Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Ionad Doiciméadaithe na nDídeanaithe - Seirbhísí

Seo a leanas seirbhísí Ionad Doiciméadaithe na nDídeanaithe (IDD):

Seirbhís Taighde agus Iarratais

Cuireann an IDD seirbhís taighde agus iarratais ar fáil a thugann tacaíocht d’obair an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil agus obair ghníomhaireachtaí de chuid na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais a mbíonn baint acu le Cinneadh Stádas Dídeanaí, Inimirce agus Eadóirseacht. Is féidir le dlíodóirí agus abhcóidí atá ar phainéal na Seirbhíse do Lucht Iarrtha Tearmainn, painéal ar leis an mBoird um Chúnamh Dlíthiúil é, an tseirbhís seo a úsáid chomh maith. Níl teacht ag baill an phobail ar an tseirbhís iarratais seo.

Le hiarratais ar an tseirbhís a dhéanamh, caithfear Foirm Iarratais an IDD anseo a chomhlánú agus a chur isteach. Teastaíonn réamhfhógra 5 lá ar a laghad ó fhoireann an IDD. Cuir chugainn an t-iarratas ar an ríomhphost, ar an bpost nó ar facs.

Ar na foinsí a úsáideann ár dtaighdeoirí, tá na cinn seo a leanas: bailiúcháin inmheánacha; bunachair shonraí lena mbaineann síntiús; foinsí idirlín; agus teagmhálacha náisiúnta agus idirnáisiúnta. In éineacht le gach freagra, bíonn liosta lánthagartha de na foinsí a luaitear ann.

Rúndacht: Ní chuirfear ar fáil go poiblí faisnéis ar bith a sheolann tú chugainn. Tabhair do d’aire, áfach, go bhféadfaí ár bhfreagraí ar iarratais a fhoilsiú ar Ríomhleabharlann an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil agus in áiteanna eile, ach ní fhoilsítear ábhar ar bith go mbaintear an fhaisnéis rúnda ar fad.

 Seirbhís Leabharlainne

Maidir le leabharlann an IDD, coimeádtar inti bailiúchán leabhar, tuarascálacha, tuarascálacha nuachta agus irisí a bhaineann le roinnt mhaith réimse ábhair iomchuí ina n-áirítear tearmainn, inimirce, dlí, polaitíocht, antraipeolaíocht agus faisnéis tír thionscnaimh. Tá saothair thagartha ar fáil sa leabharlann freisin.

Má tá teideal agat leas a bhaint as an tseirbhís taighde agus iarratais, féadann tú ábhair a fháil ar iasacht ón leabharlann ach clárú le seirbhís leabharlainne an IDD. Tá ceadaithe trí earra ar a mhéid a fháil ar iasacht ar feadh tréimhse nach faide ná ceithre seachtaine. Níl cead Irisí/Sraithchláir a fháil ar iasacht ach d’fhéadfaí fótachóip a dhéanamh d’ailt, faoi réir rialacháin chóipchirt. Déan teagmháil leis an IDD le haghaidh tuilleadh eolais.

Tá fáilte roimh bhaill an phobail cuairt a thabhairt ar Leabharlann an IDD ar mhaithe le taighde a dhéanamh ach coinne a bheith déanta acu. Ní bheidh cead acu ábhair a fháil ar iasacht, áfach.

 Faisnéis Tír Thionscnaimh (COI/FTT) – Oiliúint

Cuireann an IDD cúrsaí oiliúna maidir le Faisnéis Tír Thionscnaimh (COI/FTT) ar fáil do na gníomhaireachtaí ar fad ar a ndéanaimid freastal. Is soláthraí náisiúnta údaraithe muid maidir leis an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn/ Módúil COI an Churaclaim Tearmann Eorpaigh. Is clár meantóireachta ar líne é seo a mhaireann 4 seachtaine agus a bhfuil lá oiliúna aghaidh ar aghaidh mar chríoch air. Seo cuid de na modúil:

  • Ról agus Caighdeáin COI/FTT
  • Scóip  agus Teorainneacha Thaighde COI/FTT
  • Ceisteanna Taighde COI/FTT a Chumadh
  • Foinsí Coitianta
  • Measúnú ar Fhoinsí
  • Scileanna agus Straitéisí Taighde
  • Cur i láthair agus Doiciméadú Torthaí Taighde

Le tuilleadh eolais a fháil maidir lenár seirbhísí oiliúna, déan teagmháil linn ag: rdc@legalaidboard.ie

 The Researcher – Nuachtlitir

The Researcher an teideal atá ar fhoilseachán leathbhliantúil an IDD. Bíonn fáil ann ar na forbairtí is déanaí i réimse chinneadh stádas na ndídeanaithe agus taighde maidir le tír thionscnaimh. Is féidir teacht ar an eagrán is déanaí den nuachtlitir agus brabhsáil a dhéanamh ar na heagráin roimhe seo chomh maith ach cliceáil a dhéanamh anseo.

The Researcher ar fáil freisin ar ECOI.net agus ar Refworld.org

Má tá suim agat in alt leat a bheith foilsithe ann, déan teagmháil leis an eagarthóir, Elisabeth Ahmed on eaahmed@legalaidboard.ie chun tuilleadh eolais a fháil.

 Ríomhleabharlann agus Tairseach COI/FTT

Tá teacht ar an Ríomhleabharlann ag baill foirne uile an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil. Ligeann sé d’úsáideoirí na rudaí seo a leanas a dhéanamh: féachaint ar stór na leabharlainne; earraí a fháil ar iasacht agus a athnuachan; cuardaigh agus iasachtaí idirleabharlainne a iarraidh; agus earraí a mholadh le haghaidh ordaithe. Tá teacht ar an Ríomhleabharlann anseo: http://elibrary.lab.ie

Tá an  IDD tar éis a bhunachar COI/FTT, Eolas, a nascadh le Tairseach COI/FTT an AE arna bhainistiú ag an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn (EASO). Déanann an IDD rochtain a éascú le haghaidh bhaill na leabharlainne. Tá teacht ar an Tairseach anseo: https://coi.easo.europa.eu

 Ceisteanna Coitianta

Má tá tuilleadh eolais uait faoi Ionad Doiciméadaithe na nDídeanaithe, déan cliceáil anseo.

 Déan teagmháil linn

Ríomhphost:                      RDC_Library@legalaidboard.ie

Uimhir Ghutháin:                01 477 6250 (Uimhir ghinearálta an Aonaid Taighde & Faisnéis)

Facs:                                 01 661 3113

Seoladh Poist:                   

Ionad Doiciméadaithe na nDídeanaithe

Cúirt Montague

7-11 Sráid Montague

Baile Átha Cliath 2