Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Téarmaí agus Coinníollacha

Forálann an tAcht um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta 1995 ("an tAcht") go bhféadfaidh an Bord um Chúnamh Dlíthiúil ("an Bord") painéal aturnaetha a bhunú agus a chothabháil atá toilteanach cúnamh agus comhairle dhlíthiúil a sholáthar do dhaoine atá ag fáil sheirbhísí dlíthiúla. Tá cinneadh déanta ag an mBord painéal aturnaetha a bhunú agus a chothabháil ar bhonn píolótach atá toilteanach seirbhísí a sholáthar do dhaoine ar thug an Bord deimhniú um chúnamh dlíthiúil dóibh chun críche comhairle agus ionadaíocht a fhail i ndáil le cásanna áirithe de bhun an Achta um Chúram Leanaí 1991 (arna leasú). Tabharfar “an Painéal Píolótach um Chúram Leanaí” ar an bpainéal. Tá an clár píolótach bhfeidhm i gContae Dhún na nGall agus tá sé á leathnú anois le déileáil le cásanna i gContae Loch Garman agus i gContae Bhaile Átha Cliath.

1. Más mian le haon aturnae go ndéanfar é nó í a mheas le go gcuirfear a (h)ainm ar an bPainéal Píolótach um Chúram Leanaí ní mór don té sin iarratas a dhéanamh i scríbhinn chuig an mBord. Ní mór don aturnae gealltanas a thabhairt san fhoirm ag Aguisín 1, go gcloífidh sé nó sí leis na téarmaí agus na coinníollacha atá ann agus le forálacha an Achta agus é nó í ag soláthar cúnaimh dhlíthiúil agus/nó comhairle dlíthiúla.

2. Más mian le haon aturnae go gcuirfear a (h)ainm ar an bPainéal Píolótach um Chúram Leanaí ní mór don té sin deimhniú cleachta reatha ó Dlí-Chumann na hÉireann a shealbhú mar aon le hárachas slánaíochta ghairmiúil atá leordhóthanach chun críocha na Scéime. Is é €1.5 milliún an figiúr atá ann faoi láthair in aon chás amháin, ach d'fhéadfadh an Bord athbhreithniú a dhéanamh ar an méid sin ó am go ham.

3. Caithfidh aturnaetha/gnólachtaí ar an bPainéal Píolótach um Chúram Leanaí cloí leis na nósanna imeachta imréitigh cánach a shonraítear i gCiorclán na Roinne Airgeadais den 22/95 dar teideal ‘Nósanna Imeachta um Imréiteach Cánach - Conarthaí na hEarnála Poiblí' nó aon chiorcláin den sórt sin a dhéanfaidh leasú ar an gciorclán sin nó a chuirfear ina áit.

4. Ní mór d’Aturnaetha a bhfuil iarratas á dhéanamh acu go gcuirfear iad ar an bPainéal Píolótach um Chúram Leanaí cuntas a thabhairt ar an taithí atá acu go dtí seo maidir le cásanna a tugadh de bhun an Achta um Chúram Leanaí 1991. Mura bhfuil aon taithí dhíreach ar chásanna den sórt sin ag aturnaetha atá ag déanamh iarratas ba cheart dóibh cuntas a thabhairt ar an taithí atá acu, agus go háirithe an taithí abhcóideachta atá acu, a mheasann siad a chuirfeadh ar a gcumas ionadaíocht a dhéanamh ar chliant ar bhealach gairmiúil agus inniúil.

5. Aon aturnae a chomhlíonann coinníollacha na Scéime agus ar mian leis nó léi go gcuirfear a (h)ainm ar an bPainéal Píolótach um Chúram Leanaí chaithfidh an té sin gabháil de láimh san fhoirm atá ceangailte leis seo go gcloífidh sé nó sí, leis na Téarmaí agus na Coinníollacha sin agus le forálacha an Achta agus cúnamh dlíthiúil agus/nó comhairle dhlíthiúil á chur ar fáil aige nó aici.

6. Beidh an Painéal Píolótach um Chúram Leanaí i bhfeidhm ar feadh tréimhse bliana ón 1 Nollaig 2014 nó cibé dáta nó tréimhse eile a chinnfidh an Bord. Déanfaidh an Bord breithniú ar na hiarratais le bheith san áireamh ar an bPainéal Píolótach um Chúram Leanaí ag cibé tráthanna a chinnfidh an Bord ó am go ham.

7. Caithfidh aturnaetha/gnólachtaí ar an bPainéal Píolótach um Chúram Leanaí rochtain a bheith acu ar áiseanna ríomhphoist agus ní mór dóibh bogearraí TF a bheith acu atá comhoiriúnach le bogearraí Microsoft Office d'fhonn a chinntiú go riarfar an Scéim ar bhealach éifeachtach, éifeachtúil. Lena chois sin is é beartas an Bhoird go ndéanfar cumarsáid r-phost a bhaineann le cliaint a chriptiú chun críocha slándála. Tá treoracha chun cumarsáid shlán a sheolann an Bord a léamh agus a fhreagairt ceangailte ag Aguisín 2.

8. Táthar ag súil go ngníomhóidh aturnaetha/gnólachtaí ar mhodh muiníneach maidir le gach cliant a dtugtar cúnamh dlíthiúil dóibh agus go gcuirfidh siad seirbhís ar fáil a bheith ag teacht leis na Treoracha um Iompar Gairmiúil a eisíonn Dlí-Chumann na hÉireann ó am go ham.

9. Tá an Bord tiomanta do sheirbhís dhlíthiúil ardcháilíochta a sholáthar dá chliaint agus cuirfidh siad treoirlínte ar fáil ó am go ham d’aturnaetha ar an bPainéal Píolótach um Chúram Leanaí maidir leis an gcur chuige atá le glacadh acu agus iad ag déileáil le hábhair atá laistigh de raon feidhme na Scéime seo. D'eisigh an Bord Treoirlínte ábhartha. Tá cóipeanna de na Treoirlínte sin ceangailte ag Aguisín 3. Táthar ag súil go gcloífidh aturnaetha/gnólachtaí ar an bPainéal Píolótach um Chúram Leanaí a bheag nó a mhór leis na Treoirlínte.

10. B’fhéidir go dtarlóidh sé i gcúinsí teoranta go bhféadfadh aturnae a mheas gur gá Abhcóide a fhostú chun cuid den obair a chur i gcrích. I gcás den sórt sin ní bheidh an Bord faoi dhliteanas táillí an Abhcóide mura lorgaíonn, agus mura bhfaigheann, an t-aturnae údarú ar dtús ón mBord chun Abhcóide a áirithiú. Ní fhéadfar údarú a dheonú ach amháin sna cúinsí seo a leanas agus fiú sna cúinsí sin féadfaidh an Bord diúltú cead a thabhairt abhcóide a áirithiú:

  • má bhíonn imeachtaí coiriúla ar feitheamh in aghaidh ceann de na páirtithe sna himeachtaí; agus/nó
  • go bhfuil imthosca eisceachtúla eile i gceist agus go bhfuil sonraí iomlána faoi na himthosca sin curtha ar fáil ag an aturnae.

I ngach cás, beidh sé riachtanach don aturnae na cúiseanna a mheastar go bhfuil abhcóide riachtanach a leagan amach go soiléir agus déanfaidh oifigeach údaraithe cuí cinneadh faoin iarratas. Ba cheart a leithéid de chúiseanna a leagan amach i gcomhfhreagras nó trí ríomhphost chuig ppunit@legalaidboard.ie Aonad na gCleachtóirí Príobháideacha, An Bord um Chúnamh Dlíthiúil, Sráid an Chalaidh, Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí.

Caithfidh an t-abhcóide a áiritheofar sa chaoi sin a bheith ar Phainéal Abhcóidí an Bhoird agus is iad na táillí a údarófar le híoc ná táillí caighdeánacha an Bhoird d’Abhcóide maidir le himeachtaí sa Chúirt Dúiche de bhun an Achta um Chúram Leanaí 1991 de réir Théarmaí agus Coinníollacha an Bhoird maidir le fostú Abhcóidí. Ní mór don aturnae a dhearbhú ar fhoirm éilimh an abhcóide gurb ionann na seirbhísí a soláthraíodh agus iad siúd a d'éiligh an t-abhcóide.

Is den riachtanas é nuair a thugtar mionteagasc d’abhcóide, go gcinnteoidh an t-aturnae é nó í féin go bhfuil an taithí agus an oiliúint is gá ag an abhcóide chun an obair a dhéanamh de réir riachtanais na scéime agus freisin go dtugtar an mionteagasc in am trátha don abhcóide agus go gcuirtear gach faisnéis bhaineann le cás an iarratasóra ar fáil ar bhealach tráthúil. Bíonn an t-aturnae freagrach i gcónaí as caighdeán na seirbhíse dlí agus ionadaíochta a chuirtear ar fáil.

11. Maidir le haturnae atá ar an bPainéal Píolótach um Chúram Leanaí cuirfidh an té sin aon eolas ar fáil don Bhord a bhaineann le duine a bhfuil cúnamh dlíthiúil á fháil aige nó aici, agus a bheidh ag teastáil ón mBord lena chur ar a chumas a fheidhmeanna faoin Acht a chomhlíonadh. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil laistigh de cheithre lá dhéag ón am a dhéanfar a leithéid d’iarratas. Coinneoidh aturnaetha/gnólachtaí comhaid a bhaineann le daoine ar tugadh cúnamh dlíthiúil dóibh ar feadh tréimhse sé bliana ón dáta sin ar cuireadh bailchríoch ar na seirbhísí a údaraíodh de bhun an deimhnithe um chúnamh dlíthiúil.

12. Mar chuid dá dtiomantas do chinntiú go bhfaigheann a chuid cliant seirbhís ardchaighdeáin, déanfaidh an Bord athbhreithniú/iniúchadh ar roinnt comhad de chuid cliant a fuair cúnamh dlíthiúil lena dheimhniú dó féin go bhfuil leibhéal oiriúnach seirbhíse á sholáthar ag an aturnae atá ar an Painéal Píolótach um Chúram Leanaí. Sa chás go n-aithnítear ábhair imní san athbhreithniú nó san iniúchadh maidir le soláthar leibhéil chuí seirbhíse, déanfaidh an Bord iniúchadh ar aon chomhad nó ar gach comhad de chuid na gcliant sin ar tugadh cúnamh dlíthiúil dóibh agus a sannadh don aturnae sin.

13. Féadfaidh an Bord aturnae a chur ar fionraí nó a bhaint den Phainéal Píolótach um Chúram Leanaí má mheasann sé:

  • go raibh a leithéid d’iompar ag an aturnae nuair a bhí seirbhísí dlíthiúla á sholáthar aige nó aici nó nuair a roghnaíodh é nó í chun seirbhísí dlíthiúla a sholáthar nó go raibh a leithéid d’iompar gairmiúil aige nó aici sa chaoi go raibh sé nó sí mí-oiriúnach, i dtuairim an Bhoird, chun a leithéid de sheirbhísí a sholáthar; 
  • gur mhainnigh an aturnae na gcritéar atá leagtha amach sna Téarmaí agus sna Coinníollacha seo a shásamh;
  • gur mhainnigh an aturnae déanamh de réir na dTéarmaí agus na gCoinníollacha;
  • nár ghlac an t-aturnae páirt sa Scéim ar leibhéal sásúil, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta don chaoi ar dhiúltaigh sé nó sí go rialta glacadh le duine mar chliant a raibh cúnamh dlíthiúil aige nó aici nó chun comhairle nó cúnamh dlíthiúil iomchuí a thabhairt do chliant; nó
  • go bhfuil riocht shláinte ar an aturnae a d'fhágfadh é nó í mí-oiriúnach chun an tseirbhís ata ag teastáil a chur ar fáil. Forchoimeádann an Bord an ceart a éileamh ar aturnae fianaise liachta a sholáthar nó chun aturnae a tharchur chuig lia-chleachtóir chun a f(h)olláine ina leith sin a dhearbhú.

14. Má chinneann an Bord aturnae a chur ar fionraí nó a bhaint den Phainéal Píolótach um Chúram Leanaí tabharfar fógra i scríbhinn don aturnae faoi na cúiseanna atá leis an gcinneadh. Féadfaidh an t-aturnae, laistigh de mhí amháin ó dháta an fhógra sin, achomharc a dhéanamh i scríbhinn faoin gcinneadh le Príomhfheidhmeannach an Bhoird, ina leagfar amach forais an achomhairc ina n-iomláine. Féadfaidh an Príomhfheidhmeannach an t-aturnae a chur ar ais, má tá sé nó sí sásta go bhfuil cás cruthaithe gur cheart an té sin a chur ar ais ar an bPainéal. Má dhéantar achomharc ní chuireann sé sin moill le cur aturnae ar fionraí is ní chuireann sé ar neamhní an cinneadh chun an t-aturnae a bhaint den Phainéal Píolótach um Chúram Leanaí, mura gcinnfidh an Príomhfheidhmeannach a mhalairt.

15. Féadfar aon aturnae atá curtha ar fionraí nó bainte den Phainéal Píolótach um Chúram Leanaí a chur ar fionraí freisin nó a bhaint, de réir mar a bheidh, ó Phainéal Cleachtóirí Príobháideacha na Cúirte Dúiche ag brath ar na cúinsí.

16. Maidir le haturnaetha nó le gnólachtaí ar mhian leo an Painéal Píolótach um Chúram Leanaí a fhágáil ní mór dóibh é sin a chur in iúl don Bhord i scríbhinn. Tabharfaidh aturnaetha nó gnólachtaí fógra míosa go bhfuil sé ar intinn acu an Painéal Píolótach um Chúram Leanaí a fhágáil. Caithfidh aturnaetha nó gnólachtaí a fhágann an Painéal Píolótach um Chúram Leanaí na cásanna go léir a beidh tugtha dóibh a chríochnú mura dtoilíonn an Bord go gcuirfear ar ais chuige iad nó go gcuirfear ar aghaidh iad chuig aturnae eile.

17. Beidh feidhm ag an Scéim i gcás daoine ar deonaíodh deimhnithe um chúnamh dlíthiúil dóibh arna n-eisiúint ag an mBord maidir le hionadaíocht a fháil sa Chúirt Dúiche do chásanna áirithe de bhun an Achta um Chúram Leanaí 1991 (arna leasú). Más mian le cliant a bhfuil cúnamh dlíthiúil aige nó aici achomharc a dhéanamh faoi Ordú na Cúirte Dúiche chun na Cúirte Cuarda, féadfar iarratas ar leasú ar an deimhniú a dhéanamh chuig Aonad na gCleachtóirí Príobháideacha maidir le mír 23.

  1. Déanann daoine atá ag iarraidh seirbhísí dlí a fháil iarratas ag ionaid dlí. Sa chás go ndeonaítear deimhniú um chúnamh dlíthiúil i leith ábhair a bhaineann le chúram leanaí féadfaidh an Bord an duine a tharchur chuig an bPainéal Píolótach um Chúram Leanaí chun aturnae a roghnú ón bPainéal sin le gníomhú thar a gceann.  Cuirfidh an Bord nó an duine a bhfuil cúnamh dlíthiúil aige nó aici in iúl don aturnae agus tabharfaidh an méid seo a leanas dó nó di:

 

  • Dhá chóip den deimhniú um chúnamh dlíthiúil a léireoidh ainm an duine a bhfuil cúnamh dlíthiúil aige nó aici, nádúr na n-imeachtaí atá údaraithe agus na rudaí sin atá údaraithe a dhéanamh de bhun na n-imeachtaí, ó thaobh caiteachais ar fhinnéithe a d’fhéadfaí a thabhú; agus
  • Foirm Éilimh ar cheart uimhir an deimhnithe um chúnamh dlíthiúil a iontráil uirthi.

 

  1. Tabharfaidh an deimhniú údarás don aturnae cúnamh dlíthiúil a sholáthar don chliant faoin Scéim seo.  Ba cheart don aturnae/don ghnólacht cóip amháin den deimhniú a choimeád i gcomhad an chliaint.  Ba cheart an dara cóip den deimhniú a cheangal leis an bhFoirm Éilimh um íocaíocht an táille agus aon chaiteachais, nuair a bheidh an cás curtha i gcrích.

 

  1. Ní féidir seirbhísí dlí a chur ar fáil faoin Scéim gan deimhniú bailí um chúnamh dlíthiúil. 

 

  1. Ceanglas riachtanach de chuid na scéime seo is ea an chaoi go bhfuil ar aturnae a fhostaítear de bhun aon ábhar atá údaraithe de bhun deimhniú um chúnamh dlíthiúil go leanfadh an té sin ar aghaidh ag soláthar seirbhísí i leith an ábhair sin. Má mhainnítear é sin a dhéanamh gan cúis mhaith measfar gur foras é sin chun an té sin a bhaint den Phainéal Píolótach um Chúram Leanaí.

 

  1. Áireofar sa tseirbhís a bheidh le soláthar, ach ní bheidh sé teoranta do:
  • an chéad chomhairliúchán leis an gcliant a eagrú agus treoracha a ghlacadh;
  • gach páipéar iomchuí agus Tuarascálacha na Ghníomhaireachta um Leanaí agus Teaghlaigh a fháil agus athbhreithniú a dhéanamh orthu;
  • bheith i láthair sa chúirt do gach iarratas éigeandála nó eatramhach a dhéanann an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach;
  • dul i gcomhairle leis an gcliant le féachaint an féidir aon cháipéisíocht, tuarascálacha nó cruthúnais eile a fháil roimh an éisteacht;
  • comhairle a sholáthar i ndáil le hOrduithe Cúraim agus Maoirseachta agus na hiarmhairtí a bhaineann lena leithéid d’orduithe;
  • breithniú a dhéanamh le féachaint ar cheart aon mheasúnú nó tuarascáil saineolaí a shocrú nó a fháil;
  • treoracha cothrom le dáta a ghlacadh roimh éisteacht;
  • freastal ar an gcúirt d’éisteacht iomlán an cháis;
  • comhairle a thabhairt don chliant tar éis na héisteachta lena n-áirítear comhairle maidir leis an chaoi an bhféadfaí achomharc a dhéanamh agus cad ab fhiú é sin a dhéanamh; agus
  • freastal ar an gcúirt le haghaidh aon léirmheasanna a chinnfidh an chúirt a bheith riachtanach.

23. Má mheasann aturnae go mbeidh costas breise ag teastáil chun éileamh an chliaint a phróiseáil, de bhreis orthu siúd atá údaraithe ar an deimhniú, mar shampla, gur ceart Abhcóide a áirithiú, gur cheart tuarascáil a fháil ó shaineolaí, go bhfuil finnéithe gairmiúla nó eile riachtanach, gur mian le duine a bhfuil cúnamh dlíthiúil aige nó aici achomharc a dhéanamh faoi bhreith na Cúirte Dúiche chun na Cúirte Cuarda, caithfear iarratas a dhéanamh i scríbhinn ag iarraidh leasú ar an deimhniú chun a leithéid de chaiteachas a thabhú. Ba cheart go mbeadh dóthain faisnéise ina leithéid d’iarratas, go háirithe maidir leis an chaoi ar dócha go rachadh na bearta breise nó an caiteachas breise chun tairbhe chás an chliaint, sa chaoi gur féidir cinneadh a dhéanamh faoi agus go mbeidh sé ar chumas an Bhoird téarmaí an Achta a chomhlíonadh nuair a bheidh an t-iarratas á mheas. Ba cheart an t-iarratas a dhéanamh chuig Aonad na gCleachtóirí Príobháideacha, An Bord um Chúnamh Dlíthiúil, Sráid an Chalaidh, Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí, ppunit@legalaidboard.ie.

24. Ní fhéadfaidh dlíodóir Abhcóide a áirithiú, tuarascálacha a lorg, finnéithe áirithiú nó costais nó caiteachais eile a thabhú ach amháin mar a údaraítear de bhun deimhnithe nó de bhun dheimhniú leasaitheach. Ní bheidh an Bord freagrach as costais nó caiteachais a thabhaítear ach amháin má bhíonn siad sin ceadaithe i scríbhinn roimh ré.

25. Beidh cinntí an Bhoid chun iarratais ar finnéithe gairmiúla nó saineolacha a dhiúltú faoi réir na nósanna imeachta ábhartha maidir le hathbhreithniú agus achomharc atá sna Rialacháin um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta 1996 go 2013 (Rialachán 12).

26. Is trí bhíthin na Foirme Éilimh (CF1 in Aguisín 4) a bheidh an t-aturnae i dteideal an táille chuí agus aon chaiteachas údaraithe a éileamh. Ba cheart cúram a ghlacadh i gcomhlíonadh na Foirme sin, mar seolfar ar ais foirmeacha éilimh neamhiomlána agus foirmeacha atá comhlánaithe go míchuí gan aon íocaíocht. Ba cheart go mbeadh aturnaetha an-chúramach agus a áirithiú go bhfuil na táillí a éilíonn siad iníoctha go cuí agus go bhfuil teidlíocht ann de bhun na dtéarmaí agus na gcoinníollacha i leith gach uile mhéid a éilítear.

27. Ba cheart an Fhoirm Éilimh chomhlánaithe (CF1), mar aon le cóip den Deimhniú sínithe, a sheoladh ar ais chuig an mBord nuair a bhíonn na seirbhísí a shonraítear sa deimhniú curtha ar fáil agus nuair a bhíonn cinneadh déanta faoin gcás agus é tagtha chuig an bpointe sin ina mbíonn an táille iníoctha. Is féidir an táille chuí a éileamh i ndiaidh gach céime.

28. Measfar go bhfuil cás tagtha go dtí an pointe nuair a bheidh táille iníoctha más rud é:

  • go bhfuil Ordú deiridh déanta de bhun an iarratais ar Ordú Cúraim nó Ordú um Mhaoirsiú agus go bhfuil an t-ábhar curtha de láimh ach amháin i gcás aon athbhreithniú ar Ordú Cúraim iomlán; nó
  • gur tharraing an Ghníomhaireacht um Leanaí agus Teaghlaigh an t-iarratas siar:

Más é an cleachtas áitiúil go dtugtar Orduithe Cúraim ar feadh tréimhsí atá réasúnta gearr agus go gcuirtear an cás ar atráth in áit orduithe cúraim eatramhacha a dhéanamh go dtí an dáta atrátha, ní bheidh táille iníoctha go dtí go dtugtar ordú ar féidir é a mheas go réalaíoch mar 'Ordú deiridh’.

29. Ní ceart aon táillí a ghearradh ar dhaoine a bhfuil cúnamh dlíthiúil acu agus ní ceart a iarradh orthu íoc as aon táillí, speansais, costais nó caiteachas, ach amháin do réir cibé treoracha sonracha a bheidh eisithe i scríbhinn ó am go ham ag an mBord. Má tairgeann duine a bhfuil cúnamh dlíthiúil aige nó aici íocaíocht bhreise d’aturnae le haghaidh seirbhísí breise ina c(h)ás ní mór don aturnae diúltú glacadh le haon airgead breise den sórt sin. Lena chois sin, ní féidir a iarradh ar dhaoine a bhfuil cúnamh dlíthiúil acu dearbhú a shíniú chun íoc as seirbhísí breise agus má iarrtar nó má ghlactar le táillí, speansais, costais nó caiteachas nó má lorgaítear gealltanais chun íoc as seirbhísí breise, foras a bheidh ansin chun aturnae a bhaint láithreach den Phainéal Píolótach um Chúram Leanaí.

30. Beidh scála caighdeánach táillí (atá leagtha amach i Sceideal 1 thíos) iníoctha in aghaidh an cháis le haturnaetha/gnólachtaí ar an bPainéal Píolótach um Chúram Leanaí as soláthar seirbhísí.

31. Beidh aturnaetha ar an bPainéal Píolótach um Chúram Leanaí freagrach as íoc as aon lón aistir is gá chun freastal finnéithe a chinntiú, ach beidh sé nó sí i dteideal aisíocaíocht a fháil as aon chaiteachas údaraithe de bhun an deimhnithe nó aon leasú air. Má tharlaíonn go mbíonn sé riachtanach táille a íoc as seirbhísí gairmiúla a údaraíodh de bhun an deimhnithe nó de bhun leasú a rinneadh air, sular cinneadh an cás, féadfar foirm Éilimh Eatramhaigh mar aon leis an nóta táille bhunaidh a sheoladh isteach chuig an mBord. Déanfaidh an Bord an táille a íoc go díreach leis an duine nó leis an gcomhlacht iomchuí agus cuirfear an t-aturnae ar an eolas nuair a bheidh an íocaíocht déanta.

32. Ní bheidh costais taistil agus cothabhála iníoctha de bhun na Scéime seo. Ní mór d’aturnaetha aird a thabhairt ar an bhforáil seo nuair luann siad na réimsí sin ina bhfuil siad toilteanach seirbhísí a sholáthar.

33. Foráiltear in Alt 31(4) den Acht:

 

"I gcás ina bhfuil duine dá bhfuil cinneadh déanta ag an Bord cúnamh nó comhairle dhlíthiúil a dheonú -

(a) tar éis glacadh le hainmniúchán aturnae nó tar éis aturnae a roghnú ó phainéal na n-aturnaetha de bhun fho-alt (1) nó dar deonaíodh seirbhísí aturnae de bhun iarratais faoi fho-alt (3), nó

(b) tar éis glacadh le hainmniúchán abhcóide de bhun fho-alt (2) nó dar deonaíodh seirbhísí abhcóide de bhun iarratas faoi fho-alt (3),féadfaidh an duine iarratas a dhéanamh chuig an mBord chun seirbhísí an aturnae sin nó an abhcóide sin a ligean thar ceal agus seirbhísí aturnae eile de chuid an Bhoird nó aturnae ó phainéal na n-aturnaetha nó, de réir mar is iomchuí, abhcóide ó phainéal na n-abhcóidí a fháil san ábhar agus i gcás ina measfaidh an Bord é sin a bheith réasúnach sna himthosca go léir, féadfaidh sé toiliú leis an iarratas.

 

34. Má dhéanann cliant gearán le haturnae faoin chaoi ar fheidhmigh sé nó sí agus nach féidir an gearán a réiteach chun shástacht an chliaint, ba cheart a iarraidh ar an gcliant an gearán a chur i scríbhinn agus ba cheart an gearán a chur ar aghaidh chuig an mBord.  Má fhaigheann an Bord gearán ó chliant nó má aithníonn an Bord ceist maidir le feidhmíocht, déanfar cóip den ghearán nó nóta faoin cheist feidhmíochta a chur ar aghaidh chuig an aturnae le go bhféadfaidh sé nó sí tuairim a thabhairt faoi.  Déanfaidh an Bord an cheist nó an gearán faoi fheidhmíocht a mheas de réir a Bhileoige Eolais dar teideal "Cúram Custaiméirí agus Nósanna Imeachta maidir le Gearáin", agus freisin de réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha atá anseo, lena n-áirítear na haguisíní atá ceangailte leis seo. 

 

35. Ní chruthóidh aon ní sna Téarmaí agus Coinníollacha seo, agus ní thabharfar forléiriú ar aon ní iontu a thabharfadh le fios go bhfuil, caidreamh fostóra agus fostaí idir an Bord agus aon aturnae atá ar an bPainéal Píolótach um Chúram Leanaí. 

 

Táillí le haghaidh seirbhísí a chuireann Cleachtóirí Príobháideacha ar an bPainéal Píolótach ar fáil -
AN CHÚIRT DÚICHE
Táille le haghaidh
Cleachtóirí Príobháideacha

Imeachtaí de bhun Alt III agus Alt IV den Acht um Chúram Leanaí 1991

Táille Cáis: a chlúdóidh an obair go léir a dhéanann sé nó sí maidir leis an gcás lena n-áirítear de réir mar is cuí, comhairliúcháin, obair ullmhúcháin, idirbheartaíocht le teacht ar réiteach agus/nó bheith i láthair sa chúirt má bhaineann sé sin leis an éisteacht iomlán. €750
I gcásanna nuair nach bhfuil mionteagasc tugtha d’abhcóide, beidh táille €400 iníoctha i leith an chéad iarratais ar ordú cúraim eatramhach. Is é €150 a ráta a íocfar i leith gach iarratais ina dhiaidh sin ar ordú cúraim eatramhach.

€400

€150

Má thugtar mionteagasc d’abhcóide beidh €100 breise iníoctha leis an aturnae i leith gach iarratas ar ordú cúraim eatramhach. €100

Beidh suim bhreise iníoctha i leith gach dara nó tríú lá éisteachta, nó cuid de lá. Mura dtugtar mionteagasc d’abhcóide is é €400 an táille a bheidh iníoctha. Má thugtar mionteagasc d’abhcóide is é €100 an táille atá iníoctha leis an aturnae. Chun go mbeidh feidhm ag táille hathnuachana ní mór an t-ábhar a bheith liostaithe lena éisteacht agus ní mór aighneachtaí dlíthiúla agus/nó fianaise dhlíthiúil a mhairfidh os cionn 30 nóiméad a bheith i gceist leis. Ní bheidh táillí iníoctha i ndáil le dátaí ina luafar an cás nó nuair a chuirfear an cás ar atráth chun déileáil le saincheisteanna coimhdeacha nó fadhbanna teagmhasacha a bhaineann leis an Ordú substainteach a tugadh.

€400

€100

Sa chás nach dtugtar mionteagasc d’abhcóide beidh táille €400 iníoctha i leith athbhreithniú ar ordú nó orduithe um chúram iomlán, .i. má tá orduithe deiridh i bhfeidhm cheana féin agus má bhíonn an t-ábhar liostaithe lena athbhreithniú. Beidh táille €400 iníoctha freisin maidir le haon athbhreithniú eile (i ndiaidh ordú cúraim a bheith déanta) ach ní mór aighneachtaí dlíthiúla agus/nó fianaise dhlíthiúil a mhairfidh os cionn tríocha nóiméad a bheith i gceist leis. Má thugtar mionteagasc d’abhcóide is é €100 an táille a bheidh iníoctha leis an aturnae san dá chás thuas.

€400

€100