Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Athbhreithniú agus achomhairc ar chinntí

Féadfaidh cinneadh ar bith a ghlacaimid a athbhreithniú agus/nó achomharc a dhéanamh ina choinne. Tugann sé seo an deis duit go ndéanfar athbhreithniú ar d'iarratas i bhfianaise eolas nua, nó achomhairc i gcoinne an cinneadh tosaigh a dhéanamh chun coiste achomhairc de chuid an Bhoird.


Athbhreithniú

Ciallaíonn athbhreithniú go bhféadfaidh tú nó d'aturnae eolas breise a chur chugainn agus a iarradh orainn athmhachnamh a dhéanamh ar an gcinneadh a ghlacamar. Is é cuspóir an athbhreithnithe ná deis a thabhairt dúinn athscrúdú a dhéanamh – agus más cuí an cinneadh a glacadh a bhfuil ina chúis leis an diúltú a fhreaschur - i bhfianaise an eolais nua atá á chur isteach.

Féadfaidh tú iarratas ar athbhreithniú a dhéanamh le d'aturnae (nó le haon bhall foirne san ionad dlí, mura n-insíodh duit cén aturnae atá agat). Féadfaidh tú dul i dteagmháil leis an gcinnteoir é féin chun iarratas ar athbhreithniú a dhéanamh.

Ní gá duit eolas breise a chur isteach le haghaidh athbhreithniú. Ach mura ndéanann tú amhlaidh is dóigh go ndéanfaimid an cinneadh céanna. Is ar mhaithe leat féin atá sé gach eolas atá ar fáil a chur isteach nuair atá athbhreithniú á iarraidh agat. Déanfaidh duine níos sinsearaí ná an duine a rinne an bunchinneadh aon athbhreithniú i gcás nach bhfuil eolas nua ar bith curtha ar fáil ann.

Ní mór duit athbhreithniú a iarraidh laistigh de mhí ón dáta a ndearnadh an bunchinneadh.

Achomhairc

Féadfaidh tú achomharc a dhéanamh i gcoinne cinneadh ar bith, lena n-áirítear aon chinneadh a rinneadh i ndiaidh athbhreithniú a dhéanamh ar an mbunchinneadh. Déanfaidh coiste achomhairc ina bhfuil cathaoirleach agus ceithre ghnáthbhaill de bhord an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil ann nach mór beirt acu siúd a bheith ina n-aturnaetha nó abhcóidí atá ag cleachtadh a ngairme d’achomarc a mheas. Ní bheidh baill den choiste achomhairc ina mbaill dár bhfoireann.

Féadfaidh tú iarratas ar athbhreithniú a dhéanamh le d'aturnae (nó le haon bhall foirne san ionad dlí, mura n-insíodh duit cén aturnae atá agat). Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an gCeannoifig go díreach chun iarratas ar athbhreithniú a dhéanamh.

Ní mór duit athbhreithniú ar an mbunchinneadh a iarraidh laistigh de mhí ón dáta a ndearnadh an bunchinneadh, seachas i gcás go ndearnadh tú iarratas cheana. Má rinne tú iarratas ar athbhreithniú, tá mí eile agat agus inseofar toradh an athbhreithnithe duit ina dhiaidh sin.

Is cinneadh críochnaitheach é cinneadh an choiste achomhairc.

Cinntí chun stop a chur le do chúnamh dlíthiúil

Ní chuirfimid stop le do chúnamh dlíthiúil ach sna cúinsí is tromchúisí – mar shampla, mura bhfuil tú ag comhoibriú leis na téarmaí faoinar thugamar cúnamh dlíthiúil duit, murar íoc tú ranníoc, nó má tá tú ag caitheamh lenár bhfoireann nó leis an aturnae/abhcóide a chuireamar ar fáil duit ar bhealach ionsaitheach nó ar bhealach dainséarach. Tabharfaimid fógra cóir duit i gcás a bhfuilimid ag smaoineamh air stop a chur le do chúnamh dlíthiúil agus na cúiseanna leis sin, seachas i gcás a bhfuilimid den tuairim go mbeidh sé dainséarach dár bhfoireann déanamh amhlaidh.

Má smaoineoimid chun stop a chur le do chúnamh dlíthiúil scríobhfaimid chugat ag insint duit go bhfuil sé ar intinn againn ár gcomhairle dlí a tharraingt siar, do dheimhniú um chúnamh dlíthiúil a chúlghairm nó a fhoirceannadh. Beidh mí amháin agat i ndiaidh dúinn é sin a dhéanamh lena insint dúinn cén fáth nár ceart dúinn déanamh amhlaidh. Faoin tráth sin ní bheidh an cinneadh críochnaitheach glactha againn agus ní fhéadfaidh tú athbhreithniú ná achomhairc a iarraidh fós. Ní chuirfimid stop le do chúnamh dlíthiúil go dtí go bhfuil an mhí thart nó más féidir leat eolas/cúiseanna a thabhairt dúinn gan stop a chur leis, cibé acu is túisce. Déanfaimid machnamh ar aon eolas nó ar aon chúis a thug tú dúinn gan stop a chur le do chúnamh dlíthiúil sula nglacfaimid cinneadh cibé an gcuirfear stop le cúnamh dlíthiúil nó nach gcuirfear.

Má chinnfimid stop a chur le do chúnamh dlíthiúil, scríobhfaimid chugat lena insint duit gur tharraing do chúnamh dlíthiúil siar nó go ndearnadh do dheimhniú um chúnamh dlíthiúil a chúlghairm/a fhoirceannadh. Féadfaidh tú a iarraidh orainn an cinneadh a athbhreithniú agus/nó achomharc a dhéanamh ina choinne.

Má chinnfimid an deimhniú um chúnamh dlíthiúil a chúlghairm (in áit é a fhoirceannadh) caithfear leat ar nós nach bhfuair tú aon chúnamh dlíthiúil riamh. Beidh ort an Bord a aisíoc as an méid a chostáil sé orainn ionadaíocht dhlíthiúil a chur ar fáil duit go dtí an pointe sin. Ní dhéanfaimid seo ach sna cúinsí is eisceachtúla.