Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Treoirlíne dea-chleachtais

Tá sé ráite i gCód Cleachtais Dhlí-Chumann na hÉireann maidir le Dlí Teaghlaigh na hÉireann: “Ábhar imní is ea é go bhféadfadh aturnaetha agus nósanna imeachta cúirte cur leis an anacair agus leis an bhfearg a d’fhéadfadh a bheith ann nuair a thagann deireadh leis an gcaidreamh idir daoine. Ba cheart d’aturnaetha déileáil le cúrsaí ar bhealach a chosnódh dínit daoine agus a spreagadh iad chun teacht ar chomhaontú. Moltar d’aturnaetha a chleachtann dlí an teaghlaigh an cód a leanúint agus a mhíniú dá gcliaint gurb é sin an cur chuige a ghlacfaidh siad.”

1. Cé nach ndéantar iarracht de ghnáth sna treoirlínte teorainneacha ama a chur le gach ceann de na céimeanna atá le glacadh maidir le próiseáil cáis idirscartha / colscartha, ba cheart gach iarracht a dhéanamh bailchríoch a chur ar chás chomh luath agus is féidir. Tá Treoir Chleachtais eisithe ag Uachtarán na hArd-Chúirte ina ndeirtear gur cheart, ach amháin in imthosca eisceachtúla, ábhar dlí teaghlaigh san Ard-Chúirt a chríochnú laistigh de bhliain amháin ó dháta tosaithe na n-imeachtaí. Is é cuspóir an Bhoird spriocanna ama den chineál céanna a leagan síos do chásanna idirscartha agus colscartha.

2. Ba cheart comhaid a athbhreithniú go rialta lena cinntiú go bhfuiltear ag obair orthu. Má tá sé soiléir ar cibé cúis, nach mian leis an gcliant leanúint den chás, ba cheart a iarraidh ar an gcliant na treoracha sin a dhearbhú i scríbhinn. Má tá imeachtaí cúirte ar marthain, ba cheart bearta a dhéanamh chun deireadh a chur leis na himeachtaí nó iad a scriosadh amach agus an deimhniú um chúnamh dlíthiúil a urscaoileadh.

1. Nuair a bhuaileann an t-aturnae leis an gcliant den chéad uair ba cheart dó nó di, a mhéid is nach bhfuil sé déanta cheana féin, an t-eolas cúlra ábhartha a fháil amach agus ba cheart freisin:

  • a mhíniú don chliant na roghanna atá ann chun díospóidí a réiteach agus na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le gach rogha díobh, lena n-áirítear nuair is cuí, comhairleoireacht threorach pósta, idirghabháil agus scaradh de thoradh caibidlíochta agus an próiseas comhoibríoch dlí,
  • a chinntiú go bhfuil téarmaí Alt 5/Alt 6 den Acht um Idirscaradh Breithiúnach agus Athchóiriú an Dlí Teaghlaigh 1989 nó Alt 6/Alt 7 den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Colscaradh) 1996 á gcomhlíonadh, trí ainmneacha agus seoltaí daoine a thabhairt don chliant atá cáilithe chun cabhrú chun athmhuintearas a dhéanamh agus seirbhís idirghabhála a chur ar fáil,
  • comhairle a thabhairt don chliant faoi na costais a d'fhéadfadh a bheith ag baint leis na leigheasanna a d'fhéadfaí a iarraidh.

2. Ag deireadh an chomhairliúcháin ba cheart don aturnae scríobh chuig an gcliant ag cur síos ar na treoracha a tugadh agus comhairle a thabhairt faoi na chéad chéimeanna eile a bheadh le glacadh.

1. Más léir go bhfuil sé ar intinn ag aon duine déileáil i maoin agus rún aige nó aici aon éileamh a d'fhéadfadh an cliant a dhéanamh a chur ó mhaith, ba cheart don aturnae Orduithe eatramhacha a lorg a chuirfeadh srian leis an duine sin an mhaoin a dhiúscairt nó déileáil léi ar bhealach ar dócha a sháródh éileamh an chliaint i gcás nach bhfuil an duine toilteanach a gealltanas bríoch a thabhairt. Níor cheart iarratais eatramhacha den chineál sin a dhéanamh ach amháin i gcás go bhfuil fianaise ann gur dócha go n-éireodh leis an iompar sin a mheastar a bheidh ag céile an chliaint bua a fháil ar éileamh an chliaint ar fhaoiseamh. Ba cheart a insint go sonrach don chliant faoin gcostas a d’fhéadfadh a bheith ag baint le hiarratais den sórt sin.

2. Tá sé de fhreagracht ar an gcliant a fháil amach cá bhfuil a chéile nó a céile d’fhonn dul i mbun comhfhreagrais nó chun imeachtaí cúirte a sheirbheáil. Murar féidir a fháil amach cá bhfuil an céile agus más gá iarratas a dhéanamh chun na cúirte ar ordacháin i ndáil le seirbheáil, beidh an cliant freagrach as aon chaiteachas a thabhófar trí fhógraí nuachtáin nó caiteachais eile den sórt sin agus ba cheart é sin a insint don chliant.

1. Tar éis don aturnae treoracha an chliaint a fháil ba cheart dó nó di a chur in iúl don chliant, i dtéarmaí ginearálta más iomchuí, cad a d’fhéadfadh sé nó sí a bheith ag súil leis ón gCúirt, dá ndéanfaí na himeachtaí idirscartha/colscartha breithiúnach a chonspóid. Maidir le bainistiú a méid a bhfuil an cliant ag súil leis, ba cheart don aturnae a insint dó nó di faoi -

1. phróisis na Cúirte lena n-áirítear na moilleanna ar dócha a bheith ann

2. an gá atá le fianaise a thabhairt agus dul faoi chroscheistiú sa Chúirt

3. an ghné sháraíochta a bhaineann le nós imeachta na Cúirte

4. an chaoi go bhféadfadh an Chúirt réiteach a ordú nach mbeadh ceachtar céile sásta leis

2. Ba cheart don aturnae iniúchadh réamhghníomhach a dhéanamh leis an gcliant, an raon roghanna réiteach atá ar fáil ag féachaint do;

• na hacmhainní teaghlaigh

• riachtanais an pháirtí eile

• na riachtanais atá ag leanaí an phósta

• na nithe a bhfuil an cliant ag súil leo agus

• an gá atá le hionchais an chliaint a bhainistiú más léir go bhfuil na hionchais sin iomarcach.

1. Ba cheart don aturnae a bhreithniú cad iad na bearta is gá a dhéanamh le go bhféadfar cas an chliaint a ullmhú i gceart D’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith san áireamh sna céimeanna sin:

• cóipeanna a fháil d'aon Orduithe Cúirte atá ann cheana,

• má tá maoin ag na páirtithe:

a. cuardaigh Chlárlann na Talún / Clárlann na nGníomhas / breithiúnais / féimheacht a shocrú agus aon teideal a iniúchadh nó a chinntiú i leith úinéireacht aon talún / réadmhaoine agus fáil amach faoi aon eirí orthu,

b. comhairle a chur ar an gcliant nach bhfuil tú ag deimhniú teidil i leith na maoine agus sa chás go bhfaigheann an cliant leas i maoin, go nglacfar leis go bhfuil an leas sin "mar atá sé,"

c. comhairle a chur ar an gcliant cuardach pleanála a dhéanamh má tá aon imní air nó uirthi faoi cheisteanna pleanála a bhaineann leis an maoin,

d. sonraí a fháil faoi aon iasachtaí atá ar an mhaoin is atá gan íoc agus faoi aon iasachtaí eile a d'fhéadfadh a bheith gan íoc,

e. féachaint an mbeadh sé inmholta imeachtaí a eisiúint agus lis pendens a chlárú más dócha go mbeidh creidiúnaithe ag iarraidh breithiúnais a fháil i gcoinne an chéile,

f. féachaint ar cheart luachálacha maoine a fháil láithreach nó níos gaire don chéim na margála,

g. más rud é go bhfuil seans maith ann go n-aistreofar maoin ar a bhfuil morgáiste in ainm na beirte chuig duine amháin acu, fáil amach an mbeadh an institiúid airgeadais toilteanach a leithéid a cheadú,

• sonraí faoi shochair phinsin an chéile a fháil amach má tá Ordú Coigeartaithe Pinsin á lorg. B'fhéidir go mbeidh sé riachtanach machnamh a dhéanamh níos déanaí ar shaineolaí pinsean a fhostú,

• ba cheart smaoineamh ar chuntasóir a fhostú má bhíonn sócmhainní suntasacha i gceist,

• cóipeanna a fháil d’aon tuarascálacha a ullmhaíodh cheana, más dócha go mbeidh saincheist thromchúiseach ann maidir le coimeád leanaí an phósta nó rochtain a fháil orthu,

• fáil amach an dócha go rachadh measúnú teaghlaigh neamhspleách chun tairbhe an cháis,

• cóip a fháil de Theastas Pósta Stáit,

• teastas breithe na leanaí a fháil más gá,

• aistriúcháin oifigiúla a fháil d’aon Teastais Bhreithe nó Pósta i dteanga iasachta a bheidh le tairiscint.

• Ba cheart don aturnae aird a thabhairt ar an chaoi go bhféadfaí teacht ar réiteach ag gach céim den phróiseas colscartha/idirscartha. Ba cheart don aturnae a áirithiú go dtugtar gach eolas don chliant, go nglactar treoracha go cuí agus go dtuigeann an cliant an costas a bhainfeadh le haon réiteach.

1. Sa chás go bhfuil na páirtithe ag scaradh ó chéile (gan colscaradh), go bhfuil téarmaí réitigh comhaontaithe acu, agus nach bhfuil Ordú Coigeartaithe Pinsin ag teastáil, ba cheart don aturnae Comhaontú Idirscartha agus Gníomhas Tarscaoilte a dhréachtú, ag baint úsáide as teimpléid atá ar fáil ach iad a leasú go cuí le freastal riachtanais an cháis ar leith agus socrú a dhéanamh go gcuirfear i bhfeidhm iad. Nuair a dhéantar iad a fhorghníomhú, ba cheart cóip bhunaidh de gach doiciméad a chur chuig an gcliant agus a iarradh air nó uirthi a admháil i scríbhinn go bhfuarthas é. Ba cheart cóip de gach doiciméad a choimeád don chomhad.

2. Má bhíonn seirbhísí atá lasmuigh de raon feidhme an Achta um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta 1995 ag baint le cur chun feidhme an réitigh atá molta, ba cheart é sin a chur in iúl don chliant, agus go bhféadfadh aturnae eile a bheith ag teastáil chun go bhféadfar an réiteach atá beartaithe a chur i bhfeidhm go hiomlán.

3. Sa chás gur cuid den socrú go bhfaigheadh an cliant cistí, seachas íocaíocht chnapshuime chothabhála, ba cheart na cistí a íoc le cuntas an Bhoird le cur ar chumas an Bhoird costais a asbhaint. Ba cheart a insint don chliant faoi mhéid na gcostas a bheidh le hasbhaint sula ndéanfar na cistí a lóisteáil agus an asbhaint a dhéanamh. D’fhéadfadh Ciorclán an Bhoird maidir le tarscaoileadh costais (aguisín VI) a bheith ábhartha chomh maith.

1. Má tharlaíonn sé go bhfuil sé indéanta téarmaí comhaontaithe a shocrú agus go bhfuil Orduithe Cúirte ag teastáil, ba cheart téarmaí na socraíochta a insint go soiléir d’aturnae an chliaint agus aturnae an chéile, lena chinntiú nach bhfuil aon mhíthuiscint ná athbhrí ann.

2. Ba cheart Imeachtaí a dhréachtú agus ba cheart don aturnae a chinntiú an oiread agus is féidir, go bhfuil na himeachtaí neodrach ó thaobh milleán nó freagracht as cliseadh an phósta a leagan ar cheachtar pháirtí agus ag an am céanna a thabhairt le fios an bonn ar a bhfuil an t-idirscaradh nó an colscaradh á lorg. Ba cheart don aturnae chomh maith, más gá, Fógra iomchuí a sheirbheáil ar iontaobhaithe aon scéime pinsin.

3. Nuair a fhaomhfar an réiteach ba cheart don aturnae scríobh chuig an gcliant, ag deimhniú thoradh an cháis agus na bearta eile atá ag teastáil chun éifeacht a thabhairt don réiteach nó d’Orduithe Cúirte. Ba cheart don aturnae cóip den Ordú foirmiúil Cúirte a shaincheapadh agus é a sheirbheáil más gá.

4. Sa chás go gcaithfear seirbhísí tíolactha a sholáthar de réir na dtéarmaí atá in Aguisín V, ba cheart an cliant a atreorú chuig ionad dlí chun go bhféadfar na seirbhísí sin a chur ar fáil.

1. Mura mbíonn sé indéanta dul i mbun caibidlíochta thar ceann an chliaint chun teacht ar théarmaí réitigh ba cheart don aturnae:

• fógra a thabhairt don chéile i dtaobh na n-imeachtaí de réir Alt 40 den Acht um an Dlí Teaghlaigh 1995,

• i gcás go bhfuil mionteagasc á thabhairt d’abhcóide, cóipeanna de na páipéir ábhartha go léir lena n-áirítear nótaí freastail a thabhairt dó nó di, • seisiún comhairliúcháin a eagrú le habhcóide, más gá agus más indéanta,

• i gcás go dtugtar mionteagasc d’abhcóide, bearta a dhéanamh, más gá, chun go gcuirfear na páipéir ar ais laistigh de shé seachtaine,

• aird ar leith a thabhairt don Chód Cleachtais um Chleachtóirí Dlí Teaghlaigh a d'eisigh an Coiste Dlí Teaghlaigh agus Cúnamh Dlíthiúil de chuid Dhlí-Chumann na hÉireann nuair a bhíonn Bille Sibhialta um an Dlí Teaghlaigh á dhréachtú nó á fhaomhadh,

2. Nuair a bhíonn imeachtaí tionscanta ba cheart a chuimhneamh i gcónaí go bhféadfadh caibidlíocht réitigh a bheith ar siúl.

1. Ba cheart Fógraí Foriarratas a eisiúint ag iarraidh iallach a chur ar an gcéile nó ar a (h)aturnae Láithreas nó Cosaint a chomhdú i gcás ina meastar nach dócha go ndéanfaidh an céile ná a (h)aturnae Láithreas nó Cosaint a chomhdú nó nach ndéanfaidh an céile iarratas ar chúnamh dlí mura gcuirfear brú air/uirthi.

2. Ní mór litir rabhaidh, ina bhfuil litir toilithe maidir le comhdú déanach a chur chuig an gcéile/aturnae sula ndéanfar Fógra Foriarratais a thionscain.

Nuair a fhaigheann an t-aturnae Cosaint, Mionnscríbhinn Acmhainne agus Mionnscríbhinn Leasa an Fhreagróra, ba cheart don aturnae cóip a thabhairt don chliant agus treoracha an chliaint a ghlacadh maidir le, inter alia, a leibhéal sástachta maidir leis an nochtadh airgeadais atá sa Mhionnscríbhinn Acmhainne.

1. Ba cheart d’aturnae a phlé go cúramach leis an gcliant cibé an bhfuil sé riachtanach follasú a lorg ón gcéile eile nó nach bhfuil. Ní ceart follasú a lorg mar ghnáthnós. Níor cheart é a lorg ach amháin i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ann lena chreidiúint nach bhfuil léargas cuimsitheach i Mionnscríbhinn Acmhainní an Fhreagróra ar a c(h)úinsí airgeadais. Níor cheart follasú a lorg ar an mbonn go bhfuil amhras gan bhunús ar an gcliant go bhfuil an Freagróir ‘ag ceilt’ sócmhainní nó ioncam.

2. Má áitíonn an cliant go gcaithfear follasú a lorg, agus má mheasann an t-aturnae nach dócha go mbeadh aon tairbhe ann, ba cheart a iarraidh ar an gcliant a t(h)eagasc a dhearbhú i scríbhinn. Ba cheart don aturnae a chur in iúl don chliant i scríbhinn:

1. gur chosúil go bhféadfadh sé moill a chur ar na himeachtaí,

2. nach mbeadh i gceist sa bhfollasú ach doiciméid atá ar fáil a sholáthar agus nach mbeadh ar an bhFreagróir aon doiciméid a thiomsú

3. an costas a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis

3. Ní mór follasú deonach a lorg san fhormáid fhaofa sula ndéanfar Foriarratas ar fhollasú. Tá teimpléad maidir le follasú deonach a iarraidh ceangailte leis seo mar chúnamh.

Nuair a bheidh an Chosaint agus doiciméid a ghabhann léi faighte agus bailchríoch curtha ar aon fhollasú, ba cheart don aturnae:

• féachaint (nuair a bheidh treoir tugtha d’abhcóide, más cuí) cén cruthúnas breise atá ag teastáil le go bhféadfar an cás a chur ar aghaidh chun trialach lena n-áirítear an gá atá le luachálacha ceantálaí a fháil mar aon le tuarascálacha síceolaithe, tuarascálacha leighis, tuarascálacha cuntasóirí agus tuarascálacha pinsin,

• measúnú go cúramach conas is dócha go rachadh aon tuarascáil dá leithéid chun tairbhe cás an chliaint,

• comhairle a chur ar an gcliant faoin gcostas a d’fhéadfadh a bheith ag baint le tuarascáil a fháil.

1. Nuair a bhíonn an t-aturnae sásta go bhfuil gach cruthúnais faighte agus nach bhfuil aon cheisteanna suntasacha a gcaithfear aird a thabhairt orthu fós gan réiteach, ba cheart dó nó di Teastas Ullmhachta a chomhlánú agus a chomhdú (más gá) agus Fógra Trialach a sheirbheáil.

2. Má bhíonn sé indéanta na cúrsaí a réiteach tar éis dáta le haghaidh éisteachta a bheith socraithe, ba cheart an Chúirt a chur ar an eolas ag an gcéad liosta eile chun dátaí a shocrú (d’fhéadfaí é sin a dhéanamh i gcomhfhreagras dá mba chuí é) chun dáta a bheidh socraithe a chur ar ceal más gá.

  1. Nuair a bhíonn an t-aturnae sásta go bhfuil gach cruthúnais faighte agus nach bhfuil aon cheisteanna suntasacha a gcaithfear aird a thabhairt orthu fós gan réiteach, ba cheart dó nó di Teastas Ullmhachta a chomhlánú agus a chomhdú (más gá) agus Fógra Trialach a sheirbheáil.
  2. Má bhíonn sé indéanta na cúrsaí a réiteach tar éis dáta le haghaidh éisteachta a bheith socraithe, ba cheart an Chúirt a chur ar an eolas ag an gcéad liosta eile chun dátaí a shocrú (d’fhéadfaí é sin a dhéanamh i gcomhfhreagras dá mba chuí é) chun dáta a bheidh socraithe a chur ar ceal más gá.

1. Chun críche na héisteachta cúirte ba cheart don aturnae:

• seisiún comhairliúcháin a shocrú roimh lá na héisteachta le haon abhcóide a áiritheofar más rud é nár bhuail an cliant leis an abhcóide cheana,

• bualadh leis an gcliant roimh dháta na héisteachta nó ar a laghad uair an chloig roimh an am a bhfuil an cás le glaoch ar lá na héisteachta,

• a insint don chliant faoi na rudaí ar dócha a tharlóidh ar an lá, lena n-áirítear an chaoi go bhféadfar an cás a chur ar atráth nó nach gcríochnófar é, agus an dóchúlacht go ndéanfar roinnt iarrachtaí chun an cás a réiteach,

• a chur i gcuimhne don chliant ar bhealach oiriúnach faoi na costais a d'fhéadfadh a bheith ag baint leis na réitigh éagsúla a d’fhéadfaí a fháil.

3. Sa chás nach féidir teacht ar réiteach, ba cheart a mheabhrú don chliant nádúr na fianaise a bheidh air/uirthi a thabhairt agus an cineál croscheistithe a d’fhéadfaí a dhéanamh. Ag deireadh an cháis agus más rud é go dtugann an breitheamh cinneadh láithreach, ba cheart an cinneadh a mhíniú ar an toirt don chliant, agus ba cheart a chur in iúl dó nó dí go bhféadfar achomharc a dhéanamh.

Aguisín III

Treoirlínte Sárchleachtais - Cur chuige ginearálta maidir le bainistiú comhad agus cásanna

Réamhrá

Déileáiltear sa chuid seo den ciorclán le dea-chleachtas i soláthar seirbhíse gairmiúla um chúnamh dlíthiúil.

Rinne an Grúpa Oibre um Nósanna Imeachta Gairmiúla breithniú ar úsáid a bhaint treoirlínte dea-chleachtais d'fhonn cuidiú leis an lucht bainistíochta agus le próiseáil cásanna agus le forbairt cháilíochta na seirbhíse a chuireann an Bord ar fáil.

Tá na treoirlínte seo dréachtaithe ag féachaint do chód an Dlí-Chumainn cleachtais ina sonraítear:

"Ba cheart go seolfadh aturnae imeachtaí dlí teaghlaigh, lena n-áirítear ullmhú, abhcóideacht agus cur i bhfeidhm, ar an mbealach is éifeachtúla ó thaobh costais de". Cód Cleachtais le haghaidh Cleachtóirí an Dlí Teaghlaigh: Imeachtaí Cúirte 7.3 a d'eisigh an Coiste Dlí Teaghlaigh agus Cúnamh Dlíthiúil de chuid Dhlí-Chumann na hÉireann.

Pléitear sa chiorclán sin le treoirlínte dea-chleachtais ar an ábhar seo faoi dhá cheannteideal, eadhon: choimeád comhad agus pleanáil cás.

Coimeád comhad

Ba cheart gach comhad a choinneáil ar bhealach struchtúrtha. Faoi mar atá luaite i lámhleabhar Oifig an Dlí-Chumainn "Ba cheart na doiciméid a láimhseáil go cúramach agus a chinntiú nach dtarlaíonn aon damáiste nó meath dóibh de bharr drochláimhseála. Ba cheart gach doiciméad a chuirtear i gcomhad a dhaingniú. Ní ceart go mbeadh aon doiciméid scaoilte i gcomhad".

Is iad seo a leanas na moltaí maidir le comhaid a choinneáil:

• ba cheart nach mbeadh ach ábhar amháin in aon chomhad faoi mar a mholtar sa chiorcalán faoi oscailt agus dúnadh comhad;

• ba cheart teastais agus foirmeacha tástála acmhainne agus LAA3 a choinneáil le chéile, agus b’fhearr iad a choinneáil taobh istigh den chlúdach clé;

• ba cheart comhfhreagras a chomhdú in ord cróineolaíoch sa chomhad;

• ba cheart stádas comhaid / leathanach faoin gcéad bheart eile a choinneáil;

• ba cheart formáid chaighdeánach a úsáid le haghaidh faisnéis fhíorasach;

• níor cheart ilchóipeanna a choinneáil de pháipéir, dréachtaí srl.;

• ba cheart go mbeadh meamraim, comhfhreagras srl. gonta;

• ba cheart cáipéisí ar nós pléadálacha, tuarascálacha, luachálacha, teastais phósta, teastais breithe na bpáistí agus cóipeanna d'aon orduithe roimhe sin a choinneáil le chéile i bhfillteán nó i dtiachóg ar leith. Ba cheart innéacs de na pléadálachacha, páipéir a fuarthas srl. a cheangail leis an gcomhad.

Pleanáil Cáis

Ba cheart go mbeadh plean chás faoi leith i ngach comhad, bunaithe ar chúinsí an chliaint, ina mbeidh cur síos ar na bearta atá le glacadh faoin gcás. Chabhródh sé sin le measúnú éasca a dhéanamh ar stádas an chomhaid agus le pleanáil ualaigh oibre. Ba cheart béim a leagan sa phlean ar phríomhchéimeanna an chomhaid agus díriú ar fhrámaí ama faoinar cheart gach céim thábhachtach a chur i gcrích. Meastar gur miondealú ginearálta na sé chéim thábhachtacha seo a leanas ar na céimeanna a d'fhéadfadh teacht chun cinn i ngach comhad. Braithfidh ábhar gach céime ar nádúr na n-imeachtaí faoi leith a bhaineann leis an gcás.

Céim Thábhachtach

  1. Comhairliúcháin tosaigh agus comhairle dlí Céim Thábhachtach
  2. Iarratas ar chúnamh dlí Céim Thábhachtach
  3. Pléadálacha Céim Thábhachtach
  4. Imeachtaí cúirte Céim Thábhachtach
  5. Forfheidhmiú agus costais Céim Thábhachtach
  6. Dúnadh an chomhaid

Ba cheart d’aturnaetha bainistíochta socruithe a chur i bhfeidhm sna hionaid dlí chun éascú a dhéanamh ar na socruithe éifeachtacha um láimhseáil comhad agus pleanáil cás mar atá leagtha síos sna treoirlínte faoi réimse seirbhísí atá sa chuid seo den chiorclán.