Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Ceisteanna Coitianta maidir le hIonad Doiciméadaithe na nDídeanaithe

1. Cad is Ionad Doiciméadaithe na nDídeanaithe ann?

Bunaíodh Ionad Doiciméadaithe na nDídeanaithe (IDD) déanach sa bhliain 2000 mar aonad neamhspleách a sholáthraíonn seirbhísí taighde agus leabharlainne maidir le Faisnéis Tír Thionscnaimh (COI) do gníomhaireachtaí a bhfuil baint acu leis an bpróiseas tearmann. Is cuid den Aonad Taighde agus Faisnéise (RIU) é, aonad atá mar chuid den Bhord um Chúnamh Dlíthiúil.

 

2.  An bhfuil an RDC/IDD neamhspleách?

Tá sé. Cé go bhfeidhmíonn an IDD mar chuid den Bhord um Chúnamh Dlíthiúil, tá sé neamhspleách ar na heagraíochtaí ar fad a úsáideann a sheirbhísí. Déileáiltear go cothrom le hiarratais ar fhaisnéis ó na heagraíochtaí tearmann ar fad agus ní bhainfear úsáid as foinsí eolais nach foinsí poiblí iad chun críche taighde.

  

3. An bhfuil cead isteach san RDC/IDD ag an bpobal?

Tá. Tá fáilte roimh bhaill an phobail cuairt a thabhairt ar an IDD ar mhaithe lena dtaighde féin a dhéanamh ach coinne a bheith déanta acu roimh ré. Déan teagmháil linn ar rdc@legalaidboard.ie chun coinne a dhéanamh. Tá fáil freisin ar rochtain idirlín le haghaidh taighde ábhartha. Is ann d’áiseanna teoranta fótachóipeála, faoi réir rialacháin chóipchirt. Níl cead ag baill an phobail leabhair a fháil ar iasacht.

Is iad 10.00am go 12.30pm agus 2.00pm go 5.00pm uaireanta oscailte an IDD. Táimid lonnaithe ag 7-11 Sráid Montague, Baile Átha Cliath 2, Éire.

   

4. Cé dó an tseirbhís Taighde agus Iarratais a sholáthraíonn an IDD?

Cuirtear an tseirbhís taighde ar fáil do bhaill foirne an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil agus aonaid ghaolmhara den Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais. Is féidir le dlíodóirí agus abhcóidí atá ar phainéal na Seirbhíse do Lucht Iarrtha Tearmainn, painéal ar leis an mBoird um Chúnamh Dlíthiúil é, an tseirbhís seo a úsáid chomh maith. Tá pacáistí faisnéise a bhaineann le tíortha sonracha ar fáil d’úsáideoirí uile na seirbhíse. Tá fáil ar sheirbhís leabharlann iasachtaí freisin ag na húsáideoirí.

Tabhair do d’aire nach bhfuil teacht ag baill an phobail ar an tseirbhís iarratais ná ar an tseirbhís leabharlann iasachtaí.

 

5. Cén áit ar féidir liom teacht ar fhoirm iarratais agus conas a chuirfidh mé isteach í?

Is féidir teacht ar an bhfoirm iarratais anseo.

Ní mór foirmeacha iarratais comhlánaithe a chur chugainn ar an ríomhphost ag:  rdc@legalaidboard.ie nó ar facs go 01 6613113.

Féadann tú glao gutháin a chur orainn le d’iarratas ar 01 4776250. Bíonn sé de rogha ag formhór na n-iarratasóirí freagra a fháil ar an ríomhphost; is féidir leis an IDD freagraí agus doiciméid chóip chrua a chur ar fáil más gá. 

Is féidir úsáid a bhaint as an bhfoirm iarratais atá ar fáil ar Ríomhleabharlann freisin chun iarratas a chur isteach:

 

6. Cén chaoi ar cheart dom iarratas a scríobh chun an fhaisnéis is fearr a fháil?

Ba cheart gach iarratas a dhéantar don IDD a bheith scríofa i dteanga neamhchlaonta neodrach. Is é an ról atá againn faisnéis fhíriciúil a aimsiú maidir leis na cúinsí sna tíortha thionscnaimh a bhaineann le cúrsaí chearta an duine; cúrsaí slándála; cúrsaí polaitiúla; cúrsaí sochaíoch; cúrsaí eacnamaíochta; cúrsaí daonúlacha; cúrsaí cultúrtha; agus cúrsaí tíreolaíoch.

Is é an cúram atá orainn faisnéis atá ábhartha, iontaofa, cothrom, cruinn agus infhíoraithe a sholáthar maidir le tír thionscnaimh dídeanaithe. Ní fógraímid ar bhailíocht nó eile éilimh aonair ná catagóirí éileamh ar thearmann. Beidh freagraí an IDD/RDC neamhchlaonta i gcónaí agus ní chuirfear breithmheas ná tráchtaireacht ar fhaisnéis a d’fhéadfadh dul i gcion ar iarratasóir na faisnéise. Ní bhaineann an RDC/IDD úsáid as teanga a thabharfadh measúnú ná breithiúnas dlíthiúil le fios – mar shampla, “deimhniú/diúltú”, “géarleanúint”, “millteanach”, “uafásach”.

Agus iarratas á chur isteach chugainn, déan iarracht ceisteanna atá róghinearálta agus forleathan a sheachaint (e.g. Cad é an staid slándála sa tSiria?) nó ceisteanna atá chomh cúng sainiúil is ar éigean a bheidh seans ann teacht ar a leithéid d’fhaisnéis (e.g. cén dath ata atá ar bhallaí an leithris sa phríosún rúnda faoi thalamh ar imeall Malanje?)

  

7. Cé chomh fada a thógann sé freagra a fháil ar iarratas?

Teastaíonn 5 lá ar a laghad ó fhoireann an IDD chun iarratas a fhreagairt ach is fearr dúinn tréimhse níos faide más féidir. Mura féidir linn tasc a chur i gcrích faoin sprioc ama ar chúis ar bith,, déanfaimid teagmháil leat chun é sin a phlé. Socrófar sprioc ama nua más sásúil duit é. Ba chóir gach iarratas práinneach a mharcáil chun críche sin ar a chur isteach chun a phráinn a chur in iúl d’fhoireann an IDD.

  

8. Cén chaoi ar féidir liom clárú mar bhall do leabharlann an RDC/IDD?

Féadann tú clárú mar bhall do leabharlann an IDD ach teagmháil a dhéanamh le foireann na leabharlainne ag: rdc@legalaidboard.ie

   

9. Má táim i dteideal leabhair/ábhair a fháil ar iasacht ón leabharlann, an mó is féidir liom a fháil agus ar feadh cén tréimhse ama?

Tá cead ag baill na leabharlainne trí earra a fháil ar iasacht ar feadh tréimhse ceithre seachtaine. Is féidir an iasacht a athnuachan mura theastaíonn na hearraí ó bhall eile leabharlainne.

  

10. Cén saghas cúrsaí oiliúna a chuireann an RDC/IDD ar fáil?

Cuireann an IDD cúrsaí oiliúna maidir le Faisnéis Tír Thionscnaimh (COI/FTT) ar fáil d’fhoireann an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil agus foireann ghníomhaireachtaí na Roinne Dlí agus Cirt, chomh maith le dlíodóirí, abhcóidí agus eagraíochtaí neamhrialtasacha (NGOanna).

Is é a bhíonn i gceist leis na cláir oiliúna COI/FTT ná conas taighde a dhéanamh a mbíonn faisnéis ábhartha, iontaofa agus cothrom, cruinn agus suas chun dáta mar thoradh air. D’fhéadfadh cúrsaí oiliúna oiriúnaithe a chur ar siúl de réir gátair shonracha agus maireann na ceardlanna idir 3 uair an chloig agus 2 lá, de réir riachtanais. De ghnáth, bíonn oiliúint ar úsáid Ríomhleabharlann an IDD ina cuid de gach cúrsa oiliúna COI/FTT agus cuirtear ar fáil freisin é mar sheisiún aonair gearr, de réir mar is gá.

Is soláthraí oiliúna údaraithe é an IDD le haghaidh an Módúil COI/FTT an Churaclaim Tearmann Eorpaigh. Tugtar an cúrsa mar chúrsa meantóireachta ar líne a mhaireann 4 seachtaine agus a bhfuil lá oiliúna aghaidh ar aghaidh mar chríoch air. Tá fáil ag rannpháirtithe náisiúnta agus idirnáisiúnta araon air. Baineann na hoiliúintí ríomhaire-bunaithe úsáid as cleachtaí taighde agus cás-staidéir a thagann ó obair laethúil COI/FTT. Tugtar ábhair agus bileoga eolais do na rannpháirtithe.

Le tuilleadh eolais a fháil maidir le hoiliúint, déan teagmháil linn ag: rdc@legalaidboard.ie