, go ndéanfaidh Cléireach na Cúirte Dúiche iarracht íocaíocht a fhorfheidhmiú, in áit iallach a bheith ar an bpáirtí a bheidh ag fáil an airgid sin a dhéanamh.

Cad is féidir liom a dhéanamh mura bhfuil an chothabháil atá dlite dom á híoc?

Mura bhfuil an chothabháil á íoc is féidir leat iarratas a dhéanamh chuig an gcúirt ar:-

  • ordú um astú tuillimh. Ní féidir sin a dhéanamh mura bhfuil an páirtí is íocóir fostaithe. Tugann an t-ordú um astú tuillimh treoir dá f(h)ostóir an chothabháil a asbhaint óna c(h)uid tuillimh agus í a chur ar aghaidh chuig cléireach na cúirte nó chuig an bpáirtí a bheidh ag fáil na cothabhála; nó
  • ordú forfheidhmithe i leith riaráistí cothabhála. Is féidir é sin a dhéanamh cibé an bhfuil an páirtí is íocóir fostaithe nó nach bhfuil. Féadfaidh an chúirt barántas gabhála a eisiúint don pháirtí is íocóir má chliseann air/uirthi a bheith os comhair na cúirte tar éis do na himeachtaí forfheidhmithe a bheith seirbheáilte air/uirthi. Is é an smachtbhanna deiridh ná go bhféadfar an páirtí is íocóir a chur i bpríosún má chruthaítear don chúirt go bhfuil sé nó sí neamhthoilteanach seachas neamhábalta a íoc. Sochair leasa shóisialaigh Má dhéanann tú iarratas chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh, d’fhéadfadh sé go n-iarrfadh an Roinn sin ort iarratas a dhéanamh ar chothabháil, má tá tú i dteideal cothabhála agus nach bhfuil sí á fháil agat.

Conas is féidir cothabháil a athrú nó a thabhairt chun críche?

Féadfaidh duine a íocann nó a fhaigheann cothabháil iarratas a dhéanamh athuair chuig an gcúirt a rinne an t-ordú cothabhála le haghaidh:

  • éagsúlú ar an ordú cothabhála, .i. athrú ar mhéid na cothabhála, mar shampla, d'fhéadfadh páirtí suim níos mó a lorg.
  • ordú cothabhála a urscaoileadh, is é sin, oibleagáid íoctha a thabhairt chun críche. Go ginearálta, déantar na hiarratais sin sa chás ina dtarlaíonn athrú ar imthosca an chéile atá ag íoc ó rinneadh an t-ordú ar dtús.
  • Má tá iarratas á dhéanamh ar an urscaoileadh mar nach bhfuil ar chumas an duine a bhfuil an chothabháil á híoc aige nó aici í a íoc, beidh air nó uirthi é sin a chruthú don Chúirt.

Féadfaidh an Chúirt cinneadh a dhéanamh an chothabháil a éagsúlú nuair atá iarratas forfheidhmithe á láimhseáil aici agus nuair atá sé soiléir go bhfuil athrú tagtha ar dhálaí ó rinneadh an t-ordú cothabhála.

An féidir cothabháil a fháil ó dhaoine a chónaíonn i dtíortha eile?

Is féidir ordú cothabhála a fháil agus a fhorfheidhmiú i gcoinne daoine a chónaíonn i dtíortha áirithe thar lear. Is féidir tuilleadh eolais maidir le cothabháil ó chéile nó ó pháirtí a chónaíonn thar lear a fháil ó d’oifig áitiúil dlí.

An Cheannoifig:

An Bord um Chúnamh Dlíthiúil,

Sráid an Chalaidh,

Cathair Saidhbhín,

Co. Chiarraí.

Teil: (066) 947 1000

Facs: (066) 947 1035

Uimh. Íosghlao 1890 615 2000