Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Faillí Cúram Leighis

Cad is faillí cúram leighis ann?

Is féidir faillí cúram leighis a shainmhíniú mar ghníomh ag aon bhall foirne leighis nó ball foirne ospidéil/clinic a thiteann faoi chaighdeán inghlactha cúraim agus d’fhéadfadh sí a bheith ina cúis dhíreach díobhála nó galair nó d’fhéadfadh sláinte duine dul in olcas dá barr.

Conas is féidir leis an mBord um Chúnamh Dlíthiúil cabhrú?

Tá Aonad Faillí Cúram Leighis tiomanta ag an mBord. Cinneann an fhoireann san Aonad seo cibé an bhfuil cás inmharthana agat de réir Dlí agus cibé i dtaobh tuillteanais do cháis ar leith, an bhfuil seans maith agat do chás a chruthú sa Chúirt nó nach bhfuil.

Beidh tuairisc leighis ó shaineolaí cáilithe i réimse ábhartha ag teastáil ón Aonad a chaithfidh a dhearbhú cibé ina tuairim/ina thuairim, ar thit an chóireáil a fuair tú faoin gcaighdeán tairsí a bhfuiltear ag súil leis nó nár thit.

Tá feidhm ag na gnáth-thairsí airgeadais agus is féidir iad a fháil anseo.

Conas iarratas a dhéanamh?

Más mian leat iarratas a dhéanamh i ndáil le cás maidir le faillí cúram leighis, déan teagmháil leis an Aonad a bhfuil a gcuid sonraí leagtha amach thíos. Nó is féidir leat iarratas a dhéanamh díreach chuig aon ionad dlí, teacht ar nasc ionad dlí agus déanfaimid d'iarratas a tharchur go díreach chuig an aonad.

Sonraí Teagmhála

An tAonad um Fhailí um Chúram Leighis
Cúirt Montague
7-11 Sráid Montague
Baile Átha Cliath 2
D02 FT96

Teil: 01 4776208

Facs: 01 4776241

Ríomhphost: MNU@legalaidboard.ie