Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Preaseisiuinti

Tuairiscíonn an Bord um Chúnamh Dlíthiúil méadú suntasach san éileamh ar sheirbhísí dlí

D’fhoilsigh an Bord um Chúnamh Dlíthiúil a Thuarascáil Bhliantúil agus Cuntais 2011 inniu (19 Nollaig 2012). Cuireann an Bord comhairle agus cúnamh dlíthiúil sibhialta ar fáil dóibh siúd nach bhfuil ábalta aturnae a íoc iad féin, trína líonra náisiúnta d’ionaid dlí. Cuireann sé seirbhísí dlí ar fáil dóibh siúd atá ag lorg tearmainn trína Sheirbhís Dlí do Dhídeanaithe. Tá an Bord tar éis freagracht a ghlacadh freisin ó mhí na Samhna seo chaite as an tSeirbhís Idirghabhála Teaghlaigh.

Léirítear sa tuarascáil go bhfuair an Bord um Chúnamh Dlíthiúil 18,657 iarratas ar chomhairle agus ar chúnamh dlíthiúil sibhialta in 2011. Ba mhéadú 9% é sin ar fhigiúr na bliana roimhe sin. Tháinig sé sin i ndiaidh an mhéadaithe 21% in 2010 agus an mhéadaithe 18% in 2009. Tá méadú 93% tagtha ar an éileamh ar sheirbhísí ó dheireadh na bliana 2006. Phróiseáil ionaid dlí an Bhoird 17,825 cás san iomlán in 2011, rud ab ionann agus méadú 7% ar fhigiúr na bliana 2009, agus cuireadh 4,862 chás ar aghaidh chuig cleachtóirí príobháideacha. Atreoraíodh níos lú cásanna chuig cleachtóirí príobháideacha in 2011 de bharr srianta buiséadacha.

Feictear don Bhord go bhfuil dhá phríomhthoisc ina gcúis leis an méadú leanúnach in éileamh. Ar an gcéad dul síos, agus ar an gcúis is suntasaí, tá líon níos mó daoine ag comhlíonadh na tástála acmhainne mar gheall ar an gcor chun donais eacnamaíoch atá ag leanúint ar aghaidh, rud a chiallaíonn gur féidir leo leas a bhaint as na seirbhísí dlí a sholáthraíonn an Bord. Anuas air sin, tá fianaise ann go mbíonn seirbhísí dlí ag teastáil níos mó le linn tréimhsí anáis eacnamaíoch, go háirithe i réimsí áirithe ar nós an dlí teaghlaigh, fiachais agus fostaíochta.

Bhí réimse amháin d’oibríochtaí an Bhoird nach raibh méadú ar líon na n-iarratas anuraidh. Bhí laghdú 32% in 2010 go dtí 979 i gcliaint nua sa tSeirbhís Dlí do Dhídeanaithe, a chuireann seirbhísí dlí ar fáil d’iarrthóirí tearmainn. Bhí sé sin i gcomhréir le líon laghdaithe na n-iarratas ar thearmann sa stát le blianta beaga anuas.

Leathnaíodh réimse gníomhaíochtaí an Bhoird in 2011. Ghlac an Bord freagracht as an tSeirbhís Idirghabhála Teaghlaigh ón nGníomhaireacht um Thacaíocht Teaghlaigh i Samhain 2011 agus aistríodh freagracht as Scéim Comhairle Dlí ad-hoc Stáisiún na nGardaí ón Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais chuig an mBord i nDeireadh Fómhair. 

Ag labhairt di faoin tuarascáil, thug Cathaoirleach an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil, an tUasal Muriel Walls, faoi deara gur í an phríomhghné a bhain le timpeallacht oibriúcháin an Bhoird le blianta beaga anuas ná an méadú suntasach ar éileamh ar sheirbhísí ar fud an líonra d’ionaid dlí. Tá an Bord cosúil le formhór na n-eagraíochtaí seirbhíse poiblí sa mhéid is go mbeidh air na riachtanais ó thaobh seirbhíse de a shásamh go ceann i bhfad agus níos lú daoine ag obair san eagraíocht. Tá freagra réamhghníomhach tugtha ag an mBord ar an scéal trína sheirbhísí a athstruchtúrú agus trí bhealaí nua a fhorbairt chun seirbhísí a sholáthar d’fhonn an leas is fearr a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil. Ina measc siúd rinneadh cuíchóiriú ar na nósanna imeachta maidir le measúnacht airgeadais, feidhmíodh seirbhís ‘comhairle amháin’ ar bhonn píolótach, comhtháthaíodh na Seirbhísí Dlí do Dhídeanaithe le hionaid dlí i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh agus i nGaillimh, agus cuireadh seirbhís speisialtóireachta ar fáil i gcomhair cásanna faillí míochaine agus cúraim leanaí. Rinneadh dul chun cinn suntasach freisin maidir le córas nua a fhorbairt chun cásanna dlí a bhainistiú ar fud an Bhoird go léir. Cuirfidh sé seo ar chumas an Bhoird a bheith níos éifeachtúla agus rioscaí a bhainistiú go héifeachtach.

Luaigh an tUasal Walls an chaoi ar cuireadh le sainchúram an Bhoird in 2011. D’éirigh leis an mBord freisin an tSeirbhís Idirghabhála Teaghlaigh (SIT) a ghlacadh go rathúil ón nGníomhaireacht um Thacaíocht Teaghlaigh (GTT). Rinneadh dul chun cinn freisin maidir leis an eagraíocht a ullmhú d’aistriú na freagrachta i leith cúnaimh dhlíthiúil choiriúil ón Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais agus gníomhaireachtaí eile chuig an mBord. Aistríodh an fhreagracht as Scéim Comhairle Dlí Stáisiúin na nGardaí chuig an mBord ag tús mhí Dheireadh Fómhair 2011.

D’admhaigh Príomhfheidhmeannach an Bhoird, an Dr Moling Ryan, freisin go gcuireann an méadú san éileamh brú suntasach ar chumas an Bhoird seirbhís thráthúil a sholáthar ag cuid dá n-ionaid dlí. Bhí méadú 7% ag teacht ar na cásanna a phróiseáladh i líonra ionaid dlí an Bhoird, agus laghdú 4.7% ar líon na foirne i rith na bliana. Luaigh sé go bhfuil 'samhail mheasctha' ag an mBord maidir le seachadadh seirbhíse trína n-úsáidtear seirbhísí aturnaetha agus abhcóidí príobháideacha le cur leis an bpríomhsheirbhís a chuireann aturnaetha an Bhoird féin ar fáil. Cé go bhfuil tréimhsí feithimh i gcomhair coinne iomlán le haturnae méadaithe thar an spriocthréimhse ceithre mhí in os cionn dhá thrian d’ionaid dlí an Bhoird, cuirtear seirbhís láithreach nó beagnach láithreach ar fáil i gcásanna a mheastar tosaíocht a bheith ag baint leo. Áirítear leo sin cásanna foréigean teaghlaigh, fuadach leanaí, cásanna a bhaineann le hiarratais ón Stát chun leanaí a thógáil i gcúram nó cásanna ina bhfuil na teorainneacha ama a bhaineann leo ar tí dul in éag. Bhí thart ar 15% de na cásanna go léir ar dhéileáil ionaid dlí an Bhoird leo sa chatagóir seo in 2011. 

Thagair an Dr Ryan do roinnt tionscnamh a tugadh isteach i rith 2011 chun na seirbhísí a bhainistiú níos fearr, lena n-áirítear comhtháthú na Seirbhíse Dlí do Dhídeanaithe le líonra na n-ionad dlí agus feidhmiú na seirbhíse luathchomhairle in ionaid dlí. Úsáidfear torthaí an athbhreithnithe mar bhonn chun mórthionscnamh seirbhíse nua a thabhairt isteach le linn 2012. Is éard a bheidh i gceist leis an tionscnamh seo ná “seirbhís triáise” a thabhairt isteach, rud trína dtairgfear coinne comhairle tosaigh le haturnae do na hiarratasóirí go léir laistigh de thréimhse 4 seachtaine. Tabharfar comhairle faoin bpróiseas dlíthiúil mar chuid den tseirbhís seo agus i roinnt cásanna atreorófar na daoine chuig próisis réitithe eile a bheidh níos oiriúnaí. Cé go bhfreastalóidh sé seo ar riachtanas práinneach, ní mór a thabhairt faoi deara nach rachaidh sé i ngleic go hiomlán leis an méadú mór atá tagtha ar an éileamh ar sheirbhísí.

Leag an tUasal Walls agus an Dr Ryan beirt béim ar sheoladh thionscnaimh chomhtháite idirghabhála an Bhoird i gcomhar leis an tSeirbhís Chúirteanna agus an tSeirbhís Idirghabhála Teaghlaigh. Tá an tionscnamh seo á chur i bhfeidhm i mBaile Átha Cliath. I gcás daoine a bhfuil sé ar intinn acu imeachtaí a thionscnamh i dTeach an Charnáin maidir le caomhnóireacht nó rochtain, tugtar faisnéis dóibh láithreach ar idirghabháil mar rogha chun cúrsaí a réiteach. Ina leithéid de chásanna tugtar an rogha do na hiarratasóirí go n-atreorófar iad go luath chuig seirbhís idirghabhála. Léiríonn an t-athbhreithniú ar fheidhmiú an tionscnaimh go bhfuil tairbhí soiléire ó thaobh costais agus ó thaobh na sochaí de ag baint leis an gcur chuige seo. Rinne níos mó ná 300 iarratasóir na hábhair a réiteach trí idirghabháil, agus bheadh na daoine sin ag iarraidh a ndíospóidí dlí teaghlaigh a réiteach sa chúirt murach sin. Mar gheall ar an tionscnamh seo, tá acmhainní á n-úsáid ar bhealach níos éifeachtaí sa tSeirbhís Chúirteanna agus sa Bhord araon, agus tá riachtanais chliant á gcomhlíonadh ar bhealach níos suaimhní agus níos saoire ná mar atá sa chóras Cúirteanna.

Buaicphointí ó Thuarascáil Bhliantúil agus Cuntais 2011 an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil

Láimhseáil líonra ionad dlí an Bhoird maidir le hábhair shibhialta ghinearálta méadú 9% ar iarratais in 2011. Bhí méadú 21% ann roimhe sin in 2010 ar fhigiúirí 2009. Bhí an leibhéal éilimh in 2011 thart faoi 93% níos airde ná mar a bhí sé in 2006.

Tháinig laghdú níos mó ná 32% ar líon na gcliant nua a chláraigh le Seirbhís Dlí do Dhídeanaithe an Bhoird, rud atá ag teacht leis an laghdú le blianta beaga anuas ar líon na ndaoine atá ag lorg tearmainn sa tír seo.

Tháinig laghdú beag ar mhaoiniú Státchiste don tseirbhís um chúnamh dlíthiúil sibhialta ó €24.22 milliún in 2010 go €24.12 milliún in 2011. I gcás na Seirbhíse Dlí do Dhídeanaithe, tháinig laghdú níos mó ná 21% ar sholáthar maoinithe an Státchiste go €6.24 milliún. Ar an iomlán, tháinig laghdú 4.7% ar leibhéil foirne le linn na bliana ó 359 coibhéis lánaimseartha ag deireadh 2010 go 342 ag deireadh 2011.
Tháinig méadú 7% ar líon na gcásanna a phróiseáil an líonra ionad dlí le linn na bliana go os cionn 17,800. Tháinig méadú 12% ar an líon cásanna cúram leanaí.

Cuireadh le sainchúraim an Bhoird in 2011. Ar an 1 Samhain, ghlac an Bord freagracht as an tSeirbhís Idirghabhála Teaghlaigh (FMS) ón nGníomhaireacht um Thacaíocht Teaghlaigh. Cuireann an tSeirbhís Idirghabhála Teaghlaigh seirbhís idirghabhála ar fáil i 16 ionad ar fud na tíre. Aistríodh freagracht as Scéim Comhairle Dlí ad-hoc Stáisiúin na nGardaí chuig an mBord ón Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais ar an 1 Deireadh Fómhair.

Bhí brú níos mó ar thréimhsí feithimh chun coinne a fháil le haturnae in 2011 de bharr an mhéadaithe ar éileamh agus na srianta a cuireadh ar acmhainní an Bhoird. Bhí deacrachtaí fós ag baint le rochtain thráthúil ar sheirbhísí dlí in 2011. Cé go gcuireann an Bord seirbhís tosaíochta ar fáil nó go dtugann sé tosaíocht do líon suntasach dá chliaint, bhí an tréimhse feithimh don chéad choinne le dlíodóirí le haghaidh cúrsaí eile os cionn ceithre mhí in 21 ionad dlí de chuid an Bhoird ag deireadh na bliana. 

Mar sin féin, lean an Bord ag cur seirbhís tosaíochta ar fáil nuair a mheas sé go raibh seirbhís láithreach nó beagnach láithreach ag teastáil. Ina measc, áirítear cásanna foréigean teaghlaigh, fuadach leanaí, cásanna a bhain le hiarratais ón Stát chun leanaí a thógáil i gcúram nó cásanna ina raibh teorainneacha ama a bhí ar tí dul in éag i gceist.

Lean an Bord air ag baint leasa as cleachtóirí príobháideacha chun cabhrú le líon na gcliant a bhí ag feitheamh ar sheirbhísí dlí a laghdú. Feidhmíonn seirbhís na gcleachtóirí príobháideacha i gcomhair cúrsaí a bhaineann le dlí teaghlaigh sa Chúirt Dúiche. Mar gheall ar chúiseanna buiséadacha, tá srian ar an Scéim chun páirt a thabhairt do chleachtóirí príobháideacha i gcúrsaí a bhaineann le colscaradh agus le hidirscaradh sa Chúirt Chuarda.

Bhí seirbhís ‘comhairle amháin’ á cur ar fáil ag an mBord i bhformhór na n-ionad dlí a raibh an tréimhse feithimh os cionn 3 mhí iontu. Rinneadh measúnú ar an tseirbhís in 2011 agus de bhun an mheasúnaithe sin rinneadh moladh gur cheart seirbhís ‘triáise’ a chur ar fáil ar bhonn treoirscéime in 2012. Is é an cuspóir a bheidh ag an gcur chuige seo ná a chinntiú go bhfaigheann gach iarratasóir coinne le dlíodóir chun chríocha comhairle dlí a fháil laistigh de thréimhse míosa.

In 2011, d'oibrigh an Bord, agus réiteach díospóide lasmuigh den chúirt i ndíospóidí teaghlaigh sa chéad dul síos á chur chun cinn aige, leis an tSeirbhís Chúirteanna agus an tSeirbhís Idirghabhála Teaghlaigh chun ‘tionscnamh idirghabhála’ a chur ar siúl ar bhonn píolótach i bhfoirgneamh na Cúirte Teaghlaigh Dúiche i mBaile Átha Cliath. Tugtar faisnéis maidir le freastal ar idirghabháil do dhaoine atá i láthair ag an gCúirt Dúiche i ndáil le díospóidí teaghlaigh. Tá sé mar ghné lárnach de go mbíonn idirghabhálaithe ar an láthair san fhoirgneamh céanna, lena gcumasaítear rochtain éasca ar an bpróiseas seo.

D’fheabhsaigh an Bord an ionadaíocht atá aige sa Chúirt Teaghlaigh Dúiche i mBaile Átha Cliath le linn 2011 d’fhonn méadú a bhaint amach ar a chumas freagairt go tráthúil d’éilimh ar sheirbhísí do thuismitheoirí atá i mbaol a leanaí a bheith glactha faoi chúram an Stáit (FSS).
Rinneadh dul chun cinn suntasach le linn na bliana ar fhorbairt a dhéanamh ar chóras cuimsitheach chun cásanna dlí a bhainistiú (EOS), rud a bheidh ar fáil ar fud an líonra ionad dlí. Soláthróidh an córas solúbthacht agus éifeachtacht níos mó maidir le húsáid acmhainní foirne an Bhoird. Táthar ag súil go mbeidh an córas sin i bhfeidhm i lár 2012.

Reáchtáil an Bord a chomhdháil bhliantúil maidir leis an dlí teaghlaigh i mí an Mheithimh 2011. Ba é téama na Comhdhála ná “Leas Leanaí a Chosaint i nDíospóidí Dlí Teaghlaigh”. Thug roinnt cainteoirí iomráiteacha aitheasc don chomhdháil maidir le gnéithe éagsúla den dlí sibhialta in Éirinn agus thar lear.

CRÍOCH

Chun faisnéis bhreise a fháil, téigh i dteagmháil le:
An Dr Moling Ryan, Príomhfheidhmeannach 087 6474980
An tUasal Eileen Bowden, Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha 087 6287432
An tUasal Fiona Morley, Bainisteoir, an tAonad Taighde agus Faisnéise, 087 9677279