Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Scéim Comhairle Dlí Stáisiúin na nGardaí

 

1. Tosú na Scéime

Ar mhaithe leis na socruithe nua a éascú faoinar féidir le dlíodóir freastal ar agallaimh idir Gardaí agus daoine atá á gcoinneáil i Stáisiúin na nGardaí, tá an Scéim um Chomhairle Dlí Stáisiún an Gharda Síochána á leathnú. Cé go dtosóidh an Scéim Leasaithe um Chomhairle Dlí Stáisiún an Gharda Síochána ar 15 Lúnasa 2014, is iad na rátaí iníoctha atá leagtha amach sa tábla dar teideal Rátaí na dTáillí i gCuid 5 den doiciméad seo a bheidh i bhfeidhm ó 7 Bealtaine 2014 ar aghaidh.

Is treoirleabhar an doiciméad seo ar na forálacha nua atá á dtabhairt isteach faoin Scéim mar a chuirfidh an Bord um Chúnamh Dlíthiúil i bhfeidhm í. De réir pleananna, déanfar monatóireacht leanúnach ar chur i bhfeidhm na Scéime agus déanfar athbhreithniú uirthi nuair is gá agus nuair a cheaptar gur cuí. Déanfaidh an Bord um Chúnamh Dlíthiúil athbhreithniú ar an Treoirdhoiciméad seo de réir athbhreithnithe ar bith eile a dhéanfar ar an Scéim, má tharlaíonn a leithéid.

 

2.  An Scéim Leasaithe

Baineann dhá eilimint leis an Scéim Leasaithe um Chomhairle Dlí Stáisiún an Gharda Síochána: 

-   Scéim um Chomhairle Dlí Stáisiún an Gharda Síochána mar atá sí faoi láthair

le leanúint ar aghaidh na socraithe a bhaineann le rátaí iníoctha maidir leis na comhchomhairlí teileafóin agus na comhchomhairlí i Stáisiún na nGardaí idir an dlíodóir agus an duine atá á choinneáil. Coimeádfar na teorainneacha reatha a bhaineann le líon na gcomhchomhairlí lena mbaineann táille. Bainfidh fós na socruithe atá ann faoi láthair maidir le táille Éisteacht le haghaidh Síneadh Ama a íoc.

-   Bainfidh rátaí íocaíochta nua le freastal an dlíodóra ar Staisiún na nGardaí ar na cúiseanna seo a leanas: (a) freastal ar agallamh foirmiúil idir na Gardaí agus duine atá á choinneáil agus/nó, (b) freastal ar Pharáid fhoirmiúil Aitheantais ina mbíonn duine atá a choinneáil páirteach.

 

3.  Raon na Scéime

Íoctar táillí do dhlíodóirí le haghaidh na cúiseanna seo a leanas: comhchomhairlí teileafóin agus comhchomhairlí sa stáisiún le daoine atá á gcoinneáil i Stáisiúin na nGardaí; le haghaidh fhreastal an dlíodóra ar agallamh foirmiúil idir na Gardaí agus an duine atá á choinneáil; agus/nó, áit a gcaithfidh an dlíodóir freastal ar Pharáid Aitheantais, má tá an duine á choinneáil faoi fhorálacha na reachtaíochta seo a leanas: 

(a)  Alt 30 d’Acht um Chionta in aghaidh an Stáit 1939 (arna leasú); nó

(b)  Alt 4 den Acht um Cheartas Coiriúil 1984, (arna leasú); nó

(c)   Alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996, (arna leasú); nó

(d)   Alt 50 den Acht um Cheartas Coiriúil 2007, (arna leasú), 

agus, 

(e)   má tá teidlíocht dhlíthiúil ag an duine dul i gcomhairle le dlíodóir agus nach acmhainn don duine íoc as a gcomhairle dlí féin i Stáisiún na nGardaí.

Is díol suntais é go ndéileáiltear le héilimh ar choinneáil dhaoine faoi Alt 42 den Acht um Cheartas Coiriúil 1999 agus Ailt 16 & 17 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil 2010 amhail is go gcoinnítear an duine faoi choinneáil faoi Alt 4 den Acht um Cheartas Coiriúil 1984. Dá réir sin, ar chúiseanna Scéim Leasaithe um Chomhairle Dlí Stáisiún an Gharda Síochána, déanfar cíoradh ar dhaoine atá á gcoinneáil faoi na píosaí reachtaíochta thuasluaite agus déileálfar leo freisin amhail is go gcoinnítear faoi Alt 4 den Acht um Cheartas Coiriúil 1984 iad agus is féidir iarratas a dhéanamh mar is gnách faoi fhorálacha na Scéime chun rochtain a fháil ar an Scéim. 

Déanann an Scéim Leasaithe um Chomhairle Dlí Stáisiún an Gharda Síochána foráil freisin i gcomhair íocaíochtaí do dhlíodóirí maidir le hÉisteachtaí le haghaidh Síneadh Ama a thionóltar sa Chúirt Dúiche, áit a dteastaíonn ó na Gardaí an teorainn ama a bhaineann le daoine atá faoi amhras a shíneadh faoi na hAchtanna um Chionta in aghaidh an Stáit, faoin Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996 nó faoin Acht um Cheartas Coiriúil 2007.

 

4.  Cáilitheacht don Scéim

Is iad atá cáilithe cabhair a fháil faoin Scéim ná daoine a bhíonn á gcoinneáil faoin reachtaíocht thuasluaite agus a fhaigheann íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh, nó iad atá fostaithe gan níos mó ná €20,316 sa bhliain (comhlán) á thuilleamh acu. Dá réir sin, i gcás duine fostaithe atá á choinneáil agus ollioncam comhlán atá níos mó ná €20,316 sa bhliain aige, níl a leithéid i dteideal cúnamh dlí saor in aisce a fháil faoi Scéim um Chomhairle Dlí Stáisiún an Gharda Síochána. I gcás mar sin, is é an duine atá faoi choinneáil é féin a bheidh freagrach as na costais a bhaineann le comhairle dlí a fháil ó dhlíodóir, más mian leis a leithéid de sheirbhís dlí a bheith aige agus é á choinneáil i Stáisiún na nGardaí. Dá réir sin, agus comhairle dlí saor in aisce á lorg faoin Scéim, ba chóir go ndéanann an duine atá á choinneáil cinnte go bhfuil sé/sí i dteideal na Scéime.

Maidir leis an measúnú airgeadais a dhéantar chun teidlíocht an duine atá á choinneáil i gcomhair comhairle dlí faoin Scéim a chinntiú, is díol spéise é gur measúnú ar fad eile é seo ón measúnú a dhéantar sna Cúirteanna chun teidlíocht Cosantóra a chinntiú i gcomhair cúnamh dlí faoin bpríomh-Scéim um Chúnamh Dlíthiúil. Baineann rialacha éagsúla ar fad leis an dá phróiseas agus níl baint dá laghad acu lena chéile. Faoi Scéim Leasaithe um Chomhairle Dlí Stáisiún an Gharda Síochána, leagtar amach teidlíocht an duine atá á choinneáil mar a luadh thuas, agus is mar a fhoráiltear faoin Acht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Dlíthiúil) 1962 a dheonaíonn an Chúirt cúnamh dlí faoin príomh-Scéim um Chúnamh Dlíthiúil. Ní bhronnann teidlíocht duine faoi Scéim amháin teidlíocht air/uirthi i gcás na Scéime eile, ná ní thugann se teidlíocht di le tuiscint ach an oiread.

Níl dualgas ar bith ar aon duine iarratas a dhéanamh chun rochtain a fháil ar Scéim Leasaithe um Chomhairle Dlí Stáisiún an Gharda Síochána agus d’fhéadfadh duine rogha a dhéanamh a gcuid airgid pearsanta a úsáid chun íoc as a gcomhairle dlí féin. Ach aon duine a dhéanann rogha iarratas a chur isteach chun cúnamh a fháil faoin Scéim agus a éiríonn leis an iarratas sin, ní sholáthrófar dó ach ionadaíocht dhlíthiúil de réir fhorálacha na Scéime.

Ina theannta sin, i gcás cleachtóirí dlí agus soláthróirí eile seirbhíse a roghnaíonn ionadaíocht dhlíthiúil a chur ar fáil d’iarratasóirí na Scéime, ní thugtar cúiteamh dóibh ach amháin de réir fhorálacha na Scéime, mar a leagtar amach sa doiciméad seo. Moltar go ndéanann cleachtóirí dlí cinnte chomh luath agus is féidir go dtagann a gcliaint agus an dlíthíocht atá i gceist faoi scáth forálacha na Scéime.

 

5.  Táillí Iníoctha

Iníoctha faoin Scéim, tá trí chineál táille ar leith. Táille seasta atá i gceist leis an gcéad cheann atá iníoctha do dhlíodóir maidir le gach duine incháilithe atá á choinneáil i Stáisiún na nGardaí agus a gcuirtear comhairle orthu le linn comhchomhairle teileafóin nó le linn comhchomhairle sa stáisiún idir an dlíodóir agus an duine atá á choinneáil. Baineann an dara táille leis an am féin a chaitheann an dlíodóir ag Stáisiún na nGardaí ar mhaithe go sonrach le (a) freastal ar agallamh foirmiúil idir na Gardaí agus an duine atá á choinneáil, agus/nó (b) freastal ar Pharáid Aitheantais fhoirmiúil ina mbeidh an duine atá a choinneáil páirteach. Baineann an tríú táille le hÉisteachtaí le haghaidh Síneadh Ama a thionóltar sa Chúirt Dúiche agus ar a bhfreastalaíonn an dlíodóir, áit a dteastaíonn ó na Gardaí an teorainn ama coinneála a bhaineann le daoine atá faoi amhras a shíneadh faoi na hAchtanna um Chionta in aghaidh an Stáit, faoin Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996 nó faoin Acht um Cheartas Coiriúil 2007.

Má bhíonn ar an dlíodóir níos mó ná 15 ciliméadar a thaisteal ó bhunseoladh an chomhlacht dlíodóirí go dtí Stáisiún na nGardaí chun comhairle a chur ar fáil faoin Scéim do dhuine atá á choinneáil agus go gcaithfidh an dlíodóir a ghluaisteán/gluaisteán féin a úsáid, íocfar costais taistil ag na rátaí taistil atá i bhfeidhm ar an dáta sin. De rogha air sin, áit a mbíonn ar an dlíodóir níos mó ná 15 ciliméadar a thaisteal ó bhunseoladh an chomhlacht dlíodóirí go dtí Stáisiún na nGardaí agus go gcaithfidh sé córas iompar poiblí a úsáid, íocfar costais dheimhnithe réasúnta maidir leis an iompar poiblí sin. Ní íocfar ach tacar amháin costais taistil le haghaidh gach cuairt a thugann an dlíodóir ar Stáisiún na nGardaí, is cuma cé mhéad duine ar a gcuireadh comhairle le linn na cuairte sin.

Agus na táillí iníoctha do dhlíodóir á ríomh in aon chás ar leith, is díol spéise é go bhfuil athrú tagtha ar na hamanna a bhaineann leis na rátaí lae/oíche, i.e. tá siad athraithe go 8am - 8pm / 8pm - 8am. Beidh na rátaí a bhaineann leis an deireadh seachtaine agus le laethanta Saoire Bainc fós iníoctha ag na huair-rátaí oíche (neamhchaidreamhach).

Tá na rátaí ábhartha iníoctha ar fad luaite sa tábla dar teideal Rátaí na dTáillí thíos. Déantar uasdatú orthu faoi mar a fhaomhfaidh an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais é agus is iad a beidh i bhfeidhm ó 7 Bealtaine 2014 ar aghaidh.

Rátaí Táillí Dlíodóra:

 

Sonraí comhchomhairlí dlíodóra agus/nó sonraí

freastail ar Stáisiún na nGardaí

Rátaí Iníoctha

 

1

Comhchomhairle i Stáisiún   na nGardaí idir Dlíodóir   agus duine atá á   choinneáil

€39.59  

móide   CBL

 

2

Ráta Comhchomhairle i Stáisiún   na nGardaí idir Dlíodóir

agus duine atá á choinneáil   le haghaidh 8am-8pm Luan go hAoine.

€97.22   san uair móide CBL

 

3

Ráta Comhchomhairle i Stáisiún   na nGardaí idir Dlíodóir   agus duine atá á   choinneáil le haghaidh 8pm-8am Luan   go hAoine, an Satharn, an Domhnach agus laethanta Saoire Bainc ar fad.

€132.19 Ráta

le   haghaidh Comhchomhairle i Stáisiún na nGardaí idir Dlíodóir agus duine atá á   choinneáil le haghaidh 8pm-8am Luan go hAoine, an Satharn, an Domhnach agus   laethanta Saoire Bainc ar fad. Ráta le haghaidh Comhchomhairle i   Stáisiún na nGardaí idir Dlíodóir agus duine atá á choinneáil le haghaidh   8pm-8am Luan go hAoine, an Satharn, an Domhnach agus laethanta Saoire Bainc   ar fad.

 

 

 

4

 

€72 san uair

móide CBL

 

Freastal dlíodóra ar Stáisiún na nGarda uair-ráta   le haghaidh

                 8am-8pm Luan go hAoine.

   Ráta   le haghaidh

leathuair an chloig

 

 

a bhíonn i bhfeidhm i ndiaidh na chéad

uair   an chloig   iomlán

  

 

 

 

Freastal dlíodóra ar Stáisiún na nGarda uair-ráta   le haghaidh

 

5

8pm-8am Luan go hAoine, an Satharn, an   Domhnach ar fad

 

agus   laethanta

€93 san uair

móide CBL

 

agus Laethanta Saoire Bainc

Ráta   le haghaidh

leathuair an chloig

 

 

a bhíonn i bhfeidhm i ndiaidh na chéad

uair an chloig iomlán

 

6

Éisteachtaí le haghaidh Síneadh   Ama

€201.50  

móide   CBL

 

7

Ráta   taistil sa chiliméadar

€0.24   sa chiliméadar

 

 6.Líon na gComhchomhairle atá iníoctha faoin Scéim

Mar a bhí i gceist leis an Scéim a bhí i bhfeidhm roimh an ceann seo, tá teorainneacha curtha le líon na gcomhchomhairlí dlíodóra in aon choinneáil amháin a íoctar faoi Scéim um Chomhairle Dlí Stáisiún an Gharda Síochána. Is iad seo a leanas uasmhéid na gcomhchomhairlí dlíodóra (comhchomhairlí teileafóin san áireamh) atá iníoctha faoin reachtaíocht éagsúil cáilithíoch:

(a)    Alt 4, an tAcht um Cheartas Coiriúil 1984, arna leasú 

3 chomhchomhairle dhlíodóra i rith thréimhse iomlán na coinneála áit a gcoinnítear an duine faoi fhorálacha Alt 4.

(b)     Alt 30 Acht um Chionta in aghaidh an Stáit 1939, (arna leasú

7 gcomhchomhairle dhlíodóra i rith thréimhse iomlán na coinneála faoi réir uasmhéid 3      chomhchomhairle le pá in aon lá amháin, i.e. ar an dáta céanna.

(c)     Alt 2, an tAcht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996,(arna leasú)

11 comhchomhairle dhlíodóra i rith thréimhse iomlán na coinneála faoi réir uasmhéid 3 chomhchomhairle le pá in aon lá amháin, i.e. ar an dáta céanna..

(d)     Alt 50 den Acht um Cheartas Coiriúil 2007, arna leasú

11 comhchomhairle dhlíodóra i rith thréimhse iomlán na coinneála faoi réir uasmhéid 3 chomhchomhairle le pá in aon lá amháin, i.e. ar an dáta céanna.

Níl freastal dlíodóra ar Éisteacht le haghaidh Síneadh Ama san áireamh sa chritéir thuasluaite maidir le híocaíocht táillí. Dá mba rud é go ndéantar síneadh ar thréimhse na coinneála mar thoradh ar Éisteacht le haghaidh Síneadh Ama, déanfar measúnú ar na Táillí Comhchomhairle amhail is go raibh coinneáil nua tar éis tosú.

 

7.  Táillí dlíodóra a ríomh

Is mar a leagtar amach i mBosca 1, 2 agus 3 sa tábla dar teideal Rátaí na dTáillí, faoi réir Chuid 6, a íocfar táillí do dhlíodóir a sholáthraíonn ionadaíocht i gcomhchomhairle teileafóin nó i gcomhchomhairle do dhuine atá á choinneáil. Áit a mbíonn ar dhlíodóir freastal ar agallamh Gardaí/duine atá á choinneáil nó Paráid Aitheantais, is iad na táillí a leagtar amach i mBosca 4 agus 5 sa tábla dar teideal Rátaí na dTáillí a bhaineann.

Má bhíonn ar dhlíodóir fanacht ag Stáisiún na nGardaí chun go gcuirfear tús le hagallamh Garda/duine atá á choinneáil, nó má bhíonn sos gearr ann agus é praiticiúil agus cuí go bhfanann an dlíodóir ag an stáisiún ar mhaithe le freastal ar agallaimh a thionólfar ina dhiaidh sin, is ag an ráta in aghaidh na huaire/an ráta in aghaidh na leathuaire a ríomhtar an ráta freastail.

Is díol spéise é nach mbaineann táille le haon am feithimh a bhíonn ag an dlíodóir roimh comhchomhairle ná ina diaidh, áit nach gcuireann an dlíodóir comhairle ar an duine atá a choinneáil ach le linn comhchomhairle dlíodóir/duine atá á choinneáil (i.e. áit nár ghá le freastal dlíodóra ar agallamh ná ar Pharáid Aitheantais).

I gCuid 6, leagtar amach na teorainneacha le haghaidh comhchomhairlí a ngabhann táille leo. Ach i gcúinsí ina mbíonn gá ar leith le freastal dlíodóra ar Stáisiún na nGardaí chun a bheith i láthair ag agallamh Garda/duine atá á choinneáil agus go mbíonn uasmhéid líon na gcomhchomhairlí a mbaineann táille leo sroichte aige, is féidir aon am a chaitheann an dlíodóir ag agallaimh Gharda/duine atá á choinneáil a bhíonn de bhreis ar na teorainneacha luaite a chur san áireamh le haghaidh íocaíochta ag na rátaí cuí le haghaidh uair an chloig.

Maidir leis na bandaí éagsúla ama a leagtar amach i mBoscaí 2 - 5 sa tábla dar teideal Rataí na dTaillí, déantar an Táille Chomhchomhairle nó an Táille Fhreastail a íoctar a ríomh de réir am tosaithe na comhchomhairle dlíodóra/duine atá á choinneáil nó am tosaithe an fhreastail ar Stáisiún na nGardaí. Mar shampla, má bhíonn ar dhlíodóir freastal ar Stáisiún na nGardaí ar feadh dhá uair an chloig ar chúiseanna freastail ar agallamh Garda/duine atá á choinneáil agus má thosaíonn an t-agallamh ag 7.45am, is mar seo a leanas a íoctar an táille:

Sampla 1

07.45 - 08.45 -- ráta oíche (neamhchaidreamhach) 93 Euro san uair.

08.45 - 09.45gnáthráta lae 72 Euro san uair.

I gcás coinneála ar bith ina mbíonn gá le freastal dlíodóra, bainfidh ráta íosta uair an chloig amháin ar a laghad leis an gcéad fhreastal, agus déanfar slánú suas go dtí an chéad leathuair an chloig eile maidir le haon fhreastal eile ina dhiaidh sin. Baineann an íocaíocht íosta uair an chloig amháin leis an méid ama iomlán a chaitear ag Stáisiún na nGardaí agus ní bhaineann sé le gach freastal ar leith a d’fhéadfaí a bheith ann. Mar shampla, má fhreastalaíonn dlíodóir ar agallamh Garda/duine atá á choinneáil ar feadh 2 uair an chloig agus 25 nóiméad, ag tosú ag 7.45am, íocfar na táillí mar seo a leanas:

 

Sampla 2

07.45 - 08.45 -- ráta oíche (neamhchaidreamhach) 93 Euro san uair.

08.45 - 09.45 -- gnáthráta lae 72 Euro san uair.

09.45 - 10.10 -- gnáthráta lae 36 Euro san uair.

Sa bhreis ar an sampla seo, d’fhéadfadh sé tarlú go mbeadh ar an dlíodóir filleadh ar Stáisiún na nGardaí níos déanaí an lá sin ar mhaithe le freastal ar comhchomhairle dhlíodóir/duine atá á choinneáil ó 3.30m go 4.00pm agus ansin freastal ar agallamh Garda/duine atá á choinneáil ó 4pm go 6.10pm. Dhéantar na táillí a ríomh mar seo a leanas i gcás mar sin:

 

Sampla 3

 

07.45 - 08.45 -- ráta oíche (neamhchaidreamhach) 93 Euro san uair.

08.45 - 09.45 -- gnáthráta lae 72 Euro san uair.

09.45 - 10.10 -- 25 nóiméad iníoctha ag an ráta lae

15.30 - 16.00 -- Táille Chomhchomhairle ag an ráta seasta lae 97.22 Euro.

16.00 - 18.10 -- 2 uair an chloig agus 10 nóiméad iníoctha ag an ráta lae.

An tIomlán atá Iníoctha

Freastal uair an chloig amháin iníoctha ag an ráta oíche (neamhchaidreamhach) 93 Euro san uair.

Freastal 3 uair an chloig agus 35 nóimead slanaithe suas go 4 uair an chloig ag an ráta lae 72 Euro san uair.

Táille Chomhchomhairle ag an ráta seasta lae 97.22 Euro.

 

Seo sampla eile: abair gur shroich dlíodóir Stáisiún na nGardaí ag 9.00am agus go raibh comhchomhairle idir é féin agus duine a bhí á choinneáil idir

9.15am agus 9.30am, agus (gan an Stáisiún a fhágáil) gur fhreastail sé ar agallaimh Gharda/duine a bhí á choinneáil idir 9.45am agus 10.30am agus idir

11.00am agus 11.30am, is iad seo a leanas na táillí a bheadh iníoctha:

 

Sampla 4

09.15 - 09.30 Táille Chomhchomhairle ag an ráta seasta lae 97.22 Euro. 

09.00 - 09.15 agus 09.30 - 11.30 -- 2.5 oiread an gnáthráta lae Euro san uair

Ní mór táille a íoc do dhlíodóir maidir le gach duine atá á choinneáil i Stáisiún na nGardaí faoin reachtaíocht a leagtar amach i gCuid 3 agus lena mbíonn

comhchomhairle ag an dlíodóir nó lena bhfreastalaíonn sé ar agallamh Garda/duine atá á choinneáil nó Paráid Aitheantais. Áit a bhfreastalaíonn dlíodóir

ar Stáisiún na nGardaí agus a gcuireann sé comhairle ar níos mó ná duine amháin atá á choinneáil le linn na cuairte céanna, níl cead na rátaí freastail in

aghaidh uair a chloig a dhúbailt le haghaidh íocaíochta.

 

8.  Iarratas a dhéanamh ar chomhairle dlí faoin Scéim agus an córas éilimh táillí

8.1 An Fhoirm GLAS 2

Is ar an bhFoirm GLAS 2 a dhéanann daoine atá á gcoinneáil iarratas ar chomhairle dlí saor in aisce faoi Scéim Leasaithe um Chomhairle Dlí Stáisiún an Gharda Síochána, i gcomhar leis an éileamh a dhéanann dlíodóirí ina dhiaidh sin chun íocaíocht a fháil ar a dtáillí . Tugadh isteach an Fhoirm GLAS 2 seo ar an 15 Lúnasa 2014 chun freastal ar na cúinsí nua faoina n-éascaítear freastal dlíodóirí ar agallaimh Gharda/duine atá á choinneáil. Ní mór do gach cuid den fhoirm seo a bheith comhlánaithe chun go ndéanfaí measúnú ar iarratas an duine atá á choinneáil le haghaidh comhairle dlí saor in aisce agus chun go ndéanfaí próiseáil ar éileamh an dlíodóra ina dhiaidh sin.

Is féidir le Gardaí, dlíodóirí agus baill den phobal teacht ar an bhFoirm GLAS 2 ar Shuíomh Gréasáin an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil. Iarrtar ar dhaoine an Fhoirm GLAS 2 a phriontáil ar dhá thaobh den bhileog chéanna.

 

8.2  Conas iarratas a dhéanamh ar chomhairle dlí faoin Scéim

Foirm GLAS 2 /Cuid 1(Sonraí Pearsanta, Ráiteas Acmhainne agus Dearbhú an Iarratasóra

Aon duine atá á choinneáil i Stáisiún na nGardaí agus a dteastaíonn uatha iarratas a dhéanamh ar chomhairle dlí saor in aisce, ní mór dóibh rochtain ar an Scéim a iarraidh go foirmiúil trí Chuid 1 den Fhoirm GLAS 2 a chomhlánú. Bíonn daoine atá á choinneáil in ann Foirmeacha GLAS 2 a fháil óna dlíodóir agus ó shuíomh Gréasáin an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil.

Is é an duine atá á choinneáil amháin atá iarratas ar an Scéim á dhéanamh aige/aici atá freagrach as an gcuid den fhoirm éilimh dar teideal Ráiteas Acmhainne a chomhlánú. Is díol spéise é, áfach, mura gcomhlíontar go hiomlán an chuid den fhoirm éilimh dar teideal Ráiteas Acmhainne, nach féidir measúnú ná próiseáil a dhéanamh ar an iarratas ar chomhairle dlí saor in aisce ná ar éileamh an dlíodóra a chuirtear isteach ina dhiaidh sin chun íocaíocht a fháil.

Is suntasach do gach páirtí é gur iad féin a bheidh freagrach as aon chostas a bhainfidh leis an gcomhairle dlí a lorgaíodh agus a fuarthas mura gcoinnítear an duine atá á choinneáil faoin reachtaíocht cáilithíoch mar a leagtar amach i gCuid 3 í ná go gcomhlíonann siad freisin an critéir cáilithíoch atá leagtha amach i gCuid 4 thuas.

Ní mór d’iarratasóir a bhfuil cúnamh á lorg aige/aici faoin Scéim seo a gcuid Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP/PPSN) a thabhairt agus na rudaí seo a leanas a lua freisin: (i) an bhfuil siad fostaithe nó nach bhfuil; agus (ii) an bhfuil íocaíocht Leasa Shóisialaigh á fáil acu faoi láthair nó nach bhfuil. Ní mór d’iarratasóirí atá fostaithe a gcuid ioncam bliantúil comhlán óna bhfostaíocht ar fad a lua. D’fhéadfadh sé tarlú go n-iarrfaí ar an iarratasóir na sonraí sin a dheimhniú (e.g. admháil Leasa Shóisialta nó duillín pá a chur isteach). I gcásanna nach mbíonn a gcuid UPSP ar eolas ag duine atá á choinneáil ag am na coinneála, caithfear gach iarracht a dhéanamh chun an UPSP a fháil chomh luath agus is féidir i ndiaidh na coinneála. I gcás mar sin, is fiú a lua go mbíonn USPS aon duine a fhaigheann Leasa Sóisialta le fáil go héasca ar an gcárta a eisíodh dóibh chun na leasa sin a bhailiú. Chomh maith leis sin, bíonn teacht ar an USPS ar an admháil a eisítear dóibh gach uair a bhailíonn siad a gcuid sochar Leasa Shóisialta.

Tabharfaidh an t-iarratasóir a thoiliú don Bhord um Chúnamh Dlíthiúil tuairisc ar bith a lorg ón Roinn Coimirce Sóisialaigh, ó na Coimisinéirí Ioncaim nó ó chomhlacht poiblí ar bith eile is dóchúil a bheidh ábalta, i dtuairim an Bhoird, cúnamh a thabhairt dóibh cruinneas aon eolas a thugtar maidir le hacmhainní a dheimhniú.

Is polasaí an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil é aisíocaíocht a lorg maidir le costas cúnamh dlí ar bith a soláthraítear d’aon duine a dhéanann dearbhú bréagach maidir le hacmhainní.

 

8.3 Foirm GLAS 2 / Cuid 2 (Coinneáil, Comhairliúcháin, Éisteachtaí and Deimhniú na nGardaí)

Ar an gcéad dul síos, ní mór do Ghardaí agus do dhlíodóirí a chinntiú go ndéanann an tOifigeach Coimeádta ag Stáisiún na nGardaí nóta cruinn de na sonraí ar fad a bhaineann le comhchomhairlí agus le freastail an dlíodóra ag Stáisiún na nGardaí. Caithfidh na rudaí seo a leanas a bheith san áireamh:

(a)       an dáta agus an t-am a bhaineann le gach comhchomhairle teileafóin idir an dlíodóir agus an duine atá á choinneáil,

(b)       am shroicheadh an dlíodóra ag Stáisiún na nGardaí, chomh maith leis an am fágála,

(c)       am tosaithe agus am críochnaithe chomhchomhairlí sa stáisiún an dlíodóra leis an duine atá á choinneáil,

(d)       am tosaithe agus am críochnaithe fhreastail an dlíodóirí ar agallaimh    

            fhoirmiúla Gharda/duine atá á choinneáil,

(e)        am tosaithe agus am críochnaithe fhreastail an dlíodóirí ar aon Pharáid          

            aitheantais, agus

(f)        deimhniú ar Éisteacht le haghaidh Síneadh Ama a bhíonn ann.

Tá gá nótaí chruinn a choimeád maidir leis an eolas thuasluaite chun deimhniú na nGardaí ar Fhoirm GLAS 2 an dlíodóra a éascú, chomh maith leis an éileamh ar tháillí maidir leis an cás seo.

I gCuid 2 den Fhoirm GLAS 2, leagtar amach ainm an dlíodóra áirithe ag a bhfuil an chomhairle á cur ar fáil, líon na gcomhchomhairí teileafóin agus na gcomhchomhairlí sa stáisiúin a bhíonn idir an dlíodóir agus an duine atá á choinneáil, chomh maith le sonraí fhreastail an dlíodóra ar Stáisiún na nGardaí. Moltar a bheith cúramach gan ach na “Boscaí Comhchomhairle” i gCuid 2 a chomhlánú más rud é nach raibh ann ach comhchomhairlí teileafóin agus comhchomhairlí sa stáisiún (i gcomparáid le freastal an dlíodóra ar agallaimh nó ar Pharáid Aitheantais). Ba chóir don dlíodóir Cuid 2 a chomhlánú i ndiaidh gach coinneála agus, faoi réir iniúchta i gcomhar leis an Taifead Coimeádta, deimhniú agus stampa a fháil ó Gharda atá ar dualgas ag an am sa Stáisiún áirithe.

Agus an Fhoirm GLAS 2 á deimhniú, is díol spéise é do Ghardaí agus do dhlíodóirí nach mbaineann ach comhchomhairlí agus freastail a bhíonn scríofa ar an Taifead Coimeádta, agus ar a bhfreastalaíonn an dlíodóir féin, seachas cléireach/printíseach.

Maidir le comhchomhairlí teileafóin (nó áit nach gcuirtear an Fhoirm GLAS 2 faoi bhráid Gharda ag deireadh comhchomhairle nó freastal ar Stáisiún na nGardaí), is é an dlíodóir a bhíonn freagrach as an bhfoirm éilimh comhlánaithe a chur ar aghaidh chuig an nGarda cuí chun an deimhniú agus an stampa ceart a fháil. I ngach cás, ba chóir gach iarracht a dhéanamh deimhniú a fháil maidir le gach comhchomhairle/freastal chomh luath agus is féidir ina ndiaidh.

Cé gur cóir ainm agus sloinne an dlíodóra a sholáthraíonn an chomhairle dlí don duine atá á choinneáil a scríobh i gCuid 2A, is cóir an dearbhú i gCuid 2B a bheith comhlánaithe go hiomlán agus sínithe ag ceannasaí an chomhlachta dlíodóirí. Is do chomhlachtaí dlíodóirí/chleachtóirí aonair seachas do dhlíodóirí aonair i gcomhlachtaí a íoctar táillí faoi Scéim Leasaithe um Chomhairle Dlí Stáisiún an Gharda Síochána. Is fiú a thabhairt faoi deara go gcuirfear ar ais chuig an gcomhlacht cuí dlíodóirí éileamh ar bith a fhaightear ó dhlíodóir fostaithe aonair le haghaidh comhlánaithe cheart agus chun go gcuirfear isteach arís é ina dhiaidh sin.

Ba chóir do dhuine atá á choinneáil agus a dhlíodóir/dlíodóir, agus Garda ina dhiaidh sin, Foirm GLAS 2 a chomhlánú maidir le gach coinneáil ar leith. Áit a mbíonn níos mó ná trí chomhchomhairle ná cúig fhreastail á n-éileamh, is féidir Foirm breise GLAS 2 a úsáid freisin. Ní mór an dá fhoirm GLAS 2 a sheoladh isteach le chéile mar éileamh iomlán. Ba chóir foirmeacha atá comhlánaithe go hiomlán, agus iad deimhnithe, a sheoladh ar aghaidh chomh luath agus is féidir i ndiaidh dháta na coinneála (agus i ndiaidh a ndeimhnithe ag na Gardaí Síochána) chuig an mBord um Chúnamh Dlíthiúil chun go ndéanfaí iad a mheas agus a phróiseáil.

Áit a bhfreastalaíonn dlíodóir ar Stáisiún na nGardaí agus a gcuirtear comhairle ar níos mó ná duine amháin atá á choinneáil le linn na cuairte céanna, ní ceart Foirmeacha GLAS 2 a chur isteach agus amanna dúbailte orthu le haghaidh táillí Freastail ar Stáisiún na nGardaí maidir le gach duine ar leith atá a choinneáil. Mar a leagtar amach i gCuid 7, áit a bhfreastalaíonn dlíodóir ar Stáisiún na nGardaí agus a gcuireann sé comhairle ar níos mó ná duine amháin atá á choinneáil le linn na cuairte céanna, níl cead na rátaí freastail in aghaidh uair a chloig a dhúbailt le haghaidh íocaíochta. Ná ní féidir ráta freastail a íoc maidir le duine amháin atá á choinneáil áit a bhfuil an dlíodóir i gcomhchomhairle le duine eile atá á choinneáil.

 

8.4 Gníomhaíochtaí an dlíodóra a thaifead agus a dheimhniú 

Ní íocfar táillí ar bith do chomhlacht dlíodóirí faoi Scéim Leasaithe um Chomhairle Dlí Stáisiún an Gharda Síochána mura bhfuil teacht ar chuntas cruinn ón Oifigeach Coimeádta i Stáisiún na nGardaí maidir le gníomhaíochtaí an dlíodóra freastail agus go ndéanfadh Garda sa Stáisiún an cuntas sin a dheimhniú ar an bhFoirm GLAS 2. Chuige sin, ní mór do dhlíodóirí agus do Ghardaí na rudaí seo a leanas a chinntiú: 

  • Caithfidh nóta a bheith déanta sa Taifead Coimeádta oifigiúil de gach comhrá teileafóin a bhíonn ann idir an dlíodóir agus an duine atá á choinneáil. Is díol spéise é nach comhchomhairle dlíodóra/duine atá á choinneáil é comhrá teileafóin idir an dlíodóir agus Garda agus ní bhaineann Táille Comhchomhairle Teileafóin leo. 
  • Má ghlaoitear ar dhlíodóir teacht go dtí Stáisiún na nGardaí chun ionadaíocht a dhéanamh ar dhuine atá á choinneáil, ní mór d’am beacht sroicheadh an dlíodóra sin, chomh maith lena am beacht fágála, a bheith cláraithe sa Taifead Coimeádta oifigiúil.
  • Agus an dlíodóir i láthair ag Stáisiún na nGardaí, ní mór do na rudaí seo a leanas a bheith ar an Taifead Coimeádta oifigiúil: am tosaithe agus am críochnaithe chomhchomhairlí an dlíodóirí leis an duine atá á choinneáil; am tosaithe agus am críochnaithe fhreastail an dlíodóirí ar agallaimh fhoirmiúla Gharda/duine atá á choinneáil; fhreastail an dlíodóirí ar Pharáid Aitheantais ar bith a bhíonn ann; agus nóta d’Éisteacht le haghaidh Síneadh Ama ar bith a bhíonn ann. 
  • Agus an ceistiúchán curtha i gcrích nó áit a mbíonn sos (nó sosanna) idir thréimhsí na gceistiúchán agus an t-am a fhágann an dlíodóir Stáisiún na nGardaí, ní mór do nóta a bheith déanta de gach am fágála. Nuair thagann an dlíodóir ar ais go dtí an stáisiún chun na comhairliúcháin a atosú agus/nó freastal ar agallamh i ndiaidh sosa, ní mór don Oifigeach Coimeádta é seo a scríobh ar an Taifead Coimeádta. Ba chóir sonraí mar seo a scríobh ar an bhFoirm GLAS 2.

9. Cur isteach Foirm GLAS 2

Ní mór do gach éileamh faoin Scéim a chur isteach ar an dáta is luaithe agus is féidir ach, ar a dhéanaí, laistigh de bhliain ó dháta na coinneála. Is fiú a lua nach ndéanfaidh an Bord um Chúnamh Dlíthiúil éileamh ar bith a chuirtear isteach i ndiaidh an spriocdháta seo a mheas ná a phróiseáil le haghaidh íocaíochta.

Ba chóir foirmeacha éilimh atá deimhnithe agus comhlánaithe go hiomlán a chur ar aghaidh chuig an seoladh seo a leanas chun go ndéanfar iad a mheas agus a phróiseáil:

An Bord un Chúnamh Dlíthiúil

Scéim Leasaithe um Chomhairle Dlí Stáisiún an Gharda Síochána

Rannóg um Chúnamh Dlí

48/49 Sráid Brunswick Thuaidh, Lána Sheoirse

Margadh na Feirme

Baile Átha Cliath 7 

Teileafón: 01- 6469644

Ríomhphost: cla@legalaidboard.ie