Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Faisnéis na hEarnála Poiblí a ath-úsáid

Tá an Bord um Chúnamh Dlíthiúil ag cloí leis na Rialacháin maidir le Faisnéis na hEarnála Poiblí a ath-úsáid (IR Uimh. 279 2005).

Is cóipcheart an Bhoird í mura luaitear a mhalairt an fhaisnéis atá ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil. Ceadaítear ath-úsáid na faisnéise seo, saor in aisce, i bhformáid ar bith. San áireamh le hath-úsáid tá cóipeáil, eisiúint na gcóipeanna don phobal, foilsiú, craoladh agus aistriú go teangacha eile. San áireamh leis chomh maith tá taighde neamhthráchtála agus staidéar.

Is féidir faisnéis agus doiciméid a fhaightear ón suíomh gréasáin seo a athléiriú agus/nó a ath-úsáid faoi réir ag an gceadúnas PSI is déanaí atá ar fáil ag www.psi.gov.ie. Go hachomair, tá sé riachtanach don úsáideoir:

  • foinse na faisnéise agus cóipcheart an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil a admháil nuair a dhéantar faisnéis a sholáthar do dhaoine eile
  • an fhaisnéis a athléiriú go cruinn
  • gan an fhaisnéis a úsáid i slí mhíthreorach 
  • gan an fhaisnéis a úsáid i slí a thabharfadh le fios go bhfuil formhuiniú ann ón mBord um Chúnamh Dlíthiúil sa chás nár tugadh a leithéid d'fhormhuiniú 
  • gan an fhaisnéis a úsáid chun críocha fógraíochta nó táirge nó seirbhíse áirithe a chur chun cinn, agus
  • gan an fhaisnéis a úsáid chun tacú le cuspóirí mídhleathacha, mímhorálta, calaoiseacha nó mí-ionraice.


Níl an Bord um Chúnamh Dlíthiúil dlite as caillteanas nó dliteanas ar bith a bhaineann le ath-úsáid na faisnéise agus ní dheimhníonn sé go bhfuil an fhaisnéis suas chun dáta nó saor ó earráid. Níl údarú ón mBord ag úsáideoir ar bith cearta eisiacha a bheith acu a fhaisnéis a ath-úsáid.

Le haghaidh achoimre ar fhaisnéis an tsuímh gréasáin seo atá ar fáil le hath-úsáid, féach ar léarscáil an tsuímh.

Tá lámhleabhar an Bhoird faoi alt 15 na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise ar fáil ag Saoráil Faisnéise

D'fhonn fiosrú a dhéanamh maidir le hath-úsáid faisnéise na hearnála poiblí sa Bhord um Chúnamh Dlíthiúil, déan teagmháil le:

Eileen Bowden
An Bord um Chúnamh Dlíthiúil
Sráid an Chalaidh
Cathair Saidhbhín
Co. Chiarraí

Teil: 066 9471000
Ríomhphost: embowden@legalaidboard.ie