Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Scéim Na gCleachtóirí Príobháideacha don Chúrt Dúiche

Forbhreathnú

Déantar foráil leis an Acht um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta, 1995 (“an tAcht”) go bhféadfaidh an Bord um Chúnamh Dlíthiúil (“an Bord”) painéal aturnaetha a chur ar bun atá toilteanach cúnamh dlí agus comhairle a chur ar fáil do dhaoine atá ag fáil seirbhísí dlí. Coinníonn an Bord painéal aturnaetha atá toilteanach seirbhísí a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil deimhniú cúnamh dlí deonaithe dóibh ag an mBord i leith ábhar áirithe sa Chúirt Dúiche maidir leis an dlí teaghlaigh, dá ngairfear Painéal na gCleachtóirí Príobháideacha don Chúirt Dúiche.

 

Painéal Aturnaetha

Aon aturnae/gnólacht ar mian leis/léi/leo, de réir fhorálacha na dtéarmaí agus coinníollacha, go gcuirfí a ainm, a hainm nó a n-ainm ar an bPainéal, ní mór dó/di/dóibh iarratas i scríbhinn a chur isteach chuig an mBord. Ní mór don aturnae/gnólacht gealltanas a thabhairt, san fhoirm ag téarmaí agus coinníollacha agus forálacha an Achta a chomhlíonadh agus cúnamh dlí agus/nó comhairle á chur ar fáil aige/aice.  Is féidir iarratais a dheamamh anois - an foirm iarratais.

 

Oibriú na scéime

Ní mór do dhaoine atá ag iarradh seirbhísí cúnamh dlí a n-iarratais a dhéanamh ag ionaid dlí.  I gcás ina ndeonaítear deimhniú cúnamh dlí d'imeachtaí a chumhdaítear leis an Scéim seo, féadfaidh an Bord an duine a atreorú chuig an bPainéal  chun aturnae a roghnú ón bPainéal sin chun ghníomhú thar a c(h)eann.  Ansin tabharfaidh an Bord nó an duine atá ag fáil cúnamh dlí fógra don aturnae agus cuirfidh na doiciméid seo a leanas dó/di:

  • Cóip den deimhniú cúnamh dlí a léiríonn ainm an duine atá ag fáil cúnamh dlí, cineál na n-imeachtaí údaraithe agus na céimeanna údaraithe de bhun na n-imeachtaí sin, maidir leis an gcaiteachas d'fhéadfaí a tabhú i leith finnéithe; agus
  • Foirm Éilimh ar cheart uimhir an deimhnithe cúnaimh dlí a chur isteach inti. 

Beidh an deimhniú sin mar údarás ag an aturnae chun cúnamh dlí a chur ar fáil don chliant faoin Scéim seo.  Ba cheart don aturnae/gnólacht cuid III den deimhniú a choimeád i gcomhad an chliaint.  Ba cheart cuid IV den deimhniú a cheangail den Fhoirm Éilimh le haghaidh íocaíocht na táille agus eisíocaíochta ar bith, nuair a bheidh an cás curtha chun críche.

 

Ní féidir seirbhísí cúnamh dlí a chur ar fáil faoin Scéim gan deimhniú bailí cúnamh dlí. 

  

Raon na Scéime

Ní bheidh feidhm ag an scéim ach amháin maidir le daoine a bhfuil deimhnithe cúnamh dlí deonaithe dóibh ag an mBord le haghaidh imeachtaí an dlí teaghlaigh sa Chúirt Dúiche maidir le:

  • cothabháil (seachas forfheidhmiú tríd an gCléireach Cúirte Dúiche)
  • cúram / rochtain
  • caomhnóireacht
  • foréigean baile

 

Táillí Iníoctha

Is féidir éilimh a dhéanamh ar an Bhfoirm Éilimh CF1.  Beidh scála caighdeánach táillí ann a bheidh iníoctha le haturnaetha/gnólachtaí ar an bPainéal i ngach cás as seirbhísí a chur ar fáil.