Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Preaseisiuinti

Tarraingíonn tuarascáil bhliantúil an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil aird ar an méadú atá tagtha ar éileamh

Chuir an Bord um Chúnamh Dlíthiúil a Thuarascáil Bhliantúil i gcomhair 2008 faoi bhráid an Aire Dermot Ahern TD, An tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí inniu. Cuireann an Bord comhairle agus cúnamh dlíthiúil sibhialta ar fáil dóibh siúd atá ar ioncam níos ísle trína líonra náisiúnta d’ionaid dlí. Cuireann sé seirbhísí dlí ar fáil dóibh siúd atá ag lorg tearmainn trína Sheirbhís Dlí do Dhídeanaithe.

In 2008, tháinig méadú 18% ar líon na n-iarratas nua chuig an mBord ar sheirbhísí dlí. Ar an iomlán, fuair daoine aonair cúnamh dlíthiúil ón mBord um Chúnamh Dlíthiúil in os cionn 21,000 cás in 2008. Ba dlí teaghlaigh a bhí i gceist i bhformhór na hoibre ar thaobh an chúnaimh dlíthiúil sibhialta.

Ba é an lagtrá eacnamaíochta ba chúis leis an gcuid is mó den mhéadú ar an éileamh. Ós rud é go ndéantar tástáil ó thaobh acmhainne ar sholáthar seirbhísí an Bhoird, ciallaíonn an méadú ar dífhostaíocht agus ioncaim níos ísle go bhfuil níos mó daoine incháilithe do chomhairle agus do chúnamh dlíthiúil anois ná mar a bhí roimhe seo. Ina theannta sin, léiríonn fianaiseó go leor dlínsí go dtagann méadú ar éileamh ar chúnamh agus comhairle dlí i réimsí mar fiachas, fostaíocht agus dlí teaghlaigh mar thoradh ar lagtrá eacnamaíochta. Tá an rud céanna amhlaidh in Éirinn.

Dúirt Cathaoirleach an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil, an tUasal Anne Colley gur dúshlán a bheidh ann don Bhord an leibhéal soláthair faisnéise a chothú mar gheall ar an méadú ar éileamh anuas ar na deacrachtaí airgeadais poiblí.

Dúirt an tUasal Colley “Mar gheall go bhfuil méadú tagtha ar an líon iarratas ar sheirbhísí dlí, tá níos mó brú ar thréimhsí feithimh chun coinní tosaigh a fháil le haturnaetha. Táimid meáite treabhadh linn mar sin féin agus muid ag iarraidh ár gcuspóir a bhaint amach, is é sin seirbhís ardchaighdeáin a sholáthar laistigh de thréimhse ama réasúnta”. Chuir sí in iúl freisin go mbíonn seirbhís láithreach nó beagnach láithreach ag teastáil in go leor de na cásanna a láimhseálann an Bord, agus mar sin, go bhfuil cuid shuntasach de chliaint an Bhoird nach gcuirtear ar liosta feithimh ar chor ar bith .

Chuir Príomhfheidhmeannach an Bhoird, an tUasal Moling Ryan, in iúl go bhfuil an Bord tar éis gníomhú chun a éifeachtúlacht a uasmhéadú. “Ghlac an Bord cur chuige réamhghníomhach agus leanaimid orainn á ghlacadh chun an úsáid is fearr a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil dúinn”, a dúirt sé. “Tá athbhreithniú criticiúil déanta againn ar gach réimse dár n-oibríochtaí le dhá bhliain anuas; an líonra ionaid dlí, an tSeirbhís Dlí do Dhídeanaithe agus ár n-oibríochtaí ceannoifige. Tá sé i gceist go gcabhródh cur i bhfeidhm na moltaí a thagann as na hathbhreithnithe seo leis an mBord caighdeán, éifeachtúlacht agus éifeachtacht a chuid oibríochtaí a uasmhéadú”.

Buaicphointí

Ar an iomlán, fuair an Bord os cionn 15,000 iarratas nua ar sheirbhísí dlí in 2008, sin méadú beagnach 18%. Ba í an phríomhfhachtóir ba chúis leis sin ná cúrsaí eacnamaíochta a bheith ag dul chun donais, rud a chiallaigh go raibh níos mó daoine incháilithe ó thaobh airgeadais de do chúnamh dlíthiúil sibhialta.

Ó thaobh na n-ionad dlí de in 2008, tháinig méadú ar mhaoiniú an Státchiste go €26.988m, sin méadú breis is 11% ón mbliain roimhe. Tháinig méadú 3% go €8.897m ar mhaoiniú don tSeirbhís Dlí do Dhídeanaithe.

Próiseáladh 14,917 cás sa líonra ionaid dlí in 2008, sin méadú 7% ón mbliain roimhe. Ba í an phríomhfhachtóir ansin ná méadú mór ar an líon cásanna comhairle dlí a déileáladh leo. Ina theannta sin, próiseáladh 2,983 cás cúnaimh dlíthiúil eile ag úsáid seirbhís Chleachtóirí Príobháideacha an Bhoird, méadú 29% ar 2007.

Chláraigh 3,219 cliant nua do sheirbhísí dlí na Seirbhíse Dlí do Dhídeanaithe in 2008, sin méadú 21% ó 2007.

Cé gur cuireadh níos mó brú ar thréimhsí feithimh chun coinne a fháil le haturnae in 2008 mar thoradh ar an méadú ar éileamh, soláthraíodh seirbhísí dlí laistigh de 4 mhí i mbeagnach gach ionad dlí de chuid an Bhoird. Soláthraíodh seirbhís tosaíochta i mbreis is 20% de na cásanna ar déileáladh leo in ionaid dlí, cosúil leo sin a bhain le foréigean teaghlaigh, cúram leanaí, fuadach leanaí nó a raibh spriocdhátaí reachtúla i gceist leo.

I gcaitheamh na bliana, thug an Bord faoi athbhreithniú ar oibríochtaí a ionaid dlí. Tháinig roinnt moltaí chun cinn a bhfuil sé mar aidhm acu caighdeán, éifeachtacht agus éifeachtúlacht an líonra ionaid dlí a thabhairt chun barr feabhais.

D’fhostaigh an Bord comhairleoirí seachtracha chun measúnú riosca a dhéanamh ar a sheachadadh seirbhíse. Is cosúil go mbeidh caighdeánú suntasach ar phróisis agus ar nósanna imeachta ar fud líonra ionaid dlí an Bhoird mar thoradh ar an tuairisc, a fuarthas níos luaithe i mbliana.

In 2008, chun feasacht ar sheirbhísí an Bhoird a chur chun cinn, reáchtáladh cruinnithe ráithiúla den Phainéal Comhairliúcháin Seachtrach. Freisin chomhoibrigh an Bord chun bileog eolais ar chúnamh dlíthiúil sibhialta a dhéanamh leis an Dlí-Chumann, ata dírithe go príomha ar aturnaetha.

D’éascaigh an Bord oiliúint bhreise ar shamhail den dlí comhoibríoch chun díospóidí a réiteach dá chuid aturnaetha féin agus d'aturnaetha príobháideacha araon. Rinne sé comh-óstáil freisin, i gcomhar le Dlí-Chumann na hÉireann, ar shiompóisiam maidir le réiteach malartach a fháil ar dhíospóidí i gcúrsaí teaghlaigh leis an aidhm réiteach díospóide nach bhfuil bunaithe ar an gcúirt a bheith mar rogha cheart dóibh siúd a bhfuil fadhbanna teaghlaigh acu.

Dhréachtaigh an Bord Plean Corparáideach nua i dtreo dheireadh na bliana. Leagann sé sin amach cuspóirí an Bhoird don tréimhse 2009-2011, i dteannta leis na gníomhartha atá beartaithe chun iad a bhaint amach, i dtréimhse a bheidh an-dúshlánach maidir le héileamh agus maoiniú araon.

CRÍOCH
Chun faisnéis bhreise a fháil téigh i dteagmháil le:
An Bord um Chúnamh Dlíthiúil 066 9471000