Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Cleachtóirí agus Abhcóidí Príobháideacha

Aturnaetha

Is iad aturnaetha atá ag obair sna hionaid dlí agus atá ina bhfostaithe den Bhord um Chúnamh Dlíthiúil a dhéanann fómhar na hoibre cúnaimh dhlíthiúil shibhialta. Féadfaidh tú a fháil amach faoi na deiseanna earcaíochta atá ann faoi láthair anseo.

Painéal aturnaetha i gcomhair obair cúnaimh dhlíthiúil shibhialta

I gcásanna áirithe, cuirfimid daoine ar tugadh cúnamh dlíthiúil dóibh ar aghaidh chuig aturnaetha príobháideacha. Chuireamar sé phainéal aturnaetha ar bun chun seirbhís a chur ar fáil thar ceann an Bhoird sna cásanna seo a leanas: 

  • cásanna colscartha agus cásanna idirscartha bhreithiúnaigh sa Chúirt Chuarda
  • iarratasóirí faoin Acht um Fhoréigean Baile, 1996, an tAcht um Chaomhnóireacht Naíon, 1964 agus an tAcht um an Dlí Teaghlaigh (cothabháil céilí agus leanaí), 1976 sa Chúirt Dúiche
  • Iarratais faoin Acht um Chúram Leanaí, 1991 (arna leasú) sa Chúirt Chuarda agus achomhairc chuig an gCúirt Chuarda Anseo
  • An Painéal na gCleachtóirí Príobháideacha um Chosaint Idirnáisiúnta - comhairle agus / nó ionadaíochta i ndáil le hiarratas faoin Acht um Chosaint Idirnáisiúnta 2015 ar thearmann, ar chosaint choimhdeach agus ar chead fanachta agus i leith gach ábhar a clúdaíodh roimhe seo le Painéal na gCleachtóirí Príobháideacha um Thearmann agus saincheisteanna gaolmhara
  • Iarratais i dtaobh Cásanna Riaráiste Morgáiste Tí Cónaithe Anseo agus
  • I gcás ionchoisní áirithe, féadfaidh duine den teaghlaigh an duine éagtha iarratas a dhéanamh chuig an gCroinéar chun iarratas a dhéanamh chuig an mBord go gcuirfear cúnamh dlíthiúil nó comhairle dlí ar fáil i gcomhair an ionchoisne Anseo

Nua - Painéal aturnaetha i gcomhair na scéime um riaráiste morgáiste tí cónaithe

D’fhógair an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais Scéim ar an 22 Eanáir, 2016 chun cabhrú le daoine atá dócmhainneach agus a bhfuil riaráistí morgáiste acu ar a n-áiteanna cónaithe, chun comhairle neamhspleácha airgeadais agus dlí a rochtain. Tá an Scéim á comhordú ag an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais agus an Roinn Coimirce Sóisialaí, i gcomhar le gníomhaireachtaí ábhartha lena n-áirítear an tSeirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid (MABS) (a fheidhmeoidh mar thairseach do dhaoine chun comhairle a rochtain faoin Scéim), Seirbhís Dócmhainneachta na hÉireann, an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh agus an Bord um Chúnamh dlíthiúil. Tá an Bord um Chúnamh Dlíthiúil ag bunú painéil aturnaetha anois atá sásta na seirbhísí seo a leanas a chur ar fáil do dhaoine atá incháilithe don Scéim Anseo.

Conas a fhéadfaidh mé áit a fháil ar cheann de na painéil i gcomhair obair chúnaimh dhlíthiúil shibhialta?

téarmaí agus coinníollacha ag gach painéal nach mór duit glacadh leo sula gcuireann tú d'ainm síos. Ba cheart duit foirm iarratais a líonadh amach (atá le fáil trí ghlaoch a chur ar 066 9471000 nó ríomhphost a chur chuig ppunit@legalaidboard.ie) agus í a chur ar ais chuig an mBord.

Tabhair do d'aire is in ainm an duine atá ballraíocht i bpainéal ar bith agus ní in ainm an ghnólachta. Ba cheart do ghnólachtaí inar mian níos mó ná aturnae amháin dul isteach ar phainéal foirmeacha iarratais ar leith a sheoladh i dtaobh gach aturnae. Cé gur painéal náisiúnta é gach painéal, tugtar an deis d'aturnaetha agus an fhoirm iarratais á líonadh amach acu na contaetha ina mbeidh siad sásta ionadaíocht a dhéanamh ann a thaispeáint.

Ba cheart iarratais ar Phainéal na Cúirte Dúiche, Painéal na Cúirte Cuarda nó an Painéal tearmainn agus ábhair lena mbaineann a sheoladh chuig:

An mBord um Chúnamh Dlíthiúil,
Sráid an Chalaidh,
Cathair Saidhbhín,
Co. Chiarraí,
V23 RD36 (DX 166 004 CATHAIR SAIDHBHÍN).

Níl iarratais ar an bpainéal colscartha agus idirscartha bhreithiúnaigh ar oscailt faoi láthair.

Conas a chuirfear iarratasóirí ar aghaidh chuig aturnae ar an bpainéal.

I ngach cás, déantar iarratais chuig seirbhísí dlí in ionad dlí. Má thugtar cúnamh dlíthiúil do dhuine, féadfaidh an t-ionad dlí déileáil leis an duine nó, má oireann an cás do cheann de na catagóirí thuas, féadfar iad a chur ar aghaidh chuig aturnae príobháideach atá ar an bpainéal iomchuí. Is é rogha an ionad dlí cibé an gcuirfear cás ar leith duine ar leith ar aghaidh chuig aturnae príobháideach.

I gcás a ndéantar cinneadh duine a chur ar aghaidh chuig aturnae príobháideach, tabharfar deimhniú um chúnamh dlíthiúil agus liosta aturnaetha atá sásta ionadaíocht a dhéanamh sa chontae a bhfuil a (h)ionad cúirte ann don duine. Is é rogha an duine cibé aturnae ón bpainéal a fhostófar.

Conas a íocfar mé?

Nuair atá an cás thart, ba cheart duit cóip den dheimhniú um chúnamh dlíthiúil in éineacht le Foirm Éilimh chomhlánaithe a chur ar ais chuig an mBord um Chúnamh Dlíthiúil, Sráid an Chalaidh, Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí V23 RD36.

Féadfaidh tú tuilleadh a fháil amach faoi na táillí i gcás obair cúnaimh dhlíthiúil shibhialta áirithe agus an sceideal leis na téarmaí agus coinníollacha iomchuí a sheiceáil. Tá táillí na Cúirte Dúiche anseo, táillí na Cúirte Cuarda anseo, agus tá táillí tearmainn anseo.

Abhcóidí

Ní fhéadfaidh ionad dlí ná aturnae a dhéanann obair chúnamh dhlíthiúil mionteagasc a thabhairt d'abhcóide atá ina bhall de phainéal abhcóidí an Bhoird. Tá painéal abhcóidí amháin ann, a chlúdaíonn gach cineál obair chúnamh dhlíthiúil shibhialta. Féach sonraí anseo.