Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Cairt Custaiméirí - Oifigeach Idirchaidrimh Custaiméirí

Tá Oifigeach Idirchaidrimh Custaiméirí ceaptha ag an mBord. Tá freagracht foriomlán ag an duine seo as an tseirbhís a chuirfear ar fáil do chustaiméirí. Is féidir leat dul i dteagmháil leis an Oifigeach Idirchaidrimh Custaiméirí, i ndáil le haon ábhar a bhaineann leis na seirbhísí a chuirfear ar fáil duit nach bhfuil réitithe chun do shástacht.

Bord um Chúnamh Dlíthiúil,

48/49 Sráid Brunswick Thuaidh,

Lána Sheoirse,

Margadh na Feirme,

Baile Átha Cliath 7

Teil: 01 646 9600

Ríomhphost: customerliaisonofficer@legalaidboard.ie

Maidir leis na háiseanna san ionad dlí nó maidir le teip chun na caighdeáin atá leagtha amach sa Chairt seo a chomhlíonadh

  • Ba cheart duit an gearán a chur i scríbhinn ag an Oifigeach Idirchaidrimh Custaiméirí: Bord um Chúnamh Dlíthiúil,
    48/49 Sráid Brunswick Thuaidh, Lána Sheoirse, Margadh na Feirme, Baile Átha Cliath 7

Maidir le hAbhcóide nó dlíodóir príobháideach atá ag cur seirbhísí dlíthiúla ar fáil duit

  • ba cheart duit i dtosach gearán a dhéanamh don Dlíodóir Bainistíochta san ionad dlí;
  • beidh sé mar aidhm ag an Dlíodóir Bainistíochta an t-ábhar a réiteach chomh sciobtha agus is féidir agus, más gá, buailfeadh sé/sí leat chun d’ábhar imní a phlé;
  • má tá tú míshásta i gcónaí, ba cheart duit an gearán a dhéanamh i scríbhinn don Dlíodóir Bainistíochta;



Is féidir teacht ar chóip iomlán dár nós imeachta gearáin i nós Imeachta Um Chúram do Chustaiméirí agus Gearáin.

Má tá tú míshásta leis an gcinneadh maidir le d’iarratas i gcóir cúnaimh/comhairle dlíthiúil, féadfaidh tú athbhreithniú a fháil ar an gcinneadh nó an cinneadh a achomharc ag coiste acomhairc den Bhord. Tá na socruithe i gcóir acomharc leagtha amach i Tarraingt Siar Seirbhísí Dlí.

An chaoi ar féidir leat cabhrú linn
Is féidir linn an cúnamh is fearr a thabhairt duit:

  • Má chuireann tú ar fáil aon eolas atá agat a d’fhéadfadh a bheith ábhartha;
  • Má chuireann tú ar fáil aon cháipéis nó uimhreacha tagartha atá agat a d’fhéadfadh a bheith ábhartha;
  • Má chaitheann tú lenár mbaill foirne agus le custaiméirí eile le cuirtéis agus le meas.


Aiseolas

  • Cuirimid fáilte roimh aon tuairim, moladh nó barúil atá agat maidir le haon ghné dár seirbhís agus cuir ar an eolas muid le do thoil má tá tú an-sásta le haon ghné dár seirbhís