Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Scéim Phíolótach Cleachtóra Phríobháidigh I gCás Cásanna Áirithe De Bhun an Achta um Chúram Leanaí, 1991

Achoimre

Déanfar foráil san Acht um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta, 1995 (“an tAcht”) go bhféadfaidh an Bord um Chúnamh Dlíthiúil ("an Bord") painéal aturnaetha a bhunú agus a choimeád atá sásta cúnamh dlíthiúil agus comhairle dlí a sholáthar do dhaoine atá ag fáil seirbhísí dlí. Coimeádann an Bord painéal aturnaetha ar bhonn píolótach atá sásta seirbhísí a chur ar fáil do dhaoine ar thug an Bord deimhniú um chúnamh dlíthiúil dóibh chun críche comhairle agus ionadaíochta maidir le cásanna áirithe de bhun an Achta um Chúram Leanaí, 1991 (arna leasú). Gairfear "Painéal Píolótach um Chúram Leanaí" don phainéal. Tá an scéim phíolótach i bhfeidhm i gCo. Dhún na nGall agus tá an scéim á leathnú chun cásanna i gCo. Loch Garman agus Co. Bhaile Átha Cliath a chuimsiú.

Painéal aturnaetha

Tá 'Painéal Píolótach um Chúram Leanaí' ag feidhmiú i gCo Dhún na nGall, i gCo Loch Garman agus Co. Bhaile Átha Cliath.  

Níl aon phleananna ann i láthair na huaire an painéal a leathnú chun áiteanna eile a chlúdú.  Tá an ábhar faoi léirmheas áfach, agus sa chás nuair atá iarratais nua á ghlacadh tabharfar an suíomh gréasáin sus chun dáta dá réir sin.

Abhcóide a Áirithiú

I gcásanna teoranta féadfaidh an t-aturnae a mheas gur gá Abhcóide a fhostú chun cuid den obair a dhéanamh. Nuair is amhlaidh an cás ní bheidh an Bord faoi dhliteanas i leith táillí Abhcóide seachas i gcás a lorgaíonn aturnae údarú ar dtús, agus a fhaigheann sé é, ón mBord chun Abhcóide a fhostú.

 

Raon feidhme na scéime

Beidh feidhm ag an Scéim maidir le daoine dá dtugadh deimhnithe um chúnamh dlíthiúil arna n-eisiúint ag an mBord i gcomhair ionadaíocht sa Chúirt Dúiche i gcásanna áirithe de bhun an Achta um Chúram Leanaí, 1991 (arna leasú).  Más maith le cliaint a bhfuil cúnamh dlíthiúil aige/aici achomharc a dhéanamh i gcoinne Ordú na Cúirte Dúiche chun na Cúirte Cuarda, féadfar iarratas ar leasú ar an deimhniú a dhéanamh chuig an Aonad um Chleachtóirí Príobháideacha.

 

Feidhmiú na scéime

Déanann daoine atá ag iarraidh seirbhísí dlí a fháil a n-iarratais ag na hionaid dlí. I gcás a bhfuil deimhniú um chúnamh dlíthiúil tugtha d'iarratasóir i gcomhair ábhar cúraim leanaí féadfaidh an Bord an duine a chur chuig an bPainéal Píolótach um Chúram Leanaí chun aturnae a roghnú chun gníomhú thar a c(h)eann.  Ní fhéadfar seirbhísí dlí a chur ar fáil faoin Scéim gan deimhniú um chúnamh dlíthiúil bailí a bheith ann. 

  

Táillí iníoctha

Beidh scála táillí caighdeánach iníoctha in aghaidh an cháis le haturnaetha/ gnólachtaí ar an bPainéal Píolótach um Chúraim Leanaí i gcomhair seirbhísí a chur ar fáil.

 

Is í an Fhoirm Éilimh an doiciméad a bheidh ann lena mbeidh an t-aturnae i dteideal an táille chuí agus aon eisíocaíocht daraithe a éileamh.