Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

An Scéim um Chúnamh Dlíthiúil – Saincheisteanna Coimeádta

Cuid 1 Tugtar réamhrá maidir leis an Scéim i gCuid 1 den doiciméad seo, agus tugtar achoimre ar raon feidhme na Scéime.

1. Ginearálta

Leagtar amach sa doiciméad seo forálacha na Scéime um Chúnamh Dlíthiúil – Saincheisteanna Coimeádta agus tugtar treoir maidir le riar na Scéime ag an mBord um Chúnamh Dlíthiúil.

2. Tosach Feidhme agus riar na Scéime

Soláthraítear sa Scéim um Chúnamh Dlíthiúil – Saincheisteanna Coimeádta (Scéim um Chúnamh Dlíthiúil an ArdAighne roimhe seo) íocaíocht as ionadaíocht dlí san ArdChúirt agus sa Chúirt Uachtarach as cineálacha áirithe cásanna nach gcumhdaítear faoin Scéim um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta nó faoin Scéim um Chúnamh Dlíthiúil Coiriúil. I measc na gcásanna a chumhdaítear tá Iarratais ar Habeas Corpus (Airteagal 40.4.2), Foriarratais ar Bhannaí san ArdChúirt / Chúirt Uachtarach, cineálacha áirithe Iarratas ar Athbhreithniú Breithiúnach, Eiseachadadh, Barántais Ghabhála Eorpacha (féach Rannóg 4 thíos). Is scéim ex gratia é a bunaíodh le cistí a chuir an tOireachtas ar fáil.

Ba í an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais a bhí i mbun riar na Scéime roimhe seo thar ceann an ArdAighne. Ach, ón 1 Meitheamh 2012, aistríodh an sainchúram maidir le riar na Scéime chuig an mBord um Chúnamh Dlíthiúil.

Rinneadh freagracht bhuiséadach na Scéime, a bhain le hOifig an PhríomhAturnae Stáit roimhe seo, le héifeacht ón 1 Meitheamh 2013, a aistriú chuig an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais. Athainmníodh an Scéim, ar tugadh ‘Scéim an ArdAighne’ air roimhe seo agus thug an Roinn an teideal nua ‘An Scéim um Chúnamh Dlíthiúil – Saincheisteanna Coimeádta’ air an 1 Eanáir 2013.

3. Feidhm agus cur i bhfeidhm na Scéime

Is é feidhm na Scéime, in imthosca áirithe, ionadaíocht dlí a sholáthar do dhaoine a dteastaíonn sé uathu ach nach bhfuil in acmhainn íoc as. Ní rogha eile ar chostais atá i gceist. Ar an gcúis sin is gá an tiarratas ar rochtain chuig an Scéim a dhéanamh ag tús na nimeachtaí ar fad.

Níl rochtain den sórt sin uathoibríoch agus caithfidh an tiarratasóir an Chúirt a shásamh nach bhfuil sé nó sí in ann aturnae a choinneáil (nó, nuair is iomchuí, abhcóide) mura mbeidh sé nó sí in ann leas a bhaint as an Scéim. Ní mór don iarratasóir moladh a fháil ón gCúirt don Bhord um Chúnamh Dlíthiúil go gcuirfí forálacha na Scéime i bhfeidhm ar a gcás sonrach féin. Ba chóir do bhaill an phobail a gcomhairle dlí féin a fháil faoi cibé an dtagann an dlíthíocht lena mbaineann faoi fhorálacha na Scéime nó nach dtagann agus freisin maidir lena dteidlíocht (más ann dó) faoin Scéim.

Níl aon dualgas ar dhuine a éilíonn air nó uirthi iarratas a dhéanamh ar rochtain chuig an Scéim agus féadfaidh duine rogha a dhéanamh a ionadaíocht dlí nó a hionadaíocht dlí féin a mhaoiniú go príobháideach agus ó chistí pearsanta. Mar sin féin, duine a roghnaíonn iarratas a dhéanamh ar chúnamh faoin Scéim seo, má éiríonn lena iarratas nó lena hiarratas, ní bhfaighidh siad ionadaíocht dlí ach amháin laistigh d’fhorálacha na Scéime.

Ina theannta sin, ní bhfaighidh cleachtóirí dlí a roghnaíonn ionadaíocht a sholáthar d’iarratasóirí na Scéime aisíocaíocht ach amháin i gcomhréir le forálacha na Scéime mar atá leagtha amach sa doiciméad seo. Moltar gur cheart do chleachtóirí dlí faoin dáta is luaithe ar bith iad féin a shásamh go bhfuil a gcliant agus an dlíthíocht lena mbaineann cuimsithe ag forálacha na Scéime.

4. Raon na Scéime

Is socrú riaracháin, neamhreachtúil é an Scéim um Chúnamh Dlíthiúil – Saincheisteanna Coimeádta ina ndéantar íocaíochtaí ó Vóta na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais maidir le costais dlí áirithe sna cineálacha dlíthíochta atá leagtha amach thíos ina bhfuil, den chuid is mó, an Stát ina pháirtí (cé nach gá go mbeadh an Stát mar pháirtí in imeachtaí atá incháilithe le haghaidh na Scéime).

Tá feidhm ag an Scéim i gcás na gcineálacha dlíthíochta seo a leanas (nach gcumhdaítear faoi Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta nó Coiriúil):

(i) Iarratais Habeas Corpus (Airteagal 40.4.2) (féach Cuid 2).

(ii) Foriarratais ar Bhannaí sa Chúirt Uachtarach (féach Cuid 2).

(iii) Athbhreithnithe Breithiúnacha ina bhfuil nó ina gcuimsítear Certiorari, Mandamus nó Toirmeasc agus a bhaineann le hábhair choiriúla nó ábhair ina bhfuil cead an iarratasóra faoi shaincheist (féach Cuid 2).

(iv) Iarratais faoi Alt 50 den Acht um Eiseachadadh, 1965, Iarratais agus Eiseachadadh agus Iarratais ar Bharántas Gabhála Eorpach (lena náirítear Iarratais ar Bhannaí a bhaineann go díreach leis na cásanna sin) (féach Cuid 2).

(v) Foriarratais ar Bhannaí ArdChúirte a bhaineann le hábhair choiriúla (féach Cuid 3).

Níl feidhm ag an Scéim ach amháin i gcás imeachtaí den chineál dá dtagraítear thuas, a dhéantar san ArdChúirt agus sa Chúirt Uachtarach. I gcás gur cineál imeachtaí atá i gceist a thagann lasmuigh de raon na Scéime, mar shampla i gcásanna dlí teaghlaigh, ní féidir an Scéim a chur i bhfeidhm ar na himeachtaí sin toisc go mb’fhéidir nach gcuirfí cistí poiblí i bhfeidhm ach amháin chun na cuspóra ar chuir an tOireachtas ar fáil iad. Níl sé faoi rogha an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil cistí poiblí a chur i bhfeidhm do chuspóirí eile.

5. Comhlíonadh cánach

Ní mór do gach cleachtóir dlí atá ag déanamh éilimh ar tháillí faoin Scéim a bheith comhlíontach ó thaobh cánach de. Aon chleachtóir atá ag déanamh iarratais ar tháillí faoin Scéim agus nach bhfuil ar Phainéal um Chúnamh Dlíthiúil Coiriúil i láthair na huaire ní mór dóibh Deimhniú Imréitigh Cánach reatha a chur isteach lena néileamh ar tháillí. Ní mór do chleachtóirí ar an bPainéal um Chúnamh Dlíthiúil Coiriúil a chinntiú go bhfuil Deimhniú Imréitigh Cánach reatha acu ionas go mbeifear in ann a gcuid éileamh a bhreithniú i gcomhair íocaíochta. I gcás ina bhfuil aturnae ag soláthar ionadaíochta mar fhostaí i ngnólacht aturnae, ní mór Deimhniú Imréitigh Cánach maidir leis an ngnólacht sin, seachas an duine aonair, a chur isteach.

6. Próiseáil na néileamh

D’fhonn cásanna a phróiseáil faoi na cineálacha sonracha dlíthíochta atá leagtha amach thuas, tá feidhm le dhá chóras riaracháin ar leithligh faoin Scéim. Láimhseálann próiseas amháin faoi leith éilimh a bhaineann le hiarratais Habeas Corpus (Airteagal 40.4.2), Athbhreithniú Breithiúnach, Eiseachadadh, Iarratais ar Bharántas Gabhála Eorpach agus Foriarratais ar Bhannaí na Cúirte Uachtaraí agus láimhseálann próiseas eile le Foriarratais ar Bhannaí ArdChúirte a bhaineann le hábhair choiriúla.

Chun críocha an Treoirdhoiciméid seo, soláthraítear faisnéis i gCuid 2 (Rannóga 8 go 17) maidir le héilimh a bhaineann le hIarratais Habeas Corpus, Athbhreithniú Breithiúnach, Barántas Gabhála Eorpach agus Foriarratais ar Bhannaí na Cúirte Uachtaraí agus soláthraítear faisnéis i gCuid 3 (Rannóga 18 go 26) ar éilimh a bhaineann le Foriarratais ar Bhannaí ArdChúirte a bhaineann le hábhair choiriúla a phróiseáil.

7. Tuilleadh eolais

Tá na foirmeacha ábhartha a bhaineann leis an Scéim um Chúnamh Dlíthiúil – Saincheisteanna Coimeádta ar fáil ó láithreán Gréasáin an Bhoird nó trí theagmháil a dhéanamh leis an mBord féin. Ba cheart gach ceist maidir le cur i bhfeidhm na Scéime a chur ar aghaidh chuig an mBord ag na sonraí teagmhála atá leagtha amach thíos. Leis sin, cuireann an Bord um Chúnamh Dlíthiúil fáilte roimh aiseolas maidir leis an Scéim ó gach duine a bhfuil baint acu lena cur i bhfeidhm ó lá go lá.

An Bord um Chúnamh Dlíthiúil,

An Scéim um Chúnamh Dlíthiúil – Saincheisteanna Coimeádta,

Rannóg um Chúnamh Dlíthiúil Coiriúil,

47 Sráid an Mhóta Uachtarach,

Baile Átha Cliath 2.

Teil.: 01 6441913

cla@legalaidboard.ie

Cuid 2 Baineann Cuid 2 den doiciméad seo le Habeas Corpus, Athbhreithniú Breithiúnach, Eiseachadadh, Barántas Gabhála Eorpach agus le Foriarratais ar Bhannaí sa Chúirt Uachtarach.

8. Próiseas riaracháin na néileamh

Mar a luadh i Rannóg 6, tá feidhm le córas riaracháin ar leithligh faoin Scéim um Chúnamh Dlíthiúil – Saincheisteanna Coimeádta chun éilimh a bhaineann le hIarratais Habeas Corpus, ar Athbhreithniú Breithiúnach, Eiseachadadh, Barántas Gabhála Eorpach agus le Foriarratais ar Bhannaí sa Chúirt Uachtarach a phróiseáil. Dá réir sin, ba cheart do dhaoine ar mian leo iarratas a dhéanamh ar chúnamh dlíthiúil maidir leis na cineálacha sin dlíthíochta agus do chleachtóirí dlí ar mian leo cúnamh den sórt sin a sholáthar tagairt a dhéanamh do Rannóga 9 go 17 d’fhonn teacht ar fhaisnéis ábhartha a bhaineann leis an bpróiseas.

9. Incháilitheacht faoin Scéim agus an nós imeachta chun iarratas a dhéanamh

Is é feidhm na Scéime um Chúnamh Dlíthiúil – Saincheisteanna Coimeádta, in imthosca áirithe, ionadaíocht dlí a sholáthar do dhaoine a dteastaíonn sé uathu ach nach bhfuil in acmhainn íoc as. Ní rogha eile ar chostais atá i gceist. Ba cheart a thabhairt ar aird nach bhfuil rochtain uathoibríoch ar an Scéim agus déanfaidh duine ar mian leis moladh a fháil ón gCúirt chuig an mBord um Chúnamh Dlíthiúil gur chóir an Scéim a chur i bhfeidhm na rudaí seo a leanas:

(a) déanfaidh sé nó sí a iarratas féin (go pearsanta nó trína dhlíodóir) ag tús na nimeachtaí,

(b) gheobhaidh sé admháil ón gCúirt maidir le hiarratas den sórt sin ag tús imeachtaí den sórt sin, agus

(c) ag deireadh na nimeachtaí gheobhaidh sé moladh san Ordú Cúirte deiridh go gcuirfí an Scéim i bhfeidhm maidir leis an iarratasóir.

Moltar do dhuine ar mian leis nó léi moladh a fháil ón gCúirt go gcuirfí forálacha na Scéime i bhfeidhm, a iarratas nó a hiarratas féin a dhéanamh (go pearsanta nó trí dhlíodóir) ag tús na nimeachtaí de bhrí nach mbreithneofar cúnamh dlíthiúil i gcomhair aisíocaíochta ach amháin ón dáta a rinneadh an chéad Ordú inar tugadh admháil maidir leis an iarratas (agus ní mar gheall ar na seirbhísí a soláthraíodh sular rinneadh Ordú den sórt sin).

Ní mór don iarratasóir an moladh thuasluaite a fháil ón gCúirt agus breithneoidh an Bord um Chúnamh Dlíthiúil é sin ag cur forálacha na Scéime san áireamh agus, nuair a mheastar iomchuí é, comhairle ó Oifig an PhríomhAturnae Stáit, ó Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí nó, de réir mar is gá, ó Oifig an ArdAighne. Mar sin féin, ba cheart a thabhairt ar aird i ngach cás nach mbreithneofar i gcomhair íocaíochta ach amháin costais réasúnta dlí agus costais gaolmhara agus sin in imthosca ina bhfuil an tiarratasóir agus an dlíthíocht lena mbaineann cumhdaithe go sonrach ag forálacha na Scéime.

Tagraíonn an téarma "tús na nimeachtaí" le tús na nimeachtaí i gCúirt faoi leith. I bhfocail eile, ní dochar d’iarratasóir iarracht a dhéanamh leas na Scéime a chur i bhfeidhm maidir leis nó léi i dtaca le himeachtaí na Cúirte Uachtaraí mar gheall nach ndearna sé nó sí a leithéid d'iarratas maidir leis na himeachtaí san ArdChúirt. Mar sin féin, in imthosca mar sin, níl feidhm siarghabhálach leis an Scéim i gcás daoine a dhéanann éileamh ar chostais faoin Scéim i ndáil le himeachtaí na hArdChúirte. Ba cheart a thabhairt ar aird nuair a théann cás ar aghaidh chuig Cúirt níos airde, nach mór iarratas nua a dhéanamh i gcónaí ar mholadh go gcuirfí forálacha na Scéime i bhfeidhm.

Caithfidh an t-iarratasóir an Chúirt a shásamh nach bhfuil sé nó sí in ann aturnae a choinneáil (nó, nuair is iomchuí, abhcóide) mura mbeidh sé nó sí in ann leas a bhaint as an Scéim. D'fhonn cuidiú leis an gCúirt acmhainní airgeadais an iarratasóra a bhreithniú go stuama ní mór don iarratasóir, agus é nó í ag déanamh iarratais ar an Scéim, Foirm Iarratais CI 3 ar Sheirbhísí Dlí / Dearbhú maidir le hAcmhainní Airgeadais a bheidh comhlánaithe go hiomlán a sheoladh isteach chuig an gCúirt. Ní mór don fhaisnéis a sholáthraíonn an t-iarratasóir a bheith cruinn agus comhlánaithe go hiomlán. Ba chóir a thabhairt faoi deara, i gcás go dtagann sé chun solais gur chuir an t-iarratasóir faisnéis a bhí míthreorach nó a bhí neamhiomlán den chuid is mó isteach chuig an gCúirt, is é beartas an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil nach mbeadh sé oiriúnach táillí dlí srl an iarratasóra a bhreithniú i gcomhair íocaíochta sa chás sin. In imthosca den sórt sin, measfar go mbeidh an t-iarratasóir freagrach as a chostais / costais dlí féin a mhaoiniú.

Ní mór don Chúirt a bheith sásta go dtiteann an cás faoi raon feidhme na Scéime mar atá leagtha amach i Rannóg 4 agus freisin go bhfuil údar maith le habhcóide agus/nó aturnae a shannadh sa chás. Má mheasann an Chúirt go dteastaíonn sé mar gheall ar chastacht nó ar thábhacht an cháis, d'fhéadfaí abhcóide sinsearach amháin a bheith san áireamh sa mholadh i gcomhair abhcóide. Chuige sin, ionas go mbeifear in ann íocaíocht a dhéanamh maidir le habhcóide sinsearach, ní mór an moladh sin a dheimhniú san Ordú Cúirte deiridh.

10. Costais agus táillí aturnae / abhcóide

I gcás go gcuimsítear an tiarratasóir agus an dlíthíocht lena mbaineann i bhforálacha na Scéime, beidh táillí dlí iomchuí iníoctha le haturnae, abhcóide sóisearach agus / nó abhcóide sinsearach de réir mar a mholann an Breitheamh. Déanfar na sonraí beachta maidir le cé ar cheart dóibh íocaíocht a fháil faoin Scéim, de réir mar a mholann an Breitheamh, a shonrú san Ordú Cúirte deiridh. Ní féidir éileamh i gcomhair íocaíochta a bhreithniú nó a phróiseáil d'aon ionadaí dlí nach bhfuil sonraithe ar an Ordú Cúirte. Má mhainnítear a lua san Ordú Cúirte deiridh duine éigin ar tháinig moladh ón mBreitheamh maidir lena chuid costais, luíonn an fhreagracht leis an aturnae iomchuí iarratas a dhéanamh go leasófaí an tOrdú Cúirte go foirmiúil chun an duine sin a chur san áireamh ann.

Ríomhfar na táillí a mbeidh feidhm leo i gcás abhcóide agus aturnaetha a dhéanfaidh ionadaíocht ar an té a gheobhaidh cúnamh dlíthiúil i gcomhréir leis an meicníocht "cothroime" atá i bhfeidhm faoin Acht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Dlíthiúil), 1962 agus na Rialacháin (lena náirítear I.R. 234 / 76) arna ndéanamh faoin Acht sin. Is iad na táillí atá iníoctha le habhcóide faoin Scéim, den chuid is mó, na táillí sin a bheadh iníoctha le habhcóide a bheadh i láthair ar son an Stáit i ngach cás aonair. Go bunúsach, déanfar táillí a íoc le hionadaithe an duine atá ag fáil cúnaimh dhlíthiúil, leis na modhnuithe is gá i bhfeidhm, ar bhonn cothroime leis an Stát. Baineann na táillí atá iníoctha le haturnae leo sin atá iníoctha le habhcóide sóisearach.

D'fhonn an prionsabal cothroime sin a chomhlíonadh, rachaidh an Bord um Chúnamh Dlíthiúil, ar fháil dó éileamh ar tháillí ó ionadaithe dlí an iarratasóra, i gcomhairle le hOifig PhríomhAturnae an Stáit nó le hOifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí le fáil amach cén leibhéal táillí a íocadh ó thaobh an Stáit maidir leis an gcás faoi leith sin. Nuair a meastar go bhfuil gá leis, féachfaidh an Bord le comhairle Oifig an ArdAighne a lorg freisin maidir leis na leibhéil táillí (más ann dóibh) a fhéadfar a íoc in aon chás faoi leith. Anuas ar an socrú "cothroime", nuair a chuirtear in iúl don Bhord um Chúnamh Dlíthiúil cén leibhéal táillí a íocadh ar thaobh an Stáit, déanfar socruithe ionas go níocfar táillí den chineál céanna le hionadaithe an iarratasóra.

I gcásanna nuair nach bhfuil aon bhaint ag an Stát le sraith imeachtaí ach go bhfuiltear ag cur na Scéime um Chúnamh Dlíthiúil – Saincheisteanna Coimeádta i bhfeidhm, cloífear leis an bpróiseas thuas agus lorgófar comhairle maidir le cén leibhéal táille a d'íocfaí sna himthosca céanna i gcás go raibh baint ag abhcóide an Stáit leis an gcás. Lorgófar an chomhairle maidir leis an leibhéal táillí iomchuí a mbeidh feidhm leis ó Oifig PhríomhAturnae an Stáit nó ó Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí nó ó Oifig an ArdAighne, de réir mar is gá.

I gcás go bhfuil níos mó ná iarratasóir amháin i gceist ach nach bhfuil ach ábhar amháin os comhair na Cúirte, déanfaidh an taturnae agus an tabhcóide sannta ionadaíocht ar na hiarratasóirí go léir.

Ba cheart a thabhairt ar aird nach mbeifear in ann íocaíochtaí a réamhcheadú faoin Scéim roimh an Ordú Cúirte deiridh agus aon mholadh a d'fhéadfadh an Chúirt a dhéanamh leis an mBord um Chúnamh Dlíthiúil maidir leis an gcás faoi leith.

11. Cuairteanna Príosúin

I gcás go bhfuil sé riachtanach d'ullmhúchán agus do sheoladh cás cliaint go dtabharfadh aturnae nó abhcóide cuairt ar dhuine i bpríosún i ndáil le dlíthíocht atá sonraithe i Rannóg 4, ba cheart Foirm Éilimh CLA 11 i gcomhair Cuairt Phríosúin a chomhlánú go hiomlán agus ba cheart an freastal a dheimhniú le síniú agus le stampa údaráis an phríosúin. Ba cheart an Fhoirm CLA 11 comhlánaithe agus deimhnithe go hiomlán a sheoladh isteach chuig an mBord um Chúnamh Dlíthiúil mar aon le nóta an aturnae / abhcóide maidir le táillí inar cheart go mbeadh taifead maidir leis an gcuairt mar chuid d'ionadaíocht an chliaint.

Ar mhaithe leis na táillí atá iníoctha leis an gcleachtóir dlí a ríomh, measfar go bhfuil táille chomhairliúcháin ionchorpraithe in íocaíocht atá údaraithe i ndáil le cuairt phríosúin le haghaidh an dáta céanna (.i. ní bhreithneofar ach íocaíocht aonair amháin seachas táille i ndáil leis an gcuairt ar an bpríosún agus táille chomhairliúcháin freisin i gcás go néilítear an dá cheann ar an dáta céanna).

12. Costais aistriúcháin agus ateangaireachta

Faoin Scéim, ní féidir ach amháin leis an aturnae atá ar taifead seirbhísí soláthraí seirbhísí aistriúcháin nó ateangaireachta a fhostú nuair a mheastar go bhfuil sé sin riachtanach chun cás an chliaint a ullmhú agus a sheoladh. Ba cheart do sholáthraí seirbhísí aistriúcháin nó ateangaireachta a chinntiú go gcomhlánaíonn an taturnae ábhartha Foirm Freastail CI 4 d’Aistritheoirí / Ateangairí go hiomlán agus go ndeimhníonn sé é maidir leis na gníomhaíochtaí go léir a bhaineann leis an gcás. Tá an taturnae a fhostaíonn cuideachta ateangaireachta / aistriúcháin freagrach as a rannpháirtíocht a dheimhniú i gcomhréir le forálacha Rannóg 14 thíos.

Nuair is cosúil go mbeidh na costais aistriúcháin agus / nó ateangaireachta níos mó ná €2,000, ní mór d’aturnaetha trí luachan ar a laghad a fháil maidir leis an tseirbhís a chur ar fáil agus fianaise maidir leis sin a chur isteach lena néileamh ar tháillí nuair a thugtar an cás chun críche.

13. Costais finnéithe saineolacha / coimisiúnaithe tuarascálacha

Faoin Scéim, níor chóir seirbhísí finné saineolach (m.sh. saineolaí leighis) nó coimisiúnú tuarascála a lorg ach amháin nuair atá géarghá leis sin chun cás an chliaint a ullmhú agus a sheoladh i gceart. Ba chóir a thabhairt ar aird nach ndéantar aisíocaíocht uathoibríoch i ndáil le costais den sórt sin faoin Scéim agus tabharfaidh duine nó a nionadaí dlí ar mian leis nó léi moladh a fháil ón gCúirt go gcuirfí an Scéim i bhfeidhm i gcás costais den sórt sin scéala foirmiúil don Chúirt (go pearsanta nó trí dhlíodóir) chomh luath agus is féidir sna himeachtaí maidir leis an ngá atá le seirbhísí finné saineolach a lorg nó tuarascáil a choimisiúnú, agus an rún atá acu sin a dhéanamh. Ag deireadh na nimeachtaí, má tá an Chúirt sásta go raibh seirbhísí finné saineolach nó coimisiúnú tuarascála(cha) riachtanach chun an cás a ullmhú agus a sheoladh i gceart, áireoidh an Chúirt ina hOrdú deiridh moladh chuig an mBord um Chúnamh Dlíthiúil ina sonróidh sí cé na finnéithe agus / nó tuarascálacha a bhí riachtanach agus ba chóir a chumhdach faoin Scéim.

Nuair atá measúnú á dhéanamh ar éileamh i gcomhair íocaíochta as finné saineolach nó as coimisiúnú tuarascála, cuirfidh an Bord forálacha na Scéime san áireamh, agus aird á thabhairt ar mholadh na Cúirte agus ní údaróidh sí go níocfar ach as costais réasúnta agus in imthosca inar moladh gur rud riachtanach é finné saineolach a fhostú chun cás an chliaint a ullmhú agus a sheoladh i gceart. Ba cheart don aturnae ábhartha cóip den Ordú Cúirte Deiridh a chur isteach lena bhreithniú (lena néileamh ar tháillí) agus ba cheart an moladh ábhartha a bheith áirithe leis.

Tá an taturnae a fhostaíonn an finné saineolach nó a choimisiúnaíonn tuarascáil freagrach as a rannpháirtíocht a dheimhniú i gcomhréir le forálacha Rannóg 14. Chun críocha iniúchóireachta, ba cheart don aturnae fianaise a choinneáil de na seirbhísí a coimisiúnaíodh lena náirítear cóipeanna de thuarascálacha ábhartha srl.

Is féidir tuilleadh eolais maidir le finnéithe saineolacha a fhostú agus rátaí na dtáillí atá iníoctha faoin Scéim a fháil sa doiciméad “Nósanna Imeachta agus Treoirlínte i ndáil le Táillí mar Fhinné Saineolach a éileamh” atá foilsithe ag an mBord agus ar fáil ag www.legalaidboard.ie.

14. Deimhniú a dhéanann aturnae ar éilimh ar íocaíocht

I gcás go bhfuiltear ag éileamh táillí maidir le costais ateangaireachta, aistriúcháin, mar fhinné saineolach nó costais eile, ní mór an téileamh ar tháillí den sórt sin a chur isteach tríd an aturnae iomchuí a d’fhostaigh an duine aonair / chuideachta chun na seirbhísí a sholáthar d’fhonn cuidiú le cúrsaí a bhaineann le cás an chliaint a ullmhú. Tá aturnae a fhostaíonn cuideachta ateangaireachta, aistriúcháin nó cuideachta eile freagrach as na rudaí seo a leanas:

  • a dheimhniú go raibh gá leis an tseirbhís agus go bhfuil an inniúlacht iomchuí ag an duine nó ag an gcuideachta a sholáthraíonn an tseirbhís chun seirbhís ghairmiúil a sholáthar,
  • nuair is iomchuí, a dheimhniú gur fhreastail an soláthraí seirbhísí ar na dátaí agus na hamanna a d’ordaigh an aturnae agus ag deimhniú freisin cruinneas na nuaireanta a
    oibríodh agus an méid a éilíodh,
  • a dheimhniú go dtagraíonn na costais ateangaireachta nó aistriúcháin do chás sonrach an chliaint amháin agus nach mbaineann sé le haon seirbhísí dá bhforáiltear sna Cúirteanna atá faoi réir conartha ar leithligh arna shocrú ag an tSeirbhís Chúirteanna,
  • a chinntiú go gcuirtear sonrasc bunaidh ón soláthraí seirbhísí ateangaireachta nó aistriúcháin (ina gcaithfidh na sonraí iomlána maidir leis na seirbhísí a cuireadh ar fáil a bheith san áireamh ann) agus go mbíonn Foirm Freastail CI 4 d’Aistritheoirí / Ateangairí atá comhlánaithe go hiomlán ag gabháil leis,
  • a chinntiú go gcuirtear sonrasc bunaidh ón bhfinné saineolach, ina gcaithfidh na sonraí iomlána maidir leis an tseirbhís a cuireadh ar fáil mar aon leis na dátaí ábhartha go léir agus na táillí atá á néileamh i gcás gach míre, isteach le breithniú,
  • nuair is iomchuí, a dheimhniú gur ullmhaigh agus gur chuir an soláthraí seirbhísí tuarascáil le chéile agus a shoiléiriú cibé má úsáideadh an tuarascáil i socrú Cúirte,
  • a chinntiú, chun críocha iniúchóireachta, go gcoinníonn siad fianaise de na seirbhísí a coimisiúnaíodh (lena náirítear cóipeanna de thuarascálacha),
  • a chinntiú go luaitear an Uimhir Thaifid Chúirte shainiúil i ngach cás, go ndéantar ainm an iarratasóra a thaifeadadh go cruinn agus go sonraíonn an soláthraí seirbhísí uimhir shonraisc shainiúil le gach éileamh.

15. Na doiciméid ba cheart a chur san áireamh le héileamh

Mar aon leis na freagrachtaí atá leagtha amach i Rannóg 14, tá an taturnae ar taifead freagrach freisin as an éileamh iomlán a bhailiú agus a chur i gcrích mar aon lena chur isteach thar ceann gach páirtí (aturnae, abhcóide, aistritheoirí, ateangairí, finnéithe saineolacha srl) chuig an mBord um Chúnamh Dlíthiúil lena bhreithniú agus lena phróiseáil.

Dá réir sin, gach páirtí ar mian leo éileamh a dhéanamh faoin Scéim maidir le Habeas Corpus (Airteagal 40.4.2), Athbhreithniú Breithiúnach, Eiseachadadh, Barántas Gabhála Eorpach agus Foriarratais ar Bhannaí sa Chúirt Uachtarach, ba cheart dóibh, faoin dáta is luaithe, na sonraisc ábhartha srl a bhaineann leis na seirbhísí a chuir siad ar fáil don chliant a chur ar aghaidh chuig an aturnae ábhartha lena chinntiú go bhféadfar a néileamh a áireamh leis an éileamh uileghabhálach a dhéanfaidh an taturnae ar tháillí.

I ngach sonrasc, anuas ar na suimeanna a dhéantar a éileamh, ba cheart go mbeadh uimhir shonraisc shonrach agus dáta sonraisc ar gach sonrasc. Ba cheart go mbeadh cuntas mionsonraithe sa sonrasc de na seirbhísí a cuireadh ar fáil mar aon leis na dáta ábhartha agus an méid shonrach atá á éileamh maidir le gach mír atá cumhdaithe sa sonrasc. Ba cheart go mbainfeadh gach sonrasc a chuirtear isteach le cliant / cás amháin agus ba cheart go mbeadh tagairt shoiléir ann d’ainm an chliaint agus d’Uimhir (Uimhreacha) Thaifid na Cúirte.

Chomh maith leis sin, ba cheart don aturnae ábhartha a chinntiú nach gcuirtear isteach ach sonraisc bhunaidh amháin (agus nuair is iomchuí Foirm Freastail CI 4 d’Aistritheoirí / Ateangairí ) maidir leis na seirbhísí éagsúla arna soláthar ar mhaithe le hionadaíocht an chliaint lena néileamh féin ar tháillí dlí chuig an mBord um Chúnamh Dlíthiúil.

Ba cheart an téileamh a chur isteach in éineacht leis na hOrduithe Cúirte iomchuí inar (a) admhaíodh an tiarratas bunaidh ar rochtain chuig an Scéim agus, (b) moladh gur cheart an Scéim um Chúnamh Dlíthiúil – Saincheisteanna Coimeádta a chur i bhfeidhm. Ba cheart a thabhairt ar aird nach bhféadfar éilimh ar tháillí a dhéanamh roimh an Ordú Cúirte deiridh ina moltar go gcuirfí an Scéim i bhfeidhm.

Níor chóir éilimh ar íocaíocht a chur isteach ina bpíosaí toisc go bhféadfaí moill gan ghá a chruthú leis seo nuair a bhítear i mbun measúnaithe iomlán ar éileamh.

16. Éilimh a chur isteach faoin Scéim tuilleadh eolais

Ní mór éileamh ar tháillí a chur isteach ar Fhoirm Éilimh CI 1 don Scéim um Chúnamh Dlíthiúil – Saincheisteanna Coimeádta agus é a bheith comhlánaithe go hiomlán. Cé gur chóir do na cleachtóirí dlí ábhartha ar fad an Fhoirm Éilimh CI 1 a shíniú agus dáta a chur air, is é an t-aturnae iomchuí ba chóir an t-éileamh a bhailiú, a chur i gcrích agus a chur isteach go foirmiúil thar ceann na bpáirtithe go léir lena bhreithniú ag an mBord um Chúnamh Dlíthiúil.

Ba cheart a thabhairt ar aird go seolfar ar ais chuig an aturnae foirmeacha éilimh atá neamhiomlán nó doléite a seoltar isteach gan an doiciméadúchán is gá a chur leo agus beidh ar an aturnae iad a chomhlánú i gceart agus a chur isteach arís. Ba cheart na foirmeacha atá comhlánaithe go hiomlán agus inléite mar aon leis an doiciméadúchán ar fad is gá a chur leis a sheoladh faoin dáta is luaithe chuig an mBord um Chúnamh Dlíthiúil ag na sonraí teagmhála atá sonraithe thíos. Ní mór éilimh den sórt sin a chur isteach tráth nach déanaí ná dhá mhí dhéag ón dáta ar cuireadh an cás i gcrích. Ba chóir a thabhairt ar aird nach mbreithneoidh agus nach bpróiseálfaidh an Bord um Chúnamh Dlíthiúil éilimh a chuirfear isteach tar éis an spriocdháta sin i gcomhair íocaíochta.

17. Fiosrú a dhéanamh maidir le stádas éilimh nó breis eolais a lorg

Ba cheart do gach páirtí a raibh baint acu le hionadaíocht an chliaint (abhcóide, aistritheoirí, ateangairí, finnéithe saineolacha srl) gach fiosrú maidir lena néileamh ar íocaíocht a chur ar aghaidh chuig an ngnólacht aturnae ábhartha a d’fhostaigh iad agus ar chuir siad an téileamh isteach chuige. Ba cheart do ghnólachtaí aturnae aon fhiosruithe atá acu maidir leis an éileamh a chur ar aghaidh iad féin chuig an mBord um Chúnamh Dlíthiúil.

An Bord um Chúnamh Dlíthiúil,

An Scéim um Chúnamh Dlíthiúil – Saincheisteanna Coimeádta,

Rannóg um Chúnamh Dlíthiúil Coiriúil,

47 Sráid an Mhóta Uachtarach,

Baile Átha Cliath 2.

Teil.: 01 6441913

cla@legalaidboard.ie

Cuid 3 Baineann Cuid 3 den doiciméad seo le Foriarratais ar Bhannaí ArdChúirte (a bhaineann le hábhair choiriúla)

18. Próiseas riaracháin na néileamh

Mar a luadh i Rannóg 6, tá feidhm le córas riaracháin ar leithligh faoin Scéim um Chúnamh Dlíthiúil – Saincheisteanna Coimeádta d’fhonn Foriarratais ar Bhannaí ArdChúirte a bhaineann le hábhair choiriúla a phróiseáil. Dá réir sin, ba cheart do dhaoine ar mian leo iarratas a dhéanamh ar chúnamh dlíthiúil maidir le Foriarratas ar Bhannaí ArdChúirte agus do chleachtóirí dlí ar mian leo cúnamh den sórt sin a sholáthar tagairt a dhéanamh do na Rannóga seo a leanas d’fhonn teacht ar fhaisnéis ábhartha a bhaineann leis an bpróiseas.

19. Incháilitheacht faoin Scéim agus an nós imeachta chun iarratas a dhéanamh

Is é feidhm na Scéime, in imthosca áirithe, ionadaíocht dlí a sholáthar do dhaoine a dteastaíonn sé uathu ach nach bhfuil in acmhainn íoc as. Ní rogha eile ar chostais atá i gceist. Ba cheart a thabhairt faoi deara nach bhfuil rochtain uathoibríoch ar an Scéim. Déanfaidh duine ar mian leis moladh a fháil ón gCúirt chuig an mBord um Chúnamh Dlíthiúil gur chóir an Scéim a chur i bhfeidhm na rudaí seo a leanas:

(a) déanfaidh sé nó sí a iarratas féin (go pearsanta nó trína dhlíodóir) ag tús na nimeachtaí, agus

(b) ag deireadh na nimeachtaí gheobhaidh sé moladh ón gCúirt go gcuirfí an Scéim i bhfeidhm maidir leis an iarratasóir.

Tá sé tábhachtach don duine ar mian leis nó léi moladh a fháil ón gCúirt go gcuirfí forálacha na Scéime i bhfeidhm, a chinntiú go ndéantar an tiarratas ag tús na nimeachtaí. Ní bhreithneofar éilimh i gcomhair íocaíochta ach amháin i gcásanna ina bhfuil an tiarratasóir cumhdaithe go sonrach ag forálacha na Scéime. Faoi réir ag a bhreithniú maidir le castacht nó tábhacht an cháis, féadfaidh an Chúirt moladh a dhéanamh go sannfaí aturnae agus/nó abhcóide don iarratasóir.

Tagraíonn an téarma "tús na nimeachtaí" le tús na nimeachtaí i gCúirt faoi leith. I bhfocail eile, ní dochar d’iarratasóir iarracht a dhéanamh leas na Scéime a chur i bhfeidhm maidir leis nó léi i dtaca le himeachtaí na Cúirte Uachtaraí mar gheall nach ndearna sé nó sí a leithéid d'iarratas maidir leis na himeachtaí san ArdChúirt. Mar sin féin, in imthosca mar sin, níl feidhm siarghabhálach leis an Scéim i gcás imeachtaí na hArdChúirte. Ba cheart a thabhairt ar aird nuair a théann cás ar aghaidh chuig Cúirt níos airde, nach mór iarratas nua a dhéanamh i gcónaí ar mholadh go gcuirfí forálacha na Scéime i bhfeidhm.

Caithfidh an t-iarratasóir an Chúirt a shásamh nach bhfuil sé nó sí in ann aturnae a choinneáil (nó, nuair is iomchuí, abhcóide) mura mbeidh sé nó sí in ann leas a bhaint as an Scéim. D’fhonn acmhainní airgeadais an iarratasóra a mheas go stuama, féadfaidh an Chúirt iarraidh ar an iarratasóir faisnéis den sórt sin a chur isteach maidir lena acmhainní nó a hacmhainní féin de réir mar is cuí leis an gCúirt. Leis seo d’fhéadfadh an Chúirt iarraidh go gcuirfí isteach Foirm CI 3 Iarratas ar Sheirbhísí Dlí / Dearbhú maidir le hAcmhainní Airgeadais. Ní mór don fhaisnéis a sholáthraíonn an t-iarratasóir don Chúirt a bheith cruinn agus comhlánaithe go hiomlán.

Ba chóir a thabhairt faoi deara, i gcás go dtagann sé chun solais gur chuir an tiarratasóir faisnéis airgeadais a bhí míthreorach nó a bhí neamhiomlán den chuid is mó isteach chuig an gCúirt, is é beartas an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil nach mbeadh sé oiriúnach táillí dlí srl an iarratasóra a bhreithniú i gcomhair íocaíochta sa chás sin. In imthosca den sórt sin, measfar go mbeidh an tiarratasóir freagrach as a chostais / costais dlí féin a mhaoiniú.

20. Costais agus táillí aturnae / abhcóide

Déantar éilimh ar tháillí cleachtóirí dlí i ndáil le Foriarratais ar Bhannaí Ard-Chúirte trí bhíthin Foirm Éilimh CI 2 um Iarratas ar Bhannaí Ard-Chúirte. Níl táillí iníoctha ach amháin le haturnae agus / nó abhcóide a bhí i láthair sa Chúirt ag an Éisteacht chun ionadaíocht dlí a chur ar fáil don iarratasóir. Íoctar táillí den sórt ar ráta socraithe arna leagan síos ag an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais.

21. Costais aistriúcháin agus ateangaireachta

Faoin Scéim, ní féidir ach amháin leis an aturnae atá ar taifead seirbhísí soláthraí seirbhísí aistriúcháin nó ateangaireachta a fhostú nuair a mheastar go bhfuil sé sin riachtanach chun Foriarratas ar Bhannaí ArdChúirte an chliaint a ullmhú agus a sheoladh. Ba cheart do sholáthraí seirbhísí aistriúcháin nó ateangaireachta a chinntiú go gcomhlánaíonn an taturnae ábhartha Foirm Freastail CI 4 d’Aistritheoirí / Ateangairí go hiomlán agus go ndeimhníonn sé é maidir leis na gníomhaíochtaí go léir a bhaineann leis an gcás. Tá an taturnae a fhostaíonn cuideachta ateangaireachta / aistriúcháin freagrach as a rannpháirtíocht a dheimhniú i gcomhréir le forálacha Rannóg 23 thíos.

Nuair is cosúil go mbeidh na costais aistriúcháin agus / nó ateangaireachta níos mó ná €2,000, ní mór d’aturnaetha trí luachan ar a laghad a fháil maidir leis an tseirbhís a chur ar fáil agus fianaise maidir leis sin a chur isteach lena néileamh ar tháillí nuair a thugtar an cás chun críche.

22. Costais finnéithe saineolacha / coimisiúnaithe tuarascálacha

Faoin Scéim, níor chóir seirbhísí finné saineolach (m.sh. saineolaí leighis) nó coimisiúnú tuarascála a lorg ach amháin nuair atá géarghá leis sin chun cás an chliaint a ullmhú agus a sheoladh i gceart. Ba chóir a thabhairt ar aird nach ndéantar aisíocaíocht uathoibríoch i ndáil le costais den sórt sin faoin Scéim agus tabharfaidh duine nó a nionadaí dlí ar mian leis nó léi moladh a fháil ón gCúirt go gcuirfí an Scéim i bhfeidhm i gcás costais den sórt sin scéala foirmiúil don Chúirt (go pearsanta nó trí dhlíodóir) chomh luath agus is féidir sna himeachtaí maidir leis an ngá atá le seirbhísí finné saineolach a lorg nó tuarascáil a choimisiúnú, agus an rún atá acu sin a dhéanamh. Ag deireadh na nimeachtaí, má tá an Chúirt sásta go raibh seirbhísí finné saineolach nó coimisiúnú tuarascála(cha) riachtanach chun an cás a ullmhú agus a sheoladh i gceart, áireoidh an Chúirt ina hOrdú deiridh moladh chuig an mBord um Chúnamh Dlíthiúil ina sonróidh sí cé na finnéithe agus / nó tuarascálacha a bhí riachtanach agus ba chóir a chumhdach faoin Scéim.

Nuair atá measúnú á dhéanamh ar éileamh i gcomhair íocaíochta as finné saineolach nó as coimisiúnú tuarascála, beidh aird ag an mBord, laistigh d’fhorálacha na Scéime, ar mholadh na Cúirte agus ní údaróidh sí go níocfar ach as costais réasúnta agus in imthosca inar moladh gur rud riachtanach é finné saineolach a fhostú chun cás an chliaint a ullmhú agus a sheoladh i gceart. Ba cheart don aturnae ábhartha cóip den Ordú Cúirte Deiridh a chur isteach lena bhreithniú (lena néileamh ar tháillí) agus ba cheart an moladh ábhartha a bheith áirithe leis.

Tá an taturnae a fhostaíonn an finné saineolach nó a choimisiúnaíonn tuarascáil freagrach as a rannpháirtíocht a dheimhniú i gcomhréir le forálacha Rannóg 14. Chun críocha iniúchóireachta, ba cheart don aturnae fianaise a choinneáil de na seirbhísí a coimisiúnaíodh lena náirítear cóipeanna de thuarascálacha ábhartha srl.

23. Deimhniú aturnae maidir le costais ateangaireachta, aistriúcháin nó finnéithe saineolacha

I gcás go bhfuiltear ag éileamh táillí maidir le costais ateangaireachta, aistriúcháin nó mar fhinné saineolach, ní mór an téileamh ar tháillí den sórt sin a chur isteach tríd an aturnae iomchuí a d’fhostaigh an duine aonair / chuideachta chun na seirbhísí a sholáthar d’fhonn cuidiú le cúrsaí a bhaineann le cás an chliaint a ullmhú. Ba cheart d’aturnae a fhostaíonn cuideachta ateangaireachta, aistriúcháin nó cuideachta nó duine eile an téileamh a chur isteach chuig an Rannóg um Sheirbhísí Comhroinnte Airgeadais den Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais ag na sonraí teagmhála atá leagtha amach i Rannóg 26 agus tá sé freagrach dá réir sin as na rudaí seo a leanas:

  • a dheimhniú go raibh gá leis an tseirbhís agus go bhfuil an inniúlacht iomchuí ag an duine nó ag an gcuideachta a sholáthraíonn an tseirbhís chun seirbhís ghairmiúil a sholáthar,
  • nuair is iomchuí, a dheimhniú gur fhreastail an soláthraí seirbhísí ar na dátaí agus na hamanna a d’ordaigh an aturnae agus ag deimhniú freisin cruinneas na nuaireanta a oibríodh agus an méid a éilíodh,
  • a dheimhniú go dtagraíonn na costais ateangaireachta nó aistriúcháin do chás sonrach an chliaint amháin agus nach mbaineann sé le haon seirbhísí dá bhforáiltear sna Cúirteanna atá faoi réir conartha ar leithligh arna shocrú ag an tSeirbhís Chúirteanna,
  • a chinntiú go gcuirtear sonrasc bunaidh ón soláthraí seirbhísí ateangaireachta nó aistriúcháin (ina gcaithfidh na sonraí iomlána maidir leis na seirbhísí a cuireadh ar fáil a bheith san áireamh ann) agus go mbíonn Foirm Freastail CI 4 d’Aistritheoirí / Ateangairí atá comhlánaithe go hiomlán ag gabháil leis,
  • a chinntiú go gcuirtear sonrasc bunaidh ón bhfinné saineolach, ina gcaithfidh na sonraí iomlána maidir leis an tseirbhís a cuireadh ar fáil mar aon leis na dátaí ábhartha go léir agus na táillí atá á néileamh i gcás gach míre, isteach le breithniú,
  • nuair is iomchuí, a dheimhniú gur ullmhaigh agus gur chuir an soláthraí seirbhísí tuarascáil le chéile agus a shoiléiriú cibé má úsáideadh an tuarascáil i socrú Cúirte,
  • a chinntiú, chun críocha iniúchóireachta, go gcoinníonn siad fianaise de na seirbhísí a coimisiúnaíodh (lena náirítear
    cóipeanna de thuarascálacha),
  • a chinntiú go luaitear an Uimhir Thaifid Chúirte shainiúil i ngach cás, go ndéantar ainm an iarratasóra a thaifeadadh go cruinn agus go sonraíonn an soláthraí seirbhísí uimhir shonraisc shainiúil le gach éileamh.

24. Cuairteanna Príosúin

I gcás go bhfuil sé riachtanach d'ullmhúchán agus do sheoladh cás cliaint go dtabharfadh aturnae nó abhcóide cuairt ar dhuine i bpríosún i ndáil le Foriarratas ar Bhannaí ArdChúirte, ba cheart Foirm Éilimh CLA 11 i gcomhair Cuairt Phríosúin a chomhlánú go hiomlán agus ba cheart an freastal a dheimhniú le síniú agus le stampa údaráis an phríosúin. Ba cheart an Fhoirm CLA 11 comhlánaithe go hiomlán agus deimhnithe a cheangal le Foirm Éilimh CI 2 ar Iarratas ar Bhannaí ArdChúirte agus a chur isteach chuig an gCláraitheoir Cúirte lena chur isteach chuig an Rannóg um Sheirbhísí Comhroinnte Airgeadais den Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais lena phróiseáil, mar atá leagtha amach i Rannóg 25.

Ar mhaithe leis na táillí atá iníoctha leis an gcleachtóir dlí a ríomh, measfar go bhfuil táille chomhairliúcháin ionchorpraithe in íocaíocht atá údaraithe i ndáil le cuairt phríosúin le haghaidh an dáta céanna (.i. ní bhreithneofar ach íocaíocht aonair amháin seachas táille i ndáil leis an gcuairt ar an bpríosún agus táille chomhairliúcháin freisin i gcás go néilítear an dá cheann ar an dáta céanna).

25. Éilimh a chur isteach i gcomhair Foriarratas ar Bhannaí ArdChúirte

Ba cheart Foirm Éilimh aonair CI 2 i gcomhair Iarratas ar Bhannaí Ard-Chúirte a chomhlánú agus ba chóir don aturnae agus / nó abhcóide a bhí i láthair sa Chúirt chun ionadaíocht a dhéanamh ar an iarratasóir an dearbhú a shíniú ar lá na hÉisteachta agus a chur isteach chuig an gCláraitheoir Cúirte iomchuí lena dheimhniú. Faoi réir deimhnithe, cuirfidh an Cláraitheoir sin ar aghaidh díreach é chuig Rannóg um Sheirbhísí Comhroinnte Airgeadais na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais i gCill Airne lena phróiseáil.

I gcás nach féidir Foirm Éilimh a bheidh comhlánaithe go hiomlán ar chur faoi bhráid ar lá na hÉisteachta, ba cheart don chleachtóir dlí an Fhoirm Éilimh CI 2 a chur faoi bhráid an Chláraitheora Cúirte ar an dáta is luaithe ina dhiaidh sin.

Ba chóir a thabhairt ar aird nach mbeidh an Cláraitheoir Cúirte nó Rannóg um Sheirbhísí Comhroinnte na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais i gCill Airne in ann foirmeacha éilimh neamhiomlán nó doléite a phróiseáil. Seolfar éilimh den sórt sin ar ais chuig an aturnae / abhcóide agus beidh orthu iad a chomhlánú i gceart agus iad a chur isteach arís agus dá bharr sin d’fhéadfadh moill a bheith i gceist leis an íocaíocht.

26. Fiosrú a dhéanamh maidir le stádas éilimh nó breis eolais a lorg

Ba cheart do gach páirtí a raibh baint acu le hionadaíocht an chliant le haghaidh Foriarratas ar Bhannaí ArdChúirte aon cheisteanna maidir le próiseáil a néilimh a chur ar aghaidh chuig an Rannóg um Sheirbhísí Comhroinnte den Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais ag na sonraí teagmhála atá leagtha amach thíos. Ba cheart gach ceist maidir le riar na Scéime i ndáil le Foriarratais ar Bhannaí ArdChúirte a chur ar aghaidh chuig an mBord um Chúnamh Dlíthiúil ag na sonraí teagmhála atá leagtha amach thíos.

An Rannóg um Sheirbhísí Comhroinnte Airgeadais,

An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais,

Bóthar Pháirc na bhFianna,

Cill Airne,

Co. Chiarraí.

Teil.: 064 6670300

An Bord um Chúnamh Dlíthiúil,

An Scéim um Chúnamh Dlíthiúil – Saincheisteanna Coimeádta,

Rannóg um Chúnamh Dlíthiúil Coiriúil,

47 Sráid an Mhóta Uachtarach,

Baile Átha Cliath 2.

Teil.: 01 6441913

cla@legalaidboard.ie