Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Finnéithe Saineolacha agus Soláthraithe Seirbhíse i gCásanna Sibhialta

I gcásanna cúnaimh dlí shibhialta, ní féidir le haturnae saineolaí a fhostú chun tuarascáil a sholáthar nó táillí a íoc le finné saineolach, gan faomhadh roimh ré a lorg ónár gCeannoifig.  Ní mór go ndéanann aturnaetha iarratas sonrach ar údarás i ngach cás inar mian leo saineolaí a choimeád nó inar mian leo go bhfreastalóidh finné ar an gcúirt. Deonaítear faomhadh i bhfoirm “údaráis” (más cás comhairle, amháin, atá sa chás) nó i bhfoirm “deimhniú leasaithe cúnaimh dlí” (i gcásanna cúnaimh dlí). Chomh maith leis sin, is féidir le haturnae faomhadh a lorg le haghaidh costais bhreise ag an tráth a dheonaítear an deimhniú um chúnamh dlí.

Táillí

Tá dualgas orainn glacadh le scála táillí le haghaidh saineolaithe / finnéithe atá comhsheasmhach lena mhacasamhail de rátaí a íocann soláthraithe seirbhíse poiblí eile.

Liosta na dtáillí uasta le haghaidh saineolaithe i gcásanna cúnaimh dlí shibhialta.