Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Téarmaí agus Coinníollacha

1. Forálann Alt 30(3)(a) den Acht um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta 1995 ("an tAcht") go bhféadfaidh an Bord um Chúnamh Dlíthiúil ("an Bord") painéal aturnaetha a bhunú agus a chothabháil atá toilteanach cúnamh agus comhairle dhlíthiúil a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil seirbhísí dlíthiúla á bhfáil acu.

2. Tá cinneadh déanta ag an mBord anois painéal aturnaetha a bhunú agus a chothabháil atá toilteanach seirbhísí a sholáthar do dhaoine ar thug an Bord deimhniú um chúnamh dlíthiúil dóibh d’fhonn comhairle agus ionadaíocht a chur ar fáil dóibh maidir le haon cheann de na 8 gcatagóir cásanna atá leatha amach in Alt 60 (5) den Acht Cróinéirí, 1962 (a cuireadh isteach le halt 24(b) den Acht um Chúirteanna agus an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2013). Tá catagóirí na gcásanna leagtha amach in alt 25 thíos.

3. Tabharfar Painéal na gCleachtóirí Príobháideacha um Ionchoisne Cróinéara ar an bPainéal ("an Painéal"). 

4. Ní mór d’aturnaetha ar mian leo go ndéanfar iad a mheas le bheith ar an bPainéal iarratas a dhéanamh i scríbhinn chuig an mBord. 

5. Ní mór d’aturnaetha ar mian leo go ndéanfar a n-ainmneacha a mheas lena n-iontráil ar an bPainéal gealltanas a thabhairt, san fhoirm atá leagtha amach in Aguisín 1 chun na nithe seo a leanas a chomhlíonadh:

i.   forálacha an Achta agus na Rialachán a rinneadh fúthu

ii.  téarmaí agus coinníollacha na scéime agus

iii.  aon treoirlínte nó treoracha ábhartha arna n-eisiúint ag an mBord ó am go ham.      

6. Más mian le haon aturnae go ndéanfar a ainm nó a hainm a mheas lena n-iontráil ar an bPainéal ní mór don té sin deimhniú cleachta reatha ó Dhlí-Chumann na hÉireann a shealbhú mar aon le hárachas slánaíochta gairmiúil atá leordhóthanach chun críocha na Scéime.  Is é €1.5 milliún an figiúr atá ann faoi láthair in aon chás amháin, ach d'fhéadfadh an Bord athbhreithniú a dhéanamh ar an méid sin ó am go ham.

7. Ní mór d’aturnaetha ar an bPainéal cloí leis na nósanna imeachta imréitigh cánach a shonraítear i gCiorclán 43/2006 na Roinne Airgeadais dar teideal ‘Nósanna Imeachta um Imréiteach Cánach - Conarthaí na hEarnála Poiblí' nó aon chiorcláin den sórt sin trína ndéanfar an ciorclán sin a leasú nó a chuirfear ina áit.

8. Beidh an Painéal i bhfeidhm ar feadh tréimhse aon bhliain fhéilire amháin ón 1 Deireadh Fómhair 2014 nó cibé dáta nó tréimhse eile a chinnfidh an Bord.  Déanfaidh an Bord breithniú ar bhonn leanúnach le linn na tréimhse nuair a bheidh an painéal á oibriú ar iarratais le bheith curtha ar an bpainéal.

9. Ní mór d’aon aturnae ar mian leis nó léi go gcuirfear a ainm nó a hainm san áireamh le hiontráil ar an bPainéal ceann de na ceanglais íosta seo a leanas a shásamh:

i. taithí mar abhcóide (nó mar aturnae cúnta i ngnólacht inar ghníomhaigh duine amháin nó níos mó de na príomhpháirtithe ann mar abhcóide) i 3 ionchoisne nó níos mó sna 3 bliana roimhe sin

ii. taithí mar oiliúnóir ar ábhair a bhaineann le dlí nó le cleachtas cróinéara laistigh den 2 bhliain roimhe sin

iii. tinreamh laistigh den bhliain seo caite ag imeacht oiliúna ar thug Dlí-Chumann na hÉireann creidiúint dó is a bhí dírithe ar dhlí agus ar chleachtas cróinéara agus ar dámhadh 5 nó níos mó uaireanta ó thaobh pointí um fhorbairt leanúnach ghairme (CPD) ar an té a d’fhreastail air

10. Caithfidh aturnaetha ar an bPainéal rochtain a bheith acu ar áiseanna ríomhphoist agus ní mór dóibh bogearraí TF a bheith acu atá comhoiriúnach le bogearraí Microsoft Office d'fhonn a chinntiú go riarfar an Scéim ar bhealach éifeachtach, éifeachtúil.

11.  Is é beartas an Bhoird go ndéanfar cumarsáid r-phost a bhaineann le cliaint a chriptiú chun críocha slándála.  Seolfar treoracha chuig aturnaetha nuair a bheidh siad ina mbaill den phainéal faoi conas cumarsáid shlán a sheolann an Bord chucu a léamh agus a fhreagairt.

12. Beifear ag súil go gcloífidh aturnaetha le treoirlínte a eisíonn cróinéirí maidir le stiúradh ionchoisní go háirithe maidir le treoracha faoi cheistiú finnéithe agus aithisc a thabhairt do ghiúiréithe ach gan a bheith teoranta dóibh sin. D'fhéadfadh sé tarlú go mbeadh cúinsí ann nuair a chinnfeadh aturnae gan na treoirlínte sin a leanúint.  I gcúinsí dá leithéid ba cheart na cúiseanna sonracha a bhí ann gan déanamh amhlaidh a scríobh i gcomhad an chliaint.

13. Táthar ag súil go ngníomhóidh aturnaetha ar bhealach muiníneach maidir leis na cliaint a bhfuil cúnamh dlíthiúil acu agus go gcuirfidh siad seirbhís ar fáil a bheidh ag teacht leis na Treoracha um Iompar Gairmiúil a eisíonn Dlí-Chumann na hÉireann ó am go ham. 

14. Tá an Bord tiomanta do sheirbhís dhlíthiúil ardcháilíochta a sholáthar dá chliaint agus féadfaidh sé treoirlínte a thabhairt ó am go ham d’aturnaetha atá ar an bPainéal maidir leis an gcur chuige atá le glacadh acu agus iad ag déileáil le hábhair atá laistigh de raon feidhme na Scéime seo.  Táthar ag súil go gcloífidh aturnaetha ar an bPainéal a bheag nó a mhór le Treoirlínte dá leithéid. D'fhéadfadh sé tarlú go mbeadh cúinsí ann nuair a chinnfeadh aturnae gan na treoirlínte sin a leanúint.  I gcúinsí dá leithéid ba cheart na cúiseanna sonracha a bhí le gan déanamh amhlaidh a scríobh i gcomhad an chliaint agus a chur in iúl don Bhord.

15. Coinneoidh aturnaetha comhaid a bhaineann le daoine ar tugadh cúnamh dlíthiúil dóibh ar feadh tréimhse 6 (sé) bliana ón dáta sin ar cuireadh bailchríoch ar na seirbhísí a údaraíodh de bhun an deimhnithe um chúnamh dlíthiúil.

Cuirfidh aturnae atá ar an bPainéal eolas ar fáil don Bhord a bhaineann le duine a bhfuil cúnamh dlíthiúil á fháil aige nó aici, agus a bheidh ag teastáil ón mBord lena chur ar a chumas a fheidhmeanna faoin Acht a chomhlíonadh.  Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil laistigh de (14) cheithre lá dhéag ón am a dhéanfar a leithéid d’iarratas. 

18. Mar chuid dá thiomantas lena chinntiú go bhfaigheann a chuid cliant seirbhís ardchaighdeáin, éilíonn an Bord go gcuirfidh aturnaetha tuairisc ar fáil dó ag deireadh gach cáis faoi mar atá leagtha amach in Aguisín 2 ina mbeidh:

i. Achoimre ghairid ar na seirbhísí a cuireadh ar fáil don duine a raibh cúnamh dlíthiúil aige nó aici

ii. Nóta faoi aon saincheisteanna a tháinig chun cinn sa chás agus a mheasann an t-aturnae go bhfuil tábhacht faoi leith ag baint leo

iii. Aon mholtaí atá ag an aturnae faoi conas a mheasann sé nó sí go bhféadfaí an scéim a fheabhsú bunaithe ar an taithí a bhí aige nó aici sa chás áirithe sin.

19. Féadfaidh an Bord athbhreithniú a dhéanamh ar roinnt comhad de chuid cliant ar tugadh cúnamh dlíthiúil dóibh lena dheimhniú dó féin go bhfuil leibhéal cuí seirbhíse á sholáthar ag an aturnae ar an bPainéal.  Sa chás go n-aithnítear ábhair imní san athbhreithniú maidir le soláthar leibhéil chuí seirbhíse, déanfaidh an Bord iniúchadh ar aon chomhad nó ar gach comhad de chuid na gcliant sin ar tugadh cúnamh dlíthiúil dóibh agus a sannadh don aturnae sin.

Féadfaidh an Bord aturnae a chur ar fionraí nó a bhaint den Phainéal má mheasann sé:

  • go raibh a leithéid d’iompar ag an aturnae nuair a bhí seirbhísí dlíthiúla á sholáthar aige nó aici nó nuair a roghnaíodh é nó í chun seirbhísí dlíthiúla a sholáthar nó go raibh a leithéid d’iompar gairmiúil aige nó aici tríd is tríd go raibh sé nó sí mí-oiriúnach, i dtuairim an Bhoird, chun a leithéid de sheirbhísí a sholáthar; 
  • gur mhainnigh an t-aturnae déanamh de réir na dTéarmaí agus na gCoinníollacha;
  • nár ghlac an t-aturnae páirt sa Scéim ar leibhéal sásúil, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta don chaoi ar dhiúltaigh sé nó sí go rialta glacadh le duine mar chliant a raibh cúnamh dlíthiúil aige nó aici nó chun comhairle nó cúnamh dlíthiúil iomchuí a thabhairt do chliant; nó
  • go bhfuil riocht sláinte ar an aturnae a d'fhágfadh é nó í mí-oiriúnach chun an tseirbhís atá ag teastáil a chur ar fáil.    Forchoimeádann an Bord an ceart chun fianaise liachta a éileamh ó aturnae nó chun aturnae a tharchur chuig lia-chleachtóir chun a f(h)olláine ina leith sin a dhearbhú;    

20.  Má chinneann an Bord aturnae a chur ar fionraí nó a bhaint den Phainéal tabharfar fógra i scríbhinn don aturnae faoi na cúiseanna atá leis an gcinneadh.  Féadfaidh an t-aturnae, laistigh de mhí amháin ó dháta an fhógra sin, achomharc a dhéanamh i scríbhinn faoin gcinneadh le Príomhfheidhmeannach an Bhoird, ina leagfar amach forais an achomhairc ina n-iomláine.  Féadfaidh an Príomhfheidhmeannach an t-aturnae a chur ar ais, má tá sé nó sí sásta go bhfuil cás cruthaithe gur cheart an té sin a chur ar ais ar an bPainéal.  Má dhéantar achomharc ní chuireann sé sin moill le cur aturnae ar fionraí is ní chuireann sé ar neamhní an cinneadh chun an t-aturnae a bhaint den Phainéal, mura gcinnfidh an Príomhfheidhmeannach a mhalairt.

21. Ní mór d’aturnaetha ar mhian leo an Painéal a fhágáil é sin a chur in iúl i scríbhinn don Bhord.  Tabharfaidh aturnaetha fógra míosa go bhfuil sé ar intinn acu an Painéal a fhágáil.  Caithfidh aturnaetha a fhágann an Painéal na cásanna go léir a bheidh tugtha dóibh a chríochnú mura dtoilíonn an Bord go gcuirfear ar ais chuige iad nó go gcuirfear ar aghaidh iad chuig aturnae eile.

22. Déanfaidh an Phríomhoifig an Painéal a chothabháil in ord aibítre ar bhonn náisiúnta agus áireofar air ainmneacha na n-aturnaetha a bhfuil a gcuid iarratas ar shocrúcháin glactha leo ag an mBord. Cuirfear cóip den phainéal ar fáil d’Foireann Forfheidhmithe oifig na Seirbhíse Cróinéara.

23. Féadfar ainmneacha na n-aturnaetha ar an bpainéal a chur ar shuíomh gréasáin an Bhoird (www.legalaidboard.ie). Déanfaidh an Bord liosta na gcomhaltaí ar an bpainéal a nuashonrú go rialta agus cuirfear cóip den phainéal nuashonraithe ar fáil d’Fhoireann Forfheidhmithe na Seirbhíse Cróinéara.

24. Beidh aturnaetha ar an bpainéal i dteideal láithriú ag ionchoisne cróinéara ar bith sa Stát ina bhfuil Deimhniú um Chúnamh Dlíthiúil deonaithe dá leithéid d’ionchoisne.  

25.  Beidh feidhm ag an Scéim i gcás daoine dar dheonaigh an Bord comhairle dlíthiúil nó cúnamh dlíthiúil dóibh i ndáil le haon cheann de na hionchoisní seo a leanas tar éis do chróinéir iarratas a dhéanamh don Bhord faoi Alt 60(4) den Acht Cróinéirí, 1962:  

(a) go raibh an t-éagach, ag tráth a bháis nó a báis nó díreach roimh a bhás nó a bás, i gcoimeád an Gharda Síochána,

(b) go raibh an t-éagach, ag tráth a bháis nó a báis nó díreach roimh a bhás nó a bás,  faoi choimeád i bpríosún de réir bhrí alt 2 d'Acht na bPríosún 2007,

(c) go raibh an t-éagach, ag tráth a bháis nó a báis nó díreach roimh a bhás nó a bás,  faoi choimeád seirbhíse de réir bhrí alt 2 den Acht Cosanta 1954,

(d) go raibh an t-éagach, ag tráth a bháis nó a báis nó díreach roimh a bhás nó a bás,  faoi choinneáil neamhdheonach faoi Chuid 2 den Acht Meabhair-Shláinte 2001 in ionad formheasta de réir bhrí alt 2 den Acht sin,

(e) go raibh an t-éagach, ag tráth a bháis nó a báis nó díreach roimh a bhás nó a bás,  faoi choinneáil in ionad ainmnithe de réir bhrí alt 3 den Acht um an Dlí Coiriúil (Gealtacht) 2006  nó gur dhuine é nó í dá dtagraíonn alt 20 den Acht sin,

(f) go raibh an t-éagach, ag tráth a bháis nó a báis nó díreach roimh a bhás nó a bás,  faoi choimeád in ionad athchuir de réir bhrí alt 3 d'Acht na Leanaí 2001 nó faoi choinneáil i scoil choinneála leanaí de réir bhrí an ailt sin,

(g) go raibh an t-éagach ag tráth a bháis nó a báis nó díreach roimh a bhás nó a bás, ina leanbh a bhí faoi chúram, nó

(h) gurb é tuairim an chróinéara gur tharla an bás an duine éagtha in  a leithéid d’imthosca dá dtarlódh sé go leanfadh siad ar aghaidh nó dá bhféadfadh siad a bheith ann arís go mbeadh siad dochrach do shláinte nó do shábháilteacht an phobail nó d’aon chuid den phobal sa chaoi gurb é leas suntasach an phobail cúnamh dlíthiúil nó comhairle dhlíthiúil, nó iad araon, a dheonú do bhall teaghlaigh an duine mairbh chun críocha an ionchoisne lena bhaineann."

26. Áireofar le deimhniú um Chúnamh Dlíthiúil a eiseofar chuig duine maidir le hionadaíocht ag aon ionchoisne a leagfar amach faoi mhír 25 thuas ionadaíocht freisin ag an aturnae a bheidh ainmnithe d’aon éisteacht shubstainteach tagartha a reáchtálann cróinéir ina ndeimhníonn an cróinéir go raibh an éisteacht tagartha riachtanach chun an raon feidhme agus na saincheisteanna a bheadh le héisteacht ag an ionchoisne a chinntiú.

27. Ní mór do dhaoine atá ag iarraidh seirbhísí dlíthiúla a fháil maidir le hionchoisne cróinéara faoi mar a fhoráiltear faoi alt 60(1) den Acht Cróinéirí 1962 a n-iarratais ar ionadaíocht dhlíthiúil a dhéanamh chuig cróinéir.

28. Má dhéanann cróinéir iarratas ina dhiaidh sin chuig an mBord ar sheirbhísí dlíthiúla faoi Alt 60(4) den Acht Cróinéirí, 1962 go gcuirfear seirbhísí dlíthiúla faoin Acht um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta 1995 ar fáil do dhuine ainmnithe caithfidh an duine ainmnithe na riachtanais a shásamh freisin maidir le hincháilitheacht airgeadais a shonraítear in Alt 29 den Acht um Chúnamh dlíthiúil Sibhialta 1995 agus sna rialacháin arna ndéanamh faoi Alt 37 den Acht sin agus ranníocaíocht a íoc leis an mBord i leith an chostais a bhaineann le soláthar seirbhísí dlíthiúla arna gcinneadh de réir rialachán faoi Alt 37. 

29. Nuair a gheofar an t-iarratas ar sheirbhísí dlíthiúla faoi Alt 60 (4) den Acht Cróinéirí, 1962 ó chróinéir scríobhfaidh Foireann Forfheidhmithe na Seirbhíse Cróinéara gan mhoill chuig an duine ainmnithe ag iarraidh go bhfreastalódh siad ar Ionad Dlí le haghaidh mheasúnú airgeadais agus ag seoladh cóip den phainéal aturnaetha chuige nó chuici. 

30. Maidir le ceantair uirbeacha ina bhfuil níos mó ná Ionad Dlí amháin (mar atá faoi láthair sna cathracha Bhaile Átha Cliath, Corcaigh agus Gaillimh) féadfaidh an Bord a chur de cheangal go ndéanfar measúnú airgeadais ar an duine ainmnithe ag Ionad Dlí faoi leith sa cheantar uirbeach ábhartha.

31. Sa chás go dtugtar deimhniú um chúnamh dlíthiúil d’iarratasóir i leith aon cheann de na nithe a liostaítear in alt 25 thuas, féadfaidh an duine aturnae ar bith ón bpainéal a roghnú. Ach má roghnaíonn duine mionteagasc a thabhairt d’aturnae nach bhfuil laistigh d’fhad réasúnta taistil ón gcúirt cróinéara ina reáchtálfar an t-ionchoisne féadfaidh an t-aturnae diúltú teagasca a ghlacadh agus an duine a sheoladh ar aghaidh chuig aturnae eile ar an bpainéal atá sásta teagasc a ghlacadh sa chás. Ní aisíocfaidh an Bord speansais taistil agus cothabhála le haturnaetha faoin scéim.

32. Cuirfidh Foireann Forfheidhmithe na Seirbhíse Cróinéara in iúl do chróinéir a rinne iarratas faoi Alt 60(4) faoi:

i.  an dáta ar scríobhadh chuig an duine ainmnithe ar dtús tar éis don iarratas sin a bheith faighte 

ii.  an dáta a ndearnadh measúnú airgeadais ar an duine ainmnithe agus cibé an raibh an duine sin i dteideal ó thaobh airgeadais de seirbhísí dlíthiúla a fháil faoin Acht um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta 1995

iii. an dáta ar eisíodh Deimhniú um Chúnamh Dlíthiúil chuig an duine nó ar chuireadh in iúl dó nó di go raibh sé nó sí incháilithe ó thaobh airgeadais de

33. Cuirfidh an duine a bhfuil cúnamh dlíthiúil deonaithe dó nó di na nithe seo a leanas ar fáil don aturnae atá roghnaithe aige nó aici ón bpainéal:

  • Dhá chóip den deimhniú um chúnamh dlíthiúil ar a léireofar ainm an duine dar deonaíodh cúnamh dlíthiúil, agus suíomh an ionchoisne.
  • Foirm Éilimh ar cheart uimhir an deimhnithe um chúnamh dlíthiúil a iontráil uirthi.

34. Tabharfaidh an t-aturnae fógra láithreach

  • Don Bhord gur thug an duine dar tugadh cúnamh dlíthiúil teagasc dó nó di
  • Don chróinéir a rinne an t-iarratas faoi Alt 60(4) gur thug an duine dar tugadh cúnamh dlíthiúil teagasc dó nó di

35. Tabharfaidh an deimhniú um chúnamh dlíthiúil údarás don aturnae cúnamh dlíthiúil a chur ar fáil don chliant faoin Scéim seo.  Ba cheart don aturnae cóip amháin den deimhniú a choinneáil ar chomhad an chliaint.  Ba cheart an dara cóip den deimhniú a cheangal leis an bhFoirm Éilimh chun go n-íocfar an táille agus aon chaiteachais, nuair a bheidh an cás curtha i gcrích.

36. Ní féidir seirbhísí dlíthiúla a chur ar fáil faoin Scéim gan deimhniú bailí um chúnamh dlíthiúil. 

37.  Áireofar sa tseirbhís a bheidh le soláthar, ach ní bheidh sé teoranta do:

i. an chéad chomhairliúchán leis an gcliant a eagrú agus treoracha a ghlacadh

ii. comhairle a thabhairt don chliant faoi nósanna imeachta agus cleachtas ginearálta cúirt cróinéara agus an réimse sonrach a bhíonn ag ionchoisní agus go háirithe an chaoi gurb é an cuspóir a bhíonn ag ionchoisne:

a)  Cinneadh a dhéanamh faoin gcúis mhíochaine a bhí le bás

b)  Ráflaí nó amhras a mhaolú

c)  Aird a tharraingt ar imthosca, a mbeadh básanna breise ann dá mbarr mura gcuirfí i gceart  iad

d)  Eolas míochaine a chur chun cinn

e)  Leasanna dlíthiúla teaghlach nó oidhrí an duine éagtha nó páirtithe leasmhara eile a chaomhnú

iii. comhairle a chur ar an gcliant faoi nádúr fiosrúchánach ionchoisne

iv. comhairle a chur ar an gcliant go bhfuil toirmeasc faoi Alt 30 den Acht Cróinéirí 1962 ar bhreithniú a dhéanamh ag ionchoisne maidir le dliteanas sibhialta nó coiriúil agus go bhfuil ionchoisne teoranta d’fháil amach cérbh é an duine a bhfuil an t-ionchoisne á reáchtáil faoina bhás nó faoina bás agus le fáil amach conas, cén uair agus cén áit a bhfuair an duine éagtha bás.

v. comhairle a chur ar an gcliant maidir leis an toirmeasc atá faoi Alt 31(1) den Acht Cróinéirí 1962 ar dhaoine a cháineadh nó a shaoradh ó mhilleán

vi. comhairle a chur ar an gcliant maidir leis an gcineál ceistiúcháin agus na saincheisteanna a d'fhéadfadh teacht chun cinn ag an ionchoisne

vii. a fháil amach an mbeidh ateangaire ag teastáil ar mhaithe leis an gcliant ag an ionchoisne agus sonraí faoi leith a iarraidh maidir le teanga agus canúint más rud é go mbeidh;

viii. féachaint cé hiad na finnéithe a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil má bhíonn aon fhinné ag teastáil. Ní mór a insint don chliant gurb ag an gcróinéir amháin atá an t-údarás finné a ghlaoch ag ionchoisne agus go gceistíonn sé nó sí an finné ar dtús agus gurb ag an gcróinéir a bheidh an rogha dheireanach faoi na ceisteanna a fhéadfaidh aon pháirtí nó a n-ionadaithe dlíthiúla a chur ar fhinné.

ix. tuarascálacha ábhartha a mheas.  Ag brath ar an áit inar tharla an bás b’fhéidir go mbeadh ar ionadaí dlíthiúil tuarascáil amháin nó níos mó a mheas mar ullmhúchán d'ionchoisne agus d’fhéadfadh coimrithe nó leaganacha curtha in eagar de thuarascáil oifigiúil a bheith san áireamh.

x.  comhoibriú go hiomlán leis an gcróinéir i seoladh an ionchoisne agus cloí le cibé treoracha a thabharfaidh an cróinéir maidir le ceisteanna a thagann chun cinn ag an ionchoisne.

xi. freastal ar an ionchoisne agus ar cibé laethanta tagartha a dheimhnítear 

38.   Má mheasann aturnae go mbeidh bearta eile ag teastáil a thabhódh caiteachas breise chun cuidiú le hullmhú nó le seoladh cás an chliaint, de bhreis orthu siúd atá údaraithe ar an deimhniú, mar shampla, gur cheart ina t(h)uairm tuarascáil neamhspleách a fháil ó shaineolaí, caithfear iarratas a dhéanamh i scríbhinn chuig an mBord ag iarraidh leasú ar an deimhniú chun a leithéid de chaiteachas a thabhú. 

39.  Ba cheart go mbeadh dóthain faisnéise ina leithéid d’iarratas, go háirithe maidir leis an chaoi ar dhócha go rachadh an caiteachas breise chun tairbhe chás an chliaint, sa chaoi gur féidir cinneadh a dhéanamh agus go mbeidh sé ar chumas an Bhoird téarmaí an Achta a chomhlíonadh nuair a bheidh an t-iarratas á mheas.  Ba cheart aon iarratas den sórt sin a dhéanamh chuig Rannóg Seirbhísí na gCleachtóirí Príobháideacha in oifig an Bhoird i gCathair Saidhbhín, Co. Chiarraí roimh thosach feidhme an ionchoisne.

40.  Ba cheart áirithiú ateangaire, más gá é sin i gcás áirithe, a bheith san áireamh sa cheadú agus ní bheidh aon leasú ag teastáil sula ndéanfar amhlaidh.  Ní fhéadfar ach cuideachta ateangaireachta a bhfuil conradh ag an mBord léi a fhostú chun na críche sin, áfach, agus ní mór foirm ateangaireachta chomhlánaithe a sheoladh chuig an mBord i ngach cás den sórt sin chun críocha sonraiscthe.

41.  Beidh deimhniú leasaithe ag teastáil sula bhfostaítear cuideachta aistriúcháin chun doiciméid a aistriú i gcás faoi leith. I gcás ina gcuirtear deimhniú leasaithe ar fáil chun na críche sin amháin ní fhéadfar ach an chuideachta aistriúcháin a bhfuil conradh ag an mBord léi a fhostú chun na críche sin.

42. Ní féidir le haturnae tuarascálacha a lorg, nó costais nó speansais a thabhú ach amháin mar a údaraítear de bhun deimhnithe nó deimhnithe leasaithigh.  Ní bheidh an Bord freagrach as costais nó caiteachais a thabhaítear ach amháin má bhíonn siad sin ceadaithe i scríbhinn roimh ré.

43.  Beidh cinntí an Bhoid chun iarratais ar fhinnéithe gairmiúla nó saineolacha a dhiúltú faoi réir na nósanna imeachta ábhartha maidir le hathbhreithniú agus achomharc atá sna Rialacháin um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta 1996 go 2013 (Rialachán 12 de Rialacháin um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta 1996).

Is trí bhíthin na Foirme Éilimh (CF1) a bheidh an t-aturnae i dteideal an táille chuí agus aon chaiteachas údaraithe a éileamh.  Cuimsíonn an táille chuí aon táille a d'fhéadfaí a íoc le habhcóide agus ní íocfaidh an Bord as aon táille bhreise le haghaidh aon abhcóide á áirítear.  Ba cheart cúram a ghlacadh i gcomhlíonadh na Foirme sin, mar seolfar ar ais foirmeacha éilimh neamhiomlána agus foirmeacha atá comhlánaithe go míchuí gan aon íocaíocht.

45. Ba cheart an Fhoirm Éilimh chomhlánaithe (CF1), mar aon le cóip den Deimhniú sínithe, a sheoladh ar ais chuig Foireann Forfheidhmithe na Seirbhíse Cróinéara lena bpróiseáil nuair a bheidh ionchoisne an chróinéara tugtha chun críche.

46. Ní ceart aon táillí a ghearradh ar dhaoine a bhfuil cúnamh dlíthiúil acu agus ní ceart a iarradh orthu íoc as aon táillí, speansais, costais nó caiteachas, ach amháin de réir cibé treoracha sonracha a bheidh eisithe i scríbhinn ó am go ham ag an mBord. 

47. Má thairgeann duine a bhfuil cúnamh dlíthiúil aige nó aici íocaíocht bhreise d’aturnae le haghaidh seirbhísí breise ina c(h)ás ní mór don aturnae diúltú glacadh le haon airgead breise den sórt sin.

48. Lena chois sin, ní féidir a iarradh ar dhaoine a bhfuil cúnamh dlíthiúil acu dearbhú a shíniú chun íoc as seirbhísí breise agus má iarrtar nó má ghlactar le táillí, speansais, costais nó caiteachas nó má lorgaítear gealltanais chun íoc as seirbhísí breise, foras a bheidh ansin chun aturnae a bhaint láithreach den Phainéal.

49. Beidh scála caighdeánach táillí (atá leagtha amach i Sceideal 3 thíos) iníoctha le haturnaetha ar an bPainéal maidir le seirbhísí a chur ar fáil.

Táillí Iníoctha

Íocfar ráta €736 in aghaidh an lae d’aturnae, gan CBL san áireamh, as bheith i láthair ag ionchoisne cróinéara.

Áirítear sa táille gach obair ullmhúcháin, seachas éisteachtaí tagartha arna dheimhniú faoi alt 28 thuas, agus áirítear léi aon íocaíochtaí a rinne aturnae go díreach le habhcóide. Déileálfar le héisteacht shubstaintiúil tagartha mar leath lá éisteachta mura ndeimhníonn cróinéir gur lá iomlán é.  Níl aon liúntas taistil nó cothabhála iníoctha le haturnae nó le ball dá f(h)oireann as freastal ar ionchoisne  

50.  Má dhéanann cliant gearán le haturnae ar an bpainéal faoin chaoi ar fheidhmigh sé nó sí agus nach féidir leis an aturnae an gearán a réiteach chun sástacht an chliaint, ba cheart a iarraidh ar an gcliant an gearán a chur i scríbhinn agus ba cheart an gearán a chur ar aghaidh chuig oifigí an Bhoird i gCathair Saidhbhín, Co. Chiarraí.

51. Má fhaigheann an Bord nó Fhoireann Forfheidhmithe na Seirbhíse Cróinéara gearán ó chliant faoi aturnae ar an bpainéal nó má aithníonn an Bord ceist feidhmíochta, déanfar cóip den ghearán nó nóta faoin cheist feidhmíochta a chur ar aghaidh chuig an aturnae le go bhféadfaidh sé nó sí tuairim a thabhairt faoi.

52. Déanfaidh an Bord an cheist nó an gearán faoi fheidhmíocht a mheas de réir dar teideal "Cúram Custaiméirí agus Nósanna Imeachta maidir le Gearáin", agus freisin i gcomhréir leis na téarmaí agus na coinníollacha atá anseo.

53. Ní chruthóidh aon ní sna Téarmaí agus sna Coinníollacha seo, agus ní thabharfar forléiriú ar aon ní iontu a thabharfadh le fios go bhfuil, caidreamh fostóra agus fostaí idir an Bord agus aon aturnae atá ar an bPainéal.

16. Ní bheidh an Bord faoi dhliteanas as íoc táillí le habhcóide mura bhfuair an t-aturnae údarúchan ón mBord roimh ré chun Abhcóide a fhostú. Ní dheonóidh an Bord an t-údarúchán úd mar a mbíonn sé réasúntai ngach aon chúinse chun an t-údarúchán a dheonú. Soláthraíonn na téarmaí agus coinníollacha freisin d'áirithiú abhcóide sna cásanna ionchoisne.

Maidir le gach aon iarratas, beidh sé riachtanach don aturnae chun na fáthanna a leagan amach go soiléir a mheastar abhcóide bheith riachtanach, agus is é an t-oifigeach údaraithe iomchuí a ghlacfaidh an cinneadh i leith an iarratais. Ba cheart go leagfaí amach na fáthanna sin i gcomhfhreagras le Rannóg na gCleachtóirí Príobháideacha, An Bord um Chúnamh Dlíthiúil, Sráid an Chalaidh, Cathair Saibhín, Co. Chiarraí V23 RD36 nó trí ríomhphost chuig ppunit@legalaidboard.ie.

Caitheann an t-abhcóide a fhostaítear ar an gcaoi sin bheith ina mball de Phainéal Abhcóidí an Bhoird, agus is in laisthíos a leaghtar amach na táillí údaraithe lena n-íoc. Ní foláir don aturnae dheimhniú  ar fhoirm éilimh an abhcóide gurb ionann na seirbhísí a soláthraíodh agus an méid a mhaígh an t-abhcóide. Is riachtanas é sa chás ina dtugtar mionteagasc don abhcóide, caitheann an t-aturnae é/í féin a shásamh go mbíonn an taithí agus an oiliúint riachtanach ag an abhcóide chun an saothar a dhéanamh i gcomhréir le ceangaltais na scéime, agus go dtugtar mionteagasc freisin don abhcóide in am trátha agus go soláthraítear gach eolas ábhartha dó/dí arb ábhatha don ionchoisne ar bhealach tráthúil é. Is é/í an t-atunae a fhanann freagrach as cáilíocht na seirbhíse dlí agus as an ionadaíocht a soláthraíodh.

17. Tiocfaidh cinntí an Bhoird chun diúltú d'údarú abhcóide ar áirithíocht faoi réir an athbhreithnithe agus na nósanna imeachta achomhairc ábhartha a fhaightear sna Rialacháin um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta, 1996 go 2013 (Rialachán 12 de na Rialacháin um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta, 1996)