Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Osclóidh an Tánaiste agus an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais chéad ionad dlí comhlonnaithe agus oifig idirghabhála teaghlaigh an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil

Osclóidh an Tánaiste agus an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais chéad ionad dlí comhlonnaithe agus oifig idirghabhála teaghlaigh an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil ag Teach Jervis, Sráid Jervis Dé Luain, an 10 Deireadh Fómhair 2016 ag 11am.

Is éard atá san oifig ná an chéad chomhlonnú beartaithe a rinneadh ar ionad dlí agus ar oifig idirghabhála teaghlaigh. Déanann thart ar 75% díobh siúd a lorgaíonn cúnamh nó comhairle dhlíthiúil shibhialta amhlaidh maidir le fadhb theaghlaigh. Ó thráth déanach in 2011, bhí an Bord um Chúnamh Dlíthiúil freagrach as seirbhísí idirghabhála teaghlaigh atá cistithe ag an Stát a sholáthar. Tá idirghabháil teaghlaigh a sholáthraíonn an Bord um Chúnamh Dlíthiúil saor in aisce agus oscailte do chách.

Thug John McDaid, príomhfheidhmeannach an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil an méid a leanas faoi deara, “Cuirfidh an comhlonnú deis iontach ar fáil chun níos mó de na teaghlaigh siúd atá thíos le cliseadh teaghlaigh a stiúradh nó a spreagadh chun tabhairt faoin bpróiseas sáraíochta cúirte agus chun tabhairt faoi idirbheartaíocht éascaithe idir na páirtithe iad féin – déanann an t-idirghabhálaí an idirbheartaíocht a éascú. San fhadtéarma, d’fhéadfadh go gcuirfeadh idirghabháil bealach níos éifeachtúla chun fadhbanna teaghlaigh a réiteach. Is tábhachtach gur cheart dó níos mó réitigh éifeachtacha a cheadú ar an mbonn go ritheann a réitigh féin leis na páirtithe ar a luas féin, seachas réitigh a bheith á ngearradh orthu, ar bhealach an-bhrostaithe, amanna. Ba cheart go gcuirfear le caidreamh níos fearr amach anseo tríd an bpróiseas sáraíochta cúirte a sheachaint.”

Dúirt an tUasal McDaid an méid a leanas, “tá an Bord um Chúnamh Dlíthiúil sásta le baint a bheith aige i Seachtain na Feasachta ar Idirghabháil 2016, a gcuirtear tús léi an 10 Deireadh Fómhair. Cuireann seo deiseanna ar fáil chun idirghabháil a thabhairt chun solais mar phróiseas réitigh díospóide go ginearálta.”

Tá fáil ar bhreis faisnéise faoi idirghabháil teaghlaigh agus faoi sheirbhísí an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil go ginearálta ar www.legalaidboard.ie agus tá fáil ar shonraí faoi imeachtaí ar leith a bheidh ag titim amach i rith Sheachtain na Feasachta ar Idirghabháil ar www.mediationawarenessweek.ie.

Críoch

Chun teacht ar bhreis faisnéise, déan teagmháil le:
An tUasal John McDaid, Príomhfheidhmeannach, 087 6597358

Nótaí d’eagarthóirí:

1. Ní bhaineann athmhuintearas le hIdirghabháil Teaghlaigh. Is éard atá i gceist leis ná iarracht a dhéanamh daoine a éascú a bhí thíos le cliseadh teaghlaigh nó a bhfuil leanbh acu lena chéile, chun a réitigh féin a bhaint amach a thagann chun solais nuair a chliseann caidreamh agus amhlaidh a dhéanamh le cúnamh ó thríú páirtí oilte. Aithníonn na réitigh siúd, dar ndóigh, nach leanfaidh gnáthchaidreamh teaghlaigh ina dhiaidh seo.

2. Tá seirbhísí idirghabhála atá cistithe ag an stát ar fáil ó 1986 i leith. Sholáthair an tSeirbhís Idirghabhála Teaghlaigh an tseirbhís faoi choimirce roinnt Ranna éagsúla rialtais agus an Ghníomhaireacht um Thacaíocht Teaghlaigh go dtí gur bronnadh freagracht ar an mBord as na seirbhísí a sholáthar i Samhain 2011.

3. Is fiú a thabhairt faoi deara nach ndéantar tástáil mhaoine ar an tseirbhís agus go bhfuil sí saor in aisce.

4. Ar an meán, glacann idirghabháil idir 4 agus 6 sheisiún. Glacann gach seisiún thart ar uair an chloig. Cumhdaítear gach saincheist; na Leanaí a Thuistiú, Tacaíocht Airgeadais, Teach agus Teaghlaigh agus Maoin, Pinsin, Aon Saincheisteanna Eile a bhaineann leis an Idirscaradh. Tugann an chéad seisiún an deis chun idirghabháil a fhiosrú mar rogha duit féin agus, ina dhiaidh seo, comhaontaítear cé acu chun leanúint nó gan leanúint ar aghaidh leis an idirghabháil ina hiomláine.

5. Chomh maith leis sin, soláthraíonn an Bord um Chúnamh Dlíthiúil roinnt seirbhísí idirghabhála bunaithe sa Chúirt timpeall na tíre.