Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Tugann an Bord um Chúnamh Dlíthiúil éileamh seasta le fios ar sheirbhísí dlí

D’fhoilsigh an Bord um Chúnamh Dlíthiúil a dTuarascáil Bhliantúil agus Cuntais 2015 inniu (16 Nollaig 2016). Soláthraíonn an Bord cúnamh agus comhairle dlí shibhialta dóibh siúd nach féidir leo íoc as aturnae a choimeád trína líonra náisiúnta d’ionaid dlí agus trí aturnaetha príobháideacha a úsáid. Ó Shamhain 2011 i leith, ghlac an Bord freagracht, chomh maith, as seirbhísí idirghabhála teaghlaigh a sholáthar atá cistithe ag an Stát.

Tháinig méadú thart ar 2% in 2015 ar an éileamh ar sheirbhísí um chúnamh dlíthiúil sibhialta i gcomparáid le figiúr 2014. Léirítear sa Tuarascáil go bhfuair an Bord um Chúnamh Dlíthiúil 16,793 iarratas ar chúnamh agus comhairle dhlíthiúil shibhialta (ceisteanna a bhaineann le tearmann san áireamh). Ba é an limistéar inar tháinig an méadú ba shuntasaí ar iarratais ná tearmann / cosaint idirnáisiúnta, áit ar tháinig méadú ar na líonta aníos ó 902 go dtí 1,537, arb ionann seo agus méadú 70%. Ar an iomlán, dhéileáil ionaid dlí an Bhoird le 17,959 cás, arb ionann seo agus laghdú thart ar 400 cás i gcomparáid le 2014, agus atreoraíodh 5,534 cás amach chuig aturnaetha príobháideacha.

Thug an Cathaoirleach reatha, Philip O’Leary, agus an Príomhfheidhmeannach, John McDaid, le fios, cé go leanann tréimhsí feithimh le seirbhísí dlí le dúshlán mór a chur roimh an mBord, tháinig laghdú ar na líonta daoine a bhí ag feitheamh le seirbhísí anuas ó 3,412 duine ag tús na bliana, go dtí 2,319 an 31 Nollaig 2015 agus tháinig laghdú ar na líonta, idir an dá linn, anuas go dtí 1,957 duine amhail an 1 Nollaig 2016. Dúshlán atá roimh an mBord ná an treocht anuas a choimeád i dtaobh na líonta atá ag feitheamh le seirbhísí. Lean an Bord le seirbhís tosaíochta a chur ar fáil maidir le limistéir áirithe, ar nós foréigean teaghlaigh, fuadach leanaí agus cásanna cúram leanaí. B’ionann iad seo agus 17% de líon iomlán na n-iarratas in 2015. Tá an Bord an-fheasach air gur féidir le moill mhíchuí tionchar diúltach a imirt, ní hamháin ar an duine a lorgaíonn seirbhísí dlí ach freisin ar riar níos fairsinge an cheartais i limistéar an teaghlaigh. Forbairt ar cuireadh an-fháilte roimpi ná an méadú os cionn €1.6m a tháinig ar chistiú in 2016 anuas ar mhéadú breise don bhliain 2017.

Leanann an Bord le húsáid fhairsing a bhaint as aturnaetha príobháideacha, go háirithe i dtaobh ceisteanna na Cúirte Dúiche, chun cabhrú le seirbhísí a sholáthar. In 2015, rinne aturnaetha príobháideacha comhairle agus ionadaíocht a sholáthar do líon os cionn 5,500 iarratasóir a tháinig i láthair le fadhb dhlí teaghlaigh. Cuireadh tús in 2015 le tionscadal píolótach inar bhain úsáid a bhaint as aturnaetha príobháideacha i gceisteanna cúram leanaí dlí phoiblí.

Lean an Bord le sinéirgí a fhorbairt idir a sheirbhísí um chúnamh dlíthiúil sibhialta agus a sheirbhísí idirghabhála teaghlaigh. Tá ionad comhlonnaithe dlí agus oifig idirghabhála teaghlaigh ag an mBord anois ar Shráid Jervis i mBaile Átha Cliath. Leanadh le tionscadail a chur ar bun ina raibh baint ag idirghabhálaithe teaghlaigh ag an teach cúirte ar laethanta dlí teaghlaigh i mBaile Átha Cliath, Corcaigh, an Nás, Luimneach agus Contae Thiobraid Árann. Rinneadh tionscadail bhreise a fhorbairt ó shin i leith in Inis agus i nDún Dealgan. Leanadh le tionscadal píolótach a chur ar siúl ina lorgaítear go bhfreastalaíonn iarratasóirí ar chúnamh dlíthiúil sibhialta le haghaidh díospóidí áirithe dlí teaghlaigh, go príomha nuair a bhíonn leanbh cleithiúnach i gceist, ar sheisiún faisnéise faoi idirghabháil teaghlaigh sula ndeonaítear deimhniú um chúnamh dlíthiúil dóibh chun imeachtaí a ghlacadh nó a chosaint, i gCorcaigh agus rinneadh an tionscadal a shíneadh chun ceantair Bhaile Átha Luain agus Chaisleán an Bharraigh a chuimsiú, chomh maith. (Ní bhaineann an riachtanas le cásanna ina bhfuil foréigean teaghlaigh i gceist).

Níor éirigh linn an fhreagracht a aistriú as bainistiú na príomhscéime um chúnamh dlíthiúil coiriúil faoi dheireadh na bliana 2015. Teastaíonn reachtaíocht atá á dréachtú ón aistriú. Aistríodh an fhreagracht roimhe seo chuig an mBord as cuid de na scéimeanna ad hoc um chúnamh dlíthiúil a sholáthar, ina measc Scéim Chomhairle Dlí Stáisiúin na nGardaí, an Scéim um Chúnamh Dlíthiúil – Saincheisteanna Coimeádta, agus Scéim um Chúnamh Dlíthiúil an Bhiúró um Shócmhainní Coiriúla.

Buaicphointí ó Thuarascáil Bhliantúil agus Cuntais 2015 an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil

Fuair an Bord beagnach 16,800 iarratas ar sheirbhísí dlí shibhialta in 2015, arbh ionann seo agus méadú thart ar 2% ar an bhfigiúr don bhliain 2014.

Tháinig méadú 70% ar an líon cliaint nua a chláraigh leis an mBord do sheirbhísí a bhain le tearmann.

Phróiseáil an líonra ionaid dlí beagán faoi bhun 18,000 cás i rith na bliana.

Síordhúshlán a bhí sna tréimhsí feithimh le haghaidh coinne le haturnae i gcásanna um chúnamh dlíthiúil sibhialta, cé gur tháinig an oiread sin d’fheabhas suntasach orthu le linn na bliana gur tháinig laghdú ar na líonta daoine a bhí ag feitheamh le seirbhísí dlí anuas ó bhreis agus 3,400 ag tús na bliana go dtí beagán os cionn 2,300 an 31 Nollaig 2015.

Lean an Bord le seirbhís tosaíochta a sholáthar sa chás gur mheas siad gur theastaigh seirbhís láithreach nó nach mór láithreach. Ina measc seo bhí cásanna foréigean teaghlaigh, fuadach leanaí, cásanna a bhain le hiarratais ón Stáit chun leanaí a thógáil i gcúram agus cásanna lena mbaineann teorainneacha ama atá ar tí dul in éag.

Lean an Bord le húsáid leanúnach a bhaint as cleachtóirí príobháideacha chun cabhrú le líon na gcliant a laghdú a bhí ag feitheamh le seirbhísí dlí. Oibríonn an tseirbhís chleachtóra phríobháidigh, faoi láthair, le haghaidh roinnt saincheisteanna um an dlí teaghlaigh sa Chúirt Dúiche, cé go bhfuil roinnt srianta i bhfeidhm ar chúiseanna buiséadta. Leagadh srian ar an Scéim ina mbíonn baint ag cleachtóirí príobháideacha i gceisteanna colscartha agus idirscartha sa Chúirt Chuarda mar gheall ar chúiseanna buiséadta, ach tháinig méadú ar an úsáid a baineadh aisti i gcaitheamh na bliana.

Lean an Bord le cur chuige triáise a fheidhmiú sna hionaid dlí siúd nach bhféadfaí seirbhís iomlán dlí a sholáthar sách pras. Is í aidhm an chuir chuige triáise a chinntiú go bhfaigheann gach iarratasóir méid áirithe de chomhairle dlí go tráthúil. Mar gheall air sin, leag na tréimhsí feithimh maidir le roinnt ionad an tréimhse feithimh amach le haghaidh coinne thriáise, mar aon leo siúd le haghaidh an dara comhairliúchán (sa chás go meastar go dteastaíonn sé).

I dtaobh caiteachais ar chúrsaí um chúnamh dlíthiúil coiriúil de, b’ionann an caiteachas ar an Scéim um Chúnamh Dlíthiúil – Saincheisteanna Coimeádta in 2015 agus €2.75 milliún, ar laghdú seo anuas ó €3.2 milliún in 2014. B’ionann an caiteachas ar Scéim Chomhairle Dlí Stáisiúin na nGardaí agus €1.4 milliún, aníos ó €1 milliún in 2014. Is é is dóichí go leanfaidh méadú ag teacht ar chaiteachas ar an Scéim seo i gcomhthéacs na teidlíochta atá ag daoine atá faoi choimeád go mbeidh a n-aturnae i láthair i rith agallaimh. Bhí an caiteachas ar Scéim um Chúnamh Dlíthiúil an Bhiúró um Shócmhainní Coiriúla faoi bhun €180,000, anuas ó €327,000 in 2014. Déanann an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais caiteachas ar na scéimeanna seo a bhaineann leis an dlí coiriúil a dhíscaoileadh agus ní asbhaintear an caiteachas seo ó bhuiséad an Bhoird.

Coimeádadh na tréimhsí feithimh le seirbhísí idirghabhála teaghlaigh laistigh de thrí mhí nó níos giorra i ngach ionad seachas i gceann amháin. Thit 1,547 chéad seisiún idirghabhála amach ag na hoifigí idirghabhála teaghlaigh ginearálta i gcomparáid le 1,526 in 2014. Tugadh 867 comhaontú chun críche i gcomparáid le 904 in 2014.

D’fhan láithreacht na hidirghabhála buaine in áitreabh na Cúirte Dúiche Teaghlaigh ag Teach an Charnáin i mBaile Átha Cliath a bunaíodh in 2011 mar chuid de réiteach um dhíospóid teaghlaigh an Bhoird nach bhfuil bunaithe sa chúirt a chur chun cinn. Soláthraítear faisnéis faoi fhreastal ar idirghabháil do dhaoine a thagann i láthair ag an gCúirt Dúiche i dtaca le díospóidí teaghlaigh. Tá sé mar ghné lárnach go mbíonn idirghabhálaithe ar an láthair san fhoirgneamh céanna, lena gcuimsítear rochtain éasca ar an bpróiseas seo. Lean a mhacasamhail de thionscnaimh ar siúl sa Nás, Corcaigh, Luimneach agus i gContae Thiobraid Árann.

B’ionann cistiú an Státchiste le haghaidh an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil in 2015 agus €32.471 milliún Áiríodh leis seo soláthar do na seirbhísí traidisiúnta dlí a sholáthraíonn an Bord agus do sheirbhísí idirghabhála teaghlaigh a sholáthar. Áiríodh leis, chomh maith, soláthar do na costais a bhíonn ar na scéimeanna ad hoc um chúnamh dlíthiúil a riar.

CRÍOCH

Chun teacht ar bhreis faisnéise, déan teagmháil le:
An tUasal John McDaid, Príomhfheidhmeannach,
087 6597358
www.legalaidboard.ie