Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Táillí agus eisíocaíochtaí finnéithe

Tá tagairt do na forálacha sin sna hailt ó 22 go 24 faoi théarmaí agus coinníollacha Scéim na gCleachtóirí Príobháideacha don Chúirt Chuarda: 

22. Má mheasann aturnae nó gnólacht go bhfuil bearta eile riachtanach chun éileamh cliaint a chur chun cinn agus go gcosnóidh siad níos mó ná mar atá údaraithe sa teastas, má mheasann sé nó sí mar shampla gur cóir tuairisc ghairmiúil a fháil nó go bhfuil finnéithe gairmiúla nó eile ag teastáil, ní mór iarratas a dhéanamh i scríbhinn chuig an mBord ag iarradh leasú ar an teastas chun a leithéid de chaiteachas a cheadú. Ba chóir dóthain faisnéise a sholáthar in iarratas den sórt ag insint go háirithe faoin gcaoi a rachadh an caiteachas breise chun tairbhe do chás an chliaint, chun go bhféadfar cinneadh a dhéanamh faoi agus go bhféadfaidh an Bord géilleadh d'fhorálacha an Achta nuair atá an t-iarratas á mheas. 

23. Cuirfidh an Bord teastas leasaithe ar fáil má chinntítear faomhadh a thabhairt don iarratas. Ní iarrfaidh aturnae tuairiscí, ní fhostóidh finnéithe agus ní thabhóidh costais nó speansais ach amháin faoi mar atá údaraithe de bhun Teastais nó teastais leasaithe. Ní bheidh an Bord freagrach as aon chostas nó speansas ach amháin iad sin ar tugadh faomhadh roimh ré i scríbhinn dóibh.

24. Féadfar na nósanna imeachta bainteacha maidir le hathbhreithniú agus achomhairc atá sna Rialacháin um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta 1996 (Rialachán 12) a úsáid má chinneann an Bhoird diúltú d'iarratais chun finnéithe gairmiúla nó finnéithe saineolacha a fháil

Is chuig Ionad na gCleachtóirí Príobháideacha is chóir iarratais a dhéanamh le haghaidh leasaithe ar theastais chúnaimh dhlíthiúil. Tá scála an Bhoird um tháillí finnéithe nó saineolaithe leagtha amach thíos. Tá roinnt míreanna eisíoca ann a bheidh an t-iarratasóir freagrach astu de gnáth. 

Táillí agus Costais le haghaidh Finnéithe Gairmiúla agus Saineolacha

Is iad seo a leanas na táillí atá iníoctha le cleachtóirí míochaine:

  • Gnáthdhochtúir Ginearálta suas le: €215
  • Comhairleach suas le: €385


Táillí ar Thuairisc Mheasúnaithe an Teaghlaigh don Síceolaí / Síciatraí:

  • Scrúdú agus an chéad tuairisc suas le €385
  • Scrúdú agus tuairisc - an dara duine den teaghlach €385
  • Gach ball breise den teaghlach – agallamh €300
  • Gach seisiún grúpa - agallamh €300


Tuairisc leantach:

  • Dochtúir Ginearálta / Comhairleach suas le- €185
  • Síciatraí / Síceolaí suas le €300


Freastal ar an gCúirt:


(Lena n-áirítear dul i gcomhairle le habhcóide lá na héisteachta más gá)

  • Leathlá (maidin nó tráthnóna) suas le €515/ €555
  • Lá iomlán suas le €765 / €805

(Bíonn €515 i bhfeidhm nuair atá an Comhairleach laistigh de 30 ciliméadar ón ionad Cúirte: bíonn €555 i bhfeidhm nuair atá an Comhairleach níos mó ná 30 ciliméadar ón gCúirt).

Dul i gcomhairle le habhcóide lá eile seachas lá na héisteachta suas le 210 in aghaidh na huaire

Dul i gcomhairle le comhairleach míochaine an pháirtí eile:

  • Ar an teileafón suas le €60 
  • Trí chomhfhreagras suas le €85
  • Trí bheith i láthair ag scrúdú suas le €150/€175 (Braitheann seo ar thaisteal a bheith níos mó nó níos lú ná 10 míle).

Táillí teannta

  • Maidir le táillí teannta laistigh de 20 míle ó ospidéal na gcomhairleach /síciatraithe/ síceolaithe suas le €385
  • Maidir le táillí teannta do Chúirt atá breis agus 20 míle ó ospidéal na gcomhairleach / síciatraithe / síceolaithe suas le €425

Finnéithe Gairmiúla seachas Cleachtóirí Míochaine:

Is iad seo thíos na huastáillí is iníoctha agus ba chóir dul i mbun caibidlíochta más féidir chun táillí níos ísle a shocrú.

Ba chóir socrú a dhéanamh roimh ré faoi tháille iomlán amháin le haghaidh cásanna casta/fada

Cuntasóirí:

  • Comhpháirtithe/Comhlaigh suas le - €205 ina aghaidh na huaire
  • Cúntóirí suas le - €105 ina aghaidh na huaire
  • Achtúirí Comhairleacha suas le €1015

Innealtóirí/Ailtirí/Suirbhéirí Cainníochta:

Ráta foriomlán, .i. an táille iomlán (gan CBL a áireamh) do thuairisc suas le €720 

Grianghraif

Ráta atá le ceadú le haghaidh finnéithe saineolacha - suas le €4 in aghaidh an ghrianghraif

Comhairleach Athinmheachán Gairme / Teiripeoir Saothair agus Meastóir  Gairme 

Ráta foriomlán, .i. an uastáille iomlán (gan CBL a áireamh) do thuairisc suas le €490 

Finnéithe Sibhialta

Ba chóir a insint roimh ré do gach finné sibhialta a bheidh ag freastal ar an gcúirt nó sula n-iarrtar orthu éileamh a chur isteach, go gcaithfear dearbháin a chur ar fáil i leith gach éilimh ar chostais amhail tacsaithe, tuilleamh caillte, páirceáil, béilí agus taisteal. Ní íocfar éilimh mura bhfuil dearbháin mar thacaíocht leo. Níl finnéithe sibhialta i dteideal éileamh a dhéanamh ar mhíleáiste de réir rátaí na státseirbhíse fiú má tá siad fostaithe nó má bhídís fostaithe tráth sa tseirbhís phoiblí. Más gá don fhinné sibhialta a c(h)arr príobháideach féin a úsáid, íocfar costais taistil de réir ráta 68.47 cent in aghaidh an mhíle (42.55 cent in aghaidh an chiliméadair)

Ní mór d'fhostóir an iarrthóra éilimh maidir le tuilleamh a cailleadh a dhearbhú agus ní foláir an mórchaillteanas agus an glanchaillteanas tuillimh atá á éileamh a shonrú. Ní mór do dhuine féinfhostaithe nóta a fháil óna c(h)untasóir ag dearbhú go bhfuil an caillteanas tuillimh fíor. Caithfidh finnéithe uimhir IAS a sholáthar má tá siad ag freastal mar fhinnéithe saineolacha agus éileamh á dhéanamh acu ar an tuilleamh nó ar na táillí cuí a chaillfear, toisc go mbeidh an tuilleamh seo faoi réir ag cáin shiarchoinneálach.

Táthar ag súil nach gcaillfeadh fostaithe in Eagraíochtaí Stáit ar nós Údarás Áitiúil agus Boird Sláinte aon ioncam agus nach mbeadh orthu saoire bhliantúil a ghlacadh nuair a bhíonn siad ag freastal ar Chúirteanna mar fhinnéithe i gcásanna ina bhfuil cúnamh dlíthiúil ag daoine. Má éilíonn na daoine sin cúiteamh de bharr tuilleamh a bheith caillte acu nó toisc go raibh orthu saoire bhliantúil a ghlacadh, ba chóir an tuiscint sin a chur in iúl dóibh agus iarradh orthu labhairt lena bhfostóirí.

Tá sé thar a bheith tábhachtach go n-iarrfaí ar fhinnéithe a gcostais a choinneáil ar leibhéal réasúnta, go mór mór má bhíonn orthu taisteal ó thíortha thar lear.

Eisíoc / Táillí - Freagracht an té a bhfuil cúnamh dlíthiúil aige nó aici

Tá roinnt catagóirí ann ina meastar go bhfuil an té a bhfuil cúnamh dlíthiúil aige nó aici freagrach as táillí agus eisíoc. Is iad sin:

Táillí Coimisinéirí

Beidh an cliant freagrach as na táillí seo a íoc má bhíonn air nó uirthi mionnscríbhinn a mhionnú. 
Tá sé seo sa bhreis ar an ranníocaíocht. 

Luachálacha

Is é an chaoi a bhfuil cúrsaí faoi láthair ná go bhfuil leas ag na daoine lena mbaineann i réadmhaoin agus,
ós rud é go bhfuil siad ag iarradh luach na réadmhaoine a fhíorú, ba chóir go mbeidís in ann íoc as.

Iarradh ar Lárionaid Dhlí comhluacháil a shocrú i gcás ina bhfuil siad ag feidhmiú ar son an dá pháirtí agus an socrú sin a iarradh fiú amháin má tá ionadaíocht phríobháideach ag páirtí amháin. 

Fógráin

Sna cásanna nach bhfuil an t-iarratasóir ar an eolas faoi áit chónaithe an fhreagróra sna himeachtaí. Tá duine a bhfuil cúnamh dlíthiúil aige nó aici freagrach as seoladh an fhreagróra bheartaithe a fháil amach agus beidh air nó uirthi íoc as na costais a bhaineann le fógraí a chur sna meáin. 

Cruatan agus cinntí i gcoitinne

In ainneoin na nithe sin uile tá sé de rogha ag an mBord cinneadh a dhéanamh faoi gach aon chás trí thagairt d'fhíricí an cháis féin, agus go mór mór más cosúil go mbeadh cruatan i gceist mura n-údarófaí caiteachas.